Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Deachma
ainm-fhocal; fireann
iolraidh — deachmaí, deachmainn
1.
an deichmheadh cuid de rud; an tuarastal nó an dualgas nó an dlighteanas a bhíodh an Teampall Gallda a éiliú roimhe seo ar an bpobal Caitliocach. Chuir Cogadh na nDeachmaí nó Cogadh na nDeachmann deireadh leis.
a.
+
Bhíodh ar an daoine deachmaí a íoc roimhe seo, ach ní fhaca mise ariamh iad. Ní raibh mé beirthe ná go ceann dhá fhichead bliain in a dhiaidh. Ní mó ná m'athair — go ndéanaidh Dia maith air — a chonnaic iad. É sin féin, ba tanuidhe é déarfainn. Ach chuala mé sean-daoine ag caint orra. Tá sé na cianta cairbreacha ó a bhí na deachmaí sin ann — nach bhfuil?
Chuala mé caint orra — na deachmaí atá tú ag rádh. Bhí a leithidí ann a mhaisce. Deir siad nar h-íocadh iad sin ariamh gan ár agus fuil. Do'n teampall gallda a bhí siad ag dul. Chloisinn S. Mh. A. ag cur síos air fadó, gur chuala sé ag a shean-athair go raibh siad ghá gcruinneál thiar annseo uair ar Dhúithche an Ch. Bhí póilíos ann ar chuma ar bith, agus rún aca a mbaint amach de'n bhuidheachas. Chruinnigh tír agus talamh ann, le pící, le corráin nó arm ar bith ba túisce aca. Chuala an sagart a bhí annseo thiar é. Níl fhios agam cé'n sagart a bhí ann ins an ám. Bhuel tháinig sé aniar ar chuma ar bith. Chuaidh sé 'un cainte lena póilíos agus lena báillí. Marach go ndearna sé eadarscán an lá sin bheadh cuimhne air. Bhí muintir na h-áite líomhtha ceart ag achrann. Dheamhan a fhios agam féin ar mhaith siad na deachmaí dhóib, nó nar mhaith, ach níor tóigeadh aon deachma an lá sin. Ní mheasaim gur tóigeadh ná níos mó, ach leisce na bréige níl a fhios agam ar tóigeadh nó's nar tóigeadh … Tá sin céad bliain go láidir. Ara tá agus i bhfad len a chois. Bheadh sé sé scóir nó seacht scóir blianta ó a bhí sean-athair Sh. Mh. A. in a mhaith — dhá mbeadh sé taobh leis
TUILLEADH (4) ▼
Níor chuala mé gur tóigeadh deachmaí annseo ariamh ach bhídís annsin thoir ar Dhúithche an Bh. Na ministéaraí a d'fhaghadh iad sin, nach h-iad. Dheamhan mórán a chuala mé ariamh fútha. Tá siad sin caithte suas le saoghal agus aimsir … Ó'n droch-shaoghal ab eadh? Bail ó Dhia ort. Tá agus i bhfad roimhe. Rugadh m'athair — beannacht Dé len 'anam — trí bliana roimh an Droch-Shaoghal (1846-1847) agus ní raibh siad ann len a línn. Cá'id ó a bhí oiche na Stoirme Móire ann? … Céad bliain díreach. Bhuel is roimhe sin a bhí na deachmaí ann, má's fada gearr roimhe é, sin rud nach feasach dom. Ach fiafruigh de Sh. Ó. Ch. é. Sin é an fear a innseochas na h-údair (dh)uit … Tá aois mhór agamsa air, ach má tá féin, níl mé ach ar chosa bacóige len a ais. Tá údar aige faoi 'chuile shórt ó'n Díle
Is fadó fiannach an lá ó bhí na deachmaí sin ionn. Ní hé an ministéara a chruinnigheadh chor ar bith iad, ach bhí proctéara aige a theigheadh thart. Chuala mé an tsean-mhuinntir ag rádh go mbíodh conacra acu thíos i mB. an Ch. agus go bhfágaidís na h-iomrachaí annsin gan baint go dtigeadh sé féin agus go mbaineadh sé iad. Gach deichmheadh h-iomaire a d'fhágaidís aige. Deantaí an cleas céadna le na stucaí coirce: stoca as 'chaon deich stuca a fhágáil gan tárlúghadh, nó go dtugadh an proctéara leis é. Badh shin é dualgas an mhinistéara. Bhí na daoine in ainm agus an teampall gallda a chothú freisin. Thigeadh na sagairt annsin, agus chaithfidís a ndualgas féin a fhaghail: coirce freisin. Sin é an uair a raibh an chreachadh ionn. 