Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
diachair
/d′īəxər′/
ainmfhocal, baineann
níor chuala mé aon chlaochlú tuisil air
níor chuala mé é ach in Árainn
mí-ádh; breathas, tubaiste, "an diabhal", lom an chat mara, léan, ball séire.
+
Tá an diachair go deo air má rinne sé é sin — tá an diabhal go deo air; tá an mí-ádh ceart air; dhéanfadh sé rud ar bith
Nach ort atá an diachair! Breá nach ligeann tú den duine bocht?
TUILLEADH (4) ▼
Tá an diachair ar chuid de na strainséaraí sin. Chonaic mé gearrchaile as Baile Átha Cliath a bhí anseo an bhliain cheana, agus tá aill ansin thiar agus níor chónaigh sí go ndeachaigh sí amach ceachrach ar chiumhais na haille gur bhreathnaigh sí síos, agus gan tada thíos fúithi ach an poll duibheagáin. Dhá mbuaileadh ré roithleagán í, bhí a cnaipe déanta. Is deacair cuid de na daoine a chomhairleachan
Tá an diachair go deo ar chuid de na slóchtaithe. Bíonn intinn an-ard acu. An bhfuil a fhios agat an bádóir a bhí istigh leis an móin inné? Dhá gcloistheá é sin ag róstadh agus ag scóladh, mhaithfeá do Dhia gan a bheith ag éisteacht leis
Nach diabhaltach an diachair atá ort nach ligeann de do chuid cumadóireacht. Tá an fear bocht thar bharr a chéille agat. Cén bhrí ach picil a dhéanamh de ghrán seagail! Is lad thú!
Níl a fhios agam cén diachair atá ar an aimsir chor ar bith. Níor tháinig aon lá le mí mhór fhada a bheadh in araíocht a dhul ag iascach. Ar tháinig anois?