Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
diabhlóireacht
ainmfhocal teibí
a bheith ag lua mionnaí móra, nó ag eascainí.
+
Lig de do chuid diabhlóireacht anois, nó ligfidh tú dhi ar ball agus aiféala ort.
Dheamhan lascainí a thug sé don sagart ach an oiread is dhá mba fear den bhaile é, ach ag diabhlóireacht leis. Má bhí féin, ní chuige ná uaidh a chuir an sagart
TUILLEADH (1) ▼
Dhá ndéanadh diabhlóireacht dó é, is fadó a bhí mé leáite aige, ach míle buíochas le Dia nach bhfuil sé ag fáil aon toradh

diabhlóireacht in iontrálacha eile (2)

 
Diabhlóir ceart í sin. Ní theagann iamh ar a béal ach ag diabhlóireacht
 
Más cúrsaí drisíneachta é, níl duine ar bith chomh drisíneach leis an abhlóir de ghasúr atá aici féin. Chloisfeá thiar aduaidh ag screadach amantaí é. Amantaí eile, tosaíonn sé ag diabhlóireacht, agus do pháiste chomh hóg, dar príosta 'sé atá deas air