→
díoltas
sásamh (50+)
→
focal
Shíl mé go sceanfaí é. Dhá gcloistheá é ag caint le na hamhais sin thiar. Níl modh focail ar bith aige. Mharóidís an té a bheadh tláth leo, ach diabhal araoid ar bith a chuir siad airsean théis nach raibh sé ag tabhairt sásaimh ar bith faoin domhan dóibh
→
colgach
Níl maith ar bith dhuit éirí colgach anois. Má tá sásamh ar bith le fáil agat, is ar réiteach é.
→
cora
Is fada aríst go gcuire an nathaíodóir sin aon chara chainte ormsa agus a laghad sásaimh agus fuair sé anois. Dhá bhféadadh sé sin dóigh a dhéanamh de dhuine, 'sé a mbeadh uaidh é, ach níl acmhuinn aige fhéin ar thada a rá leis.
'Sé an chaoi a mbeidh sí ar ball, fágtha ansiúd ar an trá thirim, gan Murchadh gan Mánas. Ní hé a mhalrait de chosúlacht atá uirthi agus chomh deacair is atá sé í a shásamh faoi fhear — ní iarrfaidh fear ar bith í as deireadh na cúise.
→
cuntanós
Sin é an mac atá gan cuntanós ná carthanas. Dheamhan sásamh a thabharfadh sé do Naomh as na flaithis.
→
cíosaigh
Má shuím an seomra sin in athbhliain, dar príosta, ní leis sin é, arae níor mhór duit a bheith ina éadan chuile ré solais, agus mar sin fhéin, ní chíosódh sé leat é faoi shásamh.
→
bealach
Bíodh na póilíos as bealach nó ná bíodh, ach is beag an sásamh a gheobhas aon duine ina n-aghaidh ón ngiúistís.
→
críoch
Tá siad i gcrích uileag aici anois, cé is moite den inín is óige, ach is deacair í sin a shásamh faoi fhear. Ní mór léithe an togha a fháil.
Má tá faoi na Flaithbheartaigh a thabhairt chun cúirte, tiocfaidh sé sa mbile buaic orthub lena shásamh a bhaint amach
→
binse
Ní bhfuair mé tada de shásamh an bhinse seo fós — ina bhfuil bainte agam ar chaoi ar bith. Tá chaon darna fód ag sceitheadh orm.
→
bocht 1
Bhí lán a chraicinn d'olc air agus ba bhocht dó sin — fear a raibh a chuid millte agus gan sásamh na séanadh le fáil aige faoi.
Ní bhfuair muid sásamh ar bith ar an aistear deireanach sin a thug tú den phortach. Bodhránach bradach í, gan chuma gan chaoi.
→
bruach
M'anam gurb in é an áit chéanna nach bhfaighidh sé mórán sásaimh, tagadh bruach air nó ná tagadh
+
→
brúisc
Ní thabharfaidh an bhrúisc sásamh d'aon duine, deirimse leat.
TUILLEADH (1) ▼
Beidh an bhrúisc sin ar bheagán sásaimh le aon duine.
→
ailím
Ní raibh aon sásamh aige ann nuair a fuair sé an chabhail (cabhail an chairr) go bhfaigheadh sé na rothaí, agus séard a rinne mé, é a chaitheamh aige idir ailím is mhádar — an carr a thabhairt dó ar fad.
→
amach
Dhá gcasadh sé amach port maith, gheobhadh na daoine sásamh eicínt air tharas a bheith ag baint corruair mhí-ábh as sa gcúinne.
+
Tá sé i ndiaidh sásaimh a bhaint amach — tá fonn díoltais air
TUILLEADH (14) ▼
Beidh sé i ndiaidh a shásaimh a bhaint amach i gcónaí go bhfaighe sé deis ort sa deireadh.
Is fada an lá é i ndiaidh an tsásaimh sin a bhaint amach.
Bainfidh mé mo shásamh amach, dhá dtéadh sé céad bliain.
