Dualgas
—/dūəlɡəs/
—ainm-fhocal; fireann
—geineamhnach uathaidh agus ainmneach iolraidh dualgais
—Ní mheasaim go bhfuil dualgas (duty, responsibilty) i gcaint, nó má tá is tanaidhe é. Ach is doiligh a bheith cinnte anois, arae tá an chiall sin cho coitianta i leabhra scoile, ag aos léighinn; ag "gaedhilgeoirí" agus eile agus go bhfuil sé tóigthe ag daoine. Ach ní cuimneach liom gur chuala mé ag aon-chainteoir údarásach ariamh é
1.
an rud is dual do dhuine, a nádúr a dhúchas, a cháilidheacht.
+–
Thug an maistín sin de dhualgas é sin leis. Ní raibh duine dhár bhain leis nach raibh bundúnach brúisciúnta = ba dual dó a bheith amhlaidh: bhí sé fighte fuaighte ann
Má tá féin thug sí é sin de dhualgas léithe. Nach mbíodh a h-athair ag imeacht i ndoirse dúinte ag éisteacht
TUILLEADH (3) ▼
D'eile céard a dhéanfadh sé. Thug sé é sin de dhualgas leis. M. C. a bhí annsin thoir, sheas sé oíche i mB. th'éis aonach na Faithche. Chreidim go raibh a dhóthain ólta aige, agus é ro-mhí-chuíbheamhail lena chuid airgid. Bhí athair an ghearrbhodaigh sin anois istigh ann. Chuaidh sé amach. D'eirigh an fear amach de'n mhóinín bán taobh thiar de tigh S. Th. E. agus M. C. ag dul siar ann. Thug sé snaoim de mhaide dhó, agus níor fhága sé pighinn ruadh ag gabhail leis. Níl baoghal ar bith nach hé a bhí ann
Ó tuige nach mbeadh! Thug sí de dhualgas é sin léithe. Ba mhór an t-ár í an mháthair leis an ngaisce bheag sin
Thug siad sin de dhualgas leo gan mórán fíreamhlacht a bheith ionnta. 'Sé'n áit a gcaitheadh a n-athair féin a shaoghal ag imeacht ag fálróid ó chnocán go cnocán agus carra chainte buailte aige ar 'chuile dhuine. Ní dhearna sé lá maith oibre in a shaoghal ariamh
+–
Tá sé sa dualgas aige a bheith ar an gceird sin (is dual dó). Ní fhaca mé a athair riamh nach ag crinneadh rud eicínt idir a fhiacla a bheadh sé i gcomhnaí
Tá sé sa dualgas aice sin a bheith droch-mhúinte. Bhí ruibh ar a máthair, agus maidir leis an athair 'ar ndú' ba "show" shaoghalta é. Bhíodh muid ag caitheamh corr-mhiaróg leis fadó, agus d'fheicfeá gearradh fiacal air ag teacht in a' (ar) ndiaidh
TUILLEADH (3) ▼
D'ól sé ionlaoighis phocaide, agus má d'ól féin arsa tusa, bhí sin sa dualgas aige. B'iomdha ráig bhreagh óil a rinne a athair féin ariamh
Cneamhaireacht! Níl iongantas ar bith ormsa faoin a gcuid cneamhaireacht' sin. Tá sé sin sa dualgas aca. Níor fhága a n-athair ná a n-uncaileachaí tada in a ndiaidh ariamh mara mbeadh sé te ná trom
Má tá féin, tá sí sa dualgas agad. Go ndéanaidh Dia grásta ar an dream atá imighthe! Bhí siad socair suaimneach. Ní fhaca aon-duine ariamh ag tarraint gleo ná siúite iad ar aonach ná ar oireachtas
2.
tuarastal, díolaidheacht, íocaidheacht go h-áirid tuarastal na cléire.
a.
