Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dubh-
réimír le ainmfhocla, aidiachtaí, aidiachtaí briathartha
tabhair faoi deara go bhfuil an bhéim ar dubh- in dubhshnámh srl., ach le dubh- seo bíonn an bhéim ar an ainmfhocal, ar an aidiacht nó ar an aidiacht bhriathartha a theagas ar a lorg. 'Sé a mhalrait leis an réimír do- é (fc. do-). Ní chiallaíonn sé fearacht is sna samplaí réamhráite (i) dath (ii) droch-cháilíocht san ainm ina dhiaidh (dubhscríb, dubhdhraíocht srl.), ach tá an t-adhmad céanna le baint as agus atá as an réimír fíor- (fíordhona srl.). Is treise é ná an- ach níl réim ró- aige
tá an réimír dubh- an-tréan i gcaint, go háirid i gCois Fharraige. In áiteachaí eile (Ros Muc srl.) is mó a bhíos fíor- acu ná é.
+
Gabhfaidh sé an dubhaois. Ní raibh duine ar an bhfeadhain acu sin nach bhfuair an-tsaol — gheobhaidh sé saol fada
Ba cheart don athair a bheith an dubhaois anois. M'anam go bhfuil aois chothrom ag an mac féin anois
TUILLEADH (28) ▼
Rinne tú an dubhchodladh bail ó Dhia ort. Codladh mhná Dhoire an Fhéich adeir siad, ó Dhéardaoin go Domhnach
Dhéanfadh sé an dubhchodladh dhá bhfágtaí ann é. Ní iarrfadh sé éirí go deo
Dubhmheirbhean báistí é seo. Déanfaidh sé tuairt anois — an-mheirbheadas nó brothall báistí é seo
Bhí an dubhmheirbhean ann inniu. B'éigean dom chuile shnáth dhá raibh orm a chaitheamh dhíom (idirdhealaigh meirbhean agus meirfean)
Fuair sé dubhiarraidh. Bhí an tseamair Mhuire aige nár ghiorraigh sí leis ar fad
Bhí dubhshiúl faoi; bhí an dubhshiúl faoi — an-tsiúl amach is amach
Tá an dubhghaisce aige faoin ngníomh atá ann fhéin. Chonaic muide dhá fhéachaint cheana é, agus má chonaic fhéin, ba dona é. Dheamhan ní ba mheasa
Tá dubhéirí in airde ag na gasúir sin. Dhá mbeadh an scoil tosaithe aríst, ba mhór an suaimhneas do na daoine é
Rinne sé dubh-bháisteach (/du-wāšd′əx/) aréir
Bhí dubhthrá ann inniu. Bhí Carraig an Duilisc leis
Tá dubhchruach (mhóna) amuigh aige. Gabhfaidh sí siúd an leathchéad gan stró ar bith
Chítear dhom go bhfuil dubhghála ag éirí. Meas tú an raibh an feochan seo geallta san almanac
Ní foláir dhuit dubhdheifir a dhéanamh le breith istigh air anois. Bíonn sé greadta ar an dá luath is a mbíonn a chuid tae ólta aige
Tá dubhchaint aici faoina dhul go Sasana go gairid. Ach níl ann ach caint cheapfainn
Fear é a bhfuil an dubhspreacadh ann
Tá dubhacmhainn aige ar fhuacht agus ar fhliuchán
Tá dubhphian orm isteach in mo thaobh, agus sílim nach arraing í. Bíonn sí ag priocadh liom go mór le tamall
Tá an dubhfhuacht orm agus is diachta dhom sin, arae tá an-chlúdú orm.
Bhí dubhsheanmóir aige inniu — seanmóir an-fhada
Sin dubh-bhréag muis — bréag thar cionn
Chuir sé dubhmhilleán orm faoin gcapall
Tá dubh-bhaint déanta aige ar an bportach siúd anois — go leor móna bainte aige; go leor den phortach bainte aige
Tá an dubhsheasamh agat agus éisteacht leis sin
Tá dubhchaitheamh sa bpíopa seo, ach is beag an dochar dhó, agus an chaint atá taobh istigh air
Tá dubh-bhruith ag an bhfeoil sin — bíonn sí an-fhada ag bruith
Shílfeá go ndearna sé dubhmhagadh fút. Tuilleadh diabhail agat a d'éist leis!
Tá dubh-bhéal air — béal gránna; gráiscín
Tháinig dubholc (dubhfhearg, dubhspadhar srl.) air nuair a rinne mé an méid sin a shamhlú leis. A dheartháir mo chroí, ba é an drochpheata é
+
Duine dubh-bharainneach é ag déanamh chuile shórt
Tá sé dubhchantalach má chuireann tú chuige ná uaidh
TUILLEADH (14) ▼
Bean dubh-bhréagach í. Scéal ar bith a chloisfeas sí cuirfidh sí a dhá oiread air agus a bhí ann
Teach dubhmhór é. Ní chreidfeá ach an áirge atá ann
Tá siad dubhmhór le chéile anois théis gur gearr ó bhí siad ag dul sa bpíobán agá n-a chéile
Carracháinín dubhthaghdach é le araoid ar bith a chur air. Ní feasach mé sa domhan brách tuige nach mbuaileann duine eicínt dual na droinne air
Fainic thú fhéin, Dia aithnítear! Tá an scian sin dubhghéar
Tá an aimsir dubh-bhreá, glóire do Dhia
Duine dubhghnaíúil é, an té a mbeidh aon bheann aige air, ach is duine sa gcéad é sin
A mhic ó go deo, tá sé siúd dubhláidir. Níl aon ghair agatsa dhul ag dréim leis ar chaoi ar bith
Tá an stól sin dubhchorrach. Seachain a ndéanfá cleas an tradhaill dó
Feictear dhom go bhfuil an oíche dubhgheal
Ní chorróidh mé as an áit a bhfuil mé. Tá mé dubhthuirseach
Tá méir liom dubhthinn. Déarfainn go bhfuil sí ag déanamh braoin
D'fhága tú an súgán dubhghearr
Tá sé dubh-bhróllach (brothallach) — an-mheirbh
+
Tá sé dubh-bhuailte de bharr na bainse
Tá na beithígh dubhthite ón aonach cheana — anuas sa bpraghas
TUILLEADH (15) ▼
Tá sé dubhchraplaithe anois. Níl lúd ar bith fanta ann
Tá an bhróig seo dubhchaite. Níl an feire féin inti anois
Tá mé dubh-bhuailte suas as mo chosa. Dheamhan coisméig shiúil ar bith ag fanacht agam
Tá sí dubhchloíte an créatúr. Níl ann ach go bhfuil sí i ndiaidh a chéile
Tá an garraí sin thiar dubhchrinnte anois. Níl gionnóid (deannóid) air
Tá mé dubhthugtha anuas le cupla mí — an-chaite cloíte
Tá an carraigín seo dubhthriomaithe. Níl cúram níos mó tuair air
Tá an bóthar siúd dubhdheasaithe ó bhí mise air go deireanach
Deir siad go bhfuil a chois dubh-bhriste … Titim de bhord lorry an lá faoi dheireadh. Tá na seanleoraíochaí sin cleasach ach an oiread le rud
Cripes tá an balla sin dubhscartha. Mura dté caoi air gan mórán achair, titfidh sé anuas ina bhrúisc
Bhí sé dubhchoipthe nach ligfí é féin ar an mbainis
Tá sí dubhligthe léithe féin — dubh-bhainte amach
Tá an pórtar sin dubhrodta. Tholgfadh sé duine
Tá an bhó sin dubhthógtha (ní do thógtha agus an bhéim ar an gcéad siolla do)
Tá mé dubhthugtha — an-tuirseach

Féach freisin