Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Díol (díon)
ainm-fhocal
níl iolraidh ar bith aige, ná ní thagann claochlódh tuisil air
Focal rí-choitiannta i gcaint é "díol"
1.
dóthain, sáith, diongbháil, mian do chroidhe, riar.
a.
+
An bhfuil do dhíol fataí (coirce, móna, feamuinne, páipéir, cipíní, tuitíní agus rl) agad? = do dhóthain, do sháith
Ní raibh a dhíol talmhana aige chor ar bith, go bhfuair sé a dhíol dhe faoi dheire. Faghann chuile dhuine a dhíol talmhana thiar ins an roillig.
TUILLEADH (13) ▼
Ba deacair a dhíol achrainn a thabhairt dó ach fuair sé é faoi dheire thiar thall. Comhairleochaidh an gó sin anois é.
Shíl tú nach raibh mo dhíol siubhail fúm. Bhí agus fuighleach. Ceathramhadh do'n trí a bhí mé ann
Ní bhfuair sí a díol scoile le bheith indon a dhul in a "nurse". Is mór an lear scoile nach mór do dhuine anois leis an bposta is fánaighe ar bith a thógáil
Dá mbeadh ar ndíol córach againn bheadh muid ins an mbaile ó sholus, ach ní raibh flaim ann
Dá mbeadh mo dhíol teanntáis ionnam, bhrughfainn air, ach sin rud nach raibh ionnam ariamh as baile amach
Níl do dhíol céille agad fós. Dá mbeadh; ní ghabhfá ag déanamh cleas mar sin
Ní ins an triollús a chaill sé é. Tá a dhíol triollúis ann, ach níl sé baramhlach go bhfuil sé indon an obair a dhéanamh. Sin é an fáth a loiceann sé i gcomhnuí.
Ní d'fhuireasbhaidh a dhíol cabaireacht' atá sé mo léan!
Dá ndéanadh nathuidheacht dó é dhéanfadh sé obair. Ní d'fhuireasbhaidh a dhíol nathuidheacht' atá sé.
Tá a ndíol de'n droch-mhúineadh ionnta, pé'r bith cé'n t-easbaidh eile atá orra
Tá mo dhíol de'n Ghaedhilge agam, bíodh mo dhíol de'n Bhéarla agam nó ná bíodh
Cheal nach bhfuair tú do dhíol de'n achrann fós?
Sin é do dhíol anois. Tá tú cluiche = tá do dhíol cúigeanna faighte agad
+
Tá congnamh maith dhár ndíol againn anois = is beag nach bhfuil ar sáith againn. Tá muid gar go leor dá'r ndíol a bheith againn
Níl baoghal ar mo dhíol fós agam
TUILLEADH (9) ▼
Tá mé ag tarraingt ar mo dhíol a bheith agam anois
Cá'id uait do dhíol a bheith agad? = an fada go mbí do dhíol agad
An fada ón a dhíol é?
Is gearr ó'n a díol anois í
Tiubharfaidh sé cnáimh le creinneadh dhuit do dhíol a bheith agad ins an méid sin
Tá muid gar go leor dar ndíol a bheith againn anois
Tá baoghal ar do dhíol a bheith agad fós. = níl do dhíol agad ná baoghal air
Is beag len a dhíol móna atá aige
An bhfuil do dhíol eoluis agad fós
+
Is mór é do dhíol = bíonn go leor ag teastáil uait
Ith suas anois iad, agus is mór é do dhíol díob marar athruigh tú
TUILLEADH (3) ▼
Ba mhór é a dhíol de'n phórtar 'chuile lá ariamh
Is beag é a ndíol de na fataí, ach is mór é a ndíol de'n tae
Is beag é mo dhíol-sa talmhana feasta choidhchin, ní ceasacht ar Dhia é. Ní mó na go bhfuil mé indon siubhal ag an ngarrdha.
+
Tá a dhíol go maith aige = tuilleadh agus a dhíol
Tá beagán le cois a dhíol cainte aige
TUILLEADH (5) ▼
Dubhairt an dream seo an uair a chuaidh siad isteach go mbainfidís de'n té a mbeadh rud le cois a dhíol aige, ach mo chreach mhaidne, an deagh-ghealladh agus an droch-choimhlíonadh
Is mór le cois mo dhíol atá agam i mbliana té (cé) go raibh mé easbadhach anuiridh.
Is mór thar do dhíol atá ins an méid sin
Is mór thar do dhíol atá le rádh agad
Bhí a dhíol go maith le rádh aige
+
Thiubharfadh sé a dhíol le déanamh dhó é a leagan marach go raibh an stól ins an mbealach. Mar a bhí sé féin, ní raibh tada le reic aige
Thug sé a dhíol agus fuighleach dó, diabhal bréag nar thug, th'éis cho dúlaidhe agus a bhí sé ag an achrann.
TUILLEADH (7) ▼
An bhfuair tú do dhíol, do riar agus do dhóthain? = leagan atá i gcleas a dtugtar Díol an choirceFaic air (Fc. "Obair agus Luadhainn" — Ó Gaora lc. 227-229)
Fuair sí a díol den bhóithreoireacht ins an deire, ní dhá roint léi é.
An té a shantuigheas an troid gheobhaidh sé a dhíol di
Ní imeochaidh sé níos mó. Fuair sé a dhíol de Shasana sílim
Ó a bhain sé féin amach ins an gcaint, fuair sé a dhíol de'n chaint ins an deire
Is gearr go mbeidh a dhíol faighte aige de'n obair anois. Shílfeá go bhfuil sé ag fuarú aiste cheana féin. Ní raibh ann ach an rith searraigh ariamh hébrí céard a ghabhfadh sé a dhéanamh
Fuair sé a dhíol agus fuighleach de'n chogadh. Ní thiocfadh sé ann aríst dá naomhtaí é
+
Cuirfidh an méid sin go dtí do dhíol thú = an uair a bhéas an méid sin agad, beidh do sháith agad
Dhá mbeadh cupla "crib" eile mhóna agam chuirfeadh sí go dtí mo dhíol mé. Bhí ní ba mhó drabhláis in mo chuid féin ná a shíl mé
TUILLEADH (8) ▼
Dhá mbeadh cupla punt airgid agam faoi láthair anois, bhainfinn mo ghaisneas asta agus chuirfidís go dtí mo dhíol mé
Cuirfidh dhá stuca eile go dtín a díol í seo = ní theastóchaidh ón gcruaich seo ach dhá stuca eile le balchríoch a bheith uirre
Is beag eile deasuighthe anois a chuirfeas go dtín a dhíol an garrdha údan: dhá bhoirdín nó mar sin
Ualach eile anois a chuirfeadh an chruach mhóna seo go dtín a díol. Tá sí críochnuighthe ach í a bhiorrú.
Ní fiú dhuit a dhul ag bacadh le balla fuar. Dhá mbeadh trí nó ceathair de mháilíní eile "ciment" agad, idteannta a bhfuil agad cheana, chuirfeadh sé go dtí do dhíol thú. Ní hé an oiread sin a thóigfeas cró, mara bhfuil fút caisleán Pléimionnach a dhéanamh!
Leigeadh fairsinge mhór orm an uair a d'imigh B. Ph. síos amach. Fuair mé an chuid ab fhearr a bhí ag gabhail leis — thuas i mbarr an bhaile. Ceathramha gabhaltais eile nar mhór dom anois. Chuirfeadh sin go dtí mo dhíol ceart mé.
Ní chuirfeadh a bhfuil de thalamh i gCois Fhairrge go dtín a dhíol é siúd, mar is mór — agus is rí-mhór — é a dhíol dó (de)
Sin togha béilí anois. Tá mé sáthach ceart míle buidheachas le Dia. Cupla pionta pórtair a chuirfeadh go dtí mo dhíol anois mé
+
Tá an t-asal sin anois ina dhíol. 'Bhfeiceann tú go bhfuil sé i bhféar go bolg
Chuaidh sé isteach in a dhíol an lá ar phós sé í sin. Roimhe sin ní fhaca sé a dhíol ariamh. Cá bhfeicfeadh sé é — thiar insna leacachaí siúd
TUILLEADH (4) ▼
Bhí mise in mo dhíol ins an áit a raibh mé dá mbeadh sé de chiall agam fanacht ann, ach ní raibh. Cheithre dheoch a bhí gluidhte (glaoidhte) dhom, agus gan bearnuighthe dhíob ach aon-cheann amháin
Mara raibh tú in do dhíol mná (ban) aréir, ní shásóchtar go bráth thú. Nach raibh siad fút agus tart. Dar príosta bhí, agus gan fear ar bith arbh fhiú ainm fir a thabhairt air ann, ach thú féin
Cheal nach bhfuil sé in a dhíol fós? D'imigh an diabhal air. Má's tuilleadh airgid atá sé a lorg in diaidh an dá udhachta sin, ní féidir a dhíol airgid a thabhairt dó — ní féidir sin.
Chuir mise in a dhíol éisc aréir é ar chaoi ar bith. Bhí mé féin agus an currachthóir seo thuas ar meath indé, agus bhí suas le dhá chéad faidhtín againn. Ar a theacht isteach dó aréir chuir mé síos sé fhaidhtín dó, agus pota fataí. Deirimse leatsa go mba bheag é an fuighleach in a dheidh sin. D'íosfadh sé siúd an tsáith Mhuimhneach
+
Ní leasóchaidh mé é, mar níl díol a leasuighthe agam. Shíl mé go raibh níos mó drabhláis ná sin ins an lucht feamainne
Bhí M. Mhór ag glámhóid nach raibh díol a chaointe istigh, ach an uair a chuir sí féin uaill aisti, dheamhan a raibh go dona di.
TUILLEADH (3) ▼
Ní fiú dhom aon-cheo a thairiscint duit mar níl díol an rointe ann = cion an rointe; ní fiú a dhul ag roint a bhfuil ann
Dá mbeadh díol an rointe ann, dheamhan duine ar bith is túisce a gheobhfadh cuid dhe ná thú, ach ní raibh
D'fhuagair sé leath agus páirt orm, ach ní raibh díol an rointe ann
+
Dubhairt sé go raibh díol péire bróg de leathar ann, ach mheasfainnse nach raibh díol bróige féin ann
'Sbáin sé giota dhom agus dubhairt sé go raibh díol culaith éadaigh ann. Má bhí muis, sáthach gann a bheadh sé déarfainn.
TUILLEADH (12) ▼
Nar thug sib díol an chuit féin d'iasc libh? (díol an chuit = beagán)
An bhfuil díol an tae de bhainne agad
Tá díol an gharrdha de leasú ann
Má tá díol na saoire de mhóin ann, beidh muid ar fheabhas
Ní raibh díol na bliana d'fhataí aige th'éis a ndearna sé de dhubhachan
Níl díol na h-oíche de tae istigh. Tá díol seachtaine go maith ann
Níl aon-díol míosa innte, nó má tá is ar a chruadh-chúis di é
Níl díol an laoigh de bhainne ag an mbó
Níl díol cúl de leasú ar an roinn fheamainne atá againn ar fad
Níl díol dreanncaide d'fhéar ag gabhail leis
Níl díol bó mhaithe de chimín istigh ar do bhaile fré chéile
Ní raibh díol na sochraide d'airgead aige féin aindeoin a raibh de cháil airgid amuigh air.
+
Is cuma do dhuine é ach díol na coise tinne a bheith aige = an oiread agus a riarfadh é an uair a bheadh a chuid maitheasa ar iarraidh indeireadh a shaoghail
Is gearr le dhul an pinsean céadna ach go bhfuil díol na coise tinne ann in a dheidh sin
TUILLEADH (1) ▼
Diabhal mórán is fiú di an udhachta ach go bhfuil díol na coise tinne innte in a dheidh sin
+