'Chuile dhuine agus a bhuille féin ar an duine bocht. Ba doiligh dhó é a sheasamh eatorra … Ní raibh cur in aghaidh dualgas an tsagairt chor ar bith, ach chloisinn na sean-daoine ag rádh go mbídís ag blaodhach i dtóin an phroctéara an uair a thigeadh sé i gcoinne an deachma, nó dhá dhalladh le scrathachaí ó chúl an chlaidhe. Bheadh rud ar a shon agad dá mbeirtí ort. Chuirfí isteach thú (ins an bpríosún). Ach ní raibh baoghal orru siúd go raibh siad cho h-adhartha agus go mbéarfaí orru. Measaim go mbíodh an ministéara féin ionn scaithtí, mar chuala mé P. N. ag rádh an uair a bhí siad in a bputaigh, go gcuirtí suas leo a dhul isteach ar chúla an chlaidhe ag fuagairt indiaidh an mhinistéara: "a mhinistéirín cá'r fhága tú do bhean?" Deir siad gur sagart a d'ionntuigh, a bhí ins an ministéara a bhí annseo … (Cunntas faoi na deachmaí ins an gceanntar sin ó Sheán Ó Bheáin, Páirc Gharbh, Cearnmór, Baile an Chláir)
Ní raibh cuimne ag duine ar bith dhá raibh suas le mo línn-se ar na deachmaí nó má bhí, is beag a chuala mise fútha, ach an focal a chloisteáil mar sin go díreach. Chuala mé an focal 'chuile lá ariamh, agus bhí a fhios agam go mbadh tuarastal é a d'fhaghadh na ministéaraí, ach níor chuala mé thairis sin d'fháirnéis air. Dheamhan cuímne agam ar rudaí mar sin chor ar bith. An rud a d'innseochthá dhom indé, ní bheadh a fhios agam é aríst ambáireach
Bhí na h-eiricigh (Protasdúin) go dona an uair sin a dhearbhráthair mo chroidhe. Ag imeacht le Bíoblaí agus le "soup", agus dhá bhaint siar as na daoine le deachmaí th'éis sin. Ba bheag an cheart a bhí le fáil ag an Rú(mh)ánach (Rómhánach: Caitliocach) an uair sin. Mo choinsias ba bheag. Nach cóir adubhairt an ceann eile féin ins an amhrán: "'S go bhfuil an dlí ar fad aca ó a mharbhuigheadar Rí Seumas". Nímé an faoi na deachmaí sin a rinneadh an t-amhrán do "Chac i Mála" a bhí siar faoi Chonamara … Ach ní h-eadh. Ag ionntú daoine a bhí sé sin. Níor mhaith dhuit é sin a luadh siar in áiteacha ann fós. Chriogfaidís thú faoi.
b.
+
Níor chuir sí an deachma ariamh ar cáirde = theagadh an t-áirleacan ag gáirí chuici igcomhnaí; ní raibh sí ariamh gan díol a freastail a bheith aice; dá dteagadh glaoch airgid ar bith uirre, bheadh sí indon freastal dó ar an toirt
Tá a fhios agamsa nachar iarr tú fhéin ná do mhuinntir punt ná scilling ar aonduine ariamh. Ní raibh aon-chall daoib leis. Muise diabhal ar chuir mise fhéin an deachma ariamh ar cáirde ach oiread, ná cuid dhá chur
TUILLEADH (4) ▼
Bhí fuíoll na bhfuíoll aca i gcomhnaí. Níor chuir siad an deachma ariamh ar cáirde go dtí an saol seo féin, ach níl san mbuachaill óg seo atá san mbaile anois ach cúl le rath. Is cuma leis é ach ól agus ceól agus ragairne
Ní raibh aon-teallach istigh air an mbaile seo nachar chuir an deachma ariamh ar cáirde ach iad féin. Bhí tarraint a láimhe go maith ariamh aca. Má bhí féin ba mhaith an aghaidh sin orra, mar níor ghann ná níor ghortach faoi iad
'Ar ndú bail ó Dhia ort, agus an tslí atá agad, níor ceart go mbeadh aon-chall duit an deachma a chur ar cáirde, ní hé sin do dhaoine dona mar mo leithide-sa é. Ach chreidim go bhfuil dola mór ort mar sin féin. Ní fhéadfaidh tusa a theacht le fataí tura mar a fhéadfas muide
Is diabhlaí aibéil a tháinig siad sin anuas san saol! Dar príosta chonnaic mise iad muis, agus ní chuirfidís an deachma ar cáirde, ach bíonn a lá féin ag chuile dhuine. Agus sin é an deis a bhfuil siad anois: sirriam ag teacht orra. Is fiú do chuile dhuine an buachaill sin a choinneál ón a dhoras muis, má fhéadann a chumhachta chor ar bith é
c.
+
Fágfamuid ag an deachma (nó ag an dul amú) é sin = rud fánach narbh fhiú le duine a chrapadh, ná a chur ins an gcomhaireamh. D'fhágfadh sé annsin é gan foghaint ar bith a bhaint as, nó gan a thabhairt leis, nó gan a chur i gceann an chuid eile.
