Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
1.
a.
+
Tá le rádh go bhfuil sé le díbirt = deirtear
Tá le rádh má's fíor é gurb é atá le theacht annseo thoir
TUILLEADH (2) ▼
Bhí le rádh annseo scathamh ó shoin go raibh an talamh sin uiliog báidhte 'san mbeainc, ach níl leath a gcloisfidh duine le creisteamhaint
Tá le rádh má's cóir géilleadh do na luaidreáin gur daoire a bhéas móin imbliana ná bliain ar bith fós
b.
+
Ná tabhair le rádh do na daoine go ndéanfá rud mar sin = ná tabhair slí chainte dhóib
Ná tabhair le rádh dhó nach gcaithfeá aige é
TUILLEADH (4) ▼
Dhá mbadh mise thusa ní thiubharfainn le rádh dóibh go bhfanfainn as ingeall ar rud de'n tsórt sin
Is mór a thug sé le rádh do na daoine an t-am a raibh sé annseo. Bhíodh sé amuigh ó oíche go maidin …
Th'anam ó'n deamhan mar scéal, ná tabhair le rádh nach mbeitheá cho maith le duine! Fagh meaisín thú féin!
Is mór an nídh é a thabhairt le rádh do'n tír in a dheidh sin. Marach sin ní bheadh scruball ar bith agam bualadh faoi'n a cheannacht
+
Dubhairt sé é agus 'ar ndú tá sé le rádh aige = bhí údar maith leis an rud adubhairt sé
Dubhairt sé go mba dearg-bhacach an cliamhain, agus 'ar ndú' fuair sé le rádh é
TUILLEADH (3) ▼
Má ghníonn tú sin, déarfaidh siad gur ag slíomadóireacht a bhí tú i gcaitheamh an achair, agus gheobhaidh siad le rádh é
Má bhí sin le rádh fadó; níl sé le rádh anois. Dheamhan tada le cois na boichteanacht' aca anois
Má bhí sin le rádh ag na daoine roimhe seo, níl sé le rádh aca ar an saoghal seo. 'Ar ndú tá an-lascainí i gcíos anois thar mar a bhí fadó
c.
+
Ba mhór le rádh é lá de'n tsaoghal; ach níl sé cho mór le rádh sin (cho mór sin le rádh) anois = duine ceannasach nó saidhbhir nó cliúiteamhail a bhí ann scathamh
Ba mhór le rádh é C. scathamh, ach ní chloisfeá caint ar bith faoi anois
TUILLEADH (3) ▼
Níl sé baoghal air cho mór le rádh leis an dearbhráthair anois. Tá an dearbhráthair an-cheannasach de'n domhan
Níl sé cho mór sin le rádh agus nach bhféadfadh duine a dhul 'un cainte leis
Ní raibh sé cho mór le rádh agus a bhí Sir W. B. ariamh, agus bhí mé istigh 'san bpárlús aige
·
Is mór le rádh an dole céadna, agus nach fiú do sheacht mallacht é 'san deireadh = tá an-chaint air
Is mór le rádh páighe Shasana, agus tháinic J. Sh. abhaile as an lá cheana agus ó'n deirbhshiúr i nG. ab éigin dó luach an bhus a fháil lena thabhairt abhaile
+
Is suarach le rádh í — an ágóid = bean dhona shuarach
Is iomdha caint a chuala mé ar an gceann céadna, ach ní fhaca mé í go dtí aréir. Má 'seadh féin, is suarach le rádh í. Dhá mbeadh breith agus dá roghain agam uirre, thiubharfainn breith ar mo shean-bhean féin fós!
TUILLEADH (3) ▼
Is suarach le rádh a chuid scoláireacht' muis, mara raibh sé indon an cheist sin a fhuascailt. Má's mé féin nachar sheas aon-lá ariamh ag an scoil d'fhuasclóchainn í sin
Deirimse leatsa gur suarach le rádh a chuid talmhan' sin, má scéitheann tú dhó (dhe) a bhfuil de shliabh ann
Chuala mé an oiread moltanais ar an mbó sin agus gur shíl mé gur sháruigh sí an Ghlas Ghaibhleann ach is suarach le rádh í 'mo choinsias
d.
+
Ní raibh tada le rádh agam leis le fada = ní raibh mé ro-mhór leis
Is beag atá aige sin le rádh le aonduine = ní bhíonn sé ag coireamhaint ná ag cúl-chaint ar aon-duine
TUILLEADH (1) ▼
Níor dhubhairt mé aon-cheo le aonduine ariamh. Níor chuala aonduine bréag ná scéal in mo dhiaidh ó rugadh mé
·
Ní raibh aon-cheo le rádh liom fhéin ná le mo mhuintir ariamh = níor féadadh droch-rud ar bith a fháil le casadh leo.
Dhá mbeadh mórán le rádh liom déarfadh sé é
e.
+
Bhí mise ag obair annseo agus ní dheachaidh bó ná gamhain suas an bóthar sin i gcaitheamh na maidne, mara ndeachaidh sí suas cho uain agus a bhí mé ag ithe mo dhinnéir, agus tá rud le rádh air sin = b'fhéidir di a dhul suas le linn mo dhinnéir
Tá rud le rádh ar an scéal sin, ach maidir leis an scéal ar ball níl ann ach caint ar sraith
TUILLEADH (2) ▼
Bheadh rud le rádh air sin, dhá gcuireadh sé aon-chaoi air fhéin ach níor chuir
Tá rud le rádh ar an "spray" a chur amach dhá nae trí (a dhó nó trí) de chuarta, ach ná h-abruigheadh fear ar bith liomsa gur leas é an "spray" a bheith orra 'nuair a bhuailfeas sé iad (an dubhachan)
2.
·
Thug sé sórt rádha eicínt ar an bpaidrín, ach ba paidrín maoilscríobach go leor é cheapfainn = dubhairt sé é ar chuma eicínt
H-iarradh orm amhrán a rádh, agus chaith siad cho fada ag tuineamh liom agus go mb'éigin dom sórt rádha eicínt a thabhairt air. Ach go deimhin duit ba sórt rádha eicínt é. Bhí tachtam orm leis an slaghdán agus gan tada ann a réidhteochadh mo sceadamán
·
"Tá seacht n-innseacht ar scéal agus dhá rádh déag ar amhrán" = nó: "tá seacht leagan ar scéal agus dhá ghábhail déag ar amhrán"; ní lia leagan ar scéal ná scéalaidhe, agus ní lia ceantar ná rádh ar amhrán; ní mara chéile atá amhráin agus scéalta ag gach uile dhuine agus is gach uile cheantar.
Níl na h-amhráin aige mar atá siad againne, ach is cuma sin: bíonn dhá rádh déag ar amhrán adeir siad. 'Ar ndú' chuala mé fear aniar ag gabhail fhuinn annsin thíos an oíche faoi dheireadh, agus bhí deich n-amhrán aige in aon-amhrán amháin, mar tá siad againne