+–
Mura bhfaghaidh sé a chuid airgid agus a chuid dualgais, is cantalach an éadáil é. Tá an breathas air mar shagart = tuarastal; íocaidheacht Nodlag, Cásca, coirce agus eile (Achréidh)
Is dóigh go bhfuil dualgais an tsagairt íoctha ugadsa. Caithfidh tusa a n-íoc go puinteáilte. Is máistir scoile thú. Daighean (dheamhan) ar íoc mise fós daobhtha
TUILLEADH (6) ▼
Dubhairt an phuicneach sagairt seo thíos indiu, go raibh sé leis an dualgas a árdú. Anois an bhfuil biseach agad! Bhí seanmóir aige ag moladh na boichteanacht' ach d'árduigh sé féin an dualgas. Beidh h-ocht scilleacha ormsa feasta … Is gearr ar a phóca siúd é: póca mór na h-uireasbhaidh
Tá 'chuile shórt ag glaodhach anois: dualgas sagairt agus dualgas siopa agus dualgas Government, agus chreidim go mbeidh tusa ag éiliú do chuid féin. Eatorraibh uilig, is deocair do'n duine bhocht maireachtáil
Dheamhan sagart is réadhcha (réidhche) a chonnaic tú ariamh ná é, le dualgas a thabhairt dó. Mura dtugthá dhó ach scilling, ní abróchadh sé drúcht ná báisteach, ach buidheachas a ghabhail leat. Dar príostaí muis níl sé cho furasta sin a gcuid a thabhairt do thuilleadh aca. An phuic mhór seo thíos ugainn féin …
D'íoc muid dualgas sagairt indé agus tá sé seo amuigh anois ag teacht ag iarraidh a dhualgais féin. Ach pébí céard a dhéanfas sé seo amuigh, feicfidh muid maith eicínt ar a dtiubharfamuid dó, ach ní fheicfeamuid dadaí de bharr an tsagairt ach ceasacht agus scaimhléaracht
An iomarca áird' atá sagairt a fháil uilig. Is furasta dhóib a bheith ag gabhail le gaoith na gcnoc ar altóir 'chuile Dhomhnach agus cho beaithte agus atá siad ugainne. Deirimse leatsa dhá gcoinnigheadh muide na dualgais uatha aon-bhliain amháin go mb'fhurasta cur aca, ach dhá mbeadh duine ann a dhéanfadh é sin, bheadh deichneabhar nach ndéanfadh
Is cuma le sagart Bh. R. sa riabhach é ach a dhualgas a chaitheamh aige. Dhá bhfeiceadh sé fear dhá mharbhú, dheamhan focal adéarfadh sé faoi. Ach an roithdiallach de shagart atá annseo ugainne, níl neart agad fead a leigean ar do mhadadh nach bhfuagróchaidh se ó'n altóir thú. Ach níl leath-áird air anois mara bhíodh
b.
díoltas, cumaoin a láimhe féin; cúitiú; greadadh, ídiú, maide dhá mheadh féin.
+–
Thug sé dualgas an tslisne dhó = cumaoin a láimhe fhéin; bhain sé dioghaltas dhe: rinne sé rud eicínt air roimhe sin, agus bhain seisean a shásamh nó cúitiú ar a shon dhe
Tiubharfaidh sé dualgas an tslisne dhuit má fhaghann sé greim ort. Cé'n chiall a ndeárna tú an bhail sin a chur air. Tiubharfaidh sé fút garbh é muis, ach a bhfaghaidh sé deis ort
TUILLEADH (2) ▼
Má fhághaimse leigean ar bith choidhchin air gheobhaidh sé dualgas an tslisne uaim, diabhal bréag nach uaidh. Hébrí céard a chuirfeas mé as dó, ní ghabhfaidh rud ar bith ann dó ar chaoi ar bith. Cumaoin a láimhe féin atá a thabhairt do'n bhodach sin
Gheobhaidh sí sin dualgas an tslisne uaimse fós in omós na foghla sin. Cuirfidh mise cuid is mó ná sin as di feicfidh tú féin
Dualgas in iontrálacha eile (1)
→
deachma
Is fadó fiannach an lá ó bhí na deachmaí sin ionn. Ní hé an ministéara a chruinnigheadh chor ar bith iad, ach bhí proctéara aige a theigheadh thart. Chuala mé an tsean-mhuinntir ag rádh go mbíodh conacra acu thíos i mB. an Ch. agus go bhfágaidís na h-iomrachaí annsin gan baint go dtigeadh sé féin agus go mbaineadh sé iad. Gach deichmheadh h-iomaire a d'fhágaidís aige. Deantaí an cleas céadna le na stucaí coirce: stoca as 'chaon deich stuca a fhágáil gan tárlúghadh, nó go dtugadh an proctéara leis é. Badh shin é dualgas an mhinistéara. Bhí na daoine in ainm agus an teampall gallda a chothú freisin. Thigeadh na sagairt annsin, agus chaithfidís a ndualgas féin a fhaghail: coirce freisin. Sin é an uair a raibh an chreachadh ionn. 'Chuile dhuine agus a bhuille féin ar an duine bocht. Ba doiligh dhó é a sheasamh eatorra … Ní raibh cur in aghaidh dualgas an tsagairt chor ar bith, ach chloisinn na sean-daoine ag rádh go mbídís ag blaodhach i dtóin an phroctéara an uair a thigeadh sé i gcoinne an deachma, nó dhá dhalladh le scrathachaí ó chúl an chlaidhe. Bheadh rud ar a shon agad dá mbeirtí ort. Chuirfí isteach thú (ins an bpríosún). Ach ní raibh baoghal orru siúd go raibh siad cho h-adhartha agus go mbéarfaí orru. Measaim go mbíodh an ministéara féin ionn scaithtí, mar chuala mé P. N. ag rádh an uair a bhí siad in a bputaigh, go gcuirtí suas leo a dhul isteach ar chúla an chlaidhe ag fuagairt indiaidh an mhinistéara: "a mhinistéirín cá'r fhága tú do bhean?" Deir siad gur sagart a d'ionntuigh, a bhí ins an ministéara a bhí annseo … (Cunntas faoi na deachmaí ins an gceanntar sin ó Sheán Ó Bheáin, Páirc Gharbh, Cearnmór, Baile an Chláir)