Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
díospóireacht
ainmfhocal, baineann
sáraíocht, argóinteacht, iomarbhá, cothaíocht chainte. Níor chuala mé an focal seo ach ag Gaeilgeoirí ariamh, ach duine amháin, agus measaim gurbh ó na Gaeilgeoirí, nó as leabhra, a tháinig sé. Ní raibh an i fada aige, ach thiocfadh dhó nár thóg sé ceart é. Bhí diospóireacht acu le chéile adúirt sé. Is iondúil do Ghaeilge an fhir chéanna a bheith an-ghlan, ach seo focal thar tír isteach measaim.