Féach freisin

in iontrálacha eile (42)

+
de
Is den uaisleacht a dhul dhá shiúl (aistir), nuair nach bhfuil a chapall agus a shrian aige. Ní thiúrfadh sé sin le rá anois go ndéanfadh sé aithrist ar dhaoine dona agus imeacht ar "bhicycle". Ach 'sí an uaisle anuas de lota na gcearc anois aige í sílim
TUILLEADH (2) ▼
Níl sé de thuisgint (tuigsint) san diabhal an méid sin féin a rá leis
Dheamhan ar dhúirt mise é ná cuid dhá rá
 
Nar fhagha mé deábhás — go maithe Dia dhom é a rá! — má leag mé méirín fhliuch ariamh air
 
Ní raibh aon-ghangaide ann, ach go raibh sé an-deáchainteach mar sin. Sháródh sé críochnuithe thú scaithtí. Ní fhéadfá rud ar bith a rá nach mbéarfadh sé thall ar theanga ort
 
Fuair sé airgead mór ar an áit sin a dhéanamh. Is airgead mór é len a mheas mar sin, ach cár fhága tú an deachmaíocht in a dheidh sin. Tá sé réidh go leór cheithre mhíle punt a rá, ach ní bhfuighidh sé leithphínn dhe sin go mbeidh an chloch spideóige thuas aige, agus gan fháil an uair sin fhéin ach a leath. Ní bhfuighidh sé an chuid eile nó go bpasálfaidh na "h-engineers" é, agus b'fhéidir gur fada é sin. Dar brí an leabhair bhí costas freisin air
 
Sin é an rud is luar liom beo: duine ag rá leat go ndéanfaidh sé rud agus gan cuímne ar bith féin aige air. B'fhearr leat duine adéar[fadh] suas le do bhéal nach ndéanfadh sé chor ar bith é, ná deághealladh agus droch-choimhlíonadh mar sin. B'fhearr dhuit é freisin. Ara beannacht Dé dhuit!
+
Tá tú ag rá go ngabhfaidh tú igcoinne leithphionta. Déan ann! = teirigh
TUILLEADH (1) ▼
Ní raibh aon-chall maoidheachtála dhó, ná "déan ann" a rá leis. Rinne sé féin é gan frapa gan taca. Ní raibh aon-ugach ag teastáil uaidh san am ar bhuail sé isteach ar na polláirí é
 
