Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Diarmaid
/d′īərəmṳd′/
ainm dílis, fireann
ginideach uatha: Diarmada /d′īərəmṳdə/
an t-ainm Dermot, Darb, Darby i mBéarla.
a.
+
Páidín Dhiarmada
Garraí Dhiarmada
TUILLEADH (2) ▼
Diarmaidín Ó Fínneadha
Ar chuala tú caint ariamh ar Dhiarmaid Dhonn? Ba mhaith an fear é
·
"Ortha a chuir Úna do Dhiarmaid; ortha gan iarraidh gan achainí: cúlfhiacail, clárfhiacail, fiacail fhada cham; Agus má tá daitheachaí fiacla ort, nár fhana fiacail in do cheann" (leagan ar ortha na ndaitheachaí fiacal. Níl a fhios cé hé an Diarmaid atá i gceist ann. Naomh eicínt is dóigh. Peadar atá i leagan eile)
b.
+
Ní dhéanfaidh mé é go ndéana Dia Diarmaid dhíom ─ cinnfidh orm a dhéanamh go héag. Deir corrdhuine freisin: ní dhéanfaidh mé é nó go ndéana Dia dearmad díom (orm), agus b'fhéidir gurb é is cirte, ach 'sé an chéad leagan atá ag tromlach na ndaoine
Dhá ndéanadh Dia Diarmaid dó, ní bhfaighidh sé í sin le pósadh ─ is cuma céard a tharlós, tá sé réidh léithe
TUILLEADH (9) ▼
Dhá mbeinn leis go ndéanadh Dia Diarmaid díom, ní bhainfinn feanc as, murach go dtáinig A. a chúnamh dhom
Is beag an mhaith dhuit a bheith ag plé leis sin. Dhá mbeifeá ina éadan go ndéanadh Dia dearmad dhíot, ní chorrófá as an gclúid údaí é. Dheamhan lá foráis a bheas air siúd go brách
Dhá mbeadh muid ag iascach go ndéanadh Dia Diarmaid dhínn, aon mhaith amháin é. Dheamhan ceann a d'éireodh linn ná cuid de cheann
Nó go ndéana Dia dearmad dó, daighean sluasaid a gheobhas sé uaimse aríst ná cuid de shluasaid. Is dathúil an scéal é, an feac a bhriseadh inti, agus gan fad méire ag gabháil liom ach í
Dhá ndéanadh Dia dearmad ort anois, dheamhan gráinne tobac — ní dhá tiomaint é — a gheobhas tú aríst go dtí seachtain ó inniu. Mar sin déan réiteach leis an méid sin!
Ní ghabhfainn isteach aríst ann dhá ndéanadh Dia Diarmaid díom. Fuair mise mo dhóthain den áit sin. An té a bhuailtear sa gceann bíonn faitíos air, adeir siad
Diabhal a cos siúd a fhillfeas chuige nó go ndéana Dia Diarmaid dó. Tá baol uirthi go deimhin! Dhá mbeadh rún aici a theacht ar ais, ní imeodh sí ariamh
Dheamhan a bualadh sin de bhean a gheobhadh sé dhá ndéanadh Dia Diarmaid dó. Feicfidh tú go bhfillfidh sé ar cheann gan chíoradh fós
Caith sneachta ar a lorg anois. Tá tú réidh lena fháil. Dheamhan fáil muis, dhá ndéanadh Dia dearmad ort. Breá ar thug tú uait é an chéad lá

Féach freisin

Diarmaid in iontrálacha eile (6)

 
Is damanta an rud a rinne sé, a láimh a thógáil ag an sagart. Ní dhéanfainn é dhá ndéanadh Dia Diarmaid díom
 
de
Sé phunt a d'iarr sé agus dhá mbeadh muid leis go ndéanfadh Dia Diarmaid dhaoinn (dhínn), ní sceithfeadh sé an leithphínn dheith (dhe, dhó)
 
déan 1
Ní fheicfidh tú aríst é go ndéana Dia dearmad ort; ní fheicfidh tú aríst é nó go ndéana Dia Diarmaid dhíot (fc. dearmad, Diarmaid)
 
dia 1
Ní dhéanfaidh tú é nó go ndéana Dia Diarmaid díot (dearmad ort fc. Diarmaid)
 
domhain 1
Dhá n-éiríodh sé dhuit ar an domhain, dheamhan cladach a d'fheicfeá go ndéanfadh Dia Diarmaid díot. Ná baol a bheadh ort!
 
Nach é atá dronnach as an droim! Bheifeá ag gabháilt air sin go ndéanfadh Dia Diarmaid (nó dearmad) díot, agus ní ghoillfeadh sé a dhath air