Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
1.
a.
+
Tá le rá go bhfuil sé le díbirt — deirtear
Tá le rá, más fíor é, gurb é atá le theacht anseo thoir
TUILLEADH (2) ▼
Bhí le rá anseo scaitheamh ó shin go raibh an talamh sin uileag báite sa mbainc, ach níl leath a gcloisfidh duine le creistiúint
Tá le rá, más cóir géilleadh do na luaidreáin, gur daoire a bheas móin i mbliana ná bliain ar bith fós
b.
+
Ná tabhair le rá do na daoine go ndéanfá rud mar sin — ná tabhair slí chainte dhóibh
Ná tabhair le rá dhó nach gcaithfeá aige é
TUILLEADH (4) ▼
Dhá mba mise thusa ní thabharfainn le rá dóibh go bhfanfainn as i ngeall ar rud den tsórt sin
Is mór a thug sé le rá do na daoine an t-am a raibh sé anseo. Bhíodh sé amuigh ó oíche go maidin …
Th'anam ón deamhan mar scéal, ná tabhair le rá nach mbeifeá chomh maith le duine! Faigh meaisín thú féin!
Is mór an ní é a thabhairt le rá don tír ina dhiaidh sin. Murach sin, ní bheadh scrupall ar bith agam bualadh faoina cheannacht
+
Dúirt sé é, agus ar ndóigh tá sé le rá aige — bhí údar maith leis an rud adúirt sé
Dúirt sé go mba deargbhacach an cliamhain, agus ar ndóigh fuair sé le rá é
TUILLEADH (3) ▼
Má ghníonn tú sin, déarfaidh siad gur ag slíomadóireacht a bhí tú i gcaitheamh an achair, agus gheobhaidh siad le rá é
Má bhí sin le rá fadó; níl sé le rá anois. Dheamhan tada le cois na bochtaineachta acu anois
Má bhí sin le rá ag na daoine roimhe seo, níl sé le rá acu ar an saol seo. Ar ndóigh tá an-lascainí i gcíos anois thar mar a bhí fadó
c.
+
Ba mhór le rá é lá den tsaol; ach níl sé chomh mór le rá sin (chomh mór sin le rá) anois — duine ceannasach nó saibhir nó clúitiúil a bhí ann scaitheamh
Ba mhór le rá é C. scaitheamh, ach ní chloisfeá caint ar bith faoi anois
TUILLEADH (3) ▼
Níl sé baol air chomh mór le rá leis an deartháir anois. Tá an deartháir an-cheannasach den domhan
Níl sé chomh mór sin le rá agus nach bhféadfadh duine a dhul chun cainte leis
Ní raibh sé chomh mór le rá agus a bhí Sir W. B. ariamh, agus bhí mé istigh sa bparlús aige
·
Is mór le rá an dole céanna, agus nach fiú do sheacht mallacht é sa deireadh — tá an-chaint air
Is mór le rá páí Shasana, agus tháinig J. Sh. abhaile as an lá cheana agus ón deirfiúr i nG. ab éigean dó luach an bhus a fháil lena thabhairt abhaile
+
Is suarach le rá í — an ágóid — bean dhona shuarach
Is iomaí caint a chuala mé ar an gceann céanna, ach ní fhaca mé í go dtí aréir. Más ea féin, is suarach le rá í. Dhá mbeadh breith is dá roghain agam uirthi, thabharfainn breith ar mo sheanbhean féin fós!
TUILLEADH (3) ▼
Is suarach le rá a chuid scoláireachta muis, mura raibh sé in ann an cheist sin a fhuascailt. Más mé féin nár sheas aon lá ariamh ag an scoil, d'fhuasclóinn í sin
Deirimse leatsa gur suarach le rá a chuid talúna sin, má sceitheann tú dhó (dhe) a bhfuil de shliabh ann
Chuala mé an oiread moltanais ar an mbó sin agus gur shíl mé gur sháraigh sí an Ghlas Ghaibhleann, ach is suarach le rá í mo choinsias
d.
+
Ní raibh tada le rá agam leis le fada — ní raibh mé rómhór leis
Is beag atá aige sin le rá le aon duine — ní bhíonn sé ag coiriúint ná ag cúlchaint ar aon duine
TUILLEADH (1) ▼
Níor dhúirt mé aon cheo le aon duine ariamh. Níor chuala aon duine bréag ná scéal in mo dhiaidh ó rugadh mé
·
Ní raibh aon cheo le rá liom fhéin ná le mo mhuintir ariamh — níor féadadh drochrud ar bith a fháil le casadh leo
Dhá mbeadh mórán le rá liom, déarfadh sé é
e.
+
Bhí mise ag obair anseo agus ní dheachaigh bó ná gamhain suas an bóthar sin i gcaitheamh na maidne, mura ndeachaigh sí suas chomh uain is a bhí mé ag ithe mo dhinnéir, agus tá rud le rá air sin — b'fhéidir di a dhul suas le linn mo dhinnéir
Tá rud le rá ar an scéal sin, ach maidir leis an scéal ar ball níl ann ach caint ar sraith
TUILLEADH (2) ▼
Bheadh rud le rá air sin, dhá gcuireadh sé aon chaoi air fhéin ach níor chuir
Tá rud le rá ar an spray a chur amach dhá nó trí (a dhó nó trí) de chuarta, ach ná habraíodh fear ar bith liomsa gur leas é an spray a bheith orthu nuair a bhuailfeas sé iad (an dúchan)
2.
·
Thug sé sórt rá eicínt ar an bpaidrín, ach ba paidrín maolscríobach go leor é cheapfainn — dúirt sé é ar chuma eicínt
hIarradh orm amhrán a rá, agus chaith siad chomh fada ag tuineadh liom agus go mb'éigean dom sórt rá eicínt a thabhairt air. Ach go deimhin duit, ba sórt rá eicínt é. Bhí tachtam orm leis an slaghdán agus gan tada ann a réiteodh mo sceadamán
·
"Tá seacht n-inseacht ar scéal agus dhá rá déag ar amhrán" — "tá seacht leagan ar scéal agus dhá ghabháil déag ar amhrán"; ní lia leagan ar scéal ná scéalaí, agus ní lia ceantar ná rá ar amhrán; ní mar a chéile atá amhráin agus scéalta ag gach uile dhuine agus i ngach uile cheantar
Níl na hamhráin aige mar atá siad againne, ach is cuma sin: bíonn dhá rá déag ar amhrán adeir siad. Ar ndóigh chuala mé fear aniar ag gabháil fhoinn ansin thíos an oíche faoi dheireadh, agus bhí deich n-amhrán aige in aon amhrán amháin mar atá siad againne

