Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Díonmhar
aidiacht as díon
fc. díon
1.
teoluidhe, cluthmhar; te; dídeanamhail, fascamhail; clúduighthe; "buailte"; gan a bheith tais ná uisceamhail ná fraighfhliuch.
+
Is teach díonmhar é seo = teoluidhe, cluthmhar, gan é tais ná fraighfhliuch, ná aon-bháisteach anuas ann
Ní teach díonmhar go dtí teach ceann tuighe deirimse leat. Feicim na ballaí nua sin anois atá siad a dhéanamh ins na tighthe ceann-slinne. Tá siad faoi scáinneadhachaí as éadan. Ní sheasfaidh siad aon-chéad bliain go bráth. Cá'id atá na tighthe ceann-tuighe déanta? Is sean-tighthe ó'n Díle cuid mhaith aca.
TUILLEADH (1) ▼
Níl aon-mhéid ann — bráicín beag ceann-tuighe, ach tá sé an-díonmhar, an-teoluidhe. Chuirfeadh sé lóchrann ar do chroidhe breathnú isteach air: brat nua tuighe sheagail air, agus í curtha go slachtar; eidheann ar na ballaí; "flowers" agus crainnte beaga spíonán agus ubhla is 'chuile áit taobh amuigh, drisiúr breagh ornáilte le feiceál isteach ann, agus sean-fhear agus péire spéacláirí air ag léigheamh páipéar nuaidheacht' i gcathaoir thuighe ag an dorus. "B'fhearr liom seachtain dá gcaithinn frób ná i dtír na h-óige le mo shaoghal" mar adeir an t-amhrán
+
Má's leat bróig dhíonmhar a fháil, fágh bróig gréasuidhe. Maidir leis an "didillo" a gheobhas tú ins an siopa beidh sí ag déanamh uisce faoi cheann seachtaine … Deir tú nach bhfuil aon-ghréasuidhe níos goire ná teorainn Chondae Mhuigheo. Mara bhfuil féin b'fhiú dhuit an tabhairt a chuir ort féin. Má fhaghann tú péire uaidh, beidh bróig agad le do shaoghal
Níl aon-cheo aige siúd nach bhfuil díonmhar. Tá na sciobóil agus na h-áirgí atá timcheall an tighe cho díonmhar leis an teach comhnuidhe. Dhá mbadh é bosca an mhadadh féin é, tá líonán aige taobh istigh leis — píosa de chóta mór oláilte — ar fhaitíos go dteangmhóchadh deoir ar bith leis. D'eireochadh sé amach agad as an mbosca sin ar maidin cho tirm le fear as leabaidh chlúmhaighe
TUILLEADH (3) ▼
Mara mbuailtear an balla sin dheamhan an mbeidh sé díonmhar go bráth. 'Séard a bhí agad a dhéanamh anois, cupla mála aoil a cheannacht agus láthair mhuirtéil a dhéanamh, agus an áit sin a bhualadh, shul a chuirfeas tú beithidheach ar bith isteach ann. Ní bheidh sé romhat aríst
Ní fhaca tú aon-áit ariamh ba díonmhaire ná a bhí aige, istigh i scailp agus í buailte taebh istigh agus dalladh raithnighe agus féir faoi agus thairis. Diabhal clóic ar bith a bhí ar fhear na tíre sin ins an am sin. Bhí neart scailpreacha agus úaineanna aige le dhul ar a chaomhamhaint féin ionnta. Ní raibh go dona ann ach an dream thart thíos nach raibh áit ar bith aca. Dhá dteagadh an ruaigeadh aríst, ní mheasaim go mbeadh sé cho h-éascaidh ag na daoine a gceann a thabhairt leo agus a bhí sé aimsir na "dTans"
