Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Diachair
/d′īəxər′/
ainm-fhocal; buineann
níor chuala mé aon-chlaochlódh tuisil air.
Níor chuala mé é ach in Árainn
míádh; breathas, tubaiste, "an diabhal", lom an chatmara, léan, ballséire.
+
Tá an diachair go deó air má rinne sé é sin = tá an diabhal go deo air; tá an míádh ceart air; dhéanfadh sé rud ar bith
Nach ort atá an diachair! Breá nach leigeann tú den duine bocht?
TUILLEADH (4) ▼
Tá an diachair ar chuid de na strainséaraí sin. Chonnaic mé gearrchaile as Baile Átha Clia a bhí annseo an bhliain cheana, agus tá aill annsin thiar, agus níor chomhnaigh sí go ndeachaidh sí amach ceachrach ar chiúis na h-aille, gur bhreathnaigh sí síos, agus gan tada thíos fúithe ach an poll duibheacáin. Dhá mbuaileadh rae roilleacán í, bhí a cnaipe déanta. Is deacair cuid de na daoine a chomhairleachan
Tá an diachair go deó ar chuid de na slóchtaithe. Bíonn intinn an-árd aca. 'Bhfuil a fhios agad an bádóir a bhí istigh leis an móin inné? Dhá gcloistheá é sin ag róstadh agus ag scólladh, mhaithfeá do Dhia gan a bheith ag éisteacht leis
Nach diabhaltach an diachair atá ort nach leigeann de do chuid cumadóireacht. Tá an fear bocht thar bhárr a chéille agad. Cén bhrí ach picill a dhéanamh de ghrán seagail! Is "lad" thú!
Níl a fhios agam cé'n diachair atá ar an aimsir chor ar bith. Níor tháinic aon-lá le mí mhór fhada a bheadh in araíocht a dhul ag iascach. Ar tháinic anois?