Féach freisin

in iontrálacha eile (100+)

+
abair
Tá do dhá dhíol ar fad le rá agat
TUILLEADH (30) ▼
Séard a bhí mé a rá anseo ar ball nach bhfuil forás ar bith ar Sh. Ph. ó chuaigh sé sna fir mhóra
Ní hé sin atá mé a rá chor ar bith
Ní miste an méid sin a rá ar chaoi ar bith
Mac maith atá agam, ní as ucht mise dhá rá é — tá sé go maith agus ní ag déanamh gaisce as atá mise más mé a athair féin
Ón lá ar phós mé an bhean sin, ní raibh easpa punt ná scilling orm, ní as ucht mise a bheith dhá rá é
Bhí sé rá go ndéanfadh sé scioból mór eile le haghaidh coirce agus fataí agus chaon tsórt ó thuaidh den teach, ach 'sé adúirt agus ní hé Dia. Ní bhfuair sé saol lena dhéanamh
Bhí muid ag rá an phaidrín
Bhí an sagart ag rá an aifrinn
Is maith leis an t-aifreann a rá ar bhuille an naoi i gcónaí
Nach beag an carghas atá ort bréag a rá
Céard atá tú a rá riu? — níl ciall ar bith leis an rud atá tú a rá; seafóid nó bréag srl. atá tú a rá. (céard adeir tú — sin what are you saying, gan fearg ná tada eile)
Céard atá tú a rá? Nach bhfaca mé é inné.
Céard atá tú a rá? Dheamhan splanc chéille ar bith agat le gairid
Céard atá tú a rá? Go dtabharfainnse an capall sin ar chúig phunt fhichead!
Céard atá tú a rá? Go mba é S. ba chiontaí!
Tá sé ráite agat anois — anois adúirt tú é!; sin é an rud atá ceart thar chuile rud; now you said it!Now, you have clinched the argument!
D'fhéadfá a rá gur maith a chuaigh an imirce dhó (ní athraíonn d'fhéadfá pearsa. Leagan ríchoitianta i gcaint é) — is fíor gur srl.; deirimse leat srl.; abair gur maith srl.
D'fhéadfá a rá gurb é atá fuar!
D'fhéadfá a rá gurb ort atá slacht do chodach, bail ó Dhia ort
M'anam go bhféadfá a rá gur beag an néal atá air sin
Dar mo choinsias, d'fhéadfá a rá nach bhfuil sé sin ag ligean aon bhuille marbh ina chuid oibre
D'fhéadfá a rá gur maith te drochmhúinte an cuimleacháinín é sin, má théann araoid ar bith air
D'fhéadfá sin a rá! Is fadó nach bhfaca tú cur chomh buailte an tráth seo bhliain
D'fhéadfá a rá muis! Diabhal bréag ar bith nach mbeidh púir as a bhéal nó is cinniúint críochnaithe air é
D'fhéadfá a rá i nDomhnach! Is iomaí a leithide eile a bhuailfeadh amach ar cuairt agus a d'fhágfadh an obair sin faoina bhean.
D'fhéadfá a rá! Ach inné a bhí an fuacht ann ar chaoi ar bith
Deir tú leis an gcuain a cailleadh, adeir sí. Shílfeá nach ligfeadh an náire dhi é sin a rá, lá is gur lig sí chun báis le amhgar í
Deir tú leis an sconmhíol seo thíos nach dtabharfadh m'oirdín dom ag rá gur leo féin é!
Tá ráite go bhfuil sé le theacht abhaile go gairid — tá sé ráite; deir siad; deirtear; tá le rá
Deirimse go bhfuil tú ag rá na mbréag — nach raibh mé ann beag ná mór.
+
Tá mo chroí istigh dhá rá liom nach ceart dom a bheith ag dul in éindí léithe: nach bhfuil mé ach dhá cur amú