Tá an garrdha curtha anois go dtí an cúinnín sin. Ara fágfamuid ag an deachma é sin. Ní fiú dúinn a dhul dár meárú féin leis, scáth a mbeidh de shochar air = fágtar cúinní beaga scaithtí i ngarrantaí cuir, ingeall ar a bheith ro-aistreánnach, nó iad a bheith ionann agus do-churtha de bharr cloch nó a leitheid. Nó d'fhágfaí cúilíní ingarrantaí cheal leasuighthe scaithtí agus déarfaí an rud céadna leo
TUILLEADH (6) ▼
Fág ag an deachma é sin. Ní fiú an tairbhe an trioblóid. Thiocfá ag mianadóireacht annsin ar feadh an lae agus ní bheadh tada déanta agad ann in a dheidh sin. B'fhearr duinn go fada a' ndúthracht a chaitheamh le rud eicínt a mbeidh tairbhe eicínt dhá bharr ná ins an tsean-ghrainseach shalach sin
Eirigheadh muid as. Cé'n mhaith dhuinn a dhul ag cur a(r) gcuid alluis ag priocadh leis an áirdín clochach sin, agus ní bheidh leath-chloch fataí choidhchin air. Fág annsin ag an deachma é, i dtigh diabhail. Má thogruigheann an dream a thiocfas in a' ndiaidh se'againne é a romhar oibrigheadh leo, ach díthcéille dhuinne a dhul dhá dhéanamh. Dearg-dhíthcéille
Tá an fiadhach díbrighthe anois againn. Fágfaidh muid cúinne an ghirrfhiadha ag an deachma = an uair a bhíos garrdha ar bheidhil a bheith curtha 'sé "cúinne an ghirrfhiadha" an priobán beag a bhíos fágtha. Deirtear go mbíonn "an fiadhach" annseo agus má chuireann tú an garrdha amach ar fad, "díbrigheann tú an fiadhach"
Fágfamuid na cupla crúbán úd idir dhá chlaise ag an deachma. Chaithfeadh muid lá dhá socrú, agus ní bheidh aon-fhata go bráth orra, tá siad cho h-uisceamhail sin
Ab é an cnocáinín carrach siúd. 'Ar ndú' ní ag dul dhá shaothrú sin a bheadh sé. Fágadh é siúd ag an deachma. Diabhal mogal a d'fhásfadh annsiúd, dá gcuireadh sé a bhfuil de leasú thíos tigh T. R. air. Nach bhfuil an leac ag freagairt ann is 'chuile áit … Sílim-se go bhfuil
Ná comhair na breaclachaí ná na clochair sin chor ar bith isteach le do chuid talmhana. Ab iad siúd. Cé'n diabhal samhaoine iad? Fág iad siúd ag an deachma. 'Ar ndú ní maith atá leo. Níl siad le cur ná le fuirseadh. Agus má chuireann tú beithidheach ionnta, is gearr gur basctha a bhéas sé. Mara bhfaghaidh tú tréad gabhair agus cead scuir a thabhairt dóibh ann, agus a bheith ins an gcúirt 'chuile mhí de bharr a gcuid foghlach. Ó siúd é atá aghad a dhéanamh leo: tabhair do'n deachma iad.
+
Fág ag an deachma (nó an dul amú) an cosamar móna sin. Ní thuillfidh sí ar an dubhachán, agus tá sí ro-mhionuighthe le dhul ag déanamh aistir abhaile di. Ní fiú deich triuf í ar aon-chor
Céard a rinne mé leis an scaipiúch spré-mhóna? D'fhága mé annsiúd ag an deachma í. D'eile céard a dhéanfainn léithe. 'Ar ndú níl tú ag síleachtáil go gceannóchadh fear "lorry" í, agus ní bheadh sí ach ag cur áit' amú orainn féin len a cruachadh.
TUILLEADH (7) ▼
D'fhan riar beag in mo dhiaidh. Chinn orm í a bhailiú ar fad (a bheith indon a cur ins an ualach). Níl innte ach conuas ar aon-chor. Má ghním malach eile di, ní bheidh mé ach ag cur anró orm féin, mar ní choinneochaidh na gadracha maoil ins an maoil í. Nach fearr duinn a fágáil annsiúd ag an deachma. Caithfidh an dul-amú rud eicínt a fháil
Fág annsiúd ag an deachma í! Bail ó Dhia ort! Ní tú a fuair a h-anró dhá baint. Feamuinn bhreagh chosach í aníos de'n Locháinín Thoir, agus tá cion boirdín an asail ann di. Síos leat agus árduigh aníos í. Tá an iomarca spreallaireacht' ort ar fad. Marach sin, d'fhéadfá í a bheith aníos cheana agad.
Tá oiread ámén d'fhuighleach ann. Níl innte ach mionús — mionús ceart. Déarfainn nach fiú a dhul in a coinne. Fágfamuid ag an deachma í
Bris iad le cloich agus ith an eithne atá istigh ionnta. 'Sé an biadh sin atá len ithe. Nach seafóideach an malraichín thú má cheap tú go bhféadfá a ithe uiliog. Níl maith ar bith ins na blaoscannaí sin. Dheamhan maith. Fág ag an deachma iad sin. An bhfaca tú cnathannaí ariamh cheana? Is cosamhail nach bhfaca agus thú in t'aineoluidhe cho mór in a dtimcheall agus atá tú. Ach cá bhfeicfeá iad thiar i mB. an D. agus gan crann 'fhoisceacht fiche míle dhuit, ní áir(mh)ighim coill
Gearr na cloigne díobh. Níl aon-mhaith ionnta. Níor dearnadh ariamh le cloigeann bod gorm nó bláthain ach a fhágáil ag an deachma
Rón! Dá marbhuighinnse rón, bhaininn a chuid ola as agus d'fhágfainn ag an deachma annsin é. By dad féin muis, bheadh coimpléasc láidir ag an té a ghabhfadh ag ithe róin. An iasc atá chor a bith air. Sílimse nach h-eadh, ach feoil. Nach geall le laogh mór agad é
Níor tháinig an ceann sin amach. Fágfamuid ag an deachma é = uibheachaí a bheadh faoi chirc agus dá dteagadh éanachaí asta uiliog go dtí an ceann, déarfaí go bhfágfaí an ceann sin ag an deachma
+
Má ghníonn sé sioc cho mór anocht agus a rinne sé aréir is suarach an éadáil duit a dhul ag rómhar na "meaingils" údaidh. Béarfaidh sioc mór eile síos ins an gcréafóig orra, agus tá a gcnaipe déanta annsin. Dheamhan ceann a bhuachfar go deo orra. Caith ag an deachma iad má theangmhuigheann sioc leo
