Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
ding, ginn
ainmfhocal, baineann
iolra: geanntrachaí, dingeannaí. Iolra 2 = geanntrachaí; iolra 1 = dingeannaí.
fuaim: ding ciall a 1: tá a fuaim féin ar gach litir mar atá siad. Ciall a 2: d > g; ng = nn; i > í (Cois Fharraige)
1.
 liocadh; brú; colbha ruda a chur as a chumraíocht lena chasadh nó a lúbadh isteach; dunt.
+
Tá ding sa roth an áit ar buaileadh faoin gclaí mé thiar ansin. Ní féidir a thabhairt ar ais ina chomharthaíocht féin gan a thabhairt ag garage. Má théann muide ag potráil leis, níl a fhios againn nach é a bhriseadh ina dhá leith a dhéanfadh muid
Tá an-ding sa mudguard tosaigh aige. Rith isteach i stuaicín an sconsa thiar ag an teach a rinne sé. A chuid sleamchúise féin, deile! 'Sé an fear deiridh é le dhul i ngreim i roth mótair
TUILLEADH (7) ▼
Céard a chuir an ding sa gcliabh sin. T'anam feannta ón diabhal murach go bhfuair an cliabh iarraidh — agus an-iarraidh — ní bheadh an bhail sin air, agus cliabh chomh láidir leis freisin
Feictear dhom, muran ar mo shúile atá sé, go bhfuil ding sa mballa sin idir an dhá fhuinneoig. An gceapfása go bhfuil? Dar mo choinsias, tá log eicínt ann. Is furasta a aithinte é
Is diabhaltaí maolscríobach uaidh coca féir a dhéanamh. Féacha an ding a d'fhága sé ansin anois. Ólfaidh sé an bháisteach as éadan
Is maith an tuíodóir é gan bhréig gan mhagadh! Breathnaigh ar an tuí a chuir sé thuas ar tigh S. Tá sí faoi chruiteannaí agus faoi dhingeannaí as cnáimh éadain. Ní ligfinn suas ar mo theach chor ar bith é. Namhaid í an cheird gan í a fhoghlaim
Bhuail sí cic ar an mbuicéad agus chuir sí ding ann. Ní féidir an ding sin a bhaint as anois choíchin mar is ceart. Beidh sé ag liocadh i gcónaí de do mhíle buíochas
Mura n-éirí tú as cuirfidh mé ding in do bhaithis. Is gearr an mhoill orm é, feicfidh tú féin air
Ding a bhí a chur ina leath deiridh le barr na bróige. B'fhéidir go gcoinneodh sin ó bhóithreoireacht í
+
Brú agus ding ort! (eascainí choitianta gan mórán dochair)
Brú agus ding oraibh — nach gearr ó cheana a fuair sibh coirce (cearca)
TUILLEADH (4) ▼
Brú agus ding ort! Ní dhéanfadh áit ar bith thú le do chráig mhóir a leagan ach anuas ar mo chois thinn
Brú agus ding orthu nach bhfanann sa mbaile, agus gan na daoine a bheith sáraithe acu, chuile oíche san aer. Ní mé dhá dtéadh aos óg an tí seo suas le béal in airde a dhéanamh dhá dteach siadsan, cén chaoi a dtaitneodh sé leo. Cuirfidh mé geall gur beag an acmhainn a bheadh acu
Brú agus ding ort mar chat. Tá a bhfuil ar an drisiúr leagtha agat. Ní thú is measa ach an ceann a d'fhága an muigín ar forbhás. Nárbh fhurasta a aithinte gur briste a bheadh sé
Brú agus ding ar a cadairne thuas ansin, mura furasta léithe fir oibre a fháil! M'anam má fhaigheann nach muide é. Rinne muid ár gceart cheana di sin — ní dhá mhaíochtáil uirthi é! — agus beagán dhá bharr
2.
 giota iarainn, adhmaid nó cloiche a bhíos snoite amach as a bhéal le tiomáint isteach i siúnta cloiche nó a macasamhail lena scoilteadh ó chéile.
a.
+
Níl ansin ach clocha reatha. Ní clocha choiléir iad. Bhainfeá le gró agus geanntrachaí iad. Is breá seasúch (seasmhach) na clocha iad, dá mbeadh glac bainte dhíobh
Measaimse nach dteastódh púdar ar bith uaithi sin. Tá siúntaí uirthi agus d'éireodh sí ina screamhannaí de dhroim a chéile dá mbeadh geanntrachaí maithe agat. Ach níl aon ghinn a rath agat. Sin é an buille
TUILLEADH (3) ▼
Ní ginn ar bith a theastaíos uait léithe sin ach spéice maith agus borradh a choinneáil léithe, go dtugtaí aníos ar a corr í. Bail ó Dhia ort féin agus ar do chuid geanntrachaí! Níl tú ach ag cur anró ort féin má shíleann tú a scoilteadh
Is deacair aon bhuntáiste a fháil uirthi mura n-éiríodh leat breith uirthi le ginn ansin. Shílfeá go bhfuil sí ag síneadh ina bréidíní. Téirigh ag priocadh léithe ansin go ceann tamaill leis an nginn agus leis an ord, go bhfeice tú an bhféadfaidh tú aon