TUILLEADH (6) ▼
Bhí sé ag rith mar a bheadh Dia dhá rá leis — sna feire glinnte; sna seala babhtaí
Tá sé ag báisteach mar a bheadh Dia dhá rá leis
Tá sé ag ól mar a bheadh Dia dhá rá leis
Bhí sí ag caint mar a bheadh Dia dhá rá léithe
Tháinig an mótar anoir an bóthar mar a bheadh Dia dhá rá leis
Lean sí an giorria mar a bheadh Dia dhá rá léithe
+
dáil
Níor dhúirt mé leis é ach bhí mé i ndáil lena rá
TUILLEADH (2) ▼
Bhuail mé é i ndáil leis faoin méid sin féin a rá
Tá nó i ndáil leis. Ní fiú dhom a rá nach bhfuil mé críochnaithe
+
dáimh
Dáimheannaí as éadan iad sin. Tá siad fite fuaite le chuile dhuine sa tír, de réir gaol is cleamhnais. Ní maith dhuit aon cheo a rá le aon duine os a gcomhair ar chaoi ar bith. Bíodh a fhios ag chuile dhuine cá mbeidh sé ag caint
TUILLEADH (4) ▼
Sin í an dáimh ghaoil nach fearrde mise mórán í. Deirimse leat má théimse ag iarraidh cloch mhine ar trust air ar maidin amárach, nach mórán maitheasa dhom a rá go bhfuil dáimh ghaoil agam leis
Bíonn sí ag brú gaoil i gcónaí orthu faoi rá is gur daoine móra iad, ach dheamhan gaol ná dáimh ann
Deirimse leatsa nach bhfuil gaol ná dáimh acu le chéile. Tá dhá Dhónall i gCúige Uladh. Ní hé an duine céanna atá muid a rá chor ar bith
Níl gaol dáimhe ná dúchais ag an dá rud le chéile. Is féidir fear a chur amach as lóistín nó as seomra thíos i nGaillimh dhá mbeadh a chíos íoctha aige faoi chéad. Níl i lucht seomraí mar sin ach pailitéaraí. Ach má tá fear pósta agus clann air amuigh faoin tír, is deacair é a chur amach. Níl mé ag rá nach féidir é a chur amach, ach is deacair leis an Land Commission é a dhéanamh ina dhiaidh sin
+
dairt
Má bhíonn báirseach de bhean in t'éadan ó mhaidin go faoithin, b'fhearr go mór fada a dhul ag caitheamh dairteachaí leis an ngealaigh ná do shaol a chaitheamh ina bail. Tá caitheamh agus cáineadh ar an té a imeos uaithi. Bíonn sagairt ag cur dóibh agus mar sin, ach ní ag aon duine atá a fhios é ach ag an té atá in adhastar an anró é féin. Is gnaíúla go mór a fágáil ansin i dtigh tubaiste ná clann a thógáil ag éisteacht leis an ropaireacht sin i gcónaí. Mar cuimhnigh go bhfuil mise dhá rá leat, an ceann acu a thosaíos ar an gceird sin, go bhfuil sé de bheith uirthi gan éirí as dá dtugtaí an saol mór di
TUILLEADH (1) ▼
Go dtuga Dia ciall duit! Caitheamh dairteachaí a bhí ansin … bhuel b'ionann is gurbh ea. Ach an t-achrann atá mise a rá; bhí dhá bhaile uileag amuigh. Ceann acu ar chaon taobh den alt siúd atá sa mbóthar taobh thiar d'Ard an Mh. Ba gheall le clocha sneachta iad na spallaí ag dul thart. Bhí mná agus gasúir freisin amuigh: chuile dhuine ó aois liath go leanbh ar na bailteachaí agus daigéad de chloch aige. Bhí muide ar an bhfoscadh tigh Gh. agus feiceáil againn ar fad air
 
