Dubhliathán
—ainm-fhocal, fireann
—
breac locha. Cineál liatháin é ach go bhfuil méid ann thar an liathán agus go bhfuil sé dubh thairis. Tá an liathán breactha le spotaí ach níl spota duth ná dath san dubhliathán. Tugtar liathán dubh scaití freisin air. (Fc. liathán).
+–
Sin é anois an dubhliathán. Cén áit ar mharaigh tú é? … In ascaill na locha. Ba mhinic le ascaill na locha dubhliathán a bheith innte. Tá béilí maith air
Tugann lucht na dolaíochta na liatháin do na maora, ach ní thiúrfaidís na dubhliatháin dóibh. Bíonn an iomarca solamair orra sin aca féin, agus tá mé ag ceapadh go bhfaighdís díol maith orra ach a gcur go G.
TUILLEADH (3) ▼
Ní shin dubhliathán a deir tú ach breac geal! Dar príosta muise is gradha an scéal é! Agus céard é dubhliathán ach breac geal fiafraím díot! Nach dteagann na bric gheala ón bhfairrge freisin ar nós na mbradáin. Cuirfidh mise geall leatsa nach bhfuighidh tú aon-dubhliathán ar aon-loch nach mbíonn bric gheala uirre … Níl san loichín sin thiar ach bric ruadha.
Dubhliathán mo choinsias! Cár eirigh sé leat mar tá a fhios agam nach tú féin a mharaigh é! … Is tú muise! Dhá bhfeictheá maor fhoisceacht dhá mhíle dhuit thuitfeá as do sheasamh ar áit na mbonn. Is maith atá a fhios agamsa céard is cor do do leithide!
Níl liathán ná dubhliathán ná breac geal fágtha ar abhainn Ch. nach bhfuil maruithe aige, ach is beag a eiríos bradán ar bith leis