Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Dronnach
—/drṳɴəx/
—aidiacht as dronn
—
crotach, dromannach, builsceánta.
+–
Tá an talamh sin síos an-dronnach = cnocáin, druimeanna, nó drumainn ann
Nach hé atá dronnach as an druim! Bheitheá ag gabhailt air sin go ndéanfadh Dia Diarmuid (nó dearmad) díot, agus ní ghoillfeadh sé a dhath air
TUILLEADH (2) ▼
Tá srón dhronnach ar a mac is óige sin aige. Tá mo choinsias! D'fhéadfá do mhaide láimhe a chrochadh uirre
Tá na lámha sin ro-dhronnach agamsa. Ní cheannóchaidh mé aon-bhicycle ach an chuid a bhfuil na lámha díreach' orra. Bhascfainn mé féin len a leithide sin

Féach freisin