Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dubhmhaidin
an deargmhaidin; deargadh na maidne nó roimhe. Bheadh aithne lae air ar éigean, ach ba bheag leis é.
+
Bhí sé ina shuí leis an dubhmhaidin
Éiríonn sé leis an dubhmhaidin agus bíonn sé ina chodladh leis an uan chuile oíche
TUILLEADH (2) ▼
Ní raibh sé ach ina dhubhmhaidin pé ar bith céard a chas amach an tráth sin é. Ach tá sé siúd sna daoine maithe. Dheamhan easna dhó nach bhfuil
Ní bhíonn ann ach dubhmhaidin anois ag an seacht a chlog. Bíodh a fhios agat go bhfuil sé i bhfad amach sa mbliain, go bhfuil sin. Nach gearr go mbeidh an lá ag casadh

Féach freisin