Níor dhúirt mé gur tusa a ghoid é, hébrí céard a dhéanfainn le rá go raibh tú ann len a línn
 
Déantas na fírinne níor leag mise súil ar an bhfear ariamh agus níl a fhios agam cén sórt srón atá air — leisce na bréige — ach léar (de réir) mar chloisim an dream seo a chonnaic é ag rá
 
deas 1
Is deas an aire atá a chuid laoghantaí a fháil uaidh. Diabhal bréag nach deas! A scaoileadh siar annsin siar 'sna breaclachaí raithní sin, nó go gcáilltear leis an ocras iad. Annsin tosaí ag rá nach mbíonn siad ag dul dó
+
deil 1
Dhá bhfaghadh sé deil, adeir sé, thóigfeadh sé an tubán dom. Shanntuigh mé a rá leis gur fada ón stuaim an stucaireacht, ach choinnigh mé faoi mo chúilfhiacail é in a dheidh sin.
TUILLEADH (1) ▼
Diabhal bréag muise nar fhága sé ar deil í, go leige Dia Mór a shaol agus a shlainte dhó. Is deacair a rá in a dheidh sin nach togha fear ceirde é
 
deil 2
Níl neart agad focal cainnte a rá as a choinne nach mbeidh sé ag aithrist ort. Sé atá deas air freisin. B'aige siúd a bheadh an ghnatha sna drámaí agus ní ag an dream a bhíos ionnta. Dar fiagaí dhá mbeadh cainnt ar leithide Mh. Mh. in aon-dráma bheadh sé indon a dheil ar chaoi ar bith … Nathaíodóirí a bhí sna Cuilm sin frén a chéile. Ba bia agus ba beatha leó a bheith ar an gceird sin
 
"Micil Tom: boicín cam"!: má chaitheann tú i bhfad eile dhá rá déanfaidh tú deilín dhe
 
deois
An bhfeiceann tú an deois atá ar an mbithiúnach. Ní bheidh a dhath ariamh dhár dúradh anois nach mbeidh craoibhscaoilte gan mórán achair. Ní cóir tada a rá as a choinne sin ar chaoi ar bith
+
dia 1
As ucht Dé ort! Níl tú dhá rá liom. Is dona a chreidim é
TUILLEADH (3) ▼
Nar chuiridh Dia an rath ar a straois mhór le rud a rá!
Tháinic sé mara bheadh Dia dhá rá leis (fc. deir)
Níl ag an sean-dream sin uiliog ach ag caint ar thoil Dé, agus ag rá go n-eireóidh rud más toil le Dia é. Dheamhan dochtúr na mbeitheach a thiúrfaidís sin ag aon-bhó go deó. Ach d'ordaigh Dia féin cúnamh (fc. cinnire)
+
diabhal 2
Go roise an diabhal é, le rud a rá!
TUILLEADH (1) ▼
T'anam cascartha ón diabhal céard atá tú ag rá?
+
Nach diabhaltach, aindeoin a bhfuil de chaint aige nach raibh cur ar a shon féin ann. Ní cheal muise nach mór a bheadh le rá ar an teallach annseo aige.
TUILLEADH (1) ▼
Ba diabhaltach uaidh amhrán a rá = bhí sé go maith
 
Ní ort ab fhearr liom díochúis a dhéanamh dhá bhféadainn, ach má leigim leat, déarfaidh seisean gur le fabhar duitse nach dtiocfainn anuas ort cho maith le duine. Níor mhaith liom a thabhairt le rá dhó go bhfuighidh sé le léamh é
 
D'aithneochadh dall gan súil gur ag díriú air a bhí sé. Dá seasadh an fear eile talamh, bheadh rí-rá ann. Dheamhan a fhios agamsa nach ndéanfadh sé puca dhó (dhe) dhá mhéid de chliobaire é
 
diúg
Aníos ag forcabhás ar thobac a tháinic an codaidhe sin anois. Ach gheobhaidh sé tobac ar mo shonsa. Go deimhin is deas na gnaithí a bheadh orm a dhul ag síneadh mo phíopa aige sin nó go ndiúgad sé an gráinne deireannach as. Ro-fhada a fuair sé in m'amadán mé. Faghadh sé tobac anois i m'ráite eicínt eile
 
do 1
I gcead duitse a dhuine chóir ní raibh na gasúir se'againne amuigh chor ar bith aréir, agus ní fhéadfaidh tú a rá gurb iad a leag do chuid claidheachaí
 
don
Don h-iaraí agus mo chuid tubaiste ort — croisim aríst thú! — marab ort atá an chabaireacht. Tá do dhá dhíol le rá agus le fiafraí uiliog agad. Ní túisce rud fiafruithe agad ná rud eile. Cá bhfios domsa ó árd-bhonnaíochaí an diabhail cá'il P. Sh. anois!
 
