Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dingthe
aidiacht bhriathartha
ní mheasaim go mbaintear aon leas as ach ina aidiacht bhriathartha
 lioctha; brúite ar a chéile; log curtha i gcorr nó i gciumhais rud; fáiscthe diurnáilte; sceacháilte anuas; rud as a riocht.
+
Tá na cocaí dingthe brúite — lioctha ar a chéile; iad gleannach mar a bheidís dá mbeadh beithígh nó daoine ag bualadh ina n-aghaidh
Rinne muid trí choca móinéir tráthnóna aréir agus bhí siad dingthe ar fad ar maidin. Fuair mé lorg beathach sa ngarraí. Níor tharraing siad iad, ach 'sé a chosúlacht go raibh siad dhá gcuimilt féin ina n-aghaidh
TUILLEADH (2) ▼
Is beag an dochar dhó a bheith dingthe. Is iontas nach leagtha ar fad atá sé. Chaith paicle gasúr an tráthnóna aréir ar fad ag rith de rite reathach faoi, agus ag éirí suas air agus dhá ghuailneáil. Dhá mbeirinnse orthu bheadh scéal acu air. Mo léan géar d'fhan siad uaim
Tá an chruach choirce sin dingthe lioctha ar a chéile. Buaileadh an iomarca uirthi. Nach raibh chuile dhuine ar an mbaile agus a thuairgín aige ina héadan. Agus bhí an ceann a bhí dhá dhéanamh ar meisce — ar deargmheisce!
+
Tá tóin na méise dingthe ar fad. Na ruifíneachaí de ghasúir sin aríst. Tá siad chomh hábhailleach lena bhfaca tú ariamh. Tá sé de bheith orthu a bheith ag déanamh millteanais chuile ré solais
An mbeadh a fhios agat faoi do rí anois cén chaoi a bhfuil an láí sin — láí nua — dingthe. Chaith mise an bhliain anuraidh ar fad ag mianadóireacht sa tseanbhreaclach sin thiar, agus níor chuir mé an bhail sin ar an láí a bhí agam. Chaithfeadh sé gurb í a sníomh idir dhá chloich a rinne sé
TUILLEADH (3) ▼
Shílfeá go bhfuil an bag dingthe. Duine eicínt a shuigh air sa mbus. Sea go siúráilte. Duine ar bith atá ag traibhléaracht mar sin aimsir na Nollag, is deacair dó rud ar bith a thabhairt slán. Bíonn busannaí agus traentachaí líonta go drad
Cheannaigh mé hata breá nua — luach punt — agus fé brí cén chaoi ar leag mé ar an sate le m'ais é, dheamhan easna de sheanchailleach nár tháinig isteach agus nár ghróig sí í féin síos ina mhullach. Ní fhaca tú carghas go dtí é. Bhí sé dingthe brúite ar fad. Chinn orm ariamh a chumraíocht féin a chur air ina dhiaidh sin. Is mór dhá fhonn a bhí orm, bíodh a fhios agat, a dhul ag bleaisteáil na seanmhná
Tá an fag dingthe ar a chéile ar fad. B'fhéidir dhó a bheith slán ina dhiaidh sin. Níor cheart duit a mburláil síos in do phóca mar sin. Faigh boiscín beag mar atá agamsa