Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
diomalach
aidiacht as diomal
caifeach, rabairneach, tucarach do rudaí a chur i bhásta nó gan leas ceart a bhaint astu.
+
Cailín diomalach í. Ní tada eile í, dar mo leabhar. Cuireadh síos Gaillimh í Dé Sathairn agus dhá phunt aici. Tháinig sí abhaile tráthnóna agus péire beag bróga páipéir aici agus trí is sé pínne. Is mór adéarfá le fear a bheadh ag ól …
Tá an bhean sin aige an-diomalach. Ar ndóigh, níl a fhios céard a ligeas sí amú. Cén bhrí dhá mbeadh aon ghanntan beatha orthu, ach níl. Tá a cuid muc agus a cuid cearc agus a cuid beithíoch i gcónaí ag géimneach agus ag grágaíl agus ag sclamhaireacht leis an ocras, agus an rud a bhí a thabhairt dóibh scuabtha leo ag madraí an bhaile den tsráid
TUILLEADH (5) ▼
Is cuma cén lastas a thiocfas isteach faoi chaolachaí an tí seo, 'sé an drochrath a ghabhfas air. Tá muintir an tí seo ródhiomalach le tada a bheith acu
Bheadh na rangeannaí sin ródhiomalach ar mhóin. Le aghaidh guail a rinneadh iad. Ar ndóigh dhá gcuirtheá móin iontu, ba mhaith an dícheall duit a coinneáil caite síos
Shílfeá go bhfuil an lampa beag sin an-diomalach ar ola. Feicim sibh ag scairdeadh ann chuile phointe beo
Is diomalaí sibh ar mhóin ná trí theach. Tháinig ualach móna inné agus tá sé i ndáil le ídithe anois aríst. 'Sé a (bhur) gclochneart an lá a bhaint as
Tá na gasúir s'againne an-diomalach le leabhra. Dheamhan seachtain san aer nach ag iarratas atá siad. B'éigean dom luach table book a thabhairt do Sh. inné, agus fuair sé an ceann ceannann céanna tá coicís ó shin ach go bhfuil sí stróicthe ó chéile aige, an ruifíneach bradach

diomalach in iontrálacha eile (1)

 
Airdín an Diomala, Airdín an Diomalach — airdín atá ar bhóthar na Gaillimhe, tuairim is míle go leith nó dhá mhíle taobh thoir den Spidéal, idir bhaile fearainn Bhaile an tSléibhe agus An Pháirc. Deir daoine go raibh seanreilig ann, ach ní mheasaim go raibh. Talamh láidir riascach é, atá faoi chlocha agus faoi raithneachaí, agus d'fhreagródh sé do dhiomalachaí