Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
diomlachaí, diomalachaí
ainmfhocal, fireann
ní bhíonn sé ach san uimhir iolra, cé is moite den ainm áite sin Airdín an Diomala (?).
ar 1 is mó a tugtar é, agus níl sé róchoitianta i gcaint i bpáirt den cheantar
1.
drochthalamh, fearacht talamh garbh raithní, nó breaclachaí, breacthamhnaigh, nó talamh a bheadh gaibhte i bhásta.
+
Ná bac lena cuid talúna sin, ná le talamh Bh. an Gh. fré chéile. Diomalachaí ó sháil go rinn é. An bhfuil dhá gharraí ag gabháil le M. Sh. G. atá inchurtha. Dheamhan é muis
Ná cloiseadh duine ar bith thú ag caint faoi thalamh na tíre seo. Ní thabharfadh fear Achréidh a mbeadh geadán réasúnta chor ar bith aige deich triuf ar a bhfuil de thalamh istigh in do thír: diomalachaí. Níl neart ag duine a dhul amach ag baint claise láin nach ag mianadóireacht le clocha a chaithfeas tú an lá
TUILLEADH (5) ▼
Tá an leathbhaile abhus réasúnta, agus is réasúnta é; ach maidir leis an leathbhaile thiar, níl fód istigh ar a fhuaid ach breaclachaí agus diomlachaí agus brocachaí sionnaigh. An crann féin ní fhásfadh ann, mura mbeadh an caor caorthann sin ann, nó driseacha
Ní fiú dhom a rá go bhfuil tada ar fónamh agam ach a bhfuil in uachtar an bhaile. Diomlachaí uilig atá le íochtar agus é faoi thomachaí, agus faoi chrígheannaí agus faoi shaileánach. Is ann atá raithneach an tsaoil mhóir
Tá an talamh siúd ina dhiomalachaí as béal éadain anois. An-talamh a bhí ansin agus chuile fhód dhó saothraithe, ach níor choinnigh seisean aon chaoi air. Go deimhin agus go dearfa dhuit, ní talmhaí é
Dar príosta muise tá cuid mhaith diomalachaí ar an Achréidh féin! Is diomalachaí as cnáimh éadain a chéile a bhfuil ag cliamhain Mh.: riascán, agus creigeanna, agus turlaigh, mar adeir siad féin le na turlaigh
Scór blianta ó shin, diomlachaí a bhí ar fad ansin nó gur thosaigh S. air, agus gur réitigh sé agus gur ghlan sé agus gur shaothraigh sé é. Dheamhan gabháltas talúna ar an mbaile inniu is fhearr ná atá aige
·
Airdín an Diomala, Airdín an Diomalach — airdín atá ar bhóthar na Gaillimhe, tuairim is míle go leith nó dhá mhíle taobh thoir den Spidéal, idir bhaile fearainn Bhaile an tSléibhe agus An Pháirc. Deir daoine go raibh seanreilig ann, ach ní mheasaim go raibh. Talamh láidir riascach é, atá faoi chlocha agus faoi raithneachaí, agus d'fhreagródh sé do dhiomalachaí
2.
rudaí a bheadh gaibhte i bhásta nó nach mbeadh aon leas iontu, fearacht píosaí éadaigh a bheadh d'fhuílleach táilliúireachta nó giotaí leathair d'fhuílleach gréasaíochta.
+
Caith uait na diomlachaí leathair sin. Níl aon mhaith iontu … Ara cén bhairbíní! Ní dhéanfaidís sin tada. Is beag an baol orthu
Má sciorrann tú síos go dtí an táilliúr, mise i mbannaí go bhfaighidh tú píosa uaidh a dhéanfas é sin duit. Bíonn go leor diomalachaí éadaigh aige. Ní bheidh tú dhá mhionóid amuigh
TUILLEADH (2) ▼
Coinnígí na diomalachaí cláir sin. Dheamhan a fhios nach bhfónfadh cuid acu fós. Bíonn sibh ag iarraidh cláiríní chuile ré solais, agus tapaidh iad anois
Níl a fhios agam an bhfuil aon phíosa agam a d'fhéadfá a chur faoin tyre sin, ach tá a fhios agam go bhfuil an t-uafás seandiomlachaí caite ar an lota agus b'fhéidir go mbeadh an oiread ann agus a dhéanfadh na gnaithí. Againne a dheasaítear chuile sheanbhicycle sa tír