Diomallach
—aidiacht as diomall
—
caithmheach, rabairneach, tugtharach do rudaí a chur i bhásta, nó gan leas ceart a bhaint asta.
+–
Cailín diomallach í. Ní tada eile í, dar mo leabhar. Cuireadh síos Gaillimh í Dé Sathairn, agus dhá phunt aice. Tháinic sí abhaile trathnóna agus péire beag bróga páipéir aice, agus trí agus sé pighne. Is mór adéarfá le fear a bheadh ag ól …
Tá an bhean sin aige an-diomallach. 'Ar ndú, níl a fhios céard a leigeas sí amú. Cé'n bhrigh dhá mbeadh aon-ghantann beatha orra, ach níl. Tá a cuid muc agus a cuid cearc, agus a cuid beithidheach igcomhnaí ag géimneach agus ag grágghail agus ag sclamhaireacht leis an ocras, agus an rud a bhí a thabhairt dóibh scuabtha leo ag mádraí an bhaile de'n tsráid.
TUILLEADH (5) ▼
Is cuma cé'n lastas a thiocfas isteach faoi chaolachaí an tighe seo, 'sé'n droch-rath a ghabhfas air. Tá muintir an tighe seo ro-dhiomallach le tada a bheith aca.
Bheadh na "rangeannaí" sin ro-dhiomallach ar mhóin. L'aghaidh guail a rinneadh iad. 'Ar ndú' dhá gcuirtheá móin ionnta, ba mhaith an dícheall duit a coinneál caithte síos
Shílfeá go bhfuil an lampa beag sin an-diomallach ar ola. Feicim sib ag scárdadh ann 'chuile phuinte beo.
Is diomallaighe sib ar mhóin ná trí theach. Tháinic ualach móna indé, agus tá sé indáil le ídighthe anois aríst. 'Sé 'u' (bhur) gcloch neart an lá a bhaint as
Tá na gasúir se'aghainne an-diomallach le leabhra. Dheamhan seachtain 'san aer nach ag iarratas atá siad. B'éigin dom luach "table book" a thabhairt do Sh. indé, agus fuair sé an ceann ceanann céadna tá coicís ó shoin, ach go bhfuil sí stróicthe ó chéile aige, an ruifíneach bradach
Diomallach in iontrálacha eile (1)
Áirdín an Diomalla, Áirdín an Diomallach = áirdín atá ar bhóthar na Gaillimhe, tuairim agus míle go leith nó dhá mhíle taobh thoir de'n Spidéal, idir bhaile fearainn Bhaile an tSléibhe agus an Pháirc. Deir daoine go raibh sean-roillig ann, ach ní mheasaim go raibh. Talamh láidir riascach é, atá faoi chlocha agus faoi raithneachaí agus d'fhreagróchadh sé do dhiomallachaí