Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
díoghaltas
ainm-fhocal, fireann
iolraidh = díoghaltais
sásamh nó cúitiú díbheirgeach a bhaint amach ar shon rud a dhéanfaí ort, tuill é nó ná tuill; éiric nar chall duit a bhaint amach. (Tá an focal sásamh ag díothláithriú an fhocail "díoghaltas" ar fud an cheanntair, ach i leaganachaí áiride .i. "díoghaltas Dé" agus a leithide. Is cosamhail go dtiocfaidh sé ar ais aríst ag aos óg de bharr leabhra, agus caint "na nGaedhilgeoirí").
+
Tá rún aige díoghaltas a bhaint amach nó is cinneamhaint air [é]. Siúd é an diabhlánach céadna nach leigfidh tada le aonduine. Is mian leis an buille deireadh a bheith aige féin i gcomhnuí
Is fada an lá é sin indiaidh díoghaltas a bhaint de'n dearbhráthair faoi'n a chur amach, agus feacha féin go dtug sé an buille feill dó faoi dheireadh thiar thall
TUILLEADH (1) ▼
An té a dhéanfas tada air sin, beidh sé ar siubhal go bráth go mbainidh sé díoghaltas dó (dhe) uair eicínt. Sin é an sórt duine é. Choinneochadh sé an faltanas sin istigh, dhá bhfaghadh sé aois na h-úire agus na Caillighe Béara
+
Is mall, ach is trom é díoghaltas Dé (sean-fhocal) = muilte Dé, meileann siad mall, ach go mín
Teigheann díoghaltas Dé go dtí an seachtmhadh líne. Teigheann peacaí an athar ar an mac agus peacaí na máthar ar an inghin (sórt sean-fhocal. Is cosamhail gurb as comhairleachaí creidimh a tháinig sé, nó gur ur-leagan ar chaint an Bhíobla é)
TUILLEADH (6) ▼
'Sé díoghaltas Dé an díoghaltas is measa ar bith, mar tá gul (dul, gabhail?) ó 'chuile dhíoghaltas eile, ach níl aon-ghul ag duine ó dhíoghaltas Dé
Chuala tú an scéal faoi'n té a chonnaic an fear dhá mharbhú agus ar tháinig dithchreideamh air, faoi nachar fhoillsigh Dia é féin ar an té a mharbhuigh é … Sin é agad é — díoghaltas Dé. Is fada a bhíos sé ag teacht scaithtí, ach níl rud ar bith cho siúrailte leis. Mara dteagaidh sé ar an saoghal seo 'ar ndú' tiocfaidh sé ar an saoghal eile, agus ó dhonacht maol is measa mullóg
Ar chuala tú ariamh é: díoghaltas Dé, bíonn sé mall ach bíonn sé trom. 'Sé a thuar siad dóib féin ar aon-chor, ní ag tabhairt bhreithe orra é — nar leigidh Dia go mbadh eadh. Ní hé leath-chóir Dé anois an bhail sin a bheith orra, agus an dícheannadh a rinne siad féin ar an tsean-lánamhuin a bhí annsin rúb (rómpab)
'Sé díoghaltas Dé é a theacht anuas air agus an chaoi a raibh sé féin le tuilleadh, cho uain agus a bhí an "power" aige. 'Bhfeiceann tú an dílleachta bocht a chaith sé annsin thoir, agus an créatúr a bhuail sé gur chuir sé ó mhaith an tsaoghail é. Tá sé ar a mhéis féin aige anois, ní dhá roint leis é. Is mairg a bheadh go h-olc agus bocht in a dhiaidh, adeir siad. Sin é a fhearacht aige-san anois é, ach go mbadh mhór ab fhiú dhó a bheith bocht, seachas an bhail atá air …
Tháinig díoghaltas Dé anuas ar an dream sin ar fad de bharr an chréatúlacht agus an spídeamhlacht a thug siad do dhaoine bochta. Tá na caróga ag déanamh neádrachaí in a gcuid simléir indiu, agus gan cloch ar fhuaid a gcúirteanna, ach an féar ag fás ar a "hálldúre."
Is daor é díoghaltas Dé — 'sábhálaidh Dia sinn! — an uair a theagas sé anuas ar dhuine

Féach freisin