Ón lá sin go dtí an lá atá inniu ann, tá sé ag iarraidh sásamh a bhaint amach sa méid sin.
Bhain mé mo shásamh go breá amach.
Is dona an fear é mura bhfiacha (bhféacha) sé lena shásamh a bhaint amach.
Is deacair milleán a thabhairt dó má bhaineann sé sásamh amach faoi.
Bainfidh sé sásamh amach má thugann sé chun dlí iad.
Bainfidh mise sásamh an méid sin amach, feicfidh tú fhéin air.
Ní ligfidh mé leis é gan sásamh a bhaint amach, dhá dtéadh sé scór bliain.
Níl aon ghair aige sásamh a bhaint amach mar ní móide go mbéarfadh sé air siúd lena mharthain arís.
Tá sé i ladhar an chasúir anois, agus baineadh sé a shásamh amach go mbí sé tuirseach.
Más leat do shásamh a bhaint amach, éirigh roimhe oíche eicínt a mbeidh sé ag teacht ó chuairt.
Bainfidh mise a shásamh sin amach as do chraiceann — buailfidh mé thú
Is mór an sásamh intinne dhom an méid sin éirí amach. Tá dhá oiread croí agam dhá bharr.
Ba mhó an sásamh a bhí ar an saol le linn na seandhaoine. Ní iarrfaidís go deo ach ag inseacht scéalta. Agus ní raibh fiannaíocht agus diabhlaíocht ariamh in éindí. Is cuma leis an líne atá ann anois é ach a bheith ag bearrthóireacht agus ag baint fogha is easpa as chuile dhuine. Diabhal aird ar bith a bheadh ar aon scéal acu. Ba mhór an tsiamsa iad na scéalta muis
Ní raibh aon ghort istigh ar an mbaile ariamh nach raibh foghlaithe ag an dream céanna, hé brí cén fál a bheadh air. Agus dheamhan a dhath sásaimh a gheofá uathu ach píosa sciolladh a dhéanamh ort
→
fruisín
Mura bhfaighe an fear sin sásamh sa gcúirt, níl a fhios agamsa cén fhruisín é — cén scéal é; mura bhfaighe sé sásamh is aisteach an scéal é (súisín — "níl a fhios agamsa cén súisín é" — adeirtear go hiondúil mar seo)
Bhí a fhios agamsa go raibh fear na clúide ag fáil sásaimh ar an scéal, mar chonaic mé ag cruinniú na liopaí é agus ag cur strainc siodmhagúil air fhéin
→
imirt
Bain do shásamh amach anois ó fuair tú ar chlár na himeartha é — bain díoltas de ó fuair tú do dheis air; ó tharlaigh sé a bheith in áit go bhfuil deis ionsaithe air, nó deis chainte leis
→
istigh
Thugadar beagán sásaimh uathub an uair sin agus tá sin istigh fós dóibh — níor thugadar mórán sásaimh don duine nó don dream eile agus ní dhearna an dream eile dearmad air sin fós
+
→
faltanas
Má bhíonn údar ar bith aige choíchin duit, coinneoidh sé an faltanas istigh go deo go bhfaighe sé a shásamh
TUILLEADH (2) ▼
Má tá faltanas aige dhuit ídeoidh sé ort é. Sin é an sórt duine é. Dhá mbeadh sé fiche bliain i ndiaidh a shásaimh, beidh sé ar siúl go bhfaighe sé sa deireadh é
Tháinig sé isteach anseo ag fuagairt foghlach, agus chreidim go mba bheag leis a bhfuair sé de shásamh. Diabhal blas a rinne sé ach breith ar an gclog agus a bhriseadh as faltanas
Tá capall aige agus ní tada í ach fleascach. Níl sí in ann carr a thabhairt in aistreán ar bith dhá fhánaí nach bhfuil sí tite leis an truisle atá inti. Ní bheidh lá sásaimh aige uirthi go deo go ndíola sé í
→
fuil 1
Níor lig sé a chuid fola le aon fhear ariamh. Ba chrua an cás é nó bheadh a shásamh aige sin