dall 2
Ní raibh aon ghair agamsa tada a rá. Bhí mise dall críochnaithe ar an scéal. Ní raibh a fhios agam ó fhlaithis Dé cé faoi a raibh sé ag caint
+
dall 3
Dhall (/ᵹāʟ/, /ᵹaʟ/) an toirneach — nó an tintreach ab áil liom a rá — mé. Níor fhan spré agam nó go raibh mé aniar tamall fada
TUILLEADH (1) ▼
Tá sibh dhá dhalladh dháiríre faoin gcogadh. Dhá bhfeictheá an sníomh a bhí air ar an gcathaoir nuair a bhí sibh ag rá nach bhfanfadh aon mhaith san airgead. Dheamhan a chos a chónós go dté sé isteach sa mbainc agus go dtarraingí sé hé brí cé mhéad cosamar airgid atá aige ann
 
Tá sé ag dallacar bháistí mar a bheadh Dia dhá rá leis
 
Chonaic mise bó thiar anseo ag N. Mh. Bhí an úth calctha aici. Chinn orthu aon deoir bhainne a fháil uaithi théis a ndíchill. Bhí fear beag ag obair anseo thoir ag C. — níl a fhios agam beirthe ná beo cérbh as é. Tháinig sé ag breathnú ar an mbó agus í cinnte ar C. agus ar chuile dhuine. Fuair sé ruainnín den wire beag sin a d'fheicfeá ar scloig na mbuidéil lemonade. Dhírigh sé amach é nó go raibh sé chomh díreach le dorú. Sháigh sé suas i chaon dallán den úth é i ndiaidh a chéile. Dheamhan cor na car a rinne sé lena láimh ach é a shá leis suas. B'iontas an chaoi a raibh sé in ann é a dhéanamh ach níorbh é a chéad uair é. Bhuel tháinig an bainne, gan bleán ar bith. Tháinig sé mar a bheadh Dia dhá rá leis. Bhí bleánach dhó (dhe) ar an talamh shular féadadh soitheach a fháil. Is diabhaltaí stuama a bhíos daoine thar a chéile
 
damba
Bhí S. Mh. N. ag rá liom go bhfaca sé damba ar abhainn i Meiriceá agus go mba hairde a bharr ná speiricín na J. i nGaillimh. An gcreidfeása an scéal sin. Ní chreidfinnse ar chaoi ar bith. Sílim gur do mo dhalladh le bréaga a bhí an ceann céanna. Chonaic sé rudaí i Meiriceá nach bhfaca duine ar bith, agus a liachtaí sin duine sa tír a shiúil chomh fada leis i Meiriceá
+
damhsa
B'ait í a máthair féin. Bhíodh sé ráite gur thug sí an damhsa ó bhuaile léithe
TUILLEADH (1) ▼
Faoi do chois é! Nár laga Dia thú. Is tusa a thug an damhsa ó bhuaile leat ar chaoi ar bith agus ní hiad an dream a mbíodh sé ráite leo
+
Aingeal geal sna flaithis a bhí sa Diabhal — diúltaí muide dhó — i dtosach. Ach damnaíodh é faoi rá is go raibh sé ag iarraidh an chomhairle ar fad a bhaint de Dhia agus í a bheith aige féin
TUILLEADH (2) ▼
Damnú síoraí air! Bleitheach eicínt aníos as Contae an Diabhail Bhuí nach dtuigfeá aon cheo den lapaireacht atá aige ach an oiread is a thuigfeá lochán lachan, ag rá nach raibh Gaeilge ar bith ag muintir na háite seo! Mura bhfuil, chí Dia muis, nach mórán slacht atá ar an nGaeilge atá aigesean!
Dhamhnódh an ceann céanna thú le caint agus cabaireacht. Dheamhan iamh a theagas ar a béal ó mhaidin go faoithin ach ina claibín muilinn mar sin ag síor-rá léithe. Ach cá bhfágfadh sí é ach an oiread le scéal
+
dán
Is furasta a aithinte ar an gceathrú sin nach bhfuil sí ag luí le dán. Níl an darna cuid ag teacht leis an gcéad chuid. Tá an t-amhrán sin ag P. Ch. ansin thiar. Is minic a chuala mé a mháthair go ndéana Dia maith uirthi, dhá rá. Faigh uaidh siúd é. Tá sé ceart aige
TUILLEADH (3) ▼
Gan doubt. 'Sé an rud atá tusa a rá atá ag luí le dán agus ní hé an rud adúirt seisean
Is diabhlaí a chruthaigh sí faoi dheireadh thiar agus dán a chur ar fhear eicínt. Ach an bhfuil a fhios cé hé féin? Is méanar Dé dhó muis, agus é a bheith ceangailte leis an tsuaróigín siúd. Is fada dhó a shaol. Níl againn a rá ach go ndéana Dia grásta air, mar is gearr go ndéarfar leis é ar aon nós
Cloisfidh tú duine ag rá go bhfuil "i ndán" ann. Dheamhan "i ndán" ná "i ndán". Nár chuala tú ariamh é: "sháraigh an fhoighid ar an dubhchinniúint"
 
