Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Dubh-mhaidin
an dearg-mhaidin; deargadh na maidne nó roimhe. Bheadh aithne lae air ar éigin, ach ba bheag leis é.
+
Bhí sé in a shuí leis an dubh-mhaidin
Eiríonn sé leis an dubh mhaidin agus bíonn sé in a chodladh leis an uan chuile oíche.
TUILLEADH (2) ▼
Ní raibh sé ach in a dhubh-mhaidin pér bith céard a chas amach an tráth sin é. Ach tá sé siúd sna daoine maithe. Dheamhan easna dhó nach bhfuil
Ní bhíonn ann ach dubh-mhaidin anois ag an seacht a chlog. Bíodh a fhios agad go bhfuil sé i bhfad amach san mbliain, go bhfuil sin. Nach gearr go mbeidh an lá ag casadh

Féach freisin

Dubh-mhaidin in iontrálacha eile (7)

 
Bhí lonta dubha ag imeacht ag fátall (fáiteall) annsin amuigh ó mhaidin. Má chuireann sib comhla nó cliabhán éanachaí amach ní bheidh sib gan annlann
+
droim
Tá an lá caithte thar druim, agus gan déanta againn ó mhaidin ach cuid an bheagáin. Ach níl siar ná aniar ins na laetheanta seo — gearrógaí dubha na Nodlag.
TUILLEADH (1) ▼
Thug na Black and Tans leo é ins na lorries agus gan falach dhár dhealbh an ghrian air, ach an oiread leis an oíche ar rugadh é, agus níor chomhnuigh siad gur fhága siad ar thráigh an L. Bh. é agus an snáth feamainne in a mhullach. D'fhuagair siad annsin air eirghe agus rith. 'Séard a bhí siad a iarraidh go gcaithfidís é. Ach dheamhan a chos a rithfeadh. Rinne sé a chríonnacht ins an méid sin ar chaoi ar bith. Chroch siad leo aniar aríst é agus thug siad isteach ins an mbearraic é, agus thosuigh siad dhá lascadh le beilteannaí. Níl a fhios cé'n spídeamhlacht a thug siad dó. Tháinic sé amach as an mbearraic sin uair eicínt leis an dearg-mhaidin, agus gan aon-ribe dubh in a cheann de dhruim na h-oíche … Is mór a chonnaic é. Nachar bheag an dochar dó. Ní bheadh tuilleadh beo chor ar bith dhá dteighidís thríd an oiread sin
 
dubh 1
Is beag an dochar dhom croí dubh féin a bheith agam ag éisteacht libse ó mhaidin go faoithin
 
dubh 2
Bíonn sé amuigh leis an dubh (dubh na maidne; leis an réalt) chuile mhaidin, agus is beag í a fhoghail in a dheidh sin
 
dubh 3
Dubhuigheann siad congnamh maith de "phíosa" talmhana 'chuile lá aindeoin go ndéanann siad a gcuid freastail féin. Ach is suarach an t-iongnadh é! Bíonn siad amuigh leis an scairt-mhaidin agus ní scuireann siad go mbíonn an dubh ar an oíche. B'fhurasta do 'chuile dhuine dubhachan a dhéanamh dhá dteigheadh sé di cho dubhshlánach sin — as cosa idtaca. Ach fágfaidh siad in a ndiaidh é cho maith leis an té a ghlacfas an saoghal go réidh!
 
díol 2
Chuaidh sé ag déanamh ballséire orm-sa oíche annseo, a ndeacha sé thart deireannach. Bhí sean-asal dubh agam an uair sin agus é thiar annsin thiar ingarrdha an bhóthair. Bhí sean-asal eile ag J. Th. ins an ngarrdha ó thuaidh. Sheol sé anuas é agus isteach in mo gharrdha-sa agus deir tú le céard a rinne sé, ach driobaill an dá asal a cheangal dhá chéile le píosa róipín. Marach gur eirigh lena h-asail a bheith an-tsean agus an-tsocair, diabhal mé go mbeadh an dá dhrioball tarraingthe amach ó'n dúid aca as a chéile ar maidin, mar chuir sé an ceangal cráidhte orra. D'fhan mar sin go ceann seachtaine agus siar liom féin oíche agus níor chomhnuigh mé ariamh gur thug mé a chapall amach glan as an ngarrdha, agus as go bráth liom gur fhága mé thuas in éindigh le na caiple féaraigh ar chuid M. Ph. í. Rug mé ar bhromach réidh go leor, agus as go bráth liom anuas aríst gur fhága mé istigh thiar ins an ngarrdha aige [é], an áit a raibh an capall. "Bailigheadh leat" anois arsa mise. Bhí cupla uair lae ann, feadh agus mé a bheith ins an mbaile. Ba é déanamh an mhagaidh díol an mhagaidh an mhaidin sin ar chaoi ar bith