Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
diocach, giocach, diocachín, giocachín
ainmfhocal, baineann
goróir; duine a mbeadh dioc (gioc) ag imeacht air; duine a mbeadh creathadh air, nó a bheadh craptha nó cromtha, nó buailte ar a chéile ag an bhfuacht, ag an aois, ag an donacht nó a leithide; driúcaí.
+
Is cuma dhó céard a dhéanfas sé. Is gearr an bás uaidh. Tá sé ag imeacht ina ghiocachín leis an bhfuacht
Is gearr isteach sa mbliain nua — dheamhan a fhios agam nach gearr isteach sa ngealach nua — a thiocfas an ghiocachín sin. An bhfeiceann tú an chruit atá ag teacht uirthi, agus tá snua an bháis ina ceannaghaidh
TUILLEADH (8) ▼
Lig de do chuid cumadóireachta anois. Meas tú an gcreidfidh muid thú? Cé a phósfadh an diocachín dona úd? Dheamhan bean a phósfadh é dhá mbeadh Éire taobh leis. Bheadh féirín ag an mbean a phósfadh é sin muis!
Chonaic mé an ghiocachín sin thiar ag S. Ph. ag dul 'na phortaigh. Bígí ar a (bhur) son féin anois. Níl aon lá ariamh nach mbeadh nead easóige sa gcruaich s'acu fhéin (ní thaobhóidís a gcruach féin, ach an mhóin a ghoid as cruacha eile)
Ar ndóigh ní in ann a dhul ag cur fhataí atá an diocach sin. B'fhéidir go mbainfeadh sé boirdín astu amach faoi Bhealtaine nuair a bheadh an aimsir ársaithe amach agus an teas ag teacht sa lá, ach má bheireann soinneán den tseanbhó ar chnocán rite air, tá a chuid bainne sláinte ólta
Ní fheilfeadh áit ar bith don ghiocach údan ach istigh i gcónaí ag breacadh a loirgne, agus fag as a béal. Maidir le bheith amuigh ag scaradh síolta ar bhoirdín goirt, ní hí ab fhearr liom. Ní hí is fhearr ach an oiread. Is mór an t-ionadh nach dtugann sé gaoth bhoird amach as an ngort di uileag
Is fada í ina diocach mar sin. Na scoilteachaí atá dhá dhéanamh uirthi. Ní fhaigheann sí réidh an achair chor ar bith anois uathu
Má bhí sí ina bean bhreá tamall, níl sí amhlaidh anois. Tá sí ag imeacht ina diocachín agus a dhá ceann buailte ar a chéile. Is mór atá an aois in ann a dhéanamh
D'fheicfeá ag imeacht ina dhiocach suas sna póirsí siúd é corruair agus pluideog dhearg air, agus é gorm leis an bhfuacht. Ba dona an mhalrait ag an duine bocht sin é. Dhá bhfanadh sé san áit a raibh sé, bhí aige, seachas a dhul síos ar na leaca fuara sin ag scríobadh leis an nganntan go bhfaighe sé bás
Tá sé ina ghiocachín ag na neascóideachaí. Ní fhéadann sé a chloigeann a dhíriú beag ná mór ag péire atá ar chinc a mhuiníl. Tá siad ina mbúistiúin ar chaon taobh agus beireann siad ar chába an tseaicéid má bhaineann sé feanc ar bith as féin
+
Tá diocach chaillte de lao aige, agus 'sé a chlochneart é má sháraíonn sé an tsíon seo. Tá sé ansin thuas anois ina ghoróir i lúbainn an chlaí, agus é ag eitealla leis an bhfuacht. Tá an bhuinneach air i gceann mar atá sé. Sin í an cailín atá in ann giorrú le na laontaí
Ní cheannódh aon duine beo í ach é féin. Bhí sí ina giocach thoir ansiúd le claí agus gan an ceannaitheoir féin ag breathnú sa taobh a raibh sí. Tháinig sé aniar agus bhuail sé fúithi. Diabhal mé go bhfuair sé ar amhrán í. Nach ait a scinn sí amach ina dhiaidh sin. 'Sé an chaoi a bhfuil sé, má tá an beithíoch ag dul duit, níor mhiste dhuit dá mbeadh sé ar a chailleadh ach éireoidh sé. Mura bhfuil, ní choinneodh leagha na bhFiann beo é
TUILLEADH (1) ▼
Tá giocachín asail aige, agus is gearr an bás uaidh. Tá sé dhá chailleadh le truailleachas. Tabharfaidh seachtain eile a dhíol le déanamh dhó. Sin é an uair a bheas sé i dteannta ceart, nuair nach mbeidh tada aige le móin, aoileach ná feamainn a tharraingt

Féach freisin