Áit dhíonmhar len a dhul ag cúirtéireacht atá sé sin a iarraidh. 'Bhfeiceann tú an smúracht atá air. Tiocfaidh sé i lúibinn an chlaidhe
2.
caomhantach; cliúiteamhail; deiseamhail.
+
Is "family" díonmhar iad sin. = daoine cliúiteamhla, bheidís indon duine a chosaint; nó a thógáil, dá mbeadh ag cinnt air féin maireachtáil a dhéanamh; daoine deiseamhla; céithearnaigh
"Lean mise an seanchas agus d'fhiafruigheas cé dhár díobh í; 'Cá bhfuil do ghaolta nó an maireann siad beo; Nó an tú cineál Úa Chonchubhair a bhí againn 'sa tír seo; Mar bhí siad an-díonmhar a's in a bhfamily mór'; 'Ní mé cineál Úa Chonchubhair a bhí agaibh 'sa tír seo; Má bhí siad an-díonmhar a's in a bhfamily mór; Ach 'sé ainm agus sloinne dhom bainrioghan na bruidhne; Is mé cineál na síofraí as Cnoc Leitir Mhóir' (ceathramhadh as amhrán dár tús "ag gabhail Bealach na h-Olla dhom 'seadh chonnaic mé an t-iongantas")
TUILLEADH (5) ▼
Bhí na C. sin agus a muíntir díonmhar is gach áit dá raibh siad. 'Ar ndú ní raibh taoisigh ar bith ar an mbaile seo fadó ach iad. Deiridís go raibh T. M. indon duine a thabhairt ó'n gcroich. Bhí fear eile aca annsin thoir — C. Mór a thugaidís air — agus bhí cóiste cínn aige. Chonnaic mise a inghin. 'Sí a bhí pósta ag B. G. annseo thíos. Bhíodh sí ag eirghe indiallaid árd
Dream an-díonmhar a bhí i muintir Ph. Mh. Mh. sin. Níor chuir a mháthair sin bean bhocht ó'n dorus ariamh agus níor eitigh sí fear bóthair ná bealaigh faoi lóistín. Nach h-iad a thóig na G. bheaga sin 'chuile lá ariamh. Meastú marach gurb iad an mbeidís beo. Bhí sé fánach aca
Asna de'n tsean-dair iad na Flaithbhearta a mhic ó. Cine an-díonmhar a bhí ionnta scathamh. Ach bochtuigheadh iad ar nós cuid mhaith eile. Deir siad go raibh, agus go h-olc freisin. Chuala mé fear aniar ag cur caoi ar Fhlaithbheartach na h-Áirde — "Tadhg na Buile" …
Nach sonnda an mhaise dhó é a dhul ag tabhairt cine faoi chopóig ar aonduine — agus go mór-mhór ar an ngearrbhodach sin thar dhuine ar bith. Sílimse nach raibh macsamhail a "family" sin ins an tír scathamh. Bhí siad díonmhar deiseamhail, agus is mó an mhaith a rinne siad ar chuma ar bith ná an mhí-mhaith … A dhiabhail nach teann é ag caint, agus gurb iad díogha 'chuile dhíogha a mhuintir fhéin
Bhí corr-dhuine díonmhar mar sin ann an uair sin a dhéanfadh caraideacha dhuit, agus a sheasfadh dhuit ar do chruadhóig. Ach mar a chéile 'chuile dhuine anois. Tá an tairngearacht ag teacht isteach: beidh an gleann cho h-árd leis an gcnoc adeir Colm Cille

Díonmhar in iontrálacha eile (2)

 
deoir
B'fhéidir go raibh cótaí díonmhara ann roimhe seo, ach ní ó a tháinig an cogadh é. Tá ceann agamsa, agus ní fhágann sé deoir amuigh nach leigeann sé isteach
 
dóirt
Tá na "Wellingtons" seo an-díonmhar cé's moite de'n pholl sin. Tá an dórtadh isteach annsin. Is dóigh go ndéanfadh paiste é a chuirfeá ar "bhicycle". 'Sé mo mheas go ndéanfadh.