droim
Tá sé ráite a mh'anam: sé moladh na mná óige an druim a bheith fliuch aice. Dar príosta muise, is beag aca atá molta anois mar sin, mar is duine sé nó seachráin aca a bhfuil a ndruim fliuch. Ní thiúrfaidh siad an tsiocair dhóib féin
+
D'imigh mé féin amach gan drúcht gan báisteach a rá = tada; focal ar bith, ach go h-áirid focal arannta
TUILLEADH (5) ▼
'Ar ndú' níl mise ag rá drúcht ná báisteach leat. Déan do rogha rud. Sé do chuid fhéin é agus thig leat a chaitheamh san bhfairrge más é sin is áin leat. Ná ceap agus ná síl go bhfuil muide indiaidh do chuid airgid. Mhair muid ariamh de t'uireasa, agus mairfidh muid anois le cúnamh Dé freisin
Níl ag duine drúcht ná báisteach a rá leis an bpóilí. Is maith ann é, ach leigeadh duine thairis é cho réidh agus a fhéadfas sé. Ar adharca a bheirtear ar na ba, adeir siad, ach ar theanga ar na daoine
Tá sé sin an-stuacach. Ní call duit drúcht ná báisteach a rá leis, agus aithneóidh tú pus air in a dheidh sin go ceann seachtaine. Nachar bhuail sé leithead a chraicinn ar T. Th. oíche a raibh sé ar cuairt ann faoi rá agus a dhul ag gáirí faoin mada nó faoin gcut. Ach duine soilíosach in a dheidh sin é, má tá rud aige ort
Dheamhan drúcht ná báisteach adeir B. leis ach an oiread agus atá mise a rá leatsa anois, ná an oiread sin féin, mar is minic liomsa rud eicínt a rá as greann le duine. Dhá gcuireadh sé caidéis ar bith air, déarfainn go dtug sé tsiocair eicínt dhó, ach bhuail sé cuaifeach air gan fá gan ábhar
Níor chaith sé ach drúcht beag sneachta anuiridh, ach thug sé isteach i mbliana é. D'fheicinn daoine ag breathnú amach annsin 'chuile phuinte agus ag rá go raibh sé in a chlaochmú, ach diabhal mé gur ag neartú ar a mhaidí a bhíodh sé. Shíl mé dheamhan claochmú a d'fheicfinn go brách faoi dheireadh
 
Tháinic pucairí as Gaillimh annseo lá ingleóiteoig. Chaith siad an lá ag treabhadh leo ar fud an oileáin nó gur imigh siad aríst trathnóna. Casadh liom féin annsin thoir iad. Bhí bean ann agus bhuail sí bleid chainte orm fhéin go h-áirid. "'Bhfeiceann tú an dubhchosach a fuair mé adeir sí." "D'eireodh dhuit" arsa mise. "Tá sí in a snáth mara ar fud an oileáin seo. Is deas an ball í sin anois in do phárlús, ach bí san áirdeall uirre go maith, agus déan leabthachaí teó len a h-aghaidh, agus coinnigh sdriog uisce uirre … ". An bhfuil a fhios agad céard a bhí aice: geósadáin. Diabhal focal bréige atá mé a rá leat: geósadáin!
 
Bhí sé ag cur dubhoidhre an oíche chéanna mar a bheadh Dia dhá rá leis. Agus meastú ina dheidh sin nach raibh sé caite annsin ar an mbóthar, agus dheamhan strúmpadh ná a dhath a bhí air nuair a fríodh é, ach é ina shrainn chodlata. Dhá dteigheadh culaith leac oidhre air siúd, dheamhan thiomanta ceó a dhéanfadh sí air. Tá sé cho folláin leis an mbreac.
 
Chuala mé Michael se'agaibhse ag rá go raibh sé ag obair san taebh ó dheas do Shasana — Bournemouth — "D day" agus go raibh dúachan na gcéadta de bháid aeir ag dul don Fhrainc. Bhí an t-aer dubh uiliog aca, adeir sé. Nach h-iad a rinne an íosbairt ach a chuaigh siad go ceann cúrsa
 
dur
Dheamhan an dor féin adéarfas sé leatsa ná a leigfeas an faitíos dó a rá = ní abróidh sé "druid" leat
 
'Sé an marc a bhíodh againn ariamh ar mh'ráite mangach, a dhul amach díreach ó'n gcaladh nó go dteigheadh sléibhte Dhúithche Sheoigeach faoi. Annsin a dhul ag iascach