dána
Is beag an mhaith den tsagart aon cheo a rá leis siúd ó chaithfeas sé rud ina cheann. Tá sé chomh dána leis an diabhal féin
 
Má bhí sé de dhánacht ann an méid sin a rá leis an bpóilí, d'imigh an diabhal air. Cén bhrí ach carrachán mar é!
+
danra
Ní raibh aon mhaith leis. Chaithfeadh sé a bhealach féin a bheith aige. A chomhairle fhéin do mhac dhanra agus ní bhfuair sé ariamh níos measa. Tá sé ráite ariamh
TUILLEADH (4) ▼
Ní dhéanfaidh an fear seo thoir aon bhun muis. Thosaigh sé thar cionn, ach ar ndóigh, ní den abhras an chéad snáth mar adeireadh C. Th. Tá sé ródhána. Níl neart agat focal a rá leis mar ní ghéillfeadh sé duit. A chomhairle féin do mhac dhanra arsa tusa, agus ní bhfuair sé ariamh níos measa
An bhfaca tú aon fhear ariamh is danra ná é ar thada a rá leis. Bhí mé lá thiar in éindí leis i gC. Ch. Bhí an oíche ag teacht orainn agus muid i bhfad ó bhaile. Níor tháinig iamh ar a bhéal i gcaitheamh an lae ach ag caint ar a dhul abhaile nó gur tháinig an tráth le n-imeacht. Ansin níor fhan smid ar bith aige faoi. Nuair a chonaic mé féin dhá ligean rófhada é sa deireadh, d'iarr mé air a theacht. Spréach sé. Shílfeá gur mó dhá fhonn a bhí air a dhul do mo lascadh féin. Ní raibh gair agam an baile a shamhlú leis gur tháinig sé dhá thoil deona féin sa deireadh
Dream an-tsoilíosach iad agus an-ghnaíúil. Ach tá siad chomh danra leis an tubaiste ar thada a rá leo. Chuile shórt acu ach a dhul i gcleithiúnas comhairle ar bith a chur orthu. Is túisce go mór a ghabhfaidís in do phíobán ná a ghlacfaidís comhairle ar bith uait. Drochbhodaigh iad ar an gcaoi sin
Níl aon fhód talúna ag gabháil leis nach bhfuil deacair danra mar sin, faoi bhroibh, faoi dhriseachaí, faoi chíb ar éigean, faoi chuile mhíle rud dhá dhonacht. Ar ndóigh murach é a bheith ina fhear chomh maith agus atá sé, ní bheadh sé in ann giota fataí a chur beag na mór. Agus cloisfidh tú daoine dhá cháineadh ina dhiaidh sin agus ag rá go mba cheart dó dúchan a dhéanamh. Dúchan mo chreach! Ar an talamh siúd
 
Déarfadh sé go maith anseo é, ach cuirfidh mé geall leat nach n-abróidh sé in mo láthairse é. Ní abróidh a mhaisce, mar tá faitíos air go dtógfainn é. Sin é a bhfuil aige, Laoi na Mná Móire, agus tá sé chomh práinneach as sin agus a bheadh cat as póca. Ní bheidh sé ag aon duine eile nó is cinniúint air é. Sin é an fear daoithiúil i gcónaí. Nach mbíodh L. ar an gcaoi chéanna le M. Ní abródh sé píosa Fiannaíochta a bhí aige in áit ar bith dá gcasfaí M. faitíos a dtógfadh M. é. Mheabhraigh M. do dhuine eicínt eile a dhul isteach agus é a chur dhá rá, agus sheas sé féin sa doras dúnta ag éisteacht. Chuaigh sé isteach de mhaoil a mhainge an oíche dhár gcionn agus dúirt sé chuile mhíle focal di do L. Nuair a chuala L. é, bhí sé i ndiaidh sásaimh ar chuma eicínt. 'Tá trí ceathrúnaí nár chuir mé ann,' arsa seisean. 'Bhí a fhios agam go raibh tú sa doras iata.' Bhraith sé é … Dheamhan ceathrú ná cuid de cheathrú a bhí ar iarraidh ach bhí air (aige) marach eicínt a fháil air …
 
