Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Diarmuid
/d′īərəmṳd′/
ainm dílis, fireann
geineamhnach uathaidh: Diarmuda (/d′īərəmṳdə/)
an t-ainm Dermot, Darb, Darby i mBéarla.
a.
+
Páidín Dhiarmuda
Garraí Dhiarmuda
TUILLEADH (2) ▼
Diarmuidín Ó Fíne
Ar chuala tú caint ariamh ar Dhiarmuid Dhonn? Ba mhaith an fear é
·
"Artha a chuir Úna do Dhiarmaid; artha gan iarraidh gan achuiní: cúilfhiacail, cláirfhiacail, fiacail fhada cham, Agus má tá doigheachaí fiacla ort, nár fhanaidh fiacail in do cheann" (leagan ar artha na ndoigheachaí fiacal. Níl a fhios cé hé an Diarmuid atá i gceist ann. Naomh eicínt is dóigh. Peadar atá i leagan eile)
b.
+
Ní dhéanfaidh mé é go ndéanaidh Dia Diarmuid dhíom = cinnfidh orm a dhéanamh go h-éag (Deir corr-dhuine freisin: "ní dhéanfaidh mé é nó go ndéanaidh Dia dearmad díom (orm)", agus b'fhéidir gurb é is cirte, ach 'sé an chéad leagan atá ag tromlach na ndaoine)
Dhá ndéanadh Dia Diarmuid dó, ní bhfuighidh sé í sin le pósadh = is cuma céard a thárlóchas tá sé réidh léithe
TUILLEADH (9) ▼
Dhá mbeinn leis go ndéanadh Dia Diarmuid díom, ní bhainfinn feanc as, marach go dtáinic A. chongnamh dhom
Is beag an mhaith dhuit a bheith ag plé leis sin. Dhá mbeitheá in a éadan go ndéanadh Dia dearmad dhíot, ní chorróchthá as an gclúid údaidh é. Dheamhan lá foráis a bhéas air siúd go bráth
Dhá mbeadh muid ag iascach go ndéanadh Dia Diarmuid dhínn, aon-mhaith amháin é. Dheamhan ceann a d'eireochadh linn ná cuid de cheann
Nó go ndéanaidh Dia dearmad dó, daidhean sluasaid a gheobhas sé uaimse aríst ná cuid de shluasaid. Is dathamhail an scéal é, an feac a bhriseadh innte, agus gan fad méire ag gabhail liom ach í
Dhá ndéanadh Dia dearmad ort anois, dheamhan gráinne tobac — ní dhá tiomaint é — a gheobhas tú aríst go dtí seachtain ó indiu. Mar sin déan réiteach leis an méid sin!
Ní ghabhfainn isteach aríst ann dhá ndéanadh Dia Diarmuid díom. Fuair mise mo dhóthain de'n áit sin. An té a bhuailtear san gceann bíonn faitíos air, adeir siad
Diabhal a cos siúd a fhillfeas chuige nó go ndéanaidh Dia Diarmuid dó. Tá baoghal uirre go deimhin! Dhá mbeadh rún aice a theacht ar ais, ní imeochadh sí ariamh
Dheamhan a bualadh sin de bhean a gheobhadh sé dhá ndéanadh Dia Diarmuid dó. Feicfidh tú go bhfillfidh sé ar cheann gan chíoradh fós
Caith sneachta ar a lorg anois. Tá tú réidh len a fháil. Dheamhan fáil muis dhá ndéanadh Dia dearmad ort. Breagh ar thug tú uait é an chéad-lá

Féach freisin

Diarmuid in iontrálacha eile (6)

 
Is damanta an rud a rinne sé, a láimh a thógáil ag an sagart. Ní dhéanfainn é dhá ndéanadh Dia Diarmuid díom
 
de
Sé phunt a d'iarr sé agus dhá mbeadh muid leis go ndéanfadh dia diarmuid dhaoinn (dhínn) ní scéithfeadh sé an leithphínn dheith (dhe, dhó)
 
déan 1
Ní fheicfidh tú aríst é go ndéanaidh Dia dearmad ort; ní fheicfidh tú aríst é nó go ndéanaidh Dia Diarmuid dhíot (fc. dearmad, Diarmuid)
 
dia 1
Ní dhéanfaidh tú é nó go ndéanaidh Dia Diarmuid díot (dearmad ort). (fc. Diarmaid)
 
domhain 1
Dhá n-eirigheadh sé dhuit ar an domhainn, dheamhan cladach a d'fheicfeá go ndéanfadh Dia Diarmuid díot. Ná baoghal a bheadh ort!
 
Nach hé atá dronnach as an druim! Bheitheá ag gabhailt air sin go ndéanfadh Dia Diarmuid (nó dearmad) díot, agus ní ghoillfeadh sé a dhath air