Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Dubh-ghrádh
grádh cásmhar; grádh anshóiteach priaclach a mbeadh brón nó oidheadh dhá chíonn, fearacht grádh an fhir do "Bharbary Ellen" nó grádh Thomáis Láidir Mhac Coisdealbha d'Úna Bhán Nic Dhiarmada óig.
·
"Sin é an dubh ghrádh, nuair a fhaghas siad bás dhá chéile. Ghnídís é sin fadó ach níl grádh ar bith anois ann. Ar chuala tú ariamh faoi 'Barbary Ellen' … Bhuel, ba shin dubh ghrádh … Nó faoi Úna Bhán: 'A Úna Bhán is gránna an luighe sin ort Sínte síos imeasc na mílte corp Mara dtige tú in mo láthair a phlandóigín a bhí ariamh gan locht Ní chaithfidh mé aon-oíche in t'áras go brách ach an oíche anocht.' Cuireadh an bheirt le h-ais a chéile istigh ar an oileán, agus d'fhás crann ar 'chaon uaigh, agus nuair a mhéadaigh siad, shnum (shnaidhm) siad ina chéile, agus rinne siad aon-chrann amháin." (ó Bheartla Ruadh Ó Fhlaithearta Camus, Rosmuc)

Féach freisin

grá