Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
díoltas
ainmfhocal, fireann
iolra: díoltais
sásamh nó cúiteamh díbheirgeach a bhaint amach ar shon rud a dhéanfaí ort, tuill é nó ná tuill; éiric nár chall duit a bhaint amach. Tá an focal sásamh ag díláithriú an fhocail díoltas ar fud an cheantair ach i leaganachaí áiride .i. díoltas Dé agus a leithide. Is cosúil go dtiocfaidh sé ar ais aríst ag aos óg de bharr leabhra, agus caint na nGaeilgeoirí.
+
Tá rún aige díoltas a bhaint amach nó is cinniúint air é. Siúd é an diabhlánach céanna nach ligfidh tada le aon duine. Is mian leis an buille deiridh a bheith aige féin i gcónaí
Is fada an lá é sin i ndiaidh díoltas a bhaint den deartháir faoina chur amach, agus féacha féin go dtug sé an buille feill dó faoi dheireadh thiar thall
TUILLEADH (1) ▼
An té a dhéanfas tada air sin, beidh sé ar siúl go brách go mbaine sé díoltas dó (dhe) uair eicínt. Sin é an sórt duine é. Choinneodh sé an faltanas sin istigh, dhá bhfaigheadh sé aois na húire agus na Caillí Béara
+
Is mall, ach is trom é díoltas Dé (seanfhocal) — muilte Dé, meileann siad mall, ach go mín
Téann díoltas Dé go dtí an seachtú líne. Téann peacaí an athar ar an mac agus peacaí na máthar ar an inín (sórt seanfhocal. Is cosúil gurb as comhairleachaí creidimh a tháinig sé, nó gur urleagan ar chaint an Bhíobla é)
TUILLEADH (6) ▼
'Sé díoltas Dé an díoltas is measa ar bith, mar tá dul (gabháil?) ó chuile dhíoltas eile, ach níl aon dhul ag duine ó dhíoltas Dé
Chuala tú an scéal faoin té a chonaic an fear dhá mharú agus ar tháinig díchreideamh air faoi nár fhoilsigh Dia é féin ar an té a mharaigh é … Sin é agat é — díoltas Dé. Is fada a bhíos sé ag teacht scaití, ach níl rud ar bith chomh siúráilte leis. Mura dteaga sé ar an saol seo ar ndóigh tiocfaidh sé ar an saol eile, agus dhá dhonacht maoil is measa mullóg
Ar chuala tú ariamh é: díoltas Dé, bíonn sé mall ach bíonn sé trom. 'Sé a thuar siad dóibh féin ar aon chor, ní ag tabhairt bhreithe orthu é — nár lige Dia go mba ea. Ní hé leathchóir Dé anois an bhail sin a bheith orthu, agus an dícheannadh a rinne siad féin ar an tseanlánúin a bhí ansin rúb (rompub)
'Sé díoltas Dé é a theacht anuas air agus an chaoi a raibh sé féin le tuilleadh, chomh uain is a bhí an power aige. An bhfeiceann tú an dílleachta bocht a chaith sé ansin thoir, agus an créatúr a bhuail sé gur chuir sé ó mhaith an tsaoil é. Tá sé ar a mhéis féin aige anois, ní dhá roinnt leis é. Is mairg a bheadh go holc agus bocht ina dhiaidh adeir siad. Sin é a fhearacht aigesean anois é, ach go mba mhór ab fhiú dhó a bheith bocht, seachas an bhail atá air …
Tháinig díoltas Dé anuas ar an dream sin ar fad de bharr an chréatúlacht agus an spídiúlacht a thug siad do dhaoine bochta. Tá na caróga ag déanamh neadrachaí ina gcuid simléir inniu, agus gan cloch ar fhuaid a gcúirteanna, ach an féar ag fás ar a hall door
Is daor é díoltas Dé — go sábhála Dia sinn! — nuair a theagas sé anuas ar dhuine

Féach freisin

díoltas in iontrálacha eile (2)

 
Rinne sé dobeart ormsa, ach deir siad más feall fillfear. Ní ghabhfaidh sé i dtalamh choíchin go mbainfidh mise díoltas dhe
 
droim
Bíonn sé ag gabháil ag pósadh chuile mhí sa mbliain ach cuireann rud eicínt dhá dhroim é i gcónaí, más fíor dó féin. Anuraidh bhí sé socraithe tigh Sh. L. ach níor phós sé í ina dhiaidh sin. Deir sé féin go dtáinig scéala as Meiriceá aige na laethanta céanna gur bhásaigh deartháir leis ann. Is tráthúil go mbíonn rud eicínt lena chur dhá bhuille i gcónaí. Sílim go bhfuil sé fearacht go leor eile: hob ann agus hob as aige, agus faitíos air nuair a théas sé ar an scian is géire nach mbíonn sé dhá fháil sách maith. Dheamhan duine a chonaic mé ariamh ar an ealaín sin nach mbuailfí air í — ágóid eicínt — sa deireadh. 'Sé díoltas Dé é