daor 1
Bhí mé ag ól scaitheamh inniu, agus is daor dochrach an cheird sin ar an saol seo. Tá an fuisce as compás ar fad: scilling agus dhá phínn ar leathghloinín ghágach. É a dhiúltú uileag a bhí a dhéanamh anois, agus ní hé an uair a bhí an misinéara dhá rá linn
 
daor 2
Daoradh é, ach dúirt siad go raibh saochan céille air agus cuibhríodh é. Dheamhan steamar eile a d'éirigh dhó, théis go ndearna sé spólaí dhá mháthair. Dá mbeinnse i gcathaoir an bhreithimh, bheadh scéal aige air. D'fhéadfá a rá nach mórán scrupall a bheadh orm faoina dhaoradh. D'ordóinn tua an bhéil mhóir a fháil — an tua a ndearna sé féin an choir léithe — agus é a cheangal béal faoi ar bhord, agus gan mion mullóg dhó (dhe) a fhágáil i ndiaidh a chéile leis an tua … Dar a shon go n-agródh Dia orm é ach an oiread is a d'agraigh sé airsean é.
 
Dar príosta níl daorbhasctha dhó ag gabháil fhoinn. Dhá mbeadh sé súgach agus an t-amhrán a theacht leis, tá an-ghuth aige. Bhíodh na Gaeilgeoirí sin ag iarraidh air a dhul go Baile Átha Cliath le amhrán a rá ag an Oireachtas. Ach mo léan géar muis, fuair siad amach an ceann a thiocfadh go Baile Átha Cliath. Ní mó ná dá mbeadh an tOireachtas ag tigh Bh., agus luach cupla pionta a bheith ag C., go mbogfadh sé aniar. Ní mó ná sin anois é
+
de
Is den uaisleacht a dhul dhá shiúl (aistir), nuair nach bhfuil a chapall agus a shrian aige. Ní thabharfadh sé sin le rá anois go ndéanfadh sé aithrist ar dhaoine dona agus imeacht ar bhicycle. Ach 'sí an uaisle anuas de lota na gcearc anois aige í sílim
TUILLEADH (2) ▼
Níl sé de thuiscint sa diabhal an méid sin féin a rá leis
Dheamhan ar dhúirt mise é ná cuid dhá rá
 
Nár fhaighe mé dea-bhás — go maithe Dia dhom é a rá! — má leag mé méirín fhliuch ariamh air
+
deacair 2
Is deacair hata bán a rá leis (fc. hata)
TUILLEADH (1) ▼
Is deacair "thug tú éitheach" a rá leis — fear borb taghdach
 
