Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
díog, díoga
díoga go hiondúil
ainmfhocal, baineann
níor chuala mé aon ghinideach air ach díoga
trinse, claise, glais, claise leathan le hais móta, claise chois an bhóthair; seoch; claise fhataí nó claise chuir, go háirid ceann a bheadh leathan.
+
Dheamhan an dóichíde cleas dó ná titim sa díoga
Tá díoga mhór chois an bhóthair ann
TUILLEADH (7) ▼
Ag déanamh díoga atá sé inniu
Tá an áit faoi dhíograchaí fré chéile
Scoith sí an mhóta agus an díoga lena ais. Nárbh ait an léim í sin do chapall
Chuir sé an carr isteach sa díoga cois an bhóthair. Ba mhaith an t-ádh a bhí air nár mharaigh sé é féin agus gach is a raibh sa gcarr aige
Tá díogaí agus feadáin ansiúd ó dheas den teach aige agus bháfaí man of war iontu
Ní clascanna atá sé a dhéanamh ach díograchaí. Ach is cosúil nach bhfuil mórán fóid ansiúd. Tá sé spíonta
Dhá ndéanaidís corrdhíoga mhaith leathan thríd an gcriathrach sin, d'fheicfeá féin air gur gearr a bheadh sé ina bhogeimhin mar sin. Níl maith ar bith sna trinsí caola sin
·
Tá claise ansiúd thuas agam agus tá sí ina díoga — clais an-bhog, uisciúil
Ná bac le na clascannaí siúd anois. Tá siad ina ndíogannaí críochnaithe. Cinnfidh sé orainn a dtógáil chor ar bith. Tá an fód marbh ina ghuta orthu

díog in iontrálacha eile (1)

 
droim
Chuaigh an lorry droim ar ais sa díoga ach má chuaigh féin, níor éirigh faocha d'aon duine dhá raibh ann míle buíochas le Dia. Bhí Dia ina bhfabhar. 'Sé a thug slán iad