Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
De
/ɡu/ : tá sé ar aon-fhuaim le do
Réamhfhocal, mionfhocal cainte leis an mbriathar Ainm-bhriathar agus rl.
Na forainmneachaí réamhfhocla de "de" daom (leathan i gcomhnaí); daot (díot amanntaí, ach is i bhfad ó chéile é); dhe (/ᵹə/ ach deirtear /je/ fearacht an ghotha atá i "breith" go minic. Ach ar aon-chor tá sé an-mheasctha le dhó san gcaint igcuid mhaith áiteachaí cé go bhfuil dhe (/ᵹə/ : /je/) is chuile áit fós); di (dhi)(/d′ə/, //); daoinn; daoib (dhíb freisin); daob (díob freisin agus daofa ar an Achréidh) (Bíonn siad séimhithe go minic freisin, dhaom, dhaoinn agus rl. Measaim thríd agus thríd gur minicí séimhithe iad ná ar a mhalrait).
Tigeann sé seo isteach i gcaint ar na mílte bealach, agus níl sna somplaí seo thíos ach cuid an bheagáin de na bealaí sin.
a.
·
Cé dhár díobh thú? = cé'n sloinne atá ort? (bíonn an b in díobh séimhithe san leagan seo agus d caol a bhíos ann is chuile áit)
Is cuma san diabhal cé dhár díobh é, dhá mba de thincéaraí féin é, ach is gleóite an duine é
+
Chaith sé cláirseach de smugairle amach
Bhí staic de mhaide aige
TUILLEADH (13) ▼
Bhí spealóig dheas de chamán aige
Tá starróig d'fhiacail agam agus í briste
Caracháinín de chleiteachán de dhuine atá ann = duine beag meathta gágach
Ceolán beag de bhuinneacháinín nach fiú do sheacht mallacht atá ann
Forránach d'fhear lúfar láidir é
Aircín de dhíolúnach de laogh é
Pleota d'fhear é. Ní tada eile é
Cleiteachán de chléitheachán gan mhaith ar bith é
Rúisc de chuaille í
Amparán mór de dhuine é
Sudóigín de shuaróigín dhona de ghearrchaile í
Sin é an geóspailín beag d'fhear a mbíodh an mála de dhiallaid aige ar an mbicycle
Tá sagart de mhac aige, agus is mian leis a mhótar a chur i mullach chuile shórt ar an mbóthar
+
Ní den chríonnacht an chruínnteacht (an chínnteacht)
Ní den chomharsanacht cleas den tsórt sin = ní dhéanfadh comharsa rud mar sin ar chomharsa eile
TUILLEADH (8) ▼
Ag déanamh láíocht liom a bhí tú! B'fhéidir gur den láíocht duine a ghortú!
Is den uaisleacht a dhul dhá shiúl (aistir), nuair nach bhfuil a chapall agus a shrian aige. Ní thiúrfadh sé sin le rá anois go ndéanfadh sé aithrist ar dhaoine dona agus imeacht ar "bhicycle". Ach 'sí an uaisle anuas de lota na gcearc anois aige í sílim
Is don ádh an tráthúlacht = an té a bhíos tráthúil bíonn an t-ádh air
Sin braon (poitín) agus ní den díoghadh é ach oiread = ní hé an chuid is measa é
Sean-bhean atá de chailín anois aige
Tuí atá de leabaidh aige
Fráma leabthan atá de gheata aige ar an tsráid
Feóil ar maidin agus feóil trathnóna agus feóil in am dinnéir! Diabhal mé gur shíl mé ar an gcaoi a raibh sí ag caint gur stiallógaí feola a bhí de dhíon ar an teach aice!
·
Is mór de mhaith atá ag an gceánn sin ar an gceánn seo = is fhearr an ceann sin go mór
Is beag de dhonacht atá air inniu thar agus inné
+
Dheamhan a bhfuil go h-olc dó (dhe) ach a dhul dó go deas
Níl go dona dhíom, dhá bhféadainn tada a ithe = tá mé maith go leór, ach nach bhfuil ithe mo chodach ionnam
TUILLEADH (4) ▼
Níl basctha den lá chor ar bith
Níl mór dhó (dhe) ach tá sé an-tsuite, an-déanta
Diabhal a bhfuil ar fónamh dhíom = níl mé ar fónamh
Níl de chailleadh air = níl sé basctha
+
Is fhearr de bhean í ná do bhean-sa th'éis a bhfuil de ghaisce agad aiste
Ní mó d'fhear ach is láidre d'fhear é trí h-uaire ná an ceánn eile
TUILLEADH (5) ▼
Ní caoile de bhóthar é ná an áit sin amuigh ach is contúirtí de bhóthar é go fada
Ní fearr de "bicycle" é ná mo cheannsa
Ní h-éadtruime de chapall í ná capall A. ach bhuailfeadh capall A. caoch agus sramach í in a dheidh sin
Is airde é P. ach is mó de cholainn atá ag D. ná aige
B'airde é de thrí troithe ná S.
+
Ní raibh de ghoir aige air faoi bharra ach an oiread agus a bheadh ag páiste
Níl de mhaith leis ach sin muis
TUILLEADH (27) ▼
Ab shin é a bhfuil de rath leat
Níl sé de rath air (/ɡra/ an fhuaim go minic) a dhéanamh
Cheal nach bhfuil sé de rath ort an mála a iompar
Má tá sé de spreacadh ionnad an scurach sin a leagan is gínn thú!
Ní dhéanfaidh sé siúd aon-bhuille len a mharainn aríst, mar níl sé de theacht aniar ann aon-bhuille a dhéanamh
Ní raibh sé de neart ionnam eirghe 'mo sheasamh leis an ocras
Níl sé de thuisgint (tuigsint) san diabhal an méid sin féin a rá leis
Níl de bhrí in Ph. C. ach an oiread agus a bheadh i slat mhara lofa
Má tá sé de stuaim ionnad scioból mar sin a dhéanamh breá nach mbuaileann tú faoi theach
Níl de chiall aige ach an oiread le páiste
Ní raibh sé de ghus ann a theacht isteach, th'éis gur chaith sé an oíche ar an tsráid
Is beag atá d'oibliogáid annsin deirimse leat = níl mórán oibliogáide ann
Níl d'aois aige ach sin muis
Ní raibh de lá ann an uair [sin], ach go bhfeicfeá duine idir thú agus léas ar éigin
Ní raibh de thráigh ann inniu ach go mbainfeá feamainn scine ar leicín na bportán
Níl de mhóin anois aige ach an sumadáinín de chruachín sin. Dheamhan ceó eile!
