Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dubhchrónach
/duxrūnəx/
ainmfhocal, fireann
crónachan na hoíche; titim na hoíche; an tráth sin den choineascar a mbíonn sé idir dubh agus crón; the gloaming. Níl an focal seo ar Black and Tans sa gcaint ach is cosúil gur ón dath dubhchrón a tháinig sin. Tá dubhchrón sa gcaint.
+
Tháinig mé abhaile le dubhchrónach na hoíche
Ní raibh sé dubh amach is amach, ach bhí sé ina dhubhchrónach
TUILLEADH (5) ▼
An tráth seo bhliain ní thiteann oíche chor ar bith. Fanann sé ina dhubhchrónach nó go dtéann an fáinne bán sin ó thuaidh soir, agus gealfaidh lá aríst ar an bpointe — na hoícheantaí faoi mhí Meáin
Nach in é ina dhubhchrónach oíche é cheana féin. Seoigí! Cuirigí bealadh faoi na hioscadaí go beo. Tá beithígh le bleán agus le freastal fós romhainn sa mbaile
Bíonn sé amuigh leis an bhfáinne bán chuile mhaidin agus diabhal isteach aríst go mbeidh an dubhchrónach ann, agus go minic ina dhiaidh. Sin é an talmhaí agat! Diabhal bréag!
Níl aon lá ariamh féin nach mbéarfadh dubhchrónach na hoíche air ar bhóithrí R. an Mh. Ach tá diúltú aige roimh a dhul siar ar fad le gairid. Go dtí an geábh sin fhéin anois, níor facthas siar é le saol is aimsir
Caitheann sí a bheith sa mbaile luath chuile thráthnóna nó bheadh a "meaimí" le cuthach. Ach féadann sé a bheith dhá diurnadh leis scaitheamh faoin aill ansiúd leis an dubhchrónach

Féach freisin