Deamhan mórán le cois aige, ach go bhfuil díol a fhreastail aige, agus nach shin é a dhóthain. Caitheamh agus fáil beatha na naomh a deir siad. = riar a cháis; an oiread agus a dhéanfadh cúis dó le maireachtáil, ach gan tada thairis a bheith aige
Is mór is fiú do dhuine díol a fhreastail a bheith aige. Nach shin é a bhfuil 'chuile dhuine a iarraidh.
TUILLEADH (9) ▼
Ní raibh sé ariamh gan díol a fhreastail, dhá chruaidheaichte dhá dtiocfadh an saoghal. Ach ní fhaca mé ariamh an-deiseamhail é
Tá a bhfuil ins an teach againn ag saothrú agus tugann sé rud le déanamh duinn in a dheidh sin díol ar bhfreastail a bheith againn. Is deacair bróga agus éadach agus beatha a choinneál leo ar fad
Th'éis a raibh de theacht isteach aige, bhí a sheacht sáith le déanamh aige agus díol a fhreastail a bheith aige. Ar ndú bhí dola mór air lena raibh de mhuirghín aige
Tá díol a freastail go maith aice. 'Tuige nach mbeadh. Agus aindeoin sin, tá an béal bocht uirre i gcomhnuí. Ag caitheamh in a dhiaidh atá sí anois, nach bhféadann sí an carr a chur ar na bóithrí ag saothrú. Ní mór le cuid de na daoine a dhá láimh a chur timcheall ar an saoghal ar fad
Mara bhfuil díol a fhreastail muis ag máistir scoile, is truagh ghéar do thuilleadh. Nar agruighidh dia ort é a mháistir. Ag imeacht as do chranna cumhachta atá tú len a bhfuil agad. Tá tú fearacht na n-uaisle ar fad …
Is duine é nach mbeadh a fhios ag aonduine céard a bheadh aige, ó dhíol a fhreastail amach = bheadh baramhail ag gach uile dhuine cé'n dola a bheadh air — cíos, airgead acraí, leasú, beathú agus eile — ach ní leigfeadh sé amach le aonduine cé'n t-airgead tirm a bheadh aige
Th'éis an pháighe atá anois aige, is beag le díol a fhreastail é ina dheidh sin. Cá'id le dhul chúig phunt ins an tseachtain agus an saoghal atá ann, agus go gcaithfidh sé 'chuile mhíle nídh a cheannacht
Má tá díol do fhreastail d'airgead agad tá do dhóthain agad. Níl maith ar bith a bheith dhá chur ins an stoca go ndéanaidh sé caonach liath!
Is deacair díol a fhreastail de thobac a choinneál leis. Bíonn sé ag stolladh i gcomhnuí
+
Thug tú díol mo náire dom = an oiread go baileach agus a náireochadh mé, ach nach ndéanfadh sé aon-mhaith dhom féin, agus go mba mhó an t-údar náire ná sochair é. Déarfaí le fear rointe i gcártaí é, cuirigcás, an uair nach dtiubharfadh sé dhó féin ach an oiread agus a thóigfeadh cúig a láimhe dhéanta
Bhí sé ag ceapadh go raibh an-spré le fáil aice sin, agus 'ar núinín (dar ndóighnín) d'fhága a muíntir mar sin é, nó gur bhuail siad air í. Deich bpunt a bhí aice: sin é an méid. Ní bhfuair sé ach díol a náire
TUILLEADH (9) ▼
Cé mhéad, meas tú, a chuaidh an gamhain? Coróin thar mar a thug sé air, aindeoin ar thug sé de bheathú dhó ó a cheannuigh sé é. Fuair sé díol a náire ceart air
Thug mé "madraí" do chuile dhuine eile agus chuir mé [mé] féin taobh leis an dó beag — díol mo náire.
Nach mé atá feidheartha. Thug tú díol mo náire dhom — an oiread agus a thóigfeas cúig dhéanta. Ach ní cás dom é agus a bheith indon í sin féin a thógáil
Is dona an roínt a thug tú orra. Dheamhan mámh ag gabhail liom — oiread agus díol mo náire féin
Cé'n sórt banrán atá ort faoi mo dhéanamh-sa. Nar chuir mé indo mhámh tú … Bhuel thug mé díol do náire dhuit ar aon-chor
Tá sé cho maith dhom a gcaitheamh i bpaca. Níl cúig ná cárta ionnta — go fiú agus díol mo náire féin. Tá an rud sin indo láimh i gcomhnuí. Fágann do dhéanamh feidheartha críochnuighthe mé 'chuile uair
Níl díol an roínte ann, ach tá díol mo náire ann. Leag an cúpla seo air go maith, ó a fuair siad leigean air = buidéal óil nó a mhacsamhail. Ní bheadh an oiread ann agus go mb'fhiú é a roint, ach bheadh beagán ann le náire a thabhairt ar dhuine
Ní raibh an oiread ceann-faoi orm ariamh. Dhá scilling agus seacht bpighne a bhí agam — trí pighne go díreach a bhí mé easbadhach gan luach deoch a bheith agam. Ní raibh agam ach díol mo náire
An lá a ndeachaidh mé go Sasana an chéad-uair, tháinig mé amach de'n traen ag Euston. Bhí an oiread Béarla agam agus go raibh mé indon eolus an bhealaigh a chur, ach cé'n mhaith dhom sin agus nach raibh mé indon focal ariamh dhá gcuid lapaireacht' a thuiscint. Bhí canamhaint an diabhail orra. Sin é an uair adubhairt mise liom féin nach raibh de Bhéarla agam ach díol mo náire
+
Tá díol fear ar bith de bhean innte sin = tá sí sáthach maith ag fear ar bith; d'fheilfeadh sí fear ar bith; is bean diongbhála fear ar bith í
Is ait an díol mná é = is maith an aghaidh mná é; tá bean tuillte aige; tá sé in a fhear mhaith le bean a thabhairt dó
TUILLEADH (33) ▼
"Naonbhar naoi n-uaire díol mná ruaidhe d'fhear; dháréag de na fir is fhearr díol mná duibhe; Agus aghaidh an tsluaigh ar an mbean bhán".
Tá a dhíol de bhean aige = tá an bhean atá aige sáthach maith
Leagadh anuas díol sagairt de bhéilí aige, ach ní leagfadh sé smut air = béilí a bheadh sáthach maith do shagart
Tá díol easbuig de bhearradh ort bail ó Dhia agus ó Mhuire ort!
Cuireadh díol carraera de rán (d'arán) ina mhíainis (in a fhiadhnuis), ach ní fhaca mé in a dheidh sin gur fhága sé aon-fhuighleach = bhí sé de cháil ar na carraeraí go raibh siad mór-ghoileach
Tá díol duine uasail de chulaith éadaigh air
Níl díol tincéara de dhá bhróig air
"Tá díol Rí Seoirse d'inghin agamsa" adeireadh P. Sh. M. "Rí Seoirse féin ní bhfuighidh í, mara gcruthuighidh sé go bhfuil sé indon iarraidh mhaide a bhualadh cho maith liomsa"
Sin é díol L. K. de theach anois = L. K.: ba bó mhór é ins an áit
Sin é díol Debhelera de "sate" (seat), agus síleann tusa nach bhfuil sé sáthach maith agad in a dheidh sin.
Tá díol máistir scoile de pheann aige, agus gan a fhios ins an diabhal cé'n fáth — fear nach bhfuil indon a ainm a scríobhadh
Tá díol póilí de scoilteadh ins an ngruaig aige. An bhfaca tú é = tá sé igceist go mbíonn scoilteadh breagh ar an ngruaig ag póilíos
Tá díol saighdiúra de chána aige
Tá díol caibhnsiléara (counsellor. B. L) de theangaidh aige. 'Sé a scoiltfeadh an chaint
Tá díol céachta de choltar sróine air
Tá díol triúr de dhá chois faoi
Tá díol deichneabhair le rádh aige
Tá díol ceannuidhe de mhála agad
Tá díol báid mhóir de naprún uirre = tá an oiread éadaigh in a naprún agus a chuirfeadh seol ar bhád mhór
Tá díol cúl fataí d'fheamuinn idir a ladhrachaí. = ghreamuigheadh an oiread feamuinne dá ladhrachaí agus a leasóchadh cúl fhataí, agus ní ghlanfadh sé iad ro-mhinic
Leagadh díol Rí Shasana de dhinnéar anuas againn.
Tá díol baile de shioscadh agad
Bíonn díol lán tighe de chaint ag an mbeirt istigh ar an teallach gach oíche
Tá díol paráiste de ghleo aige, ach a mbíonn aon-deor ólta aige.
Tá díol "lady" d'fháinne uirre pé'r bith cá bhfuair sí ar sliobarna é
Tá díol Ch. Mh. de chadairne túnach uirre cheana, agus gan í ach sé bliana déag = bhí sé de cháil ar Ch. Mh. go raibh tóin mhór uirre. Seo bean (C. M.) atá beo fós
Tá díol Mh. Mh. (fear ins an ait) de dhá chrúib ort, bail ó Dhia ort, agus thú chuile orlach cho mío-stúama leo
Níl aon-chall le radíó aca. Tá díol Radíó ar bith de ghláimhthéisc ag B. cheana
Tá díol coinneal mhór na Nodlag de smaois leis.
Tá díol ceardchan de bhuilg ann
Tá díol crudh d'fhabhairt in a dhá súil
Tá díol beirt ar bith ins an mbéal atá air, slán an tsamhail!
Tá díol beirt d'aoirde ann bail ó Dhia air
+
Tá díol fir de thalamh faoi = tá sé leithideach uaibhreach, suimeamhail
S. Ó. N. a casadh leat. Fear go deimhin a bhfuil díol fir de thalamh faoi
TUILLEADH (6) ▼
Chonnaic mé an scearacháinín óg sin ann ag dul síos teach an phobail Dé Domhnaigh, agus go deimhin má chonnaic féin bhí díol fir de thalamh faoi. Bhí go deimhin
Tá máistir nuadh annseo thiar le seachtain in áit Mh. Chuaidh sé soir ag spaisteoireacht an trathnóna faoi dheireadh. Is faoi atá díol fir de thalamh — is faoi sin
Cé b'as é siúd … B'fhurasta aithinte. Tá díol fir de thalamh faoi. Ní fhaca mé fear a thíre ariamh nach mbeadh sé amhlaidh
Bhí an scrathachán mór seo ag M. C. ann, agus má bhí agus go raibh bhí díol fir de thalamh faoi.
M. Mh. Mh. Mh. an eadh! Sin é an fear agad a bhfuil a dhíol talmhana faoi.
Tá a dhá dhíol talmhana ar fad faoi. Níor thaithnigh a chuid cóipís ariamh liom.
+
Tá díol tíre de thalamh aige agus gan tada dhe saothruighthe
Sé an chaoi a bhfuil an fheamuinn sin anois, díol dháréag ag duine, agus duine eile gan a dhíol chor ar bith
TUILLEADH (13) ▼
Bhainfí díol Chonndae na Gaillimhe de mhóin ar an gcriathrach sin.
Tabhair a dhíol bóthair dó = beithidheach a mbeadh fonn reatha air; gluaisteán nó carr a bheadh do do scothadh ar an mbóthar
Níor thug sé a dhíol bóthair do'n bhus. Is beag nach ndeacha sé ins an gclaidhe ó thuaidh
Ba mhór an chontabhairt na "mótair" sin roimh an gCogadh mara dtugtaí a ndíol bóthair dóibh
Fág a dhíol áite aige
An bhfuil do dhíol áite annsin agad ar an stól?