Céard a dhéanfas muid chor ar bith agus gan d'fhataí anois ag gabhail linn ach an chlúidín sin amuigh san gcró
Ní bhíonn de shúáilceas ag teacht leat ach an t-ocras i gcomhnaí
Cheal nach bhfuil de charannas ann thairis sin
Dheamhan maith dhuit a bheith ag coireadh air anois. Níl d'olc ann ach oiread (mara bhfuil sé go lách féin)
Níl de laethúlacht ann ach an oiread agus a bheadh san duine is fuide amach uainn san tír théis gur colceathar linn é
Níl de ghreann ann ach cuid an bheagáin
Níl d'acmhuinn grinn aige ach an oiread agus a bheadh ag asal a bheadh faoi mhairceannaí
Mara bhfuil de bhacainn ort ach mise muis, níl aon-údar clamhsáin agad
Mara bhfuil den mhaith ann níl den olc ann, agus is mór is fiú sin féin
Mara bhfuil gnaoiúlacht ann, níl de (den) thútaíl ann ach oiread
Caillfear mé agus a bhfuil de phian orm ó'n gcois seo
b.
+
Ní thiúrfainn an oiread dhá chroí dhó agus go n-innseóinn dó é
Ní raibh an oiread de náire ariamh orm agus a bhí orm an oíche sin
TUILLEADH (5) ▼
Níl mórán de néal air, mise imbannaí!
Shílfeá go bhfuil goile maith aige, ach is beag dhá shlacht atá air in a dheidh sin
Má tá sé ag saothrú ní bhíonn mórán dhá bharr aige
Is beag atá de leas ann (duine, ball acra agus rl.)
Má tá sé tinn níl tada dá chosúlacht (sin) air
+
Tá an méid sin d'fhuílleach = fágtha
Bhí an méid sin de bharr aige air = as a chionn; le cois
TUILLEADH (6) ▼
Ab shin é ar chuir tú de mhaoil ar an gcléibhín
Bhí oiread do dhorna d'at (de mheall de nioscóid, de chnap, etc.) in a chois
Chítear dom go bhfuil a bheag nó a mhór d'olc air
Breathnaigh amach go bhfeicidh tú an bhfuil tada (mórán agus rl.) d'oíche ann
Tá cuid mhaith de bhiseach ag mo laogh-sa ar do laogh-sa
Tá billeóig eile de bhiseach ar an bpáipéar nuaíocht seo inniu = ceánn le cois
+
Mara bhfuil sé fáilí dheamhan a bhfuil mórán den drochmhúineadh ag siúl leis ach oiread, ná cuid de dhrochmhúineadh
Dheamhan oinniún a chuir mise ná cuid dhá chur
TUILLEADH (5) ▼
Ní fhaca mise é ná cuid dá fheiceál
Dheamhan ar dhúirt mise é ná cuid dhá rá
Buaileadh é ab ea! Muise dheamhan bualadh ná cuid de bhualadh
Shíl mé nach mbeadh sé d'fháilíocht ann labhairt linn chor ar bith
Dheamhan "collar" ná "tie" a bhí ormsa ná cuid dhá raibh, arae níl sé de shuimiúlacht ionnam
+
Tá sé ag fáil tuirsiú a láimhe d'obair (de mhná, d'iomra, agus rl.) anois = a dhóthain, a dhíol, ach gan an iomarca
Tá lán an tí de pháistí aige
TUILLEADH (24) ▼
Tá lán mo chruite d'fhaitíos orm
Bhí lán mo bhéil de sweets thuas agam
Níl leath mo bhéil de arán annseo
Níl díol na h-oíche de mhóin istigh
Tá do dhá dhíol den ealadhain (d'ealadhain) agad ar fad
Tá a sháith go bínn aige den mhóin anois = tá sé tuirseach di nó tuirsithe aice
Déanann sé a sháith den chumadóireacht ar aon-chor
Níl caochadh do shúil de thobac agam = dubh na fríde
Tá mo dhíol den spealadóireacht agamsa aríst imbliana
Tabhair dhom deoch den uisce = deoch uisce
"Deoch den uisce de bhárr na líne a mbáitear ann an líon" (as "Róisín Dubh". Bíonn an t-alt mar seo in áiteachaí nach mbeadh aon-tsúil leis)
Bhí an iomarca den chaint aice. Sin é a d'fhága réidh í
Ní bhíonn faice de na bréaga aige
Tá foracún maith den fheamainn bainte aige
Níl mórán den aoileach le cois agam anois = níl mórán aoiligh agus rl.
Déanann sé a chuid féin den chuartaíocht ar chaoi ar bith = déanann sé a sháith go maith den chuartaíocht
Tá a chion féin den ámhailleacht ann ar aon-chor
Níl d'fhascadh aige ach lorg na bó ar an gcrangaire
Níl lán mo ghlaice de bhean innte = bean an-bheag í
Níl oiread amén de chloigeann air
Níl dóthain dreóilín de phlúr san teach
Tá cuid de scadáin lofa Ph. Ch. agad
Bhí buidéal de fhuisce Mhuighcuilinn aige
Dheamhan blas dó (dhe) nachar tharraing dorna orm = tharraing sé dorna orm
+
Sin é mo bhuíochas anois agus a bhfuair (agus gach agus a bhfuair, an méid a fuair agus rl.) mé d'anró uaidh
Ab shin é ar mharuigh tú de bhallachaí th'éis thú a bheith ar meath ó mhaidin
TUILLEADH (2) ▼
Má tá sé le dhul chuig an aonach dheamhan a gcloisim de chainnt aige air anois = ní bhíonn sé ag cainnt air anois
Sin é a bhfaca mise de chontráil ariamh ann, ach níor bheag sin, arsa tusa
c.
+
Níl fear dhá maireann nach mar sin atá (gach fear dá maireann, chuile fhear dá maireann, an fear is fearr dhá maireann, fear eicínt dá maireann, fear ar bith dhá maireann, aon-fhear etc. agus rl.)