Bhí cion cheithre cléibh fhataí annsin thuas agam arbhú aréir. Níor fhéad mé dhá gclúdú in áit a dtáinig scéala agam go raibh an bhudóig i dtinneas laoigh. Bhí sé amach in am suipéir go raibh an gó (gábh?) sin thart. Ba duibhe an oíche ná an phic, agus bhuail drugal mé a dhul soir ag plé leo an tráth sin d'oíche. Shíl mé dheamhan clóic a bheadh orra. Ní raibh amuigh ach corr-réaltóg agus ní raibh an ghaoth ó thuaidh. Ach mo léan deacrach, rinne sé an sioc deireadh oíche, agus mhill sé iad fré chéile. Níor chás é dhá mbeidís cruínn baileach fhéin, ach bhí siad fágtha in a scaipiúch agam ag ceapadh go sroichinn ar ais. Níl luach leithpighne mhaith anois ionnta ach a gcaitheamh ag an deachma. Is deacair do dhuine aonraic a bheith suas le 'chuile obair. Níl aon-ghoir aige air
TUILLEADH (4) ▼
Ná bac thusa le blaoisc an phortáin. Caith í sin ag an deachma, mara mbeitheá ag dul ag iascach agus go dteastóchadh baoite uait go díreach. Istigh ann atá an t-iasc
Níl na ceanna cruacháin ná na malraí cháit sin len ithe chor ar bith. Má bhuaileann siad go deo an dubhán agad, caith ag an deachma iad. A mhaltraid níl le déanamh leo. Nach cloigeann ar fad é an ceann-cruacháin. Bhí mé lá i mbliana annsin thíos ar an storráinín, agus bhí siad do mo bhualadh cho tréan in Éirinn agus a bhí mé dhá gcaitheamh i bhfairrge. Ach dhá mbeinn ann go dtuiteadh déidín agam, ní bhfuighinn priocadh ó thada eile. Ghlionndáil mé suas mo dhorugha faoi dheire le cantal, agus aníos liom. Ná bac thusa le lá ar bith a mbeidh bualadh ar a leithidí sin. Tá tú réidh le iasc an lá sin.
Níl d'áirge ins an líamhán gréine ach an ola atá ann, measaim. Maidir len a chuid éisc caithtear ag an deachma é. Is maith géar an drad nar mhór duit a bheith agad, le dhul in éadan liamhán gréine
Tá maith le 'chuile shórt ins an muic. Níl sciolltar thuas ar a craiceann go dtí an chrúibín féin nach gcuirtear caitheamh ann. Ach is mór atá ar chaora agus ar mhart nach bhfuil de leas ann ach a chaitheamh ag an deachma. Geir na caorach cuirim i gcás. Déanann sí eánbhruith ceart go leor, ach cé a d'íosfadh í. Chuirfeadh sí col orm féin. Ní fhéadfainn breathnú uirre, ní áirighim blaiseadh di. Is duine an-éiseallach mé ar aon-chor.
+
Tá na h-easconaí locha agus na h-easconaí srutháin an-cheart le n-ithe. 'Siad an bheatha is blasta iad a chaith tú ariamh dá mbeirtheá ins an gcochall orra, uair ar bith uait amach anois. Níl cinneadh go deo leo a mhic ó. Ach na lúbógaí eile sin. Ní fiú do sheacht mallacht iad. Ní raibh le déanamh agad leo sin ach a dtabhairt do'n deachma. Bheadh consaeit ("conceit": col) agam féin leo ar fad. Bheadh, bíodh a fhios agad, agus le concar. Ní raibh aon-ghnaoi agam orra ariamh an uair a d'fheicfinn ag teacht isteach marbh de'n charraig iad. Marach leisce a bheith ag baint chainte amach, 'séard a dhéanfainn leo a gcaitheamh amach aríst ar an tsráid. Is mór an úis (uais) iad
Tiubharfaidh sí an laogh siúd atá aice do'n deachma. Níl aon-bhiseach faoi. Tá sé in a ghuróir annsiúd le claidhe agus má bheireann oíche sheaca air, beidh sé in a spéice ar maidin. Shílfeá go mbeadh smais eicínt air thairis siúd. An-údair uiliog a tháinic ó'n tarbh sin. Ach sin é an tógáil a fuair an díthreabhach bocht. Níor thóig sí aon-laogh ariamh, ach iad ag imeacht in a mbás ar sliobarna mar siúd
TUILLEADH (10) ▼
Bhfaca tú an searraichín crón atá aige. Níl ann ach na cheithre eite anois. Dhá mbronntaí ort é, ní leagfá bearna i gclaidhe len a leigean isteach in do gharrdha. Meastú beo céard atá air. Tugadh sé é siúd do'n deachma ar chuma ar bith. Maidir le go mbeidh aon-cheo dá bharr aige, ní bheidh
Níl aige a dhéanamh leis an gcréatúr de réithe sin aige anois, ó 'bhuail rae roilleacán ins an gcloigeann é, ach a thabhairt do'n deachma, ó thárluigh nar thug sé do Mhártan é. Ach ní raibh tada air le tabhairt do Mhártan. Dheamhan sciolltar. Ní ghlacfadh Mártan uaidh é (Mártan: an Fhéil' Mártan. Marbhuighthear feoil in a ómós)
Tá a dóthain aice thar an ngeospailín siúd. Ní aireochadh sí ar iarraidh é in áit a bhfuil dháréag agus píobaire. Ar aon-nós, ní dhéanfaidh sé aon-bhiseach go bráth ach in a chraibiodáinín mar siúd. Is diabhaltaí an méid atá ag an dream eile air. Nach bhféadfad sí é siúd a thabhairt do'n deachma. Ní éadáil ar bith i dteach é ar chuma ar bith
Má tá P. ag dul ag pósadh, tiubharfaidh siad S. beag do'n deachma. Caithfidh siad a chur amach, mar ní sheasfadh aon-bhean beo leis i dteach. Agus má chuireann siad amach é ní ghlacfaidh áit ar bith isteach é. Cé a ghlacfadh é. Dheamhan an "poorhouse" féin a ghlacfas é, ná cuid de ghlacadh. Fear ar bith a d'fheicfeadh é siúd ag geata an "phoorhouse" lá fuar, meastú an leigfeadh sé isteach é. Is túisce go mór a leigfeadh sé isteach an "monkey" beag a bhí thoir ins an "show" annsin thoir. Siúd é a bhfuil le déanamh leis: a thabhairt do'n deachma nó do'n dul amú