Ní bheidh a ndíol áite ag triúr ins an leabaidh siúd = ní bheidh díol triúr d'áit ins an leabaidh siúd
Ní bheadh a ndíol áite damhsa ins an gcisteanach seo
Tá an casán ro-chaol. Níl a dhíol bealach cairr ann
An bhfuil do dhíol réidhtigh agad annsin anois le síneadh.
Ní fhéadfadh bád aeir tuirlingt in áit ar bith ins an tír seo. Dhéanfaí sprúdhánaí di ag na clocha. Níl a díol réidhtigh ann
Ní fhéadfá teach a dhéanamh annsin. Níl do dhíol réidhtigh ann
Cé'n áit a gcasfadh "lorry". Thuas annsiúd ab eadh. Ní chasfadh muis. Níl a dhíol réidhtigh ann
+
Níl a díol caoi ar an mbróig fós
Tá sé in am ag an sean-bhicycle sin a dhíol caoi a bheith air feasta. Mara bhfuil, ní bheidh sé air anocht
TUILLEADH (10) ▼
Tá do dhíol deanamh suas ort anois. 'Ar ndú, ní i láthair daoine uaisle atá tú ag dul
Tá do dhíol cóiriú ar an leabaidh sin feasta
Bhí a díol biorrú ar na claidhtheachaí sin cheana agus gan a dhul orra aríst.
M'anam go bhfuil do dhíol cur uirre a mhic ó. Cuir leat í. 'Ar ndú ní ag caitheamh lán laidhre ag tuigheadóir a ghabhfá agus thú féin indon a cur ceart
Tá do dhíol scríobhadh uirre anois. Tiocfaidh sí leis
Tá do dhíol scuabadh ar an urlár sin anois agad. Dá mbeadh sé cho maith i gcomhnuí, ní bheadh de chailleadh air.
Tá do dhíol bearradh ort anois. An bhfuil tú ag ceapadh gur cailíní óga a bhéas ag breathnú ort. Baoghal orra!
Tá a díol triomaigh ar an móin sin len a dóghadh thrídh mhóin mhaith
Thug sé a dhíol marbhú air. Níor eirigh sé in a dhiaidh
Sílim go bhfuil a dhíol téitheadh ar an mbainne seo anois má's len ól atá sé
+
Sé an cóta seo mo dhíol ceart = níl sé ro-chumhang ná ro-fhairsing agam
B'fhéidir dá gcuirtheá an caipín seo ort gurb í do dhíol í = do "fit"
TUILLEADH (9) ▼
'Sí bróig C. mo dhíolsa — mo dhíol díreach.
Ní fhéadann sí a díol de hata a fháil i siopa ar bith. Bíonn 'chuile cheann ro-mhór nó ro-bheag di.
Ní h-iad mo dhíolsa iad ar chaoi ar bith. Thógfainn miotóig níos mó ná sin
Gabhfaidh mé thríotha ó cheann go ceann go bhfaghaidh mé mo dhíol féin
Marab é do dhíol é cuir ar ais é ar an bpuínte boise. Is fhearr athchur ná aithmhéala
Níl barainn ar bith ar an bpéire bróg a fuair mé. 'Siad díol Sh. iad, ach ní h-iad mo dhíol-sa iad.
Bheadh díol J. Ph. É. (fear mór ins an áit) ins an treabhsar atá air. Tá sé ag stríocáil naoi nó deich de chromaí dhó in a dhiaidh thrí na lathachaí
Dá mbadh é mo dhíol é choinneochainn é. Taithnigheann an t-éadach liom. Ach cé'n mhaith sin. Tá sé buille beag
Chinn orm mo dhíol de léine a thoghadh as lán cúnntair ann
+
Tá do dhá dhíol (do thrí dhíol, do sheacht ndíol, do dhá dhíol dhéag agus rl.) agad ins an méid sin = dhá oiread a mbeadh ag tastáil (tabhair faoi deara in áidhbhéil de'n tsórt seo gurb é "do dhá dhíol", "do thrí dhíol", "do sheacht ndíol" "do dheich ndíol" (go h-annamh), "do' aon-dhíol déag", "do dhá dhíol déag", "do chúig dhíol déag", "do sheacht ndíol déag, "do sheacht ndíol déag agus fiche" adeirtear. Ní tugtar isteach aon-líon eile. Má tugtar, is go rí-annamh é)
Thug tú a sheacht ndíol dó.
TUILLEADH (8) ▼
Fuair sé a sheacht ndíol déag agus fiche — fuair sin
Fuair sé a dhíol faoi dhó
Fuair sé a dhíol faoi chéad
Tá a sheacht ndíol déag féin de mhóin aige agus ní dhíolfadh sé aon-fhód in a dheidh sin
Tá a thrí dhíol talmhana saothruighthe annsiúd agus é indon freastal dó. Gabhfaidh sé i léig ar fad aríst cheal conganta
Thug tú do dhá dhíol déag leat. Dhéanfadh oiread na frighde mé
Bhí a sheacht ndíol geabsaireacht' ar fad ag an gceann céadna. Leigfidh sé faoi anois go ceann tamaill
Níl ceathramha cuid mo dhíol ann
b.
+
Sin é do dhíol = enough said!
Tháinic sé anuas an bóthar agus mála móna aige, le tuitim na h-oíche. Fuair mé an chruach bearnaighthe ar maidin. Narb shin é mo dhíol = bhí a fhios agam gurb eisean a ghoid an mála móna aiste
TUILLEADH (2) ▼
Rugthas air ins an oíche Dia Luain agus gan an chruithneacht ach cruaidhte aige. Chaith póilí trí h-uaire tigh Sh. an lá sin, agus bhí a fhios ag muintir Sh. go raibh an iarraidh fuisce ar na bocáin. Nach shin é do dhíol!
Casadh liom ise ar bharr an áirdín, agus nuair a bhailigh mé siar an gleann bhí seisean ag caint le E. Sh. ann. Nach shin é do dhíol. Bhí sí in aonfheacht leis
2.
údar, ábhar, dóigh.
+
Díol truaighe = údar truaighe; rud, beithidheach nó duine ar maith an aghaidh truaigh a dhéanamh dó; rud nó beithidheach nó duine atá in ainriocht cho mór agus go dtuilleann sé truaigh a dhéanamh dó ingeall ar an staid a bhfuil sé
Is mór an díol truaighe é agus an chois bocht atá aige
TUILLEADH (8) ▼
Ní díol truaighe go dtí é ó d'imigh an chlann ar fad uaidh
"Ní díol truaighe thú choidhchin go mbuailtear ort cuigeallach mná; A dhéanfas gual dubh [naoi] n-uaire de do chroidhe in a lár" (An Draighneán Donn)
Is díol-truaighe liom thú, agus a bhfuil d'fhuacht ort
Is mór an díol-truaighe liom é a fhágáil mar tá sé in a chadhan aonraic thuas annsiúd. Bhí mé ag brath ar iarraidh air a thoidheacht annseo, ach ní móide gur mhaith leis corruighe
'Sé díol na truaighe é, ní dhá roint leis é: dhá mharbhú fhéin annsin do Mh. agus dhá chlann. Is fiú dhó muise. Is beag é a bhuidheachas — feicfidh tú — ar ball.
Is tú díol na truaighe a bhean bhocht, ach ní aireochaidh tú achar ar bith anois go mbí na gasúir — slán a bhéas siad — ionchongantach. Dhá bhféadthá crochadóireacht leat go dtí sin, bheadh agad
Is díol-truaighe liomsa 'chuile dhuine a mbeidh an phian air, ó'n am a raibh sí orm féin
Is minic a leigeas béal na h-uaighe rud ag béal na truaighe: nó, leigeann béal na h-uaighe rud le béal na truaighe = ins an sean-fhocal seo scaithtí, cuirtear "díol na truaighe" i leabaidh "béal na truaighe" .i. leigeann béal na fuaighe rud le díol na truaighe
+
Nach hé an díol-náire é = údar náire. (Duine nó rud)
Is díol náire ceart é ag imeacht síos annsin síos ag ól agus ag caitheamh a chodach ar stucairí coirnéil, agus anshógh ar a bhean agus ar a chlann ins an mbaile
TUILLEADH (10) ▼
Ní díol-náire go dtí í: sluagh-mhallacht an phobail a dhul uirre indiu. 'Sé a thuar sí di féin ag imeacht ag boithreoireacht ó oíche go maidin
Sin díol náire ceart anois an teach sin, agus a fhusacht dó gan a leigean i léig mar atá sé. Dhá gcuireadh sé scláta annseo agus annsiúd air 'léar (de réir) mar a bhí siad ag tuitim, ní bheadh an bháisteach anuas ann as éadan anois
Is díol náire an chaoi a bhfuil an tír anois — gan damhsa gan siamsa gan eirghe-amach mara dteighidh tú chuig "hallannaí" na sagairt. Níl ceannús ceann ar bith fanta ar shagairt anois. Tá siad ag fáil cead a gcomhairle féin ro-mhór
Ba díol náire a bheith ag breathnú orra, síos faoi chladaigh annsin anuiridh. Iad ag imeacht cho mí-chuí(bh)eamhail agus in a luighe ina srathradhachaí is 'chuile áit. Má's siúd é an chaoi a bhfuil Baile Átha Cliath, nó má's iad na béasaí a fheiceas muid aca annseo a bhíos aca i mBaile Átha Cliath, diúltaigheamuide dhó
Is mór an díol náire é an rúisc de mhadadh sin. Dair leat féin nach bhfuil sé ag fáil a leath-dhíol le n-ithe. Dá mbadh é an duine ba mheasa leat beo é, a bheadh istigh ins an teach, ní chomhnóchadh sé go leagadh sé a chrúib thuas ar an mbord. Sib fhéin a mhill idtosach é an uair a thug sib faisean dó a bheith ag tógáil giotaí aráin de chorr an bhuird
Ní díol náire ar bith an inghean muis le h-ais na máthar. Dhá bhfeictheá an mháthair annsin thiar ar shochraide Sh. Ph. N. Thuit sí isteach faoi'n gcorp le teann óil.
Is díol náire í an tsráid sin mara gcartaidh sib í. Tá sean-latarnach shalach annsin amuigh agus má fhágtar ann í, is mór an aicíd í. Tholgfadh sí baile, ní áirighim teach
Ní díol náire dhuit chor ar bith iad. 'Siad an cleite is fhearr in do hata iad a mhic ó. An bhfuil tú ag séanadh an ghaoil? Nach bhfuil a fhios agad gurb shin iad an chuid eile dhíot fhéin
Is díol náire críochnuighthe na mná sin siar, ó thosuigh siad ag eirigh amach ar bhóithrí, ó oíche go maidin. Níl cuí(bh)eamhlacht ar bith dá bhfaca tú ariamh fanta ionnta — níl sin
Is díol náire do'n cheathramha (cupla baile fearainn) an bhail a chuaidh ar an duine bocht sin, thíos annseo ar an mbóthar: é a rubáil agus gan snáth éadaigh a fhágáil thuas ar a chraiceann. Is diabhluidhe an t-iongantas nach bhfeicfeadh duine eicínt dhá dhéanamh é
+
Díol magaidh = dóigh mhagaidh; údar magaidh; an duine a mbeadh an ceann trom de'n mhagadh ag teacht air féin; nó an té a mbeithí ag magadh faoi
Tá faitíos orm gur tú féin díol an mhagaidh an "turn" seo, aindeoin a mbíonn dá fhonn ort fhéin a bheith ag magadh faoi 'chuile dhuine eile = tá tusa ag iarraidh a bheith ag magadh faoi dhaoine eile ach tá a leath fút féin an babhta seo
TUILLEADH (9) ▼