Dhá mhéad cainnte dhá bhfuil aige (atá, a bhíos freisin; ach is minicí a chuirtear isteach an de .i. dá in athuair) is gearr le dhul é
TUILLEADH (3) ▼
Dhá dhonacht é (dhá dhonacht dhá bhfuil sé; ní abróchaí "dhá dhonacht atá sé"), is fhearr é ná a bheith dhá uireasa
Níl aonduine dhá dtiocfaidh (níl aonduine a thiocfas) nach bhfuighidh gloine
Gach fear dhá mbéarfaidh air cuirfidh sé driog ann
d.
+
Chaithfinn an lá in mo leabaidh dhá mbeadh a fhios agam go bhfanfadh sí dhíom (casacht a bhí air) = dhá mbeadh a fhios agam nach mbuailfeadh sí mé
Bhí mé in anchaoi aige (tinneas mo bhuilg) ach ó thug an dochtúr an tsiuróib sin dom, d'fhan sé dhíom
TUILLEADH (1) ▼
Ól neart fuisce agus feicfidh tú fhéin air go bhfanóidh sé dhíot (slaghdán)
+
Cuir dhíot (d maon ar fad, ach séimhithe scaithtí) = seo é adeireadh gadaithe agus rógairí reatha le daoine a bhídís ar thí a rubáil; nó abair rud eicínt; cuir ar do shon fhéin
Bain díot (do chuid éadaigh)
TUILLEADH (7) ▼
Ní bhainfidh mé cion do thomhaise dhíot = tiúrfaidh mé cion do thomhaise dhuit
Déanfaidh mé an t-aon-lá amháin díot = maróidh mé thú ar áit na mbonn
Tá mé ag baint lá dhó (nó lá dhe) = ag caitheamh an tsaoil; ag caitheamh an tsaoil i leabaidh a chéile gan gleó gan torann
D'fhiafraigh sé dhaom an raibh aon-uain le díol agam
Caith dhíot
Chaith sé dhó (dhe) in a chraiceann
Scaoil díot na h-éadaí fliucha sin
+
Is cuma duit é ach an t-Earrach a bheith dhíot = a bheith críochnuithe agad; é a bheith déanta agad
Dhá mbeadh an sagart dhaoinn (dhínn) againn bheadh linn = beidh an t-éisteacht san teach se'againne imbliana agus dá mbeadh sé thart, bheadh muid ceart
TUILLEADH (4) ▼
Cuir an siopa dhíot 'un tosaigh = teirigh go dtí an siopa agus déan do ghnaithe ann
Tá an portach rómham fós. Faraor gan é dhíom agam
Má tá sé roimhe níl rud ar bith is fhearr dhó na a chur dheith (dhe, dhó)
B'fhearr dhuinn go fada dhaoinn (dhínn) ná romhainn é = ceann oibre eicínt atá le déanamh. B'fhearr déanta í ná í a bheith le déanamh
+
Ní dhiúltóidh sé d'abhainn nó go mbeirtear air = he won't renounce rivers (river-poaching) agus rl.
Sé phunt a d'iarr sé agus dhá mbeadh muid leis go ndéanfadh dia diarmuid dhaoinn (dhínn) ní scéithfeadh sé an leithphínn dheith (dhe, dhó)
TUILLEADH (1) ▼
Bhí sé ag cur dhó (dhe) ar nós an diabhail = ag caint go h-acmhuinneach; ag glagaireacht; ag siúite troda
·
Tá sé de bheith (bhreith) air a bheith ag ól
e.
+
Chonnaic mé é de bhárr an tighe (a bheith thuas taobh amuigh ar an teach. Chonnaic mé é as barr an tighe nó ó bhárr an tighe: ón áiléar taobh istigh)
Ní fheicfeá den traen é (as an traen nó ón traen; ach ní féidir den charr, den mhótar a rá: as an mótar, ón mótar)
TUILLEADH (4) ▼
D'fheicfeá a theach den bhóthar (ón mbóthar)
Chonnaic mé isteach uaim den fhairrge é (ón bhfairrge), den loch, den abhainn, den sliabh etc. Ach as nó ó na garrantaí, ó na páirceannaí)
Thuit sé den chlaidhe
Tuitim de chlaidhe a ghortaigh é
+
Fanadh chuile fhear de phortach ar an aimsir seo = de na portaí
Choinnigh sé de shliabh ar fad = d'fhan sé de na sléibhte (nó as na bailte sléibhe atá i gceist annseo)
TUILLEADH (2) ▼
Cho luath agus a tháinic mé d'fhairrge (den fhairrge) chuaigh mé a chodladh
Tá sé in am ag chuile dhuine a bheith imithe de bhóthar (den bhóthar nó de bhóithrí ar bith) anois.
+
Chuartaigh mé an taobh thoir d'abhainn ar fad = an taobh thoir den abhainn. Bheitheá ag súil le "den abhainn" annseo mar is abhainn áirid amháin atá i gceist; mar seo adeirtear i gcomhnaí é. (Sna leagain seo ar fad níl ach droichead, bóthar, abhainn agus rl. amháin igceist. Níl sna h-áiteachaí ach an bóthar, an droichead etc. áirid seo)
Bhí an mhuintir taobh thiar d'abhainn in a ngamal an uair sin d'uireasa droichid. Ní raibh aca ach a dhul an charra
TUILLEADH (7) ▼
Sín linn sin taobh ó dheas de dhroichead í. Annsin a bhí sé
Ní dheachaidh mé taobh ó thuaidh de chlaidhe chor ar bith
Tá limistéar mór talúna taobh thoir de bhóthar agam ach diomallachaí ar fad é
Tá an cúl taobh thiar de chlaise curtha againn.
Tá an easca taobh thiar de loch ar fad triomuithe anois
Beidh a bhfuil ó dheas de chuan annseo uiliog Dé Domhnaigh. Sin é a mheasaim
Tá a bhfuil ó thuaidh de shruthán ar fad le baint dó. Deir siad go bhfuil ar chaoi ar bith
f.
+
Baileóidh tú an fheamainn de dhá charr = níl innte ach dhá charr; ní bheidh tada fágtha ach a mbeidh dhá chárr eile tugtha leat agad aisti
Tiúrfaidh tú leat a bhfuil eile de mhóin ann anois de dhá ualach
TUILLEADH (2) ▼
Thug sé leis an chruach de thrí lorry
Mharaigh an chú an giorria de dhá léim
g.