Féadfaidh sib an ghrifisc bheag sin soir i mB. L. a thabhairt do'n deachma. 'Ar ndú' ní indon "ball" a bhualadh atá siad sin. Tá muis. Bhuailfeadh imreoir maith a bheadh ar an bpáirc ar rugadh ariamh aca. Is feasach domsa go maith céard é a ngníomh sin. Nach mbínn ag traoiáil a n-aithreachaí fadó, an uair a bhíodh muid "dallta" annseo thoir. Bhuailinn a raibh istigh ar thrí bhaile aca; agus mé ar mo chromada. Is minic a bhuail. Ach bheadh neart glaodhmaireacht' aca, an uair nach n-aireochaidís aon-fhear maith ann … Siúd é anois a ndéanfainnse leo — a dtabhairt do'n dul-amú. Ní fhoghanfaidís do thada eile
Péire dhó féin, ceann do Sh., ceann do A., ceann do mhac P. Bh., ceann do Mh. Mh. N.; cé mhéad sin fágtha ins an gcuain … Péire. Tugadh sé an péire sin do'n deachma. Ní fuláir rud eicínt a thabhairt do'n deachma. Mara chéile 'chuile choileán aca go tóin. Níl barr ag ceachtar aca ar a chéile. Tá mise ag déanamh roghain ar an gceann crón. Ní fhaca mé aon-chú chrón ariamh nach mbeadh thar cíonn.
Maidir le na múrlocha sin atá thíos annsin aige, ní bhuachfaidh sé aon-phighinn go bráth orra. Dheamhan pighinn muis. Nach mór de'n leibideacht atá air a bheith dhá gcoinneál fáluighthe. Cé'n bhrígh ach bíonn claidheachaí cho h-árd aige orra le balla an phríosúin: ag iarraidh daoine a bhascadh, agus treampán a chur orra, d'eile. Dhéanfadh an draoidheadóirín siúd len a chuid aisiléaracht' é. An bhfuil a fhios agad céard adubhairt sé liom an lá cheana: go raibh sé ag brath ar an gcurrach thoir aca a leasú i mbliana. "Go gcuiridh Dia an t-ádh ort" adeirimse. "Tabhair do'n deachma iad agus ná bídís annsin in do bhealach féin, agus i mbealach an bhaile, scáth an tairbhe atá orra."
Níl siad ag cur cuibhriú ar bith ar an sean-asal sin aca anois, ach cead scuir ar bhóithrí aige, agus má fhéadann sé aon-bhearradh a bhaint amach do'n chomhursa. Tá siad an-cheanamhail ar na h-asail eile. Bíonn siad go dtí na mbolg i bhféar i dT. na M. 'chuile oíche aca. Ní mór dóibh a mbeathú go maith agus a gcuirtear d'obair orra. Tá obair an tsean-asail ar iarraidh. Tugaidís é siúd do'n deachma anois. Is beag thairis is fiú é
Tugtar dreoilín eicínt aca i gcomhnuí do'n deachma … Tuige nach bhfaca tú aon-dhuine ariamh ag iarraidh dreoilíní do cheirt na n-easbaí. Caithfidh tú a bheith ag tóruidheacht agus ag síor-thóruidheacht go bhfaghaidh tú nead a mbeidh dhá dhreoilín déag innte. B'fhéidir nach mbeadh call mórán tóruigheacht' dhuit chor ar bith, scaithtí. Bíonn neadrachaí dreóilín thar a chéile ann blianta. Scaithtí eile ní fheicfeá ceann ar bith … An uair a gheobhas tú an nead, níl agad le déanamh ach na luipreacháin — na dreoilíní — a mharbhú agus a gcuid fola a chur ar shean-cheirt. Caithfidh tú fuil as 'chaon cheann aca a chur uirre. Mara gcuiridh ní bheidh aon-mhaith dhuit ann. Breith ar an sean-cheann annsin — an Rí — agus deirtear í a thabhairt do'n deachma. Ach is cuma cé'n ceann de na trí cinn déag a thiubharfá do'n deachma ins an gcás sin. Bíonn muirghín mhór ar an dreoilín. "Is mór mo mhuirghín: is beag mé féin" adeir sí … Beidh do chuid oibre déanta annsin, le ceirt na n-easbaí … Chuala mé go minic an scéal sin faoi'n dreoilín a tugadh do'n deachma. 'Tuige nach gcloisfinn. An bhfuil tú dhá iarraidh … (giota as cunntas faoi cheirt na n-easbaí a fuair mé ó m'athair)
Tá cheithre pholl (fataí) clúduighthe aige agus glac eile le claidhe. Meastú an fataí síl iad siúd le claidhe, nó an brath ar a dtabhairt do'n deachma atá sé. 'Ar ndú' mo léan ní h-eadh. Is beag an néal atá air siúd. Cat bradach a gheobhfadh brabach air, marar athruigh sé ó anuiridh, ó d'fhéach sé le banbh fireann a chur ormsa, mar dhóigh dhe go mba ceann boineann é
+
Cailleadh triúr orm i mbéal a chéile, ní ag comhaireamh na h-anachain é ach caithfidh an deachma (an dul amú freisin) a chuid féin a fháil = cailleadh triúr páistí air, ach ní fhéadfaidís ar fad a bheith saoghlach. Caithfidh duine eicínt imeacht
'Bhfeiceann tú an péire breagh muc a cailleadh ormsa, dhá bhliain indiaidh a chéile, ní ag comhaireamh na h-anachain é, ach sin é an chaoi a mbíonn sé. Go dtí sin, míle buidheachas le Dia bhí siad ag eirghe linn go maith, ach gheobhaidh an deachma a chuid féin uair eicínt … Ní fhéadfaidh an saoghal a bheith ag féithiú le duine ar a mhian féin i gcomhnuí
TUILLEADH (1) ▼
Ní bhíodh aon-anachain bheithidheach orra go dtí le fíor-ghairid má's eadh. Dheamhan ar chuala mé ariamh gur imigh aon-cheann orra sin cheana. Ní beag dóib a thúisce go mbadh leo féin uainne é! Ara is beag a aireochas siad siúd bulán nó dhó, áit a bhfuil a leitheid siúd do phlód beithidheach. Níor mhór do'n deachma a chuid féin a fháil.