Ní raibh aon ghangaide ann ach go raibh sé an-dea-chainteach mar sin. Sháródh sé críochnaithe thú scaití. Ní fhéadfá rud ar bith a rá nach mbéarfadh sé thall ar theanga ort
+
Chuala mé caint orthu — na deachmaí atá tú ag rá. Bhí a leithidí ann a mhaisce. Deir siad nár híocadh iad sin ariamh gan ár agus fuil. Don teampall gallda a bhí siad ag dul. Chloisinn S. Mh. A. ag cur síos air fadó, gur chuala sé ag a sheanathair go raibh siad dhá gcruinneáil thiar anseo uair ar Dhúiche an Ch. Bhí póilíos ann ar chuma ar bith, agus rún acu a mbaint amach den bhuíochas. Chruinnigh tír is talamh ann, le pící, le corráin nó arm ar bith ba túisce acu. Chuala an sagart a bhí anseo thiar é. Níl a fhios agam cén sagart a bhí ann san am. Bhuel tháinig sé aniar ar chuma ar bith. Chuaigh sé chun cainte lena póilíos agus lena báillí. Murach go ndearna sé eadarascán an lá sin bheadh cuimhne air. Bhí muintir na háite líofa ceart ag achrann. Dheamhan a fhios agam féin ar mhaith siad na deachmaí dhóibh nó nár mhaith, ach níor tógadh aon deachma an lá sin. Ní mheasaim gur tógadh ná níos mó, ach leisce na bréige níl a fhios agam ar tógadh nó is nár tógadh … Tá sin céad bliain go láidir. Ara tá agus i bhfad lena chois. Bheadh sé sé scóir nó seacht scóir blianta ó bhí seanathair Sh. Mh. A. ina mhaith — dhá mbeadh sé taobh leis
TUILLEADH (2) ▼
Is fadó fiannach an lá ó bhí na deachmaí sin ann. Ní hé an ministéara a chruinníodh chor ar bith iad, ach bhí proictéara aige a théadh thart. Chuala mé an tseanmhuintir ag rá go mbíodh conacra acu thíos i mB. an Ch. agus go bhfágaidís na hiomrachaí ansin gan baint go dtigeadh sé féin agus go mbaineadh sé iad. Gach deichiú hiomaire a d'fhágaidís aige. Déantaí an cleas céanna le na stucaí coirce: stuca as chaon deich stuca a fhágáil gan tarlú, nó go dtugadh an proictéara leis é. Ba in é dualgas an mhinistéara. Bhí na daoine in ainm is an teampall gallda a chothú freisin. Thigeadh na sagairt ansin, agus chaithfidís a ndualgas féin a fháil: coirce freisin. Sin é an uair a raibh an chreachadh ann. Chuile dhuine agus a bhuille féin ar an duine bocht. Ba doiligh dhó é a sheasamh eatarthu … Ní raibh cur in aghaidh dualgas an tsagairt chor ar bith, ach chloisinn na seandaoine ag rá go mbídís ag blaoch i dtóin an phroictéara nuair a thigeadh sé i gcoinne an deachma, nó dhá dhalladh le scrathachaí ó chúl an chlaí. Bheadh rud ar a shon agat dá mbeirtí ort. Chuirfí isteach thú (sa bpríosún). Ach ní raibh baol orthu siúd go raibh siad chomh hadhartha agus go mbéarfaí orthu. Measaim go mbíodh an ministéara féin ann scaití, mar chuala mé P. N. ag rá nuair a bhí siad ina bputaí, go gcuirtí suas leo a dhul isteach ar chúla an chlaí ag fuagairt i ndiaidh an mhinistéara: "a mhinistéirín cár fhága tú do bhean?" Deir siad gur sagart a d'iontaigh, a bhí sa ministéara a bhí anseo … (Cuntas faoi na deachmaí sa gceantar sin ó Sheán Ó Beáin, Páirc Gharbh, An Carn Mór, Baile Chláir)
Muna mbeadh ar Sh. Mh. fadó ach léas ar a mhéir, d'fhanfadh sé istigh. Níor facthas a leithide ariamh le aire air fhéin. Dhá bhfiosraíteá de Sh. ansin céard a bhí air, ní thabharfadh sé de thoradh ort i gcónaí ach, 'a mhic ó mo chroí thú, caithfidh mé deachma na sláinte a íoc.' Ní inseodh sé go brách duit céard a bheadh air. Ach ba deacair dó, arae ní bhíodh ceo na fríde air leath na gcuarta, nach (ach) nach dtabharfadh sé an áit amach air féin ar bhás an domhain, dhá mbeadh goimh ar bith san uair. Spreasáinín beag dona a bhí ann. Shéidfeá de do bhois é go dtí an Domhan Thoir. Bhíodh spideog air an lá ba bhreácha sa mbliain … Ní bhíodh de leathrann againn féin ansin in áit ar bith dá mbíodh sé ach 'a Sh. caithfear deachma na sláinte a íoc.' Is maith is cuimhneach liom an oíche ar tórradh é. Tá sé suas le cupla scór blianta go maith. Bhí mé féin agus bulc de na scorachaí isteach in éindí le P. Mh. a bhí anseo thuas ann. Chuaigh muid ar a nglúine go gcuireadh muid faoi bhrí na guí é. Níor dhúirt P. urnaí ar bith — go ndéana Dia grásta ar an mbeirt agus ar na mairbh ar fad. 'Sé an chaoi a raibh P. ag breathnú isteach air as cionn cláir agus é ag rá: 'tá deachma na sláinte íoctha agat faoi dheireadh, a ghiolla sin. Ba cheart go bhfaightheá luch pine (luck penny) maith anois, agus chomh fada agus a chaith tú dhá íoc.' Ní raibh aon duine sa teach nach raibh falrach gáirí air. Cuimhneoidh mé air go dté na hordógaí orm. Dar fia cuimhneod
 