+
Leag sé é de thurraic (tuirric)
Chaith sé an claidhe de rithte reathach
TUILLEADH (17) ▼
Leag sé é de bhuille mhaide
Dhonaigh sé d'aon-iarraidh amháin é
Bhuail sé de chic mé
Chuir sé ar chúl mo chinn de dhorna mé
Bhuail sé de chloich ar an dubhlia í (bó)
Dúirt sé an t-amhrán de ghlór breá láidir
Chaith sé amach é de ghorta garta
Thosaigh sé ag gabhail de dhornaí orm
Chaith siad an lá ag gabhail de chlocha air
Níor tháinig iadhadh orra ach dhá ghreadadh de chlocha
Ba bhreá an sásamh liom a bheith dhá lascadh de chiceannaí
Dúirt sé an méid sin de chogar liom
Chuir sé an doras dó (dhe) dhá thóin (len a thóin)
Chuir sé isteach an ursain dhá ghualainn
Thuit sé d'fhothromán mór míllteach
Rinne sé de bhallséire orm é
Scríobh an leitir de léim
+
Déarfadh sé de mhíádh é. Is air nach mbeadh an mhoill = déarfadh sé le greann nó le barúlacht é
De mhíádh a leag sé an claidhe: ag iarraidh an dá theach seo thuas a chur in árachaí a chéile
TUILLEADH (3) ▼
De ghrá comhlódair a tháinic sé sin
De ghrá comhlódair a theigheas na madraí 'nan Aifrinn
Ní dhá dheóin a rinne sé é ach dhá ainneoin
·
Ní ghabhfainn ann chor ar bith ach d'fhonn a bheith in éindí libse.
Ní chuirfinn araoid ar bith air, ach d'fhonn a splancadh
h.
+
D'imigh sé de shiúl oíche (de dhruim oíche)
Bíonn sé in a chodladh d'oíche agus de ló
TUILLEADH (1) ▼
Eiríonn sé de ghnáth ag an deich
i.
·
Dá bhíthin sin, dhá bhrithin sin, dhá réir sin, dhá bharr sin = mar gheall air sin

Féach freisin

do 1

De in iontrálacha eile (100+)

+
abair
Bhí sé rádh go ndéanfadh sé scioból mór eile le h-aghaidh coirce agus fataí agus 'chaon tsórt ó thuaidh de'n teach, ach 'sé adubhairt agus ní hé Dia. Ní bhfuair sé saoghal lena dhéanamh
TUILLEADH (11) ▼
Dubhairt tú é mo choinsias! Níl a leithide de thúatachán cruthuighthe
Abair nach bhfaca tú a leithide de scéiméara fir ariamh!
Abair gur cheannuigh tusa leota feola agus go dtáinic tú aniar abhaile agus gur chaith tú trí nó ceathair de laetheantaí dhá slumairt, nachar shamhaoinighe dhuit é sin, ná sceimhil a chur ar do bholg annsin thiar le piontaí pórtair
Céard adeir tú leis anois a chuaidh síos de mhaol a mhainge go dtug sé aníos é = nach mbeadh iongantas ort go ndearna sé sin; nach mór an t-iongnadh agus rl.
An uair a tharraing mé an ruadhóig anuas de dhrioball na budóige agus a shlíoc mé síos é, meastú nachar tháinig leath an driobaill liom. Anois céard adeir tú le Gaillimh agus gan ann ach baile beag!
Ag strócadh go dteigheadh sí ag damhsaí! A leithide de ghiostairín! Anois céard adeir tú le Gaillimh agus gan ann ach baile beag!
Diabhal thiomanta ceann a thiubharfadh sí dom, mara dtugainn seacht bpighne ar chúig cinn de "Phuncáin". Anois céard déarfá le Gaillimh! Is furasta dhóib bráigill fhéin a bheith aca
Déarfainn gur suarach an éadáil do dhuine ar bith a bheith i dtuilleamaí déirce bheag de'n tsórt sin
Deirimse nach bhfuil is an méid sin ach starróig de bhréag.
Deirimse féin gur mó a bheadh de bharr na móna ag duine, ná de bharr an chuir
Dhá dteightheá ag an gcéad Aifreann mar adéarfá, agus a dhul ann annsin gan méir a bhaint de do shrón, diabhal mé go mbeitheá ann in ucht an lae
+
Ní bhfuighidh sé sin aon-bhás choidhchin. Beidh sé ag dul ins na céid-déaga mar sin, agus ualaigh ag teacht air, agus é ag díriú aniar aríst ag caitheamh gail de'n tsean-dúda. Nach bhfuil sé ag saothrú báis ó a rugadh mé agus dheamhan bás ná bascadh fós air
TUILLEADH (1) ▼
Chuaidh 'chuile dhuine de'n chine sin ins na céad-déaga le aois. An bhfeiceann tú an deirbhshiúr eile atá aice. Tá sí deich mbliana fichead ag tarraingt an phinsean agus is maith an mhaise dhi fós é.
+
Tá dhá spreanguide de dhá chois air agus iad cho scaptha agus go bhfuil ceann aca is chaon leath-bhaile den dá leath-bhaile
TUILLEADH (2) ▼
Níl dóthain dhá chearc de choirce aige
Rinne sé de dhá léim é = an-sciobtha; mear
+
daba
Tá an ithir thuas ar fad in a dhabaí de bharr na báistighe
TUILLEADH (3) ▼
Buaileadh isteach ar an straois mé le daba de rud eicínt. Sin é an uair ar chroch mé fhéin mo sheolta liom
Ar an dá luath agus ar thosuigh an tsiúite, dheamhan asna dhíom nach sciobann an daba de'n phláta agus "haway" liom. Déarfainn go mbadh diomdhach an bheirt a bhí ionnta nuair ab éigin dóibh a mbéilí a ithe tur tar
Cé a chaith an daba de cháca sin ag an madadh. Nar agruighidh Dia orraibh a bheith ag caitheamh aráin mar sin ag mádraí agus cho dona agus atá an saoghal
+
Rug siad (na póilíos) ar dhabhach agus ar chupla pota suas annsin an lá cheana. Ach ní bhfuair siad aon-deoir de'n bhraon
TUILLEADH (2) ▼
Cá'r fritheadh an dabhach de thubán seo, nó cé l'aghaidh a bhfuil sé?
