Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
díonmhar
aidiacht as díon
fc. díon
1.
teolaí, cluthar; te; dídeanúil, foscúil; clúdaithe; buailte; gan a bheith tais ná uisciúil ná fraighfhliuch.
+
Is teach díonmhar é seo — teolaí, cluthar, gan é tais ná fraighfhliuch ná aon bháisteach anuas ann
Ní teach díonmhar go dtí teach ceann tuí deirimse leat. Feicim na ballaí nua sin anois atá siad a dhéanamh sna tithe ceann slinne. Tá siad faoi scáiniúchaí as éadan. Ní sheasfaidh siad aon chéad bliain go brách. Cáid atá na tithe ceann tuí déanta? Is seantithe ón Díle cuid mhaith acu
TUILLEADH (1) ▼
Níl aon mhéid ann — bráicín beag ceann tuí, ach tá sé an-díonmhar, an-teolaí. Chuirfeadh sé lóchrann ar do chroí breathnú isteach air: brat nua tuí sheagail air agus í curtha go slachtmhar; eidheann ar na ballaí; flowers agus crainnte beaga spíonán agus úlla i chuile áit taobh amuigh; drisiúr breá ordnáilte le feiceáil isteach ann, agus seanfhear agus péire spéacláirí air ag léamh páipéar nuaíochta i gcathaoir thuí ag an doras. "B'fhearr liom seachtain dá gcaithinn frób ná i dtír na hóige le mo shaol," mar adeir an t-amhrán
+
Más leat bróig dhíonmhar a fháil, faigh bróig gréasaí. Maidir leis an didiló a gheobhas tú sa siopa beidh sí ag déanamh uisce faoi cheann seachtaine … Deir tú nach bhfuil aon ghréasaí níos gaire ná teorainn Chontae Mhaigh Eo. Mura bhfuil féin, b'fhiú dhuit an tabhairt a chur ort féin. Má fhaigheann tú péire uaidh, beidh bróig agat le do shaol
Níl aon cheo aige siúd nach bhfuil díonmhar. Tá na sciobóil agus na háirgí atá timpeall an tí chomh díonmhar leis an teach cónaí. Dhá mba é bosca an mhadadh féin é, tá líonán aige taobh istigh leis — píosa de chóta mór oláilte — ar fhaitíos go dteangmhódh deoir ar bith leis. D'éireodh sé amach agat as an mbosca sin ar maidin chomh tirim le fear as leaba chlúmhaigh
TUILLEADH (3) ▼
Mura mbuailtear an balla sin dheamhan a mbeidh sé díonmhar go brách. Séard a bhí agat a dhéanamh anois, cupla mála aoil a cheannacht agus láthair mhoirtéil a dhéanamh agus an áit sin a bhualadh shula chuirfeas tú beithíoch ar bith isteach ann. Ní bheidh sé romhat aríst
Ní fhaca tú aon áit ariamh ba díonmhaire ná a bhí aige, istigh i scailp agus í buailte taobh istigh agus dalladh raithní agus féir faoi is thairis. Diabhal clóic ar bith a bhí ar fhear na tíre sin san am sin. Bhí neart scailpreacha agus uaineanna aige le dhul ar a chaomhúint féin iontu. Ní raibh go dona ann ach an dream thart thíos nach raibh áit ar bith acu. Dhá dteagadh an ruaigeadh aríst, ní mheasaim go mbeadh sé chomh héasca ag na daoine a gceann a thabhairt leo agus a bhí sé aimsir na dTans
Áit dhíonmhar lena dhul ag cúirtéireacht atá sé sin a iarraidh. An bhfeiceann tú an smúrthacht atá air. Tiocfaidh sé i lúbainn an chlaí
2.
caomhantach; clúitiúil; deisiúil.
+
Is family díonmhar iad sin — daoine clúitiúla, bheidís in ann duine a chosaint, nó a thógáil, dá mbeadh ag cinnt air féin maireachtáil a dhéanamh; daoine deisiúla; ceithearnaigh
"Lean mise an seanchas agus d'fhiafraíos cé dhár díobh í; 'Cá bhfuil do ghaolta nó an maireann siad beo; Nó an tú cineál Ua Chonchubhair a bhí againn sa tír seo; Mar bhí siad an-díonmhar agus ina bhfamily mór'; 'Ní mé cineál Ua Chonchubhair a bhí agaibh sa tír seo; Má bhí siad an-díonmhar agus ina bhfamily mór; Ach 'sé ainm agus sloinne dhom banríon na bruíne; Is mé cineál na síofraí as Cnoc Leitir Mhóir'" (ceathrú as amhrán dár tús Ag gabháil Bealach na hOlla dhom sea chonaic mé an t-iontas)
TUILLEADH (5) ▼
Bhí na C. sin agus a muintir díonmhar i ngach áit dá raibh siad. Ar ndóigh ní raibh taoisigh ar bith ar an mbaile seo fadó ach iad. Deiridís go raibh T. M. in ann duine a thabhairt ón gcroich. Bhí fear eile acu ansin thoir — C. Mór a thugaidís air — agus bhí cóiste cinn aige. Chonaic mise a inín. 'Sí a bhí pósta ag B. G. anseo thíos. Bhíodh sí ag éirí i ndiallait ard
Dream an-díonmhar a bhí i muintir Ph. Mh. Mh. sin. Níor chuir a mháthair sin bean bhocht ón doras ariamh agus níor eitigh sí fear bóthair ná bealaigh faoi lóistín. Nach iad a thóg na G. bheaga sin chuile lá ariamh. Meas tú murach gurb iad an mbeidís beo. Bhí sé fánach acu
Easna den tseandair iad na Flaithbheartaigh a mhic ó. Cine an-díonmhar a bhí iontu scaitheamh. Ach bochtaíodh iad ar nós cuid mhaith eile. Deir siad go raibh, agus go holc freisin. Chuala mé fear aniar ag cur caoi ar Fhlaithbheartach na hAirde — Tadhg na Buile …
Nach sonnta an mhaise dhó é a dhul ag tabhairt cine faoi chopóig ar aon duine — agus go mór mhór ar an ngearrbhodach sin thar dhuine ar bith. Sílimse nach raibh macasamhail a family sin sa tír scaitheamh. Bhí siad díonmhar deisiúil, agus is mó an mhaith a rinne siad ar chuma ar bith ná an mhímhaith … A dhiabhail nach teann é ag caint, agus gurb iad díogha chuile dhíogha a mhuintir fhéin
Bhí corrdhuine díonmhar mar sin ann an uair sin a dhéanfadh caraideacha dhuit, agus a sheasfadh dhuit ar do chruóig. Ach mar a chéile chuile dhuine anois. Tá an tairngreacht ag teacht isteach: beidh an gleann chomh hard leis an gcnoc adeir Colm Cille

díonmhar in iontrálacha eile (2)

 
deoir
B'fhéidir go raibh cótaí díonmhara ann roimhe seo, ach ní ó tháinig an cogadh é. Tá ceann agamsa, agus ní fhágann sé deoir amuigh nach ligeann sé isteach
 
dóirt
Tá na wellingtons seo an-díonmhar cé is moite den pholl sin. Tá an dórtadh isteach ansin. Is dóigh go ndéanfadh paiste é a chuirfeá ar bhicycle. 'Sé mo mheas go ndéanfadh