Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
de

dhi (50+)

 
focal
Níl gnaithe tada a inseacht dhi sin mar cuirfidh sí iontú an fhocail air. Ní theagann iamh ar a béal ó mhaidin go faoithin. An muileann a bhíos ag síormheilt ar ndóigh, meileann sé mín agus garbh
 
Lig de do chuid frogaisí cainte anois! Tá ar ndíol dhi sin cloiste againn.
 
Shílfeá gur mór an díth céille atá air a dhul ag cur anró air fhéin ag baint fheamainne le curach, agus dalladh feamainn dubh — airde crann loinge dhi — thíos ansin thíos aige ar chóngar. Ach ní minic leis an gceann céanna gan an chontráil a dhéanamh. Oibríodh sé leis. Ag treabhadh an tsléibhe agus an talamh réidh a fhágáil gan cur. Sin é a fhearacht aige sin é
 
fág
Más thuas a fuair sé í, thíos a d'fhága sé í. D'inis sé dhi cé hí fhéin (deirtear mar seo é freisin scaití)
 
Ní miste dhuit faoi chaora ná faoi ghamhna. Tá siad in ann ag aistreán ar bith. Ach an áit a mbeidh capall a fhálróid (a shiúl, ligthe amach ann) ní mhór dhó a bheith réidh go maith. Is furasta capall a threascairt. Ní dhéanfaidh dhi a bheith i gclochair ná ar strapaí
 
Bhí an oiread tairt air agus gur scríob sé an chailimhineog de linn atá taobh istigh de chlaí ansin thiar ar thalamh J. Ph., agus d'ól sé suas a sháith dhi. Dheamhan a raibh sé d'fhoighid ann fanacht go bhfaigheadh sé deoch tigh Ch.
 
Níor facthas a leithide d'aimsir ó rugadh an chéad fhear. Agus mura bhfuil ag Dia, ní tús ná deireadh dhi. Tá an camán luatha chomh gártha sa tine anocht agus a bhí sé oíche ar bith le seachtain.
 
Beidh cantáil ar shíol plandaí i mbliana, arae dheamhan gráinne dhi sa tír.
 
ceal 1
Ó tá sí ag dul sa gceann sin leis, ní chónóidh mise go seasa mé thíos ar a hurlár agus go n-insí mé dhi cé hiad bratainn bradach na heitinne, agus déanadh sí a rogha ceal di. Ní fhéadfaidh sí gairm chúirte a chur orm ar aon nós faoin fhírinne.
 
Dhá n-ithinn aon ghreim dhi sin, chuirfeadh sí múisc orm. Tá sí rócheasúil.
 
Cheannaigh mé capall aniar as Conamara anseo an bhliain cheana, agus níor mhór duine dhá cinnireacht leis an treabhadh i dtosach. Ach tá sí taithithe leis anois, agus níl go dona chor ar bith dhi.
 
Nár thuga Dia dhi níos fhearr é muis, má d'eitigh sí é i ngeall ar an méidín sin claonfhéachainte a bheith ann! Dheamhan a sásódh an saol cuid de na daoine.
 
cleite
Níl cleite ar a cruit nach bhfuil tite dhi le seachtain (cearc)
 
Is beag an dochar dhi sin a bheith ina coinicéar mhóir mhillteach. Sin é a maith is a maoin.
 
Tá sí crua coinneálach gar dhi fhéin — tá sí cruinn baileach cúng, agus is beag aici cá luíonn an bhróg ar an té údan eile.
 
Níor chomaoin ar bith dhi mo mhacsa a mhaslú, agus murach í bheith ina streachaille, ní dhéanfadh sí é. Is minic roimhe seo a rinne sé sin fóint di.
+
Mura gcuire tú cosacáin ar an gcaora sin anois, tabharfaidh sí an scóid dhi fhéin. Baol uirthi sin fanacht anseo.
TUILLEADH (1) ▼
Ní mór duit cosacáin nó ceangal eicínt a chur uirthi go mbeidh sí taithithe ar an áit. Dheamhan is móide a n-iarrfadh imeacht dhi ansin.
 
Shoraidh dhi, a leithide de bhean bhreá, nár phós fear eicínt thar an gcíosáinín sin nach bhfuil oiread do dhorna ann.
+
Bhí an bheirt ag tarraingt na braillíne ó chéile sa leaba, go ndearna siad círéabachaí dhi eatarthub.
TUILLEADH (2) ▼
Buaileadh an púcán ar Ghob na Coraí agus rinne oibriú na farraige, agus na maidhmeannaí céatacha atá ansiúd, círéabachaí dhi gan mórán achair.
Bhuail daol eicínt é agus dheamhan soitheach a d'fhága sé ar an drisiúr nach ndearna sé círéabacha dhi. Fhóbair nár féadadh é a cheansú chor ar bith. An t-ól a d'éirigh sa stuaic aige is dóigh.
 
baile
Níorbh fhiú dhi a dhul chomh fada ó bhaile leis scáth a raibh le n-inseacht aici (scéal a d'inseofaí, nó a ligfí amach, scaitheamh ó bhaile)
+
San am a raibh na rógairí reatha ann fadó, ní raibh aon ghair ag fear bóthair ná bealaigh bheith amuigh deireanach. Bhainfidís a mbeadh aige dhi, agus b'fhéidir tuí srathar a bhualadh air ina aice sin.
TUILLEADH (4) ▼
'Bhí Máire Maidiléana amach roimpi (roimh an Maighdean Mhuire) agus rinne sí bealach dhi thríd an gcruinneáil'.
Tá sé na cianta ó chonaic mé i mbealach ná i ndearmad í go dtí inné i nGaillimh. 'Sí atá tuartha snoite as a ceannaghaidh, agus má tá fhéin, cé hionadh dhi sin agus an fhad is a bhí sí buailte síos.
Chuir a deirfiúr fios uirthi agus d'íoc sí a bealach dhi anonn (.i. go Meiriceá).
Cailleadh lán mála leis lena chur ar bhealach maith (.i. le dochtúr a dhéanamh dhi), ach bhí sé chomh maith é a chaitheamh sa bhfarraige ná é a chailleadh leis, mar amú a chuaigh chuile phínn dhi.
 
Dhá mbeadh ruainnín ar bith feola againn leis an ngabáiste a bhealú, d'íosfadh muid greadlach bhreá dhi (.i. den ghabáiste)
 
beart
Tá sí chomh críonna le na heasógaí más fíor dhi fhéin, agus is iomaí beart a théanns ina haghaidh ina dhiaidh sin.
 
Thit bealóig dhi agus mé ag líonadh an chléibh.
 
Bhuail sé cniogaide beag den mhaide ar an mbó, ach bhuail sé san áit chontráilte í, ar an dúilia. Dheamhan easna dhi nár thit ina staic ar an mbó. Dhá mbeadh sé de mheabhair ann, séard a bhí aige a dhéanamh, lasc eile a thabhairt di ar an taobh eile, agus ní fhágfadh sin aon cheo uirthi.
 
Is mór is fiú dhi duine eicínt a bheith aici le corrchreachlaois a dhéanamh a (de) chúnamh dhi.
 
Níor mhór dhi siúd bus ar fad fúithi fhéin — a leithide de chráisiléad.
+
beo 1
Is fada an capall ag fanacht beo, agus tá sí chomh fada ón bhféar anois agus a bhí sí an chéad uair ar gealladh dhi é.
TUILLEADH (3) ▼
Cén mhaith dhi a cuid airgid anois. Ní dhéanfaidh sé beo aríst í.
Séid an fód beo sin, agus b'fhéidir dhi lasadh.
Breá nach n-íosfá do bhéilí go beo tapa, mar a dhéanfadh fear, agus gan a bheith ag blaismínteacht dhi mar sin.
 
binse
Bhí cloch sa mbinse agus fhóbair dhi an sleán a bhriseadh orm.
+
bior
Dhá dtugtá a bhfuil istigh i nGaillimh dhi, ní bheadh bior eanga uirthi ina dhiaidh sin.
TUILLEADH (1) ▼
Bhí bior uirthi nó go bhfaigheadh sí cead scoir ar bhóithrí, ach is olc a chuaigh na bóithrí dhi as a dheireadh, ní dhá roinnt léithe é.
 
Is mór is fiú í (an mhóin) a bheith ina leathdhúcháin fhéin. Caoi ar bith nach bhfágfaí caite ina bratscair faoin sioc í, dheamhan an mbeadh daorbhasctha dhi chor ar bith.
 
Tá sé in am aige feasta an bhreoiteacht sin a bheith dhi aige.
+
bruach
Bhí cloch sa mbruach agus fhóbair dhi an sleán a bhriseadh orm.
TUILLEADH (2) ▼
Ná bí ag priocadh chor ar bith léithe, nó má tá i ndán is go mbainfidh tú na bruachannaí sin dhi, gheobha sí rud le déanamh agus cneasú go gairid.
Imeoidh na bruachannaí sin lofa dhi agus cneasóidh sí ansin. Ach ní mór dhuit foighid a bheith agat.
 
Shílfeá go mbeadh náire ar bhean ar bith béiceadán a dhéanamh dhi fhéin ar an gcaoi sin le ól. Bíonn caitheamh is cáineadh ar na fir, ach dheamhan leath milleáin le tabhairt dóibh agus na mná fhéin ar an gceird sin.
+
Níl aon seanbhreacán faoin saol — léinteachaí, pluideogaí, stocaí, agus cabhaileannaí — nach aici atá. Shílfeá go mb'fhearr dhi iad siúd a thabhairt do cheannaí nó iad a chaitheamh amach, ná iad a fhágáil ansiúd ag déanamh gráin duibh.
TUILLEADH (1) ▼
Is maith dhi aici na seanbhreacáin fhéin anois.
 
aer
Thosaigh sé ar theach ach beag a rinne sé dhi nuair a chaith sé in aer é.