Is áibhéil an dabhach de bhairille é
+
Fuair mé daibéad de scraith aniar ar an gcúl agus fhobair gur bhain sí an mhothú asam. M'anam gur bhain faoi láthair
TUILLEADH (2) ▼
Níl sé sásta mar mbeidh 'chuile spreab de'n fhóidín baic in a dhaibéid mhóra millteacha aige. Chinnfeadh air fóide deasa slachtara a ionntú. Is cuma leis ins an tubaiste é ach é a bheith casta
Is dalba an daibéad de bhean atá aige d'fhear cho h-éidtreorach leis. Dhá dtosuigheadh sí siúd ag broimseálacht, bhí sé fánach aige aon-cheart a bhaint di
+
Má theigheann tú di ar an mbealach sin ní chuirfidh tú uirre ach daighce, agus beidh muid gan Murrchadha gan Maghnus annsin. Abair mar seo léithe gur tháinig muid fiche míle bealaigh chuig sochraide agus go bhfuil fiche míle eile le dhul ar ais againn agus go bhfuil "bicycle" briste orainn. Tosuigh ag dilleoireacht. Maistín maith í. Tá na seacht n-aithne agamsa uirre, agus sin é an fáth go mb'fhearr dhuitse a dhul 'un cainte léithe. Ní móide go n-eiteochadh sí thusa faoi dheoch, ach má chaitheann sí in a ceann é, ní thiubharfadh sí deoir do dhiaumhlach
TUILLEADH (4) ▼
Tá daighce eicínt ar an Sáirsint agus é a bheith cho luainneach ar a chois anocht. Níor chomhnuigh sé ar feadh na h-oíche ach ag dul ó chloigeann an R. go dtí ceann an bhóthair. B'fhéidir gur ins an áirdeall ar M. atá sé. Má's eadh béarfaidh sé air go siúráilte. Tuilleadh ghéar de'n chlampar aige — nach bhfaireann é agus aire a thabhairt dhá ghna (gno) agus fios aige nach bhfuil an ceann eile ach ag iarraidh breith thall air go dtugaidh sé 'un cúirte é. Diabhal blas eile.
Beidh daighce air nó go bhfaghaidh sé daithte é; agus gheobhaidh as a dheire. B'fhearr dhuit ag gabhail de chlocha ar do cheirteacha ná a bheith igcleitheamhnas a dhul ag baint aon-cheart dó. Is fada atá sé ag rith leis, ach an uair a gheobhas sé é, gheobhaidh sé in aoinfheacht é, agus is fada dhá thuaradh dó féin é
Is fhearr duit leigean de do chuid daighce anois, agus a dhul a chodladh as réidhteach, nó má eirighimse aghad (chugad) cuimhneochaidh tú air. Níl aon-oíche ins an aer nach ar an gceird chéadna a bhíos tú, mara bhfaghaidh tú cead do chomhairle féin faoi 'chuile rud. Nach gránna an chaoi de do leithide de stócach a bheith ar an gceird sin feasta choidhchin.
Ní thiocfadh sé chuig an dárna bainis le daighce nachar h-iarradh ag an gcéad bhainis é. Diabhal blas de'n cheart nach raibh aige. Fear gan fuil a thiocfadh go dtí iad th'éis droichead a dhéanamh dhínn cheana (a dhul tharainn agus daoine eile a iarraidh). Bhí a shliocht orra. M'anam nachar thaobhuigh cuid againn iad ná cuid de thaobhachtáil
+
Ní daighceamhail go dtí é. Chonnaic mé na gearrbhodaigh annseo thíos oiche. Bhí siad ag caitheamh clo' neart (cloch). Chaith seisean í cho maith le duine. Bhí timcheall agus troigh ag C. ar 'chuile dhuine eile dhá raibh ann. Chaith seisean trí nó ceathair de chuarta aríst, ach, má chaith féin dar diaguidhe chinn air marc C. a chrínnt (chreinnt). D'fháisc sé air a shaicéad a mhic ó agus seo leis suas an bóithrín le teann daighce faoi gur bhuail C. é
TUILLEADH (2) ▼
Measaim go bhfuil an capall sin aige sáthach daighceamhail. Bhí siad thíos annsin an lá faoi dheire agus chaith siad uair an chluig léithe, ach dheamhan isteach ná amach a bhí aice, ach in a staic i lár an gheata. Seacht gcatha na Féinne ní bhainfeadh feanc aisti gur thogair sí fhéin corruighe. Is diabhlaidhe contráilte thar a chéile a bhíos cuid de na capaill
Bhí mé thíos ann lá annseo anuiridh. Domhnach a bhí ann. Bhí sí ag strócadh ag iarraidh a dhul síos 'un bóthair. Ní leigfeadh an mháthair di. Bhí rud eicínt le déanamh: soithigh le nigheachán nó rud fánach ar aon-nús (nós). D'iarr an mháthair uirre é a dhéanamh. Dhá bhfeictheá cho daighceamhail agus a d'iompuigh sí ar a cois, agus siar léithe a chodladh. Dá mba mise an mháthair, bheinn dhá lascadh 'fhad's gheobhainn teas in a craiceann. Bhí sí do-chorruighthe freisin, ach níor leig sí amach mórán dhó (dhe) liomsa
+
Rug sé ar dhaigéad de chloich le mé a smíochadh. Chuaidh sé cho gar dhom agus a chuaidh an ceol do hAnnraoi, ach thug mé na h-aobha uaidh ar éigin
TUILLEADH (8) ▼
Leagadh anuas dhá dhaigéad de dhá chloich i miainis (i bhfiaidhnis) an ghiúistis. 'Siad a chaith an bheirt thiar. Shílfeá nach éadáil mhór ar bith an t-amharc a thug duine aca ar na clocha. Ba mhó dhá fhonn a bhí air déarfá, breith uirre agus a caitheamh aríst. Tháinic scéin ins an ngiúistís
Cá'r eirigh an daigéad de bhallach sin leat. Dar príosta tá béilí maith éisc uirre ar chuma ar bith. Is iongantas go raibh freagairt ar bith ins an bpoll indiu agus cho geal agus atá an lá. Níorbh fhiú liomsa mo shlat a thabhairt síos beag ná mór
Tharraing se anuas daigéad mór de leabhar agus d'ionnsuigh air ag léigheamh dom féin aisti. Níl fhios agamsa beirthe beo ná baistighthe céard a bhí sé a léigheamh aisti. Badh é m'áird air é ar aon-chor!
