Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dubhghrá
grá cásmhar; grá anóiteach priaclach a mbeadh brón nó oidhe dhá chionn, fearacht grá an fhir do Bharbary Ellen nó grá Thomáis Láidir Mhac Coisdealbha d'Úna Bhán Nic Dhiarmada óig.
·
"Sin é an dubhghrá, nuair a fhaigheas siad bás dhá chéile. Ghnídís é sin fadó ach níl grá ar bith anois ann. Ar chuala tú ariamh faoi Barbary Ellen … Bhuel, ba in dubhghrá … Nó faoi Úna Bhán: 'A Úna Bhán is gránna an luí sin ort; Sínte síos i measc na mílte corp; Mura dtige tú in mo láthair a phlandóigín a bhí ariamh gan locht; Ní chaithfidh mé aon oíche in t'áras go brách ach an oíche anocht.' Cuireadh an bheirt le hais a chéile istigh ar an oileán agus d'fhás crann ar chaon uaigh, agus nuair a mhéadaigh siad, shnaidhm siad ina chéile agus rinne siad aon chrann amháin" (ó Bheartla Rua Ó Flaithearta, Camus, Ros Muc)

Féach freisin

grá