Cé hé díol an mhagaidh anois fiafruighim díot — tusa nó mise. D'fhéach tusa le dhul ag magadh fúmsa, ach sílimse gur mise atá ag magadh fútsa. Mar adubhairt an ceann eile: — "Bíonn daoine ag magadh fúmsa an uair a bhainim an choirce glas; Ach bímse ag magadh fútha-san an uair a thuiteas an gráinne as". Sin é a fhearacht agamsa agus agadsa anois é
Is iomdha duine a chuaidh ag magadh faoi sin, ach ba iad féin díol an mhagaidh as a dheireadh. Bhuail M. bleid thíos annseo lá air. Is fada gur dhubhairt sé tada, ach an uair adubhairt chabáil sé M., agus chuir sé a raibh ann i lagrachaí (gáirí) faoi. D'imigh leis annsin
Chonnaic T. se'agaibhse i dteach ósta i mBaile Átha Cliath é an t-am a raibh T. thuas. Bhí sé seo thiar a bhí in éindigh leis ag rádh an "Droighneán Donn". Bhí beirt fhear thall ar a n-aghaidh — strainséaraí — ag ól. Thosuigh an P. ag flith-mhagadh: "Níl a fhios aca sin céard atá muid a rádh ach an oiread le asail" adeir sé. D'ionntuigh fear aca ar an bhfear eile, agus arsa seisean de ghlan-Ghaedhilge: "i gC. a chuala mé an t-amhrán sin go deireannach." Arbh eisean nó iadsan díol an mhagaidh
'Sé an díol magaidh is mó ins an tír é anois. Bhí sé an-chríonna, má b'fhíor dó féin agus níorb fhéidir imeartas air. Agus ba deacair a dhíol de bhean a thabhairt dó! Aindeoin an méid sin, rinne siad siúd nead in a chluais, nó gur bhuail siad air í: bean atá cho sean leis an gceo agus í caoch agus bacach, agus gan cianóig ruadh de spré aice.
Is corónta an díol magaidh é. Níl aon-ghoir aige a dhul in áit ar bith nach mbíonn daoine ag caitheamh dairteachaí leis, nó ag cumadh dhó. Feicim go mbíonn na gasúir féin ag siocadh leis anois.
Is furasta dhuit díol magaidh a fháil má tá tú dhá thóruigheacht, thar agus a bheith ag saghdadh faoi'n sean-fhear bocht sin atá ins' an aois leanbuidhe. Má tá féin is beag an dochar dhó. An uair a bhéas tusa in a aois, b'fhéidir go mbeitheá fhéin in do dhíol magaidh freisin
An uair a bhí sé sin ag eirigh suas ní raibh aon-díol magaidh ins an tír a sháróchadh é. Cineál leath-phleota a bhí ann, agus áit ar bith dhá mbeadh sé d'fheicfeá plód cruinnighthe air. An áit a mbíonn an óinseach a deir siad, bíonn a cóisir ann. Sin é an chaoi a bhí air muis nó gur phós sé. Ach feacha an gna (gno) a rinne sé ó shoin. Cuirfidh mé geall leat gur beag a fheicfeas tú bailighthe air anois …
Ba é díol magaidh na tíre é cho uain agus a mhair sé, an duine bocht. Céad slán do'n lá a raibh sé ag damhsa againn amuigh ins an scioból annseo amuigh, agus é siúráilte go mbadh í inghean Lord D. í. M. J. "Dance to you" adeireadh an pleib
Chuirfeá slat ar Éirinn agus ní bhfuightheá díol magaidh ba mhó ná Cáit Sh. "Tá fear aniar as an T. Bh. a bhfuil teach mór aige, ag teacht le mise a iarraidh" adeireadh sí. Déarfadh a mh'anam, agus dá mbeadh sagart an pharáiste i láthair. Gaothta críochnuighthe a bhí innte. Chuaidh sí go Meiriocá …
+
"Sé déanamh an mhagaidh díol an mhagaidh"; "'sé ábhar an mhagaidh déanamh an mhagaidh" (sean-fhocal agus an dá leagan air) = an té a bhéas ag magadh 'sé féin díol an mhagaidh
Nach diabhaltaí nach dtiubharfá iabh do do bhéal uair eicínt agus gan a bheith in do chlaibín muilinn mar sin. Ag magadh mar dhóigh dhe. Sin é an magadh mar siúd. Sé déanamh an mhagaidh díol an mhagaidh
TUILLEADH (3) ▼
Bhí sé annsin thíos an oíche cheana agus é ag iarraidh leota de pháipéar a ghreamú do dhruim S. B. Chinn air. As sin go ceann tamaill dheasuigh beirt de na gearrchaileadha suas leis, agus greamuigheadh pictiúr taebh thiar air féin — an bhean dearg sin a mbíonn an "fag" ina béal aice. D'imigh leis soir ar fud an S. agus é air, hébrí céard ba chor dó soir. Níorbh fhearr liom leath-ghine buidhe ná gur cuireadh an méid sin de bhail air. 'Sé déanamh an mhagaidh díol an mhagaidh adeir siad
Bhí N. thuas oíche agus ní bheadh aon-sásamh aige ann mara dteightí ag caitheamh le M. — bhí sé imighthe síos tigh T. Faoi dheireadh thiar thall chuaidh muid síos ar chúla na h-aille, agus chaith muid cupla miaróg (méaróg) le M. ach caitheadh cith le N. Bhí sé thíos ins an ngleainnín agus bhí caor-theinte dhá bhaint as an gclaidhe len ais. Ní raibh a dhul ar a chúl ná ar a aghaidh aige. Ní fhéadfadh sé a theacht aníos go dtí muide in aghaidh na gcloch, agus bhí M. taobh amuigh, agus é ag iarraidh a theacht thar claidhe go marbhuigheadh sé é ar bhun an cúig déag. 'Ar ndú' sin é a raibh uainne. Ba é déanamh an mhagaidh díol an mhagaidh, an oíche sin ar chaoi ar bith
Chuaidh sé ag déanamh ballséire orm-sa oíche annseo, a ndeacha sé thart deireannach. Bhí sean-asal dubh agam an uair sin agus é thiar annsin thiar ingarrdha an bhóthair. Bhí sean-asal eile ag J. Th. ins an ngarrdha ó thuaidh. Sheol sé anuas é agus isteach in mo gharrdha-sa agus deir tú le céard a rinne sé, ach driobaill an dá asal a cheangal dhá chéile le píosa róipín. Marach gur eirigh lena h-asail a bheith an-tsean agus an-tsocair, diabhal mé go mbeadh an dá dhrioball tarraingthe amach ó'n dúid aca as a chéile ar maidin, mar chuir sé an ceangal cráidhte orra. D'fhan mar sin go ceann seachtaine agus siar liom féin oíche agus níor chomhnuigh mé ariamh gur thug mé a chapall amach glan as an ngarrdha, agus as go bráth liom gur fhága mé thuas in éindigh le na caiple féaraigh ar chuid M. Ph. í. Rug mé ar bhromach réidh go leor, agus as go bráth liom anuas aríst gur fhága mé istigh thiar ins an ngarrdha aige [é], an áit a raibh an capall. "Bailigheadh leat" anois arsa mise. Bhí cupla uair lae ann, feadh agus mé a bheith ins an mbaile. Ba é déanamh an mhagaidh díol an mhagaidh an mhaidin sin ar chaoi ar bith
+
'Sé díol na trócaire é = is údar trócaire é; is mór an grádh-diadha soilgheas nó gar eicínt a dhéanamh dhó; tá sé in anchaoi
Is díol trócaire é = údar trócaire (deirtear díon trócaire freisin fc. díon deirce)
TUILLEADH (8) ▼
Níl aon-díol trócaire ann go dtí é. Thíos annsin ar shlata na Gaillimhe agus muirghín lag lúbach aige, agus gan buille maitheasa a dhéanamh le bliain mhóir fhada. An mbeadh a fhios ag aonduine ó Dhia anuas cé'n chaoi a bhfuil sé dhá bharruidheacht chor ar bith agus gan slí ná faghaltas ó Neamh aige.
Is mór an díol trócaire na créatúir bhochta atá i Sasana agus na rudaí eile sin, ag tuitim orra 'chuile ré soluis. Deir siad nach bhfuil maith ar bith ins na teáltaí a bhíodh aca ar na báid aeir. Níl aireachtáil ar bith orra seo ag teacht go gcriogaidh siad thú d'aon-iarraidh
Ní díon trócaire go dtí an té a chaithfeas a dhul amach imbéal na ngunnaí sin agus iad ag loscadh; agus ag broimseáil. A Dhia láidir nach suarach an éadáil eirghe as do chodladh ar maidin agus na liagáin (na "shells") sin ag dul faoi'n smut agad. B'fhearr liom aon-lá amháin a dhéanamh dhíom in éindigh!
Go bhféachaidh an t-Athair Síorruidhe orra, nach saothruighthe an greim aca é. Is mór an díon trócaire iad. Fuirgheacht calaidh orra thíos annsin le seachtain agus gan a fhios aca céard is cor dá muintir ins an mbaile. 'Sí beatha an ghirrfhiadha í beatha an iascaire. Má bhíonn rud de bharr fáiteall na fairrge dar fiadh bíonn sé ceannuighthe go maith
Is mór an díon trócaire í thíos annsiúd, cruptha anuas ar an splaincín sin agus gan fód aice le cur in a ceann. Ba mhór an grádh-diadha do dhuine agaibh cupla cléibhín móna a chaitheamh thíos aice, nó préachfaidh sí ag buachailleacht na cupla aithinne úd
Is maith a rinne sé é, é a scaoileadh uaidh gan pighinn gan bonn. Go dtugaidh Dia trócaire dhó. Ní chuirfeadh aon-ghiúistís beo aon-cheo ar an dílleachta bocht údaidh. Is mór an díol trócaire é, an té a bhreathnóchadh isteach ceart ann.
Tá S. Ó. D. annsin thoir anois in a dhíol trócaire cho mór agus atá ins an tír, agus gan é ag fáil faice — "dole", airgead páistí, pinsean caoch, ná nídh dhár dhealbh an ghrian — ach ag mianadóireacht annsiúd idir dhá leic ag iarraidh cupla fata a shaothrú. Ach ní taise le fear ar bith istigh in a bhaile é. Níl slí do choise de thalamh aca frén a chéile.
Agus chroch siad an fear sin! Ba shin é an díol trócaire ba mhó aca uile go léir. Agus gan a fhios an ndearna sé ariamh é. Agus níl siad ag daoradh cuid mhaith eile, aindeoin gur furasta a aithinte gurb iad a dhéanas an choir. Fear Chiarruidhe sin cuirim igcás …
+
'Sé díol na déirce é; is mór an díon déirce é; is díol déirce é (deirtear "díon" in áit "díol" go rí-mhinic ins an bhfocal seo ach tá díol ann freisin)
Tháinig sé isteach chugam ag iarraidh a chodach. "Níl a fhios agam" arsa mise leis "an tusa nó mise díol na déirce. Beidh punt cruinnighthe agad-sa trathnóna, ach dhá gcuirinnse mo shúile ar chipíní, ní bhéarfainn ar phunt in imeacht míosa." Nach raibh an fhírinne agam?
TUILLEADH (5) ▼