+
Céard a dhéanfar leis an munachar féir a d'fhan d'fhuighleach ins an ngarrdha sin thiar. Ní thuillfidh sé ar an gcoca, agus níl cion coicín dó féin ann. Teastuigheann rud eicínt ó'n deachma ar aon-chor
Níl duine ar bith do'n bhuidéal seo — an bhfuil? Nach mé a rinne an flaisc. Is mór is fiú nach dtaobhuighim tighthe ósta ach go h-annamh. Is furasta aithinte agus mé a bheith ag glaodhach pórtair le cois mar sin. Teastuigheann rud eicínt ó'n deachma hé brí é
TUILLEADH (4) ▼
Beidh coirce le cois — cupla stuca. Ní thiocfaidh ar an gcruaich seo thar sheacht nó h-ocht de bhearta eile. Sílim gur ceart go dtiubharfadh an méid sin congnamh maith uirre. An méid a bhéas le cois ab eadh? Dheamhan a fhios agam féin céard a dhéanfas muid leis sin, mara gcaithidh muid ag an deachma é. Teastuigheann rud eicínt ó'n deachma
Sin í anois an chreach rointe (conách iascaigh) cé's moite de'n dá bhod ghorma seo agus ní ghlacfaidh an cut féin iad. Tá ar ndóthain againn le tabhairt dó dhá bhfuireasbhaidh. Bíodh aca. Tá rud eicínt ag teastáil ó'n deachma. Caithfeamuid chuige iad. Caithfidh cheana. (Chaith siad uatha iad. Ní thiubharfaidís abhaile iad)
Tá 'chuile thomsachán anois idtoll a chéile, ach an méid féir ascalla a d'fhan ingarrdha Sh. Uí E. Ní bhacfamuid leis an scaipiúch sin sílim. Teastuigheann sé ó'n deachma. Bíodh sé aige. Ní éadáil ar bith dhuinn a dhul ag cur dhá aistir eile orainn fhéin, thríd na h-aistreáin sin siar, ingeall ar an méid sin. Ach dá mbeadh sé istigh ar chlár na h-iothlann, ní léar dhom go mbeidh aon-áit len a chur. Cuirfidh a bhfuil againn mullach ar na cocaí. Cuirfidh agus beidh rud eicínt d'fhuighleach freisin
Ní bhainfidh muid an portaichín ó thuaidh chor ar bith i mbliana. Tá sé lom-lán le dearg-laoch agus an charcair bhán sin, agus sháróchadh sé duine ag iarraidh ceart a bhaint dó (de). Fanadh sé annsin. Ní mór do'n deachma rud eicínt, mar adeireadh S. Dh. fadó. Bhaineadh S. Dh. a mbíodh de phortaigh ag gabhail leis 'chuile bhliain, ach dheamhan fód ar bith a thriomuigheadh dó mar nach dtugadh sé aon-ghiollaidheacht di. Ní dhéanadh sé ach a baint agus cead aice fanacht annsin agus triomú uaithe féin. An uair a bhíodh sí uiliog in a scaradh ar an bportach aige indeireadh bliana, agus 'chuile fhód eile ar phortaigh craptha, dá gcásuigheadh duine an mhóin le S. Dh. 'sé'n leath-fhocal a bhíodh aige i gcomhnuí: "ní mór do'n deachma rud eicínt". Ba ghroidhe an duine é S. Dh.
d.
·
Tá an scéal sin Mac Rí na nDeachmann ag S. Ó. B. Bhí sé dhá innseacht an oíche cheana thíos tigh na S. ach thoisigh P. ag sáruigheacht air sul a raibh mórán bail aige air, agus indar liom féin gur mó an rún a bhí aca as a dheireadh, a dhul ag bualadh crigíní ar a chéile. Níl cuí(bh)eamhlacht ar bith in P. má bhíonn duine ar bith ann a mbeith a fhios aige dadaí, bíonn sé ar an mbrúisceamhlacht sin. Measann sé gurb aige féin atá gach údar. Má's leat an scéal a chloisteáil buail soir ag an teach ag S. féin, agus innseochaidh sé duit é
"Ní de thír ná de thalamh thú" adeir an bhainrioghan "nach mbeadh a fhios agad gur gheall sí ceann do'n deachma, agus bhí sé de ghnaoidheamhlacht innte an dá cheann déag a thabhairt amach". (As sean-scéal — Gé an Oileáin — ó m'athair)
2.
a.
+
Caithfear deachma na sláinte a íoc = ní bhíonn an duine folláin féin ar aon-mheath amháin i gcomhnuí. Buaileann ruaigeanna tinnis, slaghdáin scoilteachaí agus rl. é, ach ní cás dó é, ó nach mbaineann siad as ach seal, agus go mbíonn sé in a shláinte aríst. 'Siad na ruaigeanna sin deachma na sláinte. Buailfidh siad an té is folláine ar bith, agus go h-áirid ó bhaineas duine amach ins an aois
Ní cás duit é a mhic ó ó tá tú cho saor sin — taobh le ruaig shlaghdáin. Ar chuala tú ariamh é: caithfear deachma na sláinte a íoc. InDomhnach go gcaithfear
TUILLEADH (13) ▼
Buaileann ruaigeanna móra tinnis anois é. Dheamhan mórán bliain ar bith, le cúig nó sé de bhlianta, nach gcaitheann sé coicís ar an leabaidh. Ach ní cás dó é chreidim, agus an aois a bhfuil sé: dhá bhliain agus cheithre fichid. Caithfear deachma na slainte a íoc.
Fuair mé garbh é i mbliana ó na scoilteachaí. Níor fhága siad smeámh ionnam in imeacht cupla mí. Marach sin dheamhan clóic a bheadh orm, ná cuid de chlóic. Ní beag dhom a dhonacht arsa tusa. Ní beag cheana, ach chreidim go gcaithfidh gach duine deachma na sláinte a íoc. Is amhlaidh a bhíos sé.
Muna mbeadh ar Sh. Mh. fadó ach léas ar a mhéir, d'fhanfadh sé istigh. Níor facthas a leithide ariamh le aire air fhéin. Dhá bhfiosr(uighth)eá de Sh. annsin céard a bhí air, ní thiubharfadh sé de thoradh ort i gcomhnuí ach "a mhic ó mo chroidhe thú, caithfidh mé deachma na sláinte a íoc". Ní innseochadh sé go bráth duit, céard a bheadh air. Ach ba deacair dó, arae ní bhíodh ceo na frighde air leath na gcuarta, nach (ach) nach dtiubharfadh sé an áit amach air féin ar bhás an domhain, dhá mbeadh gaimh ar bith ins an uair. Spriosáinín beag dona a bhí ann. Shéidfeá de do bhois é go dtí an Domhan Thoir. Bhíodh spideog air an lá ba bhreácha ins an mbliain … Ní bhíodh de leath-rann againn féin annsin in áit ar bith dá mbíodh sé ach "a Sh. caithfear deachma na sláinte a íoc." Is maith is cuímneach liom an oíche ar tórradh é. Tá sé suas le cupla scór blianta go maith. Bhí mé féin agus bulc de na scurachaí isteach in éindigh le P. Mh. a bhí annseo thuas ann. Chuaidh muid ar a' nglúine go gcuireadh muid faoi bhrigh na guidhe é. Níor dhubhairt P. urnaighe ar bith — go ndéanaidh Dia grásta ar an mbeirt agus ar na mairbh ar fad. 'Sé'n chaoi a raibh P. ag breathnú isteach air as cíonn cláir agus é ag rádh: "tá deachma na sláinte íoctha agad faoi dheire, a ghiolla sin. Ba cheart go bhfaightheá luch pine (luck-penny) maith anois, agus cho fada agus a chaith tú dhá íoc." Ní raibh aonduine ins an teach nach raibh falrach gáirí air. Cuímneochaidh mé air go dteighidh na h-órdógaí orm. Dar fiadh cuímneochad
Ní cás dó é má tá sé ar a shean-léim aríst. Tá sé luath láidir bail ó Dhia agus ó Mhuire air, agus ní bhfuigheadh sé tolgán ar bith i rud fánach de'n tsórt sin. Ach diabhal mé an aos óg féin go gcaitheann siad deachma na sláinte a íoc freisin, cho maith le sean-riadairí mar mé féin arb é mo chrann é feasta choidhchin a bheith anshóighteach. Dheamhan a fhios agamsa nach goilleamhnaighe aríst an óige ar an saoghal seo ná na seandaoine
Duine ins an gcéad a dheirbhshiúr ó a chuirfeas an saoghal thairis gan corr-phoc eicínt dhá bhualadh. Caithtear deachma na sláinte a íoc. Bíodh muid buidheach má eirigheann sé linn cho réidh sin. Feiceann muid fir luatha láidire scolbánta ar na maidí 'chuile lá ins an tseachtain. Nach bhfuil a fhios agadsa annsin go bhfuil sé mór ag sean-chuaillí mar muide a bhfuil leath-chois linn istigh ins an uaigh cheana, a bheith ag casaoid
Bíonn fuasaoid mhór uirre ar an aimsir seo: scoilteachaí, coiliocum, altraid chroidhe, agus cá'il an t-anshógh nach mbíonn uirre. Ach caithfidh 'chuile dhuine deachma na sláinte a íoc. Deirimse leatsa dhá mbadh í an Inid a bheadh ann agus caint ar chorr-starróg a beith ag corruighe, go mbadh bheag an éagcaoineadh a bheadh uirre, ach í in a suidhe suas annsiúd agus gob uirre fé'int a gcloisfeadh sí aon-chlascairt ag toidheacht ag iarraidh na h-inghíne. Sin í an ceann céadna — hébrí céard a bhéas uirre — nach leigfidh aon-lúib síos in a gnaithí.
Tá mé ag fuasaoid arainge le seachtain. Dheamhan cor ná cor fágtha ionnam aice. 'Chuile uair dhá ndírighim mé féin, buaileann an driog — driog maith freisin — mé isteach ins na h-asnachaí. Ní fhágann sí puth de m'anáil agam scaithtí. Níl mé indon ionntú ó'n taobh seo anois go dtí an taobh eile. Dheamhan é muis. Má fhéachaim leis, is fear mé a shaothróchas an saoghal. A! Dheamhan brigh innte, ach go gcaithfidh sí a seal a thabhairt mar sin. Caithtear deachma na sláinte a íoc. Níl a dhul uaidh
Níor mhiste dhó é, dhá dteagadh sé as cho saor sin. Ní fiú biorán rud fánach mar sin. Bhuailfeadh pianta mar sin an fear is ábalta agus is folláine ins an tír. Ar chuala tú ariamh é: níl duine ar bith nach gcaithfidh deachma na sláinte a íoc. Má 'sé sin a bhfuil air, ní dochar é, ach 'sé an faitíos a bheadh orm gurb í an cailín eile (an eitinn) a bheadh in a chrioslaigh. Tá snuadh an-lasúnta (lasmhanta) air le goirid, agus shílfeá go mbíonn an criotán eile sin ag gabhail dó freisin. 'Sé an sórt duine é ní éagnóchadh sé aon-cheo go bráth, nó go dtuitfeadh sé imbun a chos. Sin é an t-údar go gceapaim go raibh na pianta a bhí in a thaobh i bhfad tí (ní) ba ghártha ná bhí a leigean amach féin. Ach má bhí, cheil sé ar 'chuile dhuine é
Is breagh an scéal atá agad: go gcaithfear deachma na sláinte a íoc. Ach ní sásamh mór é sin domsa atá ar chúl mo chinn annsin thiar le coicís, agus mo chuid coirce scrútuighthe cheal a bhainte. Dá mbuaileadh sí mé uair ar bith eile ins an mbliain, ach ní bhuailfeadh, ach go mí-thráthamhail an uair is mó an chruadhóg. Diabhal mé go sílfeá gur h-aisteach an tráth de bhliain ag duine slaghdán a tholgadh: imbrollach an Fhoghmhair. Seo é anois an slaghdán caorach a raibh bean Chonamara ag caint air. Narba hé amháin dó ar chuma ar bith! Cuirim leis í agus ní hí an óige í. Tá mé siar le obair mo bhliana in geall air
Is aisteach an rud í an tsláinte a dhearbhráthair ó. Daoine a mbíonn sí go maith aca gan pian gan tinneas ó'n lá a saoghluighthear iad go dtí an lá a dteigheann siad ins an roinnín (roillig). Daoine eile a bhíos meath-thinn i gcomhnuí. Ach duine i bhfad ó chéile nach bhfaghann poc eicínt. Caitheann 'chuile dhuine — hébrí cé hé — deachma na sláinte a íoc
Tá an slaghdán sin in a lionnán (leannán) agam anois le cheithre mhí. Ó dheamhan ar fhága sé amach mo chrioslaigh ó tholg mé é deireadh oíche ag dul ar aonach na Féile Michil. Dheamhan fágáil muis. 'Sé an scéal é: 'sé deachma na sláinte atá mé a íoc; sin nó 'siad mó chuid peirfhiachaí atá mé a chur díom. Ceann eicínt aca.
Má fhaghann tusa fliuchán agus amlú íocfaidh tú deachma na sláinte luath nó mall. Bí cho siúráilte dhó (dhe) sin agus atá grian ar aer.
Anois atá sé ag íoc deachma na sláinte. Thug sé sin droch-thúnnáiste dhó fhéin as a óige, agus ní fhéadfadh sé rith leis. Chaithfeadh sé a dhul roimhe uair eicínt. Dheamhan fear dhá bhfuighidh an túnnáiste nach bhfágfaidh sí a shéala air luath nó mall. Is olc an rud í an chois fhliuch, agus an ghail bhruithte as do chuid éadaigh thuas ar do chraiceann. Ba shin é a fhaisean sin muis. Ní bheadh géilleamhaint ar bith aige d'athrú éadaigh ná stocaí. 'Sé an chaoi a dtosóchadh sé ag flith-mhagadh fút faoi. "Níl siad ag cur tada asam dhom" adéarfadh sé. 'Ar ndú' bhí an scéal sin ceart go leor, go dtí leis an aimsir. Sin é an buille
b.
+
Tá deachma na sláinte air = tá míshláinte ag dul dó; tá sé roint as a shláinte; tá an tsláinte leathchaillte aige
Ná bac liomsa! Tá deachma na sláinte orm. Is beag an dochar dom agus a bhfuair mé de strachailleacht le cupla bliain
TUILLEADH (3) ▼
Is beag an fhoghail atá Páidín bocht indon a dhéanamh feasta choichín i ngarraí ar bith. Tá deachma na sláinte ar an duine bocht.
Muise níl mé ach réasúnta slán an té a fhiafraíos. Ag crochadóireacht liom ar éigin. Tá deachma na sláinte orm ó fuair mé an ruaig mhór an t-am seo anuiridh. Diabhal a bhfuil ar fónamh dhíom ó shoin
Ó a thiocfas deachma na sláinte ar dhuine tá a chuid maitheasa ar iarraidh. Sin é a fhearacht agamsa anois é. Caithfidh siad cúis a dhéanamh dem uireasa. Ach tá neart aca fhéin ann anois go leige Dia slán na daoine

Féach freisin

dul

Deachma in iontrálacha eile (1)

 
Tá a chuid féin ag dul do'n deachma = mara mbeidh ann ach beagán ní fiú a choinneál ná a chur in úd (fc. deachma)