Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Diomlachaí, Diomallachaí
ainm-fhocal, fireann
ní bhíonn sé ach 'san uimhir iolraidh, cé's moite de'n ainm áite sin Áirdín an Diomalla(?).
ar 1 is mó a tugtar é, agus níl sé ro-choitianta igcaint i bpáirt de'n cheantar.
1.
droch-thalamh, fearacht talamh garbh raithnighe, nó breaclachaí, breac-thamhnaigh, nó talamh a bheadh gaibhte i bhásta.
+
Ná bac len a cuid talmhana sin, ná le talamh Bh. an Gh. fré chéile. Diomallachaí ó sháil go rinn é. An bhfuil dhá gharrdha ag gabhail le M. Sh. G. atá ionchurtha. Dheamhan é muis
Ná cloiseadh duine ar bith thú ag caint faoi thalamh na tíre seo. Ní thiubharfadh fear Achréidh a mbeadh giodán réasúnta chor ar bith aige, deich triuf ar a bhfuil de thalamh istigh in do thír: diomallachaí. Níl neart ag duine a dhul amach ag baint claise láin, nach ag mianadóireacht le clocha a chaithfeas tú an lá
TUILLEADH (5) ▼
Tá an leath-bhaile a bhfus réasúnta, agus is réasúnta é; ach maidir leis an leath-bhaile thiar níl fód istigh ar a fhuaid, ach breaclachaí agus diomlachaí agus brocachaí sionnaigh. An crann féin ní fhásfadh ann, mar mbeadh an caor caorthann sin ann, nó driseacha
Ní fiú dhom a rádh go bhfuil tada ar foghnamh agam ach a bhfuil in uachtar an bhaile. Diomlachaí uilig atá le iochtar agus é faoi thomachaí, agus faoi chritheannaí agus faoi shaidhleánach. Is ann atá raithneach an tsaoghail mhóir
Tá an talamh siúd in a dhiomallachaí as béal éadain anois. An-talamh a bhí annsin agus 'chuile fhód dhó saothruighthe, ach níor choinnigh seisean aon-chaoi air. Go deimhin agus go dearbhtha dhuit, ní talmhaidhe é
Dar príosta muise tá cuid mhaith diomallachaí ar an Achréidh féin! Is diomallachaí as cnáimh éadain a chéile a bhfuil ag cliamhain Mh.: riascán, agus creigeanna, agus turlaigh, mar adeir siad féin le na turlaigh
Scór blianta ó shoin, diomlachaí a bhí ar fad annsin, nó gur thosuigh S. air, agus gur réidhtigh sé agus gur ghlan sé, agus gur shaothruigh sé é. Dheamhan gabhaltas talmhana ar an mbaile indiu is fhearr ná atá aige
·
Áirdín an Diomalla, Áirdín an Diomallach = áirdín atá ar bhóthar na Gaillimhe, tuairim agus míle go leith nó dhá mhíle taobh thoir de'n Spidéal, idir bhaile fearainn Bhaile an tSléibhe agus an Pháirc. Deir daoine go raibh sean-roillig ann, ach ní mheasaim go raibh. Talamh láidir riascach é, atá faoi chlocha agus faoi raithneachaí agus d'fhreagróchadh sé do dhiomallachaí
2.
rudaí a bheadh gaibhte i bhásta nó nach mbeadh aon-leas ionnta, fearacht píosaí éadaigh a bheadh d'fhuighleach táilliúrachta nó giotaí leathair d'fhuighleach gréasaidheachta.
+
Caith uait na diomlachaí leathair sin. Níl aon-mhaith ionnta … Ara cé'n bhairibíní! Ní dhéanfaidís sin tada. Is beag an baoghal orra
Má sciorrann tú síos go dtí an táilliúr, mise i mbannaí go bhfuighidh tú píosa uaidh a dhéanfas é sin duit. Bíonn go leor diomallachaí éadaigh aige. Ní bheidh tú dhá mhionóid amuigh.
TUILLEADH (2) ▼
Coinnigidh na diomallachaí cláir sin. Dheamhan a fhios nach bhfoghainfeadh cuid aca fós. Bíonn sibh ag iarraidh cláiríní 'chuile ré solais, agus tapuighidh iad anois
Níl a fhios agam a bhfuil aon-phíosa agam a d'fhéadfá a chur faoi'n "tyre" sin, ach tá a fhios agam go bhfuil an t-uathbhás sean-diomlachaí caithte ar an lota, agus b'fhéidir go mbeadh an oiread ann agus a dhéanfadh na gnaithí. Againne a dheasuighthear 'chuile shean-bhicycle 'sa tír