Má tá tada le tabhairt uait agad, níl díol déirce ar bith ins an tír is mó ná mé féin. Ná caith do shean-treabhsar ná do shean-bhróga ag aon-cheannuidhe. Foghanfaidh siad domsa. Agus aon-phighneacha airgid a bhéas ar sliobarna agad, cuímnigh go bhfuil fear annseo ag béal an bhóthair a bhfuil scóig cho spalptha aige agus a bhí ag S. G. an lá ar chaith sé go trathnóna ag súimínteacht le aon-phionta amháin, cheal luach an darna ceann!
Is díol déirce baintreachaí agus dílleachtaí, ach ní feasach dom gur ceart a dhul ag caitheamh airgid ag daill agus gan aon-cheo daille orra ach an oiread liomsa nach bhfuil a dhath ariamh ar m'amharc míle buidheachas le Dia. Tá sé annseo thoir agus é in ainm agus gan spré a bheith aige, agus 'séard a bhí sé a dhéanamh rómham an oíche cheana ag cur snátha agus snáthaid: snáthaid bheag nar léar dom an cró innte, mara bhfaghainn ó ló í …
'Sí an inghin díol na déirce anois ar chaoi ar bith: fágtha istigh annsin ar an tráigh thirm, agus gan bonn spré le fáil aice. Dar príosta is gearr go mbeidh clann an dearbhráthra in araidheacht a bpósta iad féin
Dheamhan duine thiar annsin nach díol déirce; greamuighthe thuas annsin ar leiceann cnuic agus gan aon-talamh in Éirinn is maolscreamhaighe ná é. 'Siad is fhearr ar bith agus a bheith indon maireachtáil a dhéanamh ann. Ach 'ar ndú' níl siad ag déanamh aon-mhaireachtáil ann
Bhailigh siad an phighinn bheag agus an phighinn mhór leo, agus níor fhága siad bonn bán ag an dearbhráthair. Tá sé annsiúd anois fágtha ar a thóin, agus é in a dhíol déirce. Ní tada eile é
+
Ba díon déirce liom é a fháil = ba bhuidhe bocht liom é a fháil; ní raibh tada agam, agus theastuigh an rud sin go géar uaim. Mara dtugtaí dhom é, is beag nach n-iarrfainn ina dhéirce é
Go dtugaidh an diabhal thairis é muis, gan díobháil gan dochar duinne. Ba díon déirce leis é a fháil an chéad-uair, ach anois ó atá a ghaisneas bainte aige as, agus é eirighthe as an lathaigh, níl aon-mheas aige air. 'Ar ndú 'ar aon-chor dhíol sé an déirce ó a chuaidh sé ins an teach nuadh
TUILLEADH (5) ▼
Tháinig sé isteach annseo lá ag iarraidh "bicycle" len a dhul Gaillimh. Ba díon déirce leis a fháil. Chuaidh sé annsin, agus bhris sé agus réab sé é agus d'imigh sé air gan aon-ghaoith a chur ann. Thug sé 'chuile dhroch-úsáide ba mheasa ná a chéile dhó. Agus barr ar an diabhal ar fad níor thug sé abhaile go ceann trí seachtainí é
Sin é a bhfuil de phosta aige agus ba díon déirce leis é sin féin a fháil. Tá mise ag ceapadh nach bhfuil foghluim ar bith air siúd. 'Ar ndú dhá mbeadh, d'eireochadh rud eicínt níos fhearr leis ná a bheith as cíonn bóithrí — rud atá 'chuile scráibín ins an tír a dhéanamh
Is díon déirce liom "na Meiriocánaigh" féin a fháil, an uair a chinneas 'chuile sholáthar eile orm. Tá neart aca tharta freisin, ach mise i mbannaí nach mise ná thusa a gheobhas iad. Coinneochaidh siad sin dá nduine fhéin iad — do na daoine móra seo — póilíos, máistirí scoile, agus bossannaí bóthair. Fanadh béal na truaighe uatha
Rinne sé an oiread iarratais, agus é dhá eiteachtáil is 'chuile áit agus go mbadh díon déirce leis bean ar bith a fháil ins an deireadh, dhá mbadh inghean ceannuidhe "reaigeannaí" féin í. Shílfeá go raibh a dhóthain teacht i láthair ann muis, agus a dhíol bráigill air, le go mbeadh mná ins na cosa in áirde in a dhiaidh. Ach thug siad uiliog fuath dhó hébrí cé'n fáth a bhí leis
Chaith sé bliain ag tóruigheacht tighe agus é ag cinnt air aon-áit a fháil. Ba díon déirce leis faoi dheireadh thiar thall gur scaoil M. Ph. Mh. isteach é. Má tá sé daor féin, ní cás dó é teálta ar bith a bheith as a chionn, agus a dheacracht agus atá sé teach a fháil gan lán laidhre
3.
díbliú, ithe, liobairt, gearradh, sciolladh, íde, géaruidheacht, maslú. (díol = diabhal b'fhéidir ach an fhuaim Mhuimhneach air?).
+
Thug sé droch-dhíol cainte orm = díbliú, géaruidheacht, scaimhléaracht, maslú, íde
Thug sé 'chuile dhíol orm = 'chuile ainm thoir agus thiar; d'ionnsuigh sé mé ar 'chuile chaoi a bhféadfadh sé
TUILLEADH (18) ▼
Is beag an ghna a bheadh i Meiriocá aige, áit a dtiubharfaí 'chuile dhíol in Éirinn air, mara ndéanadh sé obair thairis siúd. Sin é an áit a bhfuil na "bossannaí" francuighthe
Níl aon díol in Éirinn nar thug an dochtúr ar a fear faoi nar chuir sé fios ní ba túisce air. "Má fhaghann sí bás anois" adeir sé, "bíodh a bás ort-sa. Diúltaighim-se í ar fad." Marach go ndeacha sé go bog agus go cruadh air, ní chuirfeadh sé láimh ar bith ínnte
Is droch-bhodach é an sagart sin. Ní tada eile é. Teigheann sé ingeallta críochnuighthe le cruadhóig ola. Chuaidh mé siar aige an oíche a bhfuair B. — go ndéanaidh Dia trócaire uirre — bás. Bhí sé an-óg ins an oíche. Ba ar a chruadh-chúis dó a bheith an naoi a chlog. Níl aon-díol in Éirinn nar thug sé orm faoi nar tháinic mé níos túisce. "Ní raibh aon-ghoir agam air" adeirimse. "A dhath féin, ní raibh uirre trathnóna. Tinneas tobann é." Ach níor chlaon sé in a dheidh sin.
Dheamhan díol dhár chuala tú ariamh nachar thug an máistir ar an gceann se' againne an lá cheana, faoi nachar thug sé aon-mhóin ag an scoil fós. Ach dheamhan fód againn féin má's é is measa dhuinn. Tá cás againn ann go deimhin — é féin agus a chuid móna!
Níl aon-díol ariamh dhár thug tincéara ar a bhean, nachar thug sé seo thuas ar an gcliamhain an lá faoi dheireadh. Thug sé "gaduidhe na gcruach" agus "giolla na bhfaochan" agus 'chuile shórt air. Tá an brochán dóirte anois agus beith "te te" ann sílim
Tá buille ins an mbéim ann fós cheapfainn, agus an díol a chuala mé é a thabhairt ar na P. an oíche cheana a raibh mé thiar ann ag iarraidh iasacht uird. Bhí se sínte ins an gclúid agus gan smeámh ann nó gur caintigheadh ar na P. Dhírigh sé aniar annsin, agus coinneal ann. A dhearbhráthair mo chroidhe thú, d'áitigh air …
Má fhéachann tú le dhul isteach an tráth seo d'oíche, tá faitíos orm gur ag brughadh ar an doicheall a bhéas tú. Ní thiubharfaidh sé aon-deoch duit ach tiubharfaidh sé droch-dhíol cainte ort. Mar sin fan uaidh
Chuala mé go raibh C. Mh. agus bean Dh. in adhar a chochaill an lá faoi dheireadh. Bhí sé in a ropaireacht thar cionn aca, chuala mé. Thug bean Dh. chuile dhíol uirre. Níor fhág sí ceo ar bith sean-síothmálachaí dhá raibh ariamh ann, nár chas sí léithe. In a chéile dhóibh muis agus ná raibh suaímneas eatorra!
Dhá gcloistheá é cupla bliain ó shoin. Níl aon-díol in Éirinn nach raibh sé a thabhairt ar Devalera ingeall ar chupla dithreabhach de ghamhainín a bhí aige nach raibh dhá gceannacht. Anois níl aon-fhear ins an ruta seo is mó atá leis ná é, in áit a bhfuil sé ag fáil cúig nó sé de leathchorónachaí cloinne. Ná bac le duine ar bith a bhéas cho luath-intinneach leis an ngaoith mar sin. Ní samhaoine ar bith é.
Níl aon-díol faoin domhan nar thug sí orainn, scáth gamhain a dhul isteach i ngarrdha fataí annsin thuas uirre. Má chuaidh féin, ní dhearna sé aon-fhoghail: cupla sracadh le colbh. Is féidir len a cuid-sise an baile a mhilleadh agus níl caint ar bith air. Má tharraingigheann tú anuas aice é, níl ann ach nach fiú puintín bioráin é. Is mó an éisteacht a bhíos ag daoine thar a chéile!
Ní raibh ag duine ar bith a dhul ag éisteacht leis sin. Ag scaimhléaracht agus ag tabhairt 'chuile dhíol is measa ná a chéile ar na daoine: sin é a bhuac. Ach an té a thiubharfas áirde air is measa é ná é féin
Ní raibh aon-sciolladóir ariamh annseo ionchurtha síos len a máthair sin. Sagart a bhí annseo thiar — séiplíneach — ní chuimhnighim cé'n t-ainm a bhí air — fuair sé caidéis di faoi fhanacht ó'n Aifreann. 'Ar ndú' dheamhan díol in Éirinn nar thug sí air. B'fhearr leis an sagart as a dheireadh sílim, nach gcuirfeadh sé chuice ná uaithe
Diúltaigheamuid dóib sin. Ná tarraing orainn aríst iad, ó atá siad suaímnighthe. Shíl sé féin mise a mharbhú cheana le iarraidh chorrán, agus 'ar ndú' dheamhan díol faoi'n domhan nar thug an bhean orainn. Bhíodh sí annseo amuigh 'chuile lá agus stiúir uirre ag cur di. Ní thugadh muid áird ar bith uirre. Nach raibh sé cho maith dhuinn. An té a thiubharfadh áird uirre, dhéanfadh sí ceann cho dona léithe féin dó
Má chastar liom é Dé Domhnaigh, tiubharfaidh mé 'chuile dhíol air faoi nar thug sé agam an pisín cuit a gheall sé dom. Tá an teach beo beithidheach le luchain. Ní fhágfaidh siad nídh dhar dhealbh an ghrian istigh faoi chaolachaí an tighe. Mara dteightear romhab (fuaim — rúb = rompa) go gairid
Níl cúntanás ar bith ag na cléireachaí "dole" sin d'aonduine. Thug mé páipéar isteach aca uair. Rug cléireach air. Bhreathnuigh sé air, ar éigin. Chaith sé uaidh é, agus bhuail sé cic air. Thug sé chuile dhíol orm an uair nach dtáinig mé isteach aige an lá roimhe sin leis. Agus gan dlúthas ar bith leis an bpáipéar go ceann míosa dá dtogruighinn é!
Sin é a thug an díol air J. F. = íde, liobairt, droch-dhíol cainnte
Tugann sé an díol ar gach a gcasann leis
Siúd é atá indon an díol a thabhairt ar dhuine. Fainicíodh 'chuile dhuine a theanga, mar go deimhin, níl sí ar fónamh

Díol in iontrálacha eile (100+)

 
abair
Tá do dhá dhíol ar fad le rádh agad
 
Níl díol dhá luichín curta aige (d'fhataí, d'arúr agus rl.)
 
dáil
Dhíol sé a chuid talmhana annseo agus chuaidh sé suas indáil le Baile Átha Cliath. Deir siad go bhfuil feilm mhór aige annsiúd
 
danra
Mo chreach mhaidne, tá a bhfuil ins an teach annsiúd cho danra le chéile faoi bhuille ar bith oibre a dhéanamh: dair leat féin gur ag comórtas le chéile a bheidís, go bhfeicidís cé'n duine aca ba deacra a chur amach agán a chuid oibre. Gróigfidh fear aca é féin ar an teallach agus déanfaidh fear eile agus fear eile an cleas céadna, nó nach mbeidh áit ag míoltóig in a ngoire. Níl go dona ann ach an dithreabhach bocht is athair dóibh, atá amuigh moch deireannach ag saothrú. Sin é an díol-truaighe ar chaoi ar bith
+
daoire
'Ar ndú' bheadh sin ceart go leor: ceannacht ar a shaoirse agus díol ar a dhaoirse. Is gearr go mbeitheá in do cheithearnach an uair sin ar chaoi ar bith. Ach fagh thusa an té atá indon é sin a dhéanamh. Cuirfidh mé geall leat go gcinnfidh sé ort
TUILLEADH (2) ▼
Tá an chaint sin ceart go leor. Bhí earradh ar bith a bheitheá a cheannacht ar a dhaoirse le linn an chogaidh cheana. Ach níor thaise do'n rud a bheitheá a dhíol é. Bhí lán laidhre ar ghamhainín, ar mhuic, ar chaora agus ar 'chuile shórt nídh. Breathnuigh ar na h-aontaigh anois. Dheamhan ar fiafruigheadh dhíom cá raibh mé ag dul le trí aonach. Tá láimh na dóghadha ceart go leor, ach ní fheicim cá'il láimh na tárrthála
Níl aon-cheannachthóir faoi sheacht ranna na néal is measa ná í th'éis cho taithighthe agus atá sí ar aontaigh. Ceannuigheann sí 'chuile bheithidheach ar a dhaoirse, agus cinneann uirre a cuid féin a fháil air aríst, agus í dhá dhíol. Dheamhan tógáil a thugas sí orra ar aon-nós, le tada a bheith aice asta
 
Baoghal air siúd a bhudóigín a dhíol leat. Ar an dá luath agus a bhfaca sé go raibh tú líomhtha ag (chuig) a ceannacht, ní leigfeadh sé lag labharta as na aon-phunt dhéag í. Ag iarraidh thú a chur uaithe a bhí sé an uair sin. Ba mhór leis duit í pé'r bith cé'n t-airgead a thiocfá léithe. Tá sé cho daoitheamhail le aon-duine a chonnaic mé ariamh
+
de
Níl díol na h-oíche de mhóin istigh
TUILLEADH (3) ▼
Tá do dhá dhíol den ealadhain (d'ealadhain) agad ar fad
Tá mo dhíol den spealadóireacht agamsa aríst imbliana
D'fhiafraigh sé dhaom an raibh aon-uain le díol agam
 
deacair 2
Is deacair a bhladar má dhíol sé na muca faoi na luach
 
Tá do dhá dhíol deáchainte uiliog agad. Breá nach bhfanann tú thoir ar do bhaile fhéin agus a dhul ag deáchaint leó, go bhfeice tú cá'id a éistfear leat. Ba ghearr go mbeadh rud ar a shon agad, deirimse leat!
 
Tá deacracht ar churach a chur isteach ann ar chaoi ar bith. 'Sé díol an diabhail é le muláin, agus muláin chontabhairteach
 
Má's deagh-dhíoluidhe féin é, is dó is fusa. Cuireann sé dhá fhuireann muc amach 'chuile bhliain agus níl seachtain ag eirghe ar an mbean nach mbíonn seifte Gaillimheach aice. Tá sí indon a dhul Gaillimh ar Sheascach na gCearc féin, agus gan ubh na eirín ag daoine eile le cur isteach ar a gcroidhe, ní áirighim a ndíol. Is furasta dhá leithidí sin a bheith glan ins na siopaí
 
déag
Dhíol sé sna déaga de lorries mhóna = níos mó ná deich gcinn
 
Dá mbadh mise thú, dhíolfainn an bhó sin as an mbealach. Níl aon-deághealladh fúithi chor ar bith. D'aithneóinnse údar maith
+
dealg
Bhí gearrbhodach ag L. Sh. Ph. Níorbh fhéidir a choinneál istigh, ach ag boithreoireacht ó oíche go maidin. Bhuail sé agus mharbhuigh sé é, agus thug sé 'chuile dhíol air, go minic. Chodluigheadh sé ins an gcró leath na n-oícheannta an áit a gcuireadh an t-athair an glas ar an dorus. Bhí bó aige l'aghaidh laoigh an oíche seo agus b'éigin dó fanacht in a shuidhe dhá cíonn. Tháinig an mac domhainn ins an oíche. Ní bhíodh an t-athair ag cur araoid' ar bith an uair seo air — bhí sé sáruighthe aige agus gan maith dhó ann. Dar fiaguidhe dubhairt sé an oíche seo leis gan droch-mhúineadh ar bith: "is fhearr leat ag boithreoireacht agus ar do chuid drabhláis" adeir sé "ná a theacht isteach in am, agus aire a thabhairt do'n bhó, i leabaidh t'athair bocht a bheith caillte annseo dhá cionn." Níor dhubhairt an stócach tada ach bualadh siar a chodladh. Chuaidh an t-athair a chodladh as sin go maidin. An uair a d'eirigh siad ar maidin, ní raibh an gearrbhodach ins an teach, ná ar an mbaile. Cuireadh tuairisc, ach ní raibh fáil in áit ar bith air. D'fhan mar sin go bhfaca siad suím aimsire agus gan tuairisc ná fáirnéis air, ar an bhfad sin. Sin é an uair a scríobh sé as Meiriocá agus chuir sé céad punt abhaile ar aon-láimh amháin. Bhí an-tsaothrú dhó ar an "railway". 'Sé an focailín sin adubhairt a athair a spadhar é, i gcruthamhnas duit nach bhfuil lot ar bith nach mbeadh dealg cho dona leis
TUILLEADH (1) ▼
Má tá a dhealg sáithte innte sin anois aige, ní leigfidh sé di go gcuiridh sé síos ins an talamh í leis an díol a thiubharfas sé uirre. Sin é an sórt duine é. An té a mbeidh sé in a aghaidh beidh sé in a aghaidh, agus níl aon-mhaith a dhul ag brughadh air. Is duine é a thiubharfas a chuid faltanais i gcreafóig leis.
+
deamhan 1
Dheamhan an ceann muis. Dheamhan é. Ba díol déirce le na daoine "na Meiriocánaigh" féin a fháil anois, ach níl siad sin féin ann
TUILLEADH (1) ▼
Dheamhan marar dhíol sé aríst í = dhíol sé aríst í (níl san "dheamhan" annseo ach neartúchan)
+
déan 1
Mara bhfuil sé aige, 'sé a dhíol a rinne sé. Dheamhan ceo eile.
TUILLEADH (1) ▼
Ní bheadh aon-tsásamh aige ann, mara ndéanadh sé a dhá dhíol óil. Sin é an béas atá aige i gcomhnaí
+
Níl díol tighe de chlocha annsin agad hébrí céard a dhéanfas siad len a chur stór amháin
TUILLEADH (1) ▼
An diabhal bocht muis, is furasta a díol d'fhear a thabhairt di anois! Dhéanfadh sí mór le duine ar bith a dhéanfadh mór léithe, ach is mór m'fhaitíos go bhfuil sí ins an ngearradh dhíob. "An tslat atá sean, ní fhanann uirre aon-mheas"
 
Déanta na fírinne ní dhíolfaidh mé iad go sásuighidh mé mé fhéin go maith. Tá an iomarca caillte agam leo, len a leigean uaim ar bheagán
 
Sin deargán ceart anois — an clúdach atá ar an "gcopy" sin. Cá'il an cinéal sin dhá ndíol? Is fadó an lá nach bhfaca mé a leithidí cheana
 
deas 1
Is deas an deis atá air anois: gan fód móna ag gabhail leis nach bhfuil díolta aige
 
Dhíol sé dioscán mór turkeys i mbliana, agus má dhíol féin, dheamhan mórán a bhí dhá mbarr aige déarfainn. Bhí an-dola air dhá mbeathú.
 
Ní bhuailfidh sé aon-ghráinne coirce an tseachtain seo anois. Má tá an "t-engine" briste, ní f'lár seachtain go maith a fhágáil ag an deasúchán. 'Sé díol an mhíádha a leithidí sin a dheasú, má bhuailtear suas iad
 
deil 1
Tá sé ar deil anois. 'Sé a dhíol ceart é
 
D'fheicinnse deileadóirí ar na h-aontaí roimhe seo ag díol túirní agus rothaí túirní ach ní fhaca mé aonduine dhá ndíol anois leis an tsíorraíocht. Bhí mná aráin agus abhrais ann an uair sin, ach cá'il an bhean óg in do thír inniu a bhfuil a fhios aice le breith ar thúirne agus próiste a shníomh. Tuinnte fada na h-óinsí a bheadh in a diaidh, dhá mbuaileadh sí faoi
 
Deimheasóiridhe maith í sin. Ná déan níos aoirde léithe ná beannú di 'san mbóthar. Sin é do dhíol
+
An bhfeiceann tú an díthreabhach sin thoir — M. J. Ní díol truaighe go dtí é. Nacharbh fhearr dhó sin go mór fada anois, an giodán sin a dhíol amach agus imeacht ar an scuir, sin nó mála na déirce a chuir air fhéin, ná a bheith ag iarraidh muiríne a thógáil idir dhá chlochar annsin
TUILLEADH (3) ▼
Shílfeá gur déirce a bheadh sé a thabhairt duit dhá n-iarrthá tada air. Is mór an t-iongnadh go bhfuil sé ag díol tada, agus cho daoitheamhail agus atá sé. Ní dhíolfadh ach an oiread, meireach an áit a bheith faoin a mhullóig féin aige, agus nach bhfuil aon-dhuine le dhul in a bharr air
Dhíol sé an déirce (cf. díol)
díol (díon) déirce (cf. díol)
 
Mharbhuigh sé muic faoi Nodlaig — ceann a bhí suas le chúig clocha déag meadhchain ar a cois. Chuir sé oiread na fríde againn — díol béilí amháin. Níor dhéircighe dhuinn é. Dar mo choinsias níor chumaoin dó. Dheamhan ceo a bhí annseo ariamh nachar roinneadh druimscoilte leis — nachar roinneadh sin. Béidh a shliocht air: an rud céadna a dhéanamh leis aríst
+
Bhí cúigear aige siar 'un deire agus triúr 'un tosaigh, agus marab shin é díol mótar ar bith, castar leis é
TUILLEADH (3) ▼
Díol cam air féin agus ar a chapall. Chuir mé aisti, agus 'sí a bhí ar deireadh ar fad
Tá a deireadh díolta anois (móin)
Dhíol sé an bhó ar na chúig phunt dhéag as deireadh na cúise. Chreidim go mba mhór leis a tabhairt abhaile
 
Tá sórt púdar eicínt dhá dhíol i dtíthe na ndrugaí i nGaillimh a bhainfeadh an deirgeadas sin as páistí ar an bpuinte
+
deis
Má fhaghaim deis ar bith ar an asal sin aige, bascfaidh mé é. Deir tú leis a theagas ins an iothlainn agam 'chuile oíche, ach tá a dhíol céille aige le bheith imighthe shul a eirighim ar maidin. Sin é an gleacaidhe
TUILLEADH (2) ▼
Nach breagh an deis a chuir sé ar an seomra siúd. Is seomra ornáilte ceart anois é. Tá díol rí de theach aige gan bhréig ar bith
Níl aon-mhaith dhuit ag caint ar an rud sin anois. Indiaidh a chéile a déantar na caisleáin. Tá do dhíol de theach agad faoi láthair. Fan go dteagaidh sé ar do dheis agus déan ceann annsin. Ach cé'n smál a bheadh ort a dhul ag bacadh leis anois agus a bhfuil eile ag glaodhach ort
 
Tá mé ag leigean súgáin dhó sin ó mhaidin, agus é dhá mbriseadh. Scaithtí casfaidh sé deiseal iad: scaithtí eile, tuaithbheal, agus marab shin é, 'sé a dhá dhíol fuinnimh a chuirfeas sé ann, nó go ndéanfaidh sé míle píosa dhó. Go gcuiridh Dia an t-ádh ort, agus beir ar an gcor-shúgáin uaidh as a láimh, agus ná bíodh sé ag cur chantail orm níos fuide
 
Mara bhfuil sé deiseamhail muis, tá sé féin agus a chosamhlacht in aghaidh a chéile, tá sin. Nach bhfuil díol duine uasail de chulaith éadaigh air agus an bhfeiceann tú an mótar atá aige. 'Bhfuil a mhacsamhail ins an tír?
 
deoin
Mara bhfanaidh sí ann dá deoin, níl agad a dhéanamh ach a díol. Ní fhaca mé aon-bhó ariamh as an ruta céadna nach mbeadh an bhradghail agus an chneámhaireacht ag imeacht léithe
+
deoir
Anall leis go dtí mé as comhair a raibh ann. "Tá tú agam" arsa seisean. "Thusa a dhíol an bhudóig liom a bhí tolgtha". Fhobair dhom tuitim i mbun mo chos. Ní thiubharfainn deoir fhola le náire.
TUILLEADH (1) ▼
Shíl mé nach mbeadh deoir ar bith le déanamh aige agus a bhfuil curtha aige le mí. Ach is cosamhail nach bhfuil a dhíol aige fós di
+
Is beag an deoladh é mo dhíol, ach ní fhaghaim sin féin
TUILLEADH (1) ▼
Is beag é mo dhíol — deoladh beag dhá cheann de ló. Ní iarrfainn aon-ghreim choidhchin i lár an lae. Nach bhfuil a fhios agad féin annsin gur deacair dhomsa aon-rath a bheith orm, agus gan mé ag caitheamh aon-cheo ach mar sin.
 
dia 2
Leig sé an Aoine air féin gan a dhul siar in a choinne, agus ná raibh ann mara raibh sí díolta ag an bhfear thiar roimhe
 
Tá diabhlaíocht Shasana indon a tabhairt as chuile ghá(bhadh). Mo léan deacrach thú is fada an lá díolta leis an diabhal í, agus m'anam go bhfuil sé ag rith léithe in a dheidh sin
 
Is diachta nach gcrochfaí an diabhlánach, agus a bhean marbhuighthe aige. Is mór an díol truaighe anois é mar dhóigh dhe, ach ní fheicim go bhfuil truaighe ar bith do'n chréatúr bocht atá faoi'n gcréafóig. Sin é an chaoi a mbíonn sé: fear dhá bheathú agus fear dhá mharbhú
+
diaidh
Do dhubhshlán an bhoichteanacht a shamhlú anois leis. Is maith an scathamh ó a d'fhága sé in a dhiaidh í. Dhíol sé an déirce mar adeir an ceann eile.
TUILLEADH (2) ▼
Níl duine ar bith aice anois le dhul in diaidh an chapaill. Caithfidh an bhean bhocht a díol
Ní bheinn indiaidh a raibh istigh agus amuigh agam a thabhairt di, ná ní mhaoidhfinn uirre go bráth é, marach an bealach gránna atá léithe féin. Dhá dtugthá an saoghal mór di, bheadh sí ag banrán in a dheidh sin nach raibh a díol aice
 
Bhí sé ag díbliú ar Develera faoi gan aon-phradhas a bheith ar chaoirigh. Diabhal aithne air nach ag Develera atá na caoirigh a cheannacht. "Ní cheannuigheann Develera caora ar bith ar bith" adeirim féin. "Níl aon-talamh caorach aige." "Go leaghaidh mac an Diabhail é an cneamhaire" arsa seisean. "Is mór an feall nach bhfuil díol a dhroma aige de thalamh eicínt nach n-eireochadh sé as — an ruifíneach ó's seisean é"
 
Sin é an dicheall mar siúd, a dhicheall sin! Ní bheadh a dhíol féin móna bainte aige in imeacht ráithe, ní áirighim in imeacht mhíosa!
 
'Sé an díleághadh sin mar d'innis mé dhuit, a chuir de dhruim tighe é. Bhí sé fánach aige aon-chúis a dhéanamh. B'éigin dó an teach agus an talamh a dhíol agus a dhul síos go G. Bhí sórt sipín beag annsin aige ar feadh scathamh, ach níor eirigh sin leis ach an oiread. Tháinig an sirriam air agus thóig má's beag mór a bhí aige ann, in ómós fiacha. Fuair sé bás ins an "bpoorhouse" faoi dheire agus faoi dhó (dheoidh)
 
Cá bhfuighidh na dílleachtaí bochta díol a bhfreastail anois? Is beag an tsúil le Dia a bhí ag duine ar bith a chuaidh ag déanamh a leithide de chleas
 
Tá an oiread dinndiúirí ar an teirghéis bheag sin de leath-choróin "dole", agus a bheadh ar dhúithche L. K. dhá mbeadh sí dhá díol. Níl aon-leota de pháipéar dhá bhfuil mé a fháil faoi nach ndéanfadh stráca do'n teach. Fuair mé ceathair nó cúig de cheanna le mí …
 
Tá giocaichín asail aige, agus is gearr an bás uaidh. Tá sé dhá chailleadh le truailleachas. Tiubharfaidh seachtain eile a dhíol le déanamh dhó. Sin é an uair a bhéas sé idteannta ceart, 'nuair nach mbeidh tada aige le móin, aoileach ná feamuinn a tharraint
+
An mhóin bhán sin, sin í díogha an phortaigh. Caithfidh muid í sin a choinneál duinn féin, agus an chloch-mhóin a dhíol. Ní dhrannfadh aon-fhear "lorry" le móin bháin mara indán agus go mbeadh sí an-fhliuch, agus go mbeadh sé ag iarraidh meadhchain a dhéanamh, rud a bhíos siad ag iarraidh a dhéanamh scaithtí. Is cuma le cuid aca cé'n sórt conuas a chaithfeas tú aca. Dhá fhliche dá mbeidh sí, is amhlaidh is mó meadhchan í
TUILLEADH (3) ▼
Má's isteach annsin atá sé ag dul faoi dheire thiar, dar fiadh tá sé ag dul ag greamú do'n díogha ceart. Dá mbeadh sórt meas ar bith aige air fhéin, ní thaobhóchadh sé iad sin — cineál na bhfaochan agus na ngliomaigh. Nach diabhaltaí mór an dallach dubh a bhíos ar dhaoine thar a chéile. B'fhurasta dhó sin a dhíol de bhean a fháil in a rogha áit ins an tír, thar agus a dhul go dtí an staiceallach mí-chuíbheamhail sin … Ní mise atá dhá rádh léithe. 'Sé ráidhte 'chuile dhuine é
Is deas an chaoi atá air anois, agus é taobh le roghain an dhá dhíogha: an talamh a dhíol agus imeacht, nó an talamh a thabhairt do J. in ómós na bhfiacha atá amuigh aige air. Tuilleadh géar do'n diabhal aige ó a chaithfeas mé a rádh leis! Bhí slí agus seifte aige annsin, agus tháinig an oiread aige ó'n dream a bhí i Sasana le trí bliana agus a d'íocfadh a raibh amuigh ar an mbaile. Ach b'fhearr leis ag imeacht dhá ól, agus ag "gobaireacht" má b'fhíor dó féin. Badh shin í an gobaireacht eile muis. 'Chuile shórt dhá raibh sé a cheannacht dhá bhánú. Nach bhfaca mé é ag díol dhá bhulán annsin thoir imbliana a cheannuigh sé an t-aonach roimhe sin, agus bhí sé deich scilleacha an ceann briste ionnta. Cé'n chaoi a bhféadfadh fear de'n tsórt sin cúis ar bith a dhéanamh!
Indomhnach níl ann anois ach roghain an dá dhíogha: í a dhíol ar bheagán, nó í a fhágáil annsiúd go ndéanfaidh sí deannach ins na cruacha. 'Sé an áit siar a shaoirsigh móin. Tá siad dhá fáil ann ar bhreith a mbéil féin. Dá mbeadh na daoine gan a dhul ar páighe chor ar bith ag an "nGovernment" ach a gcuid móna féin a bhaint, agus iad uilig a theacht suas annsin ar aon-phradhas amháin, tá mise ag rádh leat, go mbeadh móin in a h-ór. Ach fagh thusa an dream a dhéanfas é sin. Gheobhair muis!
+
Is olc an bhean díolacháin í. Tá sí ro-chunntasach. Dá mbeitheá ag síneadh leath-chéad punt amach aice agus dhá mbeadh an bille leithphighinn le cois, d'fhanfadh sí go bhfaghadh sí an leithphighinn. Sin é an sórt duine í. Ní mhaithfeadh sí tada dhuit. Níl a díol cuntanáis innte ach oiread, leis an té a thiocfas isteach chuice. Ní mór do bhean díolacháin a bheith fáilidhe i gcomhnuí …
TUILLEADH (2) ▼
Shílfeá go bhfuil tú ag brath ar a dhul ag díolachán bail ó Dhia ort! 'Séard a bhí agad a dhéanamh anois cupla páidrín agus glac iallachaí a fháil, agus a dhul thart dhá bhfuagairt ó theach go teach — ag siubhal romhat agus ag bailiú in do dhiaidh mar adeireadh an Ceannuidhe Ruadh a bhíodh ag dul thart annseo fadó. Chuala mé M. Ph. Sh. M. — ós aige atá a fhios chuile rud — ag rádh an lá cheana gur ag díol páipéir nuaidheachta ar na sráideanna a thosuigh Lipton an tae. Má seadh ba mhaith a chuaidh sé dhó. Ach bhí sé cruadh coinneálach agus cion aige ar 'chuile phighinn. Tomsuigheann brobh beart, adeir siad
Bhíodh sé sin ag dul thart annseo fadó le carr agus capall ag díolachán. Tae a bhíodh sé a dhíol. Bhíodh go leor de na fir tae sin ag dul thart an uair sin. Is uatha a cheannuigheadh chuile dhuine tae. Ní raibh thairis sin de mheas chor ar bith ar tae na siopaí an uair sin — mara bhfaighteá ó fhear an tae é … Is gearr ó shoin chor ar bith é sin …
 
Marach a dhaoireacht agus atá 'chuile rud, b'fhurasta do dhaoine a bheith in a ndíoluidhthe maithe, ach tá 'chuile shórt anois ar a dhaoirse, ach an rud a bhéas tú a dhíol. Níl a dhuth ná a dhath ar sin
 
Tháinig mé le díolaidheacht a dhéanamh leat. Tá sé thar am, ach dheamhan neart a bhí ag na daoine air, no gur díoladh an dá shúgán muice sin
+
Ar dhíol tú as chor ar bith. Sin é an fáth a bhfuil sé chárta agad. Caithfidh aith-imirt a dhul ar an mbun sin
TUILLEADH (9) ▼
B'éigin dom mámh a dhíol as. Ba shin í an láimh agad! Tháinig an-chóisir mhámhasaí agam i dteannta a chéile an uair sin. Sin é an chaoi a mbíonn siad: uair bheag agus uair mhór.
Ar dhíol tú as an aon chor ar bith … Níor mhór duit. Marach go raibh díolta agad aiste shul ar thóig tú cúig do láimhe dhéanta, bheadh do láimh i bpaca. Tá imirt ro-mhaoilscríobach ar na cártaí annseo ar fad. Dhá mbeitheá ag bord le daoine eile, is beag de'n tsleamchúis sin a bheadh ag siubhal leat. D'imreochthá na cártaí mar is ceart nó ghabhfadh do láimh i bpaca ar an toirt
Céard a dhíol tú as … Dó triuf. Sin é an áit ar chac tú ar na h-uibheachaí. Dhá gcoinnightheá an triuf agus an muileata a dhíol as, bhí a gcosa nighte. Ní mór duit a bheith cho maith ins an áirdeall ar do chuid drámhasaí agus a bhéas tú ar do chuid mámhasaí idir ceathrar
Fhobair mé gan díol as chor ar bith. Tá mearbhall eicínt orm anocht. Droch-chearrbhach arsa tusa
Tuige a bhfuil tú ag díol as … Cá'il an rubáil? Nach bhfeiceann tú gur hairt atá iompuighthe?
Chuaidh sé 'fhoisceacht mbeannuighidh Dia dhom a bheith díolta as, ag ceapadh go raibh rubáil agam. Tá trí aon chaocha agam, ach 'ar ndú mo léan níl an aon cheart agam
Breagh nach mbreathnuigheann tú ar do chuid cártaí. Dhíol tú mámh as annsin agus thú sáthach feidheartha mar a bhí tú. Ní chuirfinn ag imirt chnaipí thú … Na cúl-chearrbhachaí atá ag déanamh ballséire dhíot, idteannta 'chaon tsórt
Tá sib in a gcíorthuaithbhill cheart anois. Níl agad ach cheithre chárta. Tá sé chárta agadsa. Dhíol tusa as, agus tá ceann le cois agad. Caithigidh suas iad agus roinnighidh aríst iad
Tuige nach hé an dó beag a dhíol tú as i leabaidh an sé? Ná bí cho siléigeach sin, a dhuine sin
+
Níl díol drár agus báinín 'sa ngiota sin, ach bheadh, marach gur diomalluigheadh (nó diomluigheadh) é. Cé a bhí ag putráil leis ag iarraidh a ghearradh?
TUILLEADH (2) ▼
Shíl mé go raibh ní ba mhó drabhláis ná sin sa ngiota éadaigh sin, agus níor thug mé diomallú ar bith air. An-áirdeallach féin a bhí mé dhá ghearradh. Gheobhaidh sé cnáimh le crinneadh díol an dá ghúna a bheith ann
Ná bac le fataí. Bhí díol baile d'fhataí annsin thoir, marach an chaoi ar dhiomluigh siad sin iad. Ní chreidfinn ó'n saoghal nachar thug duine eicínt cruiteannaí asta, mar hébrí cé'n diomallú a gheobhaidís, níor cheart dóibh a bheith cho h-ídighthe agus atá siad
 
Ní raibh mé buidheach ná diomdhach de'n aonach. Feicthear dhom go mbadh cheart dom cuid mhaith eile a fháil agus an dá rampaire muice a bhí agam, ach ar an gcaoi ar díoladh muca eile, ní raibh daor-bhasctha chor ar bith dhom
+
díth
Feacha an dícéille a bhí air sin an gamhainín a dhíol ar chúig phunt i leabaidh a choinneál nó go reamhruigheadh muid é
TUILLEADH (1) ▼
Dheamhan bean a fuair sé agus ní de dhíth a shaothruighthe é ach an oiread. Chaith sé cúig nó sé de phéiridheachaí bróg ag dul na h-aistreáin sin siar. Cé'n bhrígh ach an t-am a raibh sé ag imeacht: ar an sneachta mór. Chonnaic mé ag teacht isteach is an séipéal annsin thiar é, maidin Domhnaigh, th'éis a bheith ar a chois ar feadh na h-oíche, agus níor dhíol-truaighe go dtí é. Bhí cuisne síos as cúl a chinn
 
Má bhíonn an seachadadh-amach ann, beidh sé fáilidhe agus an-ghairm aige romhat. Ach má's ag iarraidh cáirde a bhéas tú go ndíoltar an mhóin, deirimse leat gur diúltach an feithideach é le breathnú idir an dá shúil air.
+
Sílim go ndiúltóchaidh an fear seo thiar na capaill ar fad uaidh seo amach. Rith an bromach air an lá faoi dheireadh ag teacht ó'n gceardcha, agus tá scáth air a cur faoi charr ar bith anois. Déarfá gur mó an bhrath atá aige a díol ar fad. Bhí sé ag rádh indé go raibh caiple thrídh lasadh ar an aonach cheana …
TUILLEADH (1) ▼
Ó anocht amach le congnamh Dé diúltóchaidh mise an chuartaidheacht. 'Séard a dhéanfas mé feasta síneadh siar ó chluais go rioball ar an teallach, na bróga a bhaint díom, na buinn a chur le teine, mo dhíol tobac a chaitheamh, agus neart cabaireachta a thabhairt do dhuine ar bith a chasfar isteach
 
'Bhfuil a fhios agad cé'n chaoi ar chaith mé an lá: ag dul ag dlaoithiú sailighe l'aghaidh ciseáin. Tá rud beag seifte aice féin, agus dheamhan a dhath de chiseán aice a d'iomchróchadh Gaillimh aon-tSatharn beo é. Deir siad go bhfuil ciseáin dhá ndíol i nGaillimh, ach mo chreach mhaidne, ní saill gan fiacha iad sin
 
Tá caint mhór ag Sasana ar na dlighteanais atá amuigh aice ar an tír seo, ach níl caint ar bith aice gur bhain sí amach ar gcuid talmhana le créatúlacht, agus go bhfuil sí anois ag iarraidh orainn a íoc ar ais léithe. Déirce dhá chuid féin do'n amadán. 'Seadh inDomhnach. Is fir gan fuil iad muintir na h-Éireann má thugann siad "na h-Annuities" di. Ach tá cuid aca ag strócántacht ag iarraidh a dtabhairt di. Muid féin a dhíol a chéile ariamh — ariamh ins an saoghal
 
do- 2
M'anam go bhfuil na muca féin do-dhíolta th'éis a laghad aca agus atá ann
 
docht 2
Bí dhá casadh (uaireadóir) nó go n-airighidh tú docht in t'aghaidh í. Sin é a dhíol
+
dod
Is suarach an t-iongnadh dod a theacht air, agus aos óg an dá bhaile ag rith indiaidh na h-inghine air tímpeall na h-iothlann. Nach shin e a dhíol údar doid a dhuine sin.
TUILLEADH (1) ▼
Is beag de'n dod sin a bheadh ag imeacht leis dhá bhfaghadh sé a dhíol tobac, ach tá easbaidh an tobac indon dod a chur ar dhuine ar bith