Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Diospóireacht
ainm-fhocal; buineann
sáraidheacht, argóinteacht, iomarbháidh, cothaidheacht chainte. (Níor chuala mé an focal seo [ach] ag Gaedhilgeoirí ariamh, ach duine amháin, agus measaim gurbh óna "gaedhilgeoirí", nó as leabhra a tháinic sé. Ní raibh an i fada aige, ach thiocfadh dhó nachar thóig sé ceart é. "Bhí diospóireacht aca le chéile" adubhairt sé. Is iondamhail do Ghaedhilge an fhir chéanna a bheith an-ghlan, ach seo focal thar tír isteach measaim)