Leag sí anuas daigéad de cháca in a láthair, agus go deimhin agus go dearbhtha duit a mhic Uí Fh., dá n-ithteá ceathramha dhe, bheitheá sáthach go ceann trí lá. Ó dheamhan an oiread agus a bhuailfeá ar shúil dreoilín a d'fhan d'fhuighleach uaidh. Agus déarfaidh an craosánach sin in a dheidh sin nach bhfuil sé ag caitheamh tada
Tá sé ag baint daigéid mhóra de "Dates" na laethanta seo. Diabhal mé go riarfadh 'chuile cheann aca muirín ar fad ar an dinnéar
Is áibhéil an daigéad de bhean atá aige. Dar príosta dhá bhfeictheá an dá chalpa (colpa) coise atá fúithe! Is geall le dhá storrán crainn iad
Cá bhfuair siad an daigéad de chailín siúd. Is cumasach an bhean í bail ó Dhia uirre.
Cé'n sórt daigéad de shagart é sin atá thíos ann anois. Níl aon-phuínte de'n ló dhá gcasfadh sé leat nach mbíonn sé séidthe, ach 'ar ndú' is beag an dochar dhó sin, agus na griscíní feola atá air
+
daigh
Tháinic doigh eicínt isteach faoi bhun m'asnacha annseo anuiridh, agus mé ag feamnadh, agus sheaduigh sí mé go dtí sé seachtainí ó shoin. Nuair ab fhada liom go raibh sí ag imeacht, shoir liom go dtí an dochtúr, agus thug sé buidéal dom. Ó a chaith mé an buidéal, níor airigh mé ó shoin di.
TUILLEADH (3) ▼
Is olc í an dógh bhuilg sin. Chaith sí an tsíorraidheacht ormsa. Fuair mé fuascailt bhreagh uaithe anois le cúig nó sé de bhlianta. Ní fhágfadh sí siubhal an bhóthair ionnad
Níl neart agamsa ruainnín feola ar bith a ithe nach mbuaileann dógh ghoile mé. Dhá bhfeictheá mé thuas Dia Domhnaigh agus an-"hate" (heat?) ag an gcuid eile ar leota caoirfheola, agus gan agamsa ach driobaillín de scadán agus mé dhá chrinneadh (creinneadh) liom sa gclúid.
Bhí mé de'n tsaoghal ag doigheachaí in imeacht na seachtaine seo caithte. B'éigin dom eirghe de mo leabaidh oíche, agus mo leiceann a chur le teineadh. Bhí mé ag screadach leis an bpian
+
Daidhean blas díom nach raibh báite
TUILLEADH (3) ▼
Daidhean caithte a bhí de'n (an) phíopa agam go ceann dhá lá
Daidhean fiú agus blaiseadh de'n bhainne a dhéanfadh an laogh
Daidhean a leigfeadh an faitíos dó a chois clí ná dheas a chuir taobh amuigh de dhoras
+
'Sé Baile an Daighin é má dheanann siad rud mar sin: a chuid féin a bhaint de'n duine bocht. Ní fhéadfaidís a dheanamh. Nó dhá bhféadadh, is cneamhairí ar na h-ailt na dligheadóirí. 'Ar ndú ní dadaí eili iad
TUILLEADH (1) ▼
'Sé Baile an Daighin é mura bhfuil tú indon chúig chárta a imirt. An oiread céadna atá ugainn (againn) uiliog, agus féachann muid len a n-imirt. Cé'n sórt amparán de dhuine thú féin thar agus cearrbhach ar bith eili?
+
dáil
Tá a theach thíos annsiúd indáil leis an gcladach. 'Sé an teach is fuide síos de'n bhaile ar fad é, 'sé sin
TUILLEADH (1) ▼
Bhí sé indáil le briste de'n obair, marach an chaoi a ndeacha mise 'un cainte leis an "mboss"
 
Sháruigh an gasúr sin aige a bhfaca mé ariamh le dailleacht. Tá sé sé nó seacht de bhlianta anois ag dul 'un scoile, agus níl sé indon focal a léigheamh fós
+
dáimh
Tá dáimh aice sin le 'chuile dhuine sa tír má's fíor di féin, ach 'sé gaol mhadadh Úna le madadh Áine é. Ar chuala tú ariamh é: "Uisce fuar mo chreach agus gaol i bhfad amach". Sin é a fhearacht aice sin é
TUILLEADH (5) ▼
Dáimheannaí as éadan iad sin. Tá siad fighte fuaighte le 'chuile dhuine sa tír, de réir gaol a's cleamhnais. Ní maith dhuit aon-cheo a rádh le aonduine as a gcomhair ar chaoi ar bith. Bíodh a fhios ag 'chuile dhuine cá mbeidh sé ag caint
Níor thosuigh mé ag dul thríd na dáimheannaí céadna ariamh, nach ngabhfaidís 'un seachmaill orm. Níl a fhios agam anois cé'n col de dhá chol déag muid, agus is cuma sa tubaiste. Ní bhuachfaidh mise ná iadsan mórán air, ar chaoi ar bith
Is dual dáimhe agus daoine di cúl a cainte a bheith léithe. Níor leig a máthair aonduine thairti ariamh gan sclamh a bhaint as
Is fhearr dhuit an té nach bhfuil gaol ná dáimh agad leis, ná a raibh de ghaolta ariamh agad. Níl aon-duine sa tír nach bhfuil muintreach agamsa, ach ní thaobhóchainn ceachtar aca lá an anshógha. Ba bheag an mhaith dhom é dhá dtaobhuighinn féin
Go deimhin níl gaol dáimhe ná dúthchais ag J. le duine ar bith eile dhá bhfuil istigh ar an mbaile sin. Amhuis de speireadóirí uilig iad ach é féin. Níor rugadh aonduine ariamh ar an mbaile sin, nach mbeadh anam duine air = cosamhlacht
+
A bhfuil de gheanntrachaí in Éirinn ní scoiltfeadh í sin. Tá sí ro-dhaingean
TUILLEADH (4) ▼
Nach tú a chuir an glas-shnaoidhm (snaidhm) daingean uirre. Tá faitíos orm go gcaithfidh tú an scian a thabhairt di
Bhí na Sasanaigh céadna an-daingean is 'chuile cheaird de'n domhan
Tá sé sin anois cho daingean istigh ins an mbaile sin agus a bheadh sean-chrann i gcoill. Tá fréimhreachaí amuigh aige is 'chuile áit, agus chaithfeá 'chuile cheann aca a bhriseadh, shul á d'fhéadfá a chur de dhruim seoil
Ar chuala tú ariamh an scéal faoi'n sagart agus faoi'n mbuachaill. Tháinic an buachaill isteach agus é in a líbín. "Tá sé ag báisteach go dainghean" adeir an sagart. "Tá, agus deich míle taebh thiar de Dhaingean" adeir an buachaill, "mar tá mise th'éis a theacht as, ar mo chapall anois (Magadh focal atá ins an scéal seo. Is áit i gConamara é an Daingean. Tá sé idir Anach Mheodhain agus paráiste an Chillín. Tá eolus ar an scéal seo ar an Achréidh freisin ach "Daighean" adeirtear i leabaidh "Daingean")
+
Tá an Béarla cho daingnighthe sin isteach i gcuid de na daoine, agus nach mbainfeadh geanntrachaí amach é.
TUILLEADH (1) ▼
An gceapann tusa dá ndéantaí rud de'n tsórt sin nach hé an chóir a ndaighneochadh sé iad i leabaidh a lagachan. 'Sé d'aili
+
dair
Cuinneoig dharaighe an chuinneoig is fhearr amuigh. Dhá bhfaighteá-sa ceann de na sean-chuinneogaí — ceann daraighe a rinneadh Gaedhealach ní raibh cinneadh ar bith leo. Tugann cuid de na cuinneogaí eile sin blas ar an mbainne. Is mór a ghabhfadh cuinneoig anois
TUILLEADH (2) ▼
"Saileach dhuit féin; fuinnseoig de do mac; agus dair do mhac do mhic" = mar dhóigh dhe go mbeadh an tsaileach in inmhe agus ag foghaint duit féin; ach nach bhfoghanfadh dair ach do mhac do mhic
Tá asna de'n tsean-dair ar lár. Asna de'n tsean-dair in aghaidh dhá asna de'n dair óig (fc. asna, easna)
+
dairt
Bhuail sé dairt orm; bhuail sé de dhairt mé; chaith sé dairt liom
TUILLEADH (13) ▼
Bhuail sé de dhairt é agus dá n-eirigheadh sé leis ar an tsúil, dheamhan thiomanta súil a d'fhagfadh sé istigh in a cheann leis. Tá an t-urchar cruadh aige sin. Nach bhfeiceann tú an teannadh a chuireas sé le 'chuile shórt a chaitheas sé
Is deas iad do chuid dairteachaí. Nach gruadháin de chlocha atá tú a chaitheamh. Ní spóirt ar bith an tsúil a bhaint as duine.
Bhí mé ag teacht anoir as an oíche cheana, agus ní fhaca tú aon-ghábh ariamh mar a ndeacha mé ann. Bhí a raibh de ghasúir uiliog ar an mbaile faoi réir faoi mo chomhair ag bóithrín na bF. agus bhí mé do mo chaidhleadh le dairteacha aca, as sin anoir go dtí an gleann. Níor caitheadh cloch na miarthóig (méaróg) liom gan "doubt". Ó a fuair mise an gó sin tharm, tiocfaidh uisce le fánaidh aríst shul (d)á fheicfear mise aríst i mbaile Bh.
T. Sh. a bhí bonn ar aon leis, a bhuail de dhairt é. Bhí mé féin ag cinnireacht an chapaill in a ndiaidh aniar. Fios rúin ná soiscéil, ní raibh agham féin, go raibh sé ingreim muiníl ionnam. An faitíos is mó a bhí orm go scéinfeadh an capall. Marach sin dheamhan ar mhiste liomsa dhá mbeadh sé ag míoladóireacht go maidin liom. Bhí fabhairt in a shúil a mhic ó mo chroidhe thú. Is maith an scéal gur beag é a dhicheall. Ná bac le go gcreidfeadh sé nach mise a chaith an dairt. Ba bheag an baoghal air
B'fhearr dó anois go díreach glan a dhul ag caitheamh dairteacha leis an ngealaigh ná a bheith ag iarraidh ceart a bhaint de'n tsean-lánamhain sin. Lá agus gur chinn siad sin ar bhaile cheana, tá sé fánach aige-san a bheith leo. Agus dar fiadh bhí "set" ar an mbaile sin roimhe seo nach raibh ar fóghnamh.
Má bhíonn báirseach de bhean in t'éadan ó mhaidin go faoithin, b'fhearr go mór fada a dhul ag caitheamh dairteachaí leis an ngealaigh ná do shaoghal a chaitheamh in a buil. Tá caitheamh agus cáineadh ar an té a imeochas uaithe. Bíonn sagairt ag cur dóibh agus mar sin, ach ní ag aon-duine atá a fhios é, ach ag an té atá in adhastar an anró é féin. Is gnaoidheamhla go mór a fágáil annsin i dtigh tubaiste ná clann a thógáil ag éisteacht leis an ropaireacht sin i gcomhnuí. Mar cuimhnigh go bhfuil mise dhá rádh leat an ceann aca a thosuigheas ar an gceird sin — go bhfuil sé de bheith uirre gan eirghe as dá dtugtaí an saoghal mór di.
Bhí sé cho maith di anois a dhul ag caitheamh dairteacha leis an ngealaigh le síleachtáil go gcuirfidh sí an oiread de'n dallach-dubh air sin agus go bpósfadh sé í. Ní phósfaidh muise cho uain agus a bhéas grian ag dul deiseall
"Feac do ghlúin agus déan sléacht agus cuímnigh cé a chuir iasc ar linn; Cuímnigh gurb é Rí na nGrást a rug buadh ar Fhiannta Fionn; Bhí sé cho maith dhuit a bheith ag caitheamh dairteacha leis an ngealaigh siar; nó ag sníomh gádrachaí de ghaineamh trágha; Ná aon anam amháin dá bhfuil in Ifreann íochtair; A thabhairt as aríst go bráth" (As Argóinteacht Oisín agus Phádraig. Ó m'athair a thóig mé é).
Go dtugaidh Dia ciall duit! Caitheamh dairteachaí a bhí annsin … bhuel b'ionann agus gurbh eadh. Ach an t-achrann atá mise a rádh; bhí dhá bhaile uiliog amuigh. Ceann aca ar chaon taobh de'n alt siúd atá ins an mbóthar taebh thiar d'Ard an Mh. Ba gheall le clocha sneachta iad na spalaí ag dul thart. Bhí mná agus gasúir freisin amuigh: 'chuile dhuine ó aois liath go leanbh ar na bailteachaí agus daigéad de chloch aige. Bhí muide ar an bhfascadh tigh Gh. agus feiceál againn ar fad air
Ní raibh annsin muise ach caitheamh dairteachaí nó go n-ionnsuighidh sí féin é. Deirim leat go dtiocfadh sé ó Sh. Thiubharfadh sé iarraidh dhó ceart go leor, ach ní dhéanfadh sé aon-troid thuatach. Ach í siúd! Is maith nach mór dó a bheith ar áirdeall féin nó cuirfidh sí an scian idir dhá asna ann. Tuilleadh ghéar de'n diabhal aige! Nach mór an spochadh a bhíos aige leo!
Tá caint an-chruadh i scéal atá ag M. C. Níl in Argóinteacht Oisín agus Phádraig ach caitheamh dairteachaí len a ais. Ní thuigfeá cuid de'n chaint siúd beag ná mór. Sean-liagáistí móra atá ag an gC.
Bhí sé thíos annseo thíos oíche aonaigh agus braon maith ins an gcoiric aige. Má bhí féin bhealuigh sé an teanga aige. Bhí ruibh na cainte ceart air. D'ionnsuigh sé an fear thíos faoi nach raibh sé ag pósadh. "Tá gabhaltas maith go leor agad" adeir sé "ach is gearr go mbí sé in a stupóig ort cheal a shaothruighthe. Breagh nach bpósann tú agus gan a bheith in do phlíoma annsin, isteach agus amach ag cothughadh an dá splainc sin. Gheobhfá bean dhá mbeadh sé de ghus ionnad fhéin í a iarraidh." Níor labhair sé ar a inghin féin, ach is ag baint dairteachaí aige sin a bhí sé. Bheadh sí le fáil ag an bhfear thíos ach a h-iarraidh. Is beag nach'r thiomain sé air í. Ach 'ar ndú mo léan ní chorróchadh cannda "gelignite" an fear thíos as an gcúinne
Deir tú leis a chaith curraintín istigh annseo indiu. Níor tharraing sé anuas agam faoin mbealadh díreach ach bhí sé ag baint dairteachaí aige. Dhá gcloistheá an chaoi a raibh sé ag teacht timcheall ar an scéal. "Leag mé bosca bealadh a bhí le 'chur ar an gcarr indiu isteach ar chorr an drisiúir aréir. Níor fhága mé míor-meacan de'n teach gan chuartú ar maidin agus chinn orm é a fháil. Dubhairt B. nachar chorruigh sí féin é. Agus níor goideadh é mar 'sé sin an fáth ní raibh aon-duine istigh ó mhaidin ach tusa agus M. agus níor ghoid ceachtar agaibhse é." Tá aimhreas aige orainn, ach ní abróchadh sé in a dheidh sin é. Fágfaidh mé thíos anois aige é ins an oíche ambáireach. Leagfaidh mé ins an áit chéadna ar chorr an drisiúir é agus mé ag imeacht ó chuairt.
+
Is cuma leis Domhnach thar Dhálach má fhághann sé trácht in a shiopa. Sin é a bhfuil de Dhia aige sin
TUILLEADH (1) ▼
Diabhal mé gur suarach an t-iongnadh go mbeadh an dochtúr sin amscaidhe féin ag imeacht, agus a bhfaghann sé de ghlaodhach. Tá sé ar a chois Domhnach agus dálach
+
dalba
Nach hé an "druncaera" dalba é agus gur ól sé 'chuile phighinn amháin de luach na muc shul a d'fhága sé amach an t-aonach. Is maith an fear tighe agus urláir é sin!
TUILLEADH (1) ▼
Garrdha dalba é sin. Bhí sé cho maith dhuit a dhul amach i lár easca shléibhe agus tosuighe dhá saothrú le bualadh faoi'n ngarrdha sin. Th'éis ar chaith mé de dhúthracht leis dhá leasú, agus dhá shocrú agus dhá thriomú, chinn orm aon-bharr slachtar a bhaint ariamh dó (de). Bheadh sé fliuch de do sheacht míle buidheachas. Tá máithreach an uisce faoi
 
dall 2
Tá sí cho dall agus nach léar di tada
+
dall 3
Níl an oiread agus a dhallfadh do shúil de phlúr san teach mara dteighe duine eicínt in a coinne.
TUILLEADH (2) ▼
Bhí mé do mo dhalladh le clocha. Diabhal a leithide de cheathannaí! = do mo chaidhleadh; iad ag teacht orm an-tréan
Ní raibh a sheasamh agam ann ní b'fhuide. Bhí mé de mo dhalladh le sáile ann. Ach dar fiadh bhí freagairt ann. An-pholl iascaigh é dhá mbeadh acmhuinn ag duine fuirgheacht ann
+
Tá sí ag cur dallach dubh ceart air. Teagann seisean sé mhíle bealaigh "ag comhrádh" léithe gacha le oíche agus fear eile in éindigh léithe 'chuile oíche eile de'n tseachtain. Ní cheal muise nar h-innsigheadh dó sáthach minic, cé'n aisiléaracht atá uirre …
TUILLEADH (2) ▼
M'anam muise gur fear é atá ag ritheach ar thanuidheachan. Má bhuaileann sí siúd sciorta de'n dallach dubh air, go mbeidh scéal aige air.
Nach len a aghaidh sin atá sí ann. Cé'n mhaith di a bheith in a bean leanna mara bhfuil sí indon an dallach dubh a chur ar dhaoine. Sin é a gceird sin ar fad: thú a choinneál ar stropadh go gcaithidh tú an chianóig dheireadh. Bóthar agus bata a thabhairt duit annsin. Is cóir adubhairt an té adubhairt é: "Agus a liachtaí teach ósta ar ól mé ariamh coróin ann; Agus nach dtiubharfaidís dom lóistín na h-oíche"
 
Bheadh dalladh talmhan' aige dhá leigtí an méid sin de bhiseach air, ach ní mheasaim go leigfear
 
Níl dalláin ar bith i leath na síolta seo. Ní fhaca mé a leithide de ghrifisc fhataí ó rugadh mé. Cé'n poll a raibh siad seo. Puill gharrdha an chladaigh. D'eile. Tabhair suas do gharrdha an chladaigh ariamh féin é