dualgas
—/dūəlɡəs/
—ainmfhocal, fireann
—ginideach uatha agus ainmneach iolra: dualgais
—ní mheasaim go bhfuil dualgas (duty, responsibilty) i gcaint, nó má tá is tanaí é. Ach is doiligh a bheith cinnte anois, arae tá an chiall sin chomh coitianta i leabhra scoile, ag aos léinn; ag Gaeilgeoirí agus eile, agus go bhfuil sé tógtha ag daoine. Ach ní cuimhneach liom gur chuala mé ag aon chainteoir údarásach ariamh é.
1.
an rud is dual do dhuine, a nádúr, a dhúchas, a cháilíocht.
+–
Thug an maistín sin de dhualgas é sin leis. Ní raibh duine dhár bhain leis nach raibh bundúnach brúisciúnta — ba dual dó a bheith amhlaidh: bhí sé fite fuaite ann
Má tá féin, thug sí é sin de dhualgas léithe. Nach mbíodh a hathair ag imeacht i ndoirse dúnta ag éisteacht
TUILLEADH (3) ▼
Deile céard a dhéanfadh sé. Thug sé é sin de dhualgas leis. M. C. a bhí ansin thoir, sheas sé oíche i mB. théis aonach na Faiche. Chreidim go raibh a dhóthain ólta aige agus é ró-mhíchuibhiúil lena chuid airgid. Bhí athair an ghearrbhodaigh sin anois istigh ann. Chuaigh sé amach. D'éirigh an fear amach den mhóinín bán taobh thiar de tigh S. Th. E. agus M. C. ag dul siar ann. Thug sé snaidhm de mhaide dhó agus níor fhága sé pínn rua ag gabháil leis. Níl baol ar bith nach é a bhí ann
Ó tuige nach mbeadh! Thug sí de dhualgas é sin léithe. Ba mhór an t-ár í an mháthair leis an ngaisce bheag sin
Thug siad sin de dhualgas leo gan mórán fíriúlacht a bheith iontu. 'Sé an áit a gcaitheadh a n-athair féin a shaol, ag imeacht ag fálróid ó chnocán go cnocán agus cara chainte buailte aige ar chuile dhuine. Ní dhearna sé lá maith oibre ina shaol ariamh
+–
Tá sé sa dualgas aige a bheith ar an gceird sin (is dual dó). Ní fhaca mé a athair riamh nach ag crinneadh rud eicínt idir a fhiacla a bheadh sé i gcónaí
Tá sé sa dualgas aici sin a bheith drochmhúinte. Bhí ruibh ar a máthair, agus maidir leis an athair, ar ndóigh ba show shaolta é. Bhíodh muid ag caitheamh corrmhéaróg leis fadó agus d'fheicfeá gearradh fiacal air ag teacht ina (ár) ndiaidh
TUILLEADH (3) ▼
D'ól sé ionlaos phocaide, agus má d'ól féin arsa tusa, bhí sin sa dualgas aige. B'iomaí ráig bhreá óil a rinne a athair féin ariamh
Cneámhaireacht! Níl iontas ar bith ormsa faoina gcuid cneámhaireachta sin. Tá sé sin sa dualgas acu. Níor fhága a n-athair ná a n-uncaileachaí tada ina ndiaidh ariamh mura mbeadh sé te ná trom
Má tá féin, tá sí sa dualgas agat. Go ndéana Dia grásta ar an dream atá imithe! Bhí siad socair suaimhneach. Ní fhaca aon duine ariamh ag tarraingt gleo ná siúite iad ar aonach ná ar oireachtas
2.
tuarastal, díolaíocht, íocaíocht, go háirid tuarastal na cléire.
a.
+–
Mura bhfaighe sé a chuid airgid agus a chuid dualgais, is cantalach an éadáil é. Tá an breathas air mar shagart — tuarastal; íocaíocht Nollag, Cásca, coirce agus eile (Achréidh)
Is dóigh go bhfuil dualgais an tsagairt íoctha agatsa. Caithfidh tusa a n-íoc go pointeáilte. Is máistir scoile thú. Daighean (dheamhan) ar íoc mise fós daofa
TUILLEADH (6) ▼
Dúirt an phuicneach sagairt seo thíos inniu go raibh sé leis an dualgas a ardú. Anois an bhfuil biseach agat! Bhí seanmóir aige ag moladh na bochtaineachta ach d'ardaigh sé féin an dualgas. Beidh hocht scilleacha ormsa feasta … Is gearr ar a phóca siúd é: póca mór na huireasa
Tá chuile shórt ag glaoch anois: dualgas sagairt agus dualgas siopa agus dualgas government, agus chreidim go mbeidh tusa ag éileamh do chuid féin. Eadraibh uilig, is deacair don duine bhocht maireachtáil
Dheamhan sagart is réadhcha (réidhe) a chonaic tú ariamh ná é le dualgas a thabhairt dó. Mura dtugtá dhó ach scilling, ní abródh sé drúcht ná báisteach ach buíochas a ghabháil leat. Dar príostaí muis, níl sé chomh furasta sin a gcuid a thabhairt do thuilleadh acu. An phuic mhór seo thíos againn féin …
D'íoc muid dualgas sagairt inné agus tá sé seo amuigh anois ag teacht ag iarraidh a dhualgais féin. Ach pébí céard a dhéanfas sé seo amuigh, feicfidh muid maith eicínt ar a dtabharfaidh muid dó, ach ní fheicfidh muid dadaí de bharr an tsagairt ach ceasacht agus scamhailéireacht
An iomarca airde atá sagairt a fháil uilig. Is furasta dhóibh a bheith ag gabháil le gaoith na gcnoc ar altóir chuile Dhomhnach agus chomh beaite agus atá siad againne. Deirimse leatsa, dhá gcoinníodh muide na dualgais uathu aon bhliain amháin go mb'fhurasta cur acu, ach dhá mbeadh duine ann a dhéanfadh é sin, bheadh deichniúr nach ndéanfadh
Is cuma le sagart Bh. R. sa riabhach é ach a dhualgas a chaitheamh aige. Dhá bhfeiceadh sé fear dhá mharú, dheamhan focal adéarfadh sé faoi. Ach an roidéalach de shagart atá anseo againne, níl neart agat fead a ligean ar do mhadadh nach bhfuagróidh sé ón altóir thú. Ach níl leathaird air anois mar a bhíodh
b.
díoltas, comaoin a láimhe féin; cúiteamh; greadadh, ídiú, maide dhá mheá féin.
+–
Thug sé dualgas an tslisne dhó — comaoin a láimhe fhéin; bhain sé díoltas dhe: rinne sé rud eicínt air roimhe sin, agus bhain seisean a shásamh nó cúiteamh ar a shon dhe
Tabharfaidh sé dualgas an tslisne dhuit má fhaigheann sé greim ort. Cén chiall a ndearna tú an bhail sin a chur air. Tabharfaidh sé fút garbh é muis, ach a bhfaighe sé deis ort
TUILLEADH (2) ▼
Má fhaighimse ligean ar bith choíchin air gheobhaidh sé dualgas an tslisne uaim, diabhal bréag nach bhfaighidh. Hé brí céard a chuirfeas mé as dó, ní ghabhfaidh rud ar bith ann dó ar chaoi ar bith. Comaoin a láimhe féin atá a thabhairt don bhodach sin
Gheobhaidh sí sin dualgas an tslisne uaimse fós in ómós na foghla sin. Cuirfidh mise cuid is mó ná sin as di feicfidh tú féin
dualgas in iontrálacha eile (1)
→
deachma
Is fadó fiannach an lá ó bhí na deachmaí sin ann. Ní hé an ministéara a chruinníodh chor ar bith iad, ach bhí proictéara aige a théadh thart. Chuala mé an tseanmhuintir ag rá go mbíodh conacra acu thíos i mB. an Ch. agus go bhfágaidís na hiomrachaí ansin gan baint go dtigeadh sé féin agus go mbaineadh sé iad. Gach deichiú hiomaire a d'fhágaidís aige. Déantaí an cleas céanna le na stucaí coirce: stuca as chaon deich stuca a fhágáil gan tarlú, nó go dtugadh an proictéara leis é. Ba in é dualgas an mhinistéara. Bhí na daoine in ainm is an teampall gallda a chothú freisin. Thigeadh na sagairt ansin, agus chaithfidís a ndualgas féin a fháil: coirce freisin. Sin é an uair a raibh an chreachadh ann. Chuile dhuine agus a bhuille féin ar an duine bocht. Ba doiligh dhó é a sheasamh eatarthu … Ní raibh cur in aghaidh dualgas an tsagairt chor ar bith, ach chloisinn na seandaoine ag rá go mbídís ag blaoch i dtóin an phroictéara nuair a thigeadh sé i gcoinne an deachma, nó dhá dhalladh le scrathachaí ó chúl an chlaí. Bheadh rud ar a shon agat dá mbeirtí ort. Chuirfí isteach thú (sa bpríosún). Ach ní raibh baol orthu siúd go raibh siad chomh hadhartha agus go mbéarfaí orthu. Measaim go mbíodh an ministéara féin ann scaití, mar chuala mé P. N. ag rá nuair a bhí siad ina bputaí, go gcuirtí suas leo a dhul isteach ar chúla an chlaí ag fuagairt i ndiaidh an mhinistéara: "a mhinistéirín cár fhága tú do bhean?" Deir siad gur sagart a d'iontaigh, a bhí sa ministéara a bhí anseo … (Cuntas faoi na deachmaí sa gceantar sin ó Sheán Ó Beáin, Páirc Gharbh, An Carn Mór, Baile Chláir)