Fuair sé airgead mór ar an áit sin a dhéanamh. Is airgead mór é lena mheas mar sin, ach cár fhága tú an deachmaíocht ina dhiaidh sin. Tá sé réidh go leor cheithre mhíle punt a rá, ach ní bhfaighidh sé leithphínn dhe sin go mbeidh an chloch spideoige thuas aige, agus gan a fháil an uair sin fhéin ach a leath. Ní bhfaighidh sé an chuid eile nó go bpasálfaidh na hengineers é, agus b'fhéidir gur fada é sin. Dar brí an leabhair bhí costas freisin air
 
Bíonn sí ag síor-rá léithe mar sin, ach a chead sin a bheith aici. Is duine an-dea-chroíúil ina dhiaidh sin í. Beidh sí agat lá an anó ar chaoi ar bith
 
Sin é an rud is luar liom beo: duine ag rá leat go ndéanfaidh sé rud agus gan cuimhne ar bith féin aige air. B'fhearr leat duine adéarfadh suas le do bhéal nach ndéanfadh sé chor ar bith é, ná dea-ghealladh agus droch-chomhlíonadh mar sin. B'fhearr dhuit é freisin. Ara beannacht Dé dhuit!
 
dealg
Chloisinn S. M. Sh. ag rá fadó nach raibh dhá rud ar bith ba ghéire ná dealg láibe agus focal amadáin. Bhí a mh'anam! An giall atá ar a bhean seisean. Is geall le rásúr é
+
déan 1
Gheobhaidh an lá rud le déanamh agus seasamh (tirim). Tá an-smúit ann. Sin dúchan báistí amach ar an bhfarraige. Dhá dtugadh sé traíáil dhom a bheith ón bportach, dheamhan a n-abróinn go brách leis: 'Rinne tú go dona é,' ná cuid de rá!
TUILLEADH (3) ▼
Ná déan níos mó cainte anois. Tá fuílleach ráite agat
Tá tú ag déanamh na mbréag ó chaithfeas mé a rá leat anois
Tá sé ag déanamh go hóg. Deir tú leis a chaitheas an lá ó mhaidin go faoithin amuigh ar an talamh ag obair. 'Sé an gnaitheach é anois, agus daoine ag rá nach ndéanfadh sé sin aon bhuille maitheasa lena ló
+
Tá tú ag rá go ngabhfaidh tú i gcoinne leithphionta. Déan ann! — téirigh
TUILLEADH (1) ▼
Ní raibh aon chall maíochtála dhó, ná "déan ann" a rá leis. Rinne sé féin é gan frapa gan taca. Ní raibh aon ugach ag teastáil uaidh san am ar bhuail sé isteach ar na polláirí é
 
Níor dhúirt mé gur tusa a ghoid é, hé brí céard a dhéanfainn le rá go raibh tú ann lena linn
 
Ní chaitheann sé snig bháistí amach sna réigiúin sin ó bhliain go bliain ach nuair a dhéanas sé í, déanann sé go deannachtach í. Chuala mé mac Ph. Sh. a bhí in Australia ag rá go bhfuil áiteacha ansin nár facthas aon deoir bháistí ariamh. Tagann daoine ar an saol agus faigheann siad bás — agus b'fhéidir saol maith féin a fháil — gan aon mhúr báistí a fheiceáil. Is aisteach an chaoi a bhfuil cuid de na tíorthachaí bíodh a fhios agat
+
Ní dhéanfaidh siad sin mórán cúis i gContae na Mí nó go mbeidh siad déanta ar an talamh agus ar an treabhadh. Agus is fada é sin. Is mór atá a fhios ag C. Sh. céard a bhaineas do chéachta go deimhin! Dá mba cloch a shínfí chuige agus rá leis go raibh duine de Chlainn Mhac C. ag teacht aníos an bóthar …
TUILLEADH (2) ▼
'Sé an diabhal dearg é mura bhfuil tú déanta ar an mbaile sin fós. Breá nach mbrúnn tú orthu. Ní fhéadfaidh siad thú a ithe. Buail amach ar cuairt, agus déan teanntás orthu. Chonaic mise laethúil fáilí ariamh iad, ach tá an iomarca den phúcaíocht ag siúl leat féin ó chaithfeas mé a rá leat …
Is beag an t-ionadh go bhfuil déanta lena bás, más í an tseanbhean seo thuas atá tú a rá. Tá aois mhór aici, agus níor fhan lúb ar bith inti le gairid. Dhá bhfaigheadh chuile dhuine an oiread saoil léithe, ní bheadh aon údar clamhsáin acu
 
Déantas na fírinne níor leag mise súil ar an bhfear ariamh agus níl a fhios agam cén sórt srón atá air — leisce na bréige — ach léar (de réir) mar a chloisim an dream seo a chonaic é ag rá