Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dubhliathán
ainmfhocal, fireann
breac locha. Cineál liatháin é ach go bhfuil méid ann thar an liathán agus go bhfuil sé dubh thairis. Tá an liathán breactha le spotaí ach níl spota dubh ná dath sa dubhliathán. Tugtar liathán dubh scaití freisin air (fc. liathán).
+
Sin é anois an dubhliathán. Cén áit ar mharaigh tú é? … In ascaill na locha. Ba mhinic le ascaill na locha dubhliathán a bheith inti. Tá béilí maith air
Tugann lucht na dolaíochta na liatháin do na maortha, ach ní thabharfaidís na dubhliatháin dóibh. Bíonn an iomarca solamair orthu sin acu féin, agus tá mé ag ceapadh go bhfaighidís díol maith orthu ach a gcur go G.
TUILLEADH (3) ▼
Ní hin dubhliathán adeir tú ach breac geal! Dar príosta muise is groí an scéal é! Agus céard é dubhliathán ach breac geal fiafraím díot! Nach dteagann na bric gheala ón bhfarraige freisin ar nós na mbradáin. Cuirfidh mise geall leatsa nach bhfaighidh tú aon dubhliathán ar aon loch nach mbíonn bric gheala uirthi … Níl sa lochín sin thiar ach bric rua
Dubhliathán mo choinsias! Cár éirigh sé leat, mar tá a fhios agam nach tú féin a mharaigh é! … Is tú muise! Dhá bhfeictheá maor fhoisceacht dhá mhíle dhuit, thitfeá as do sheasamh ar áit na mbonn. Is maith atá a fhios agamsa céard is cor do do leithide!
Níl liathán ná dubhliathán ná breac geal fágtha ar abhainn Ch. nach bhfuil maraithe aige, ach is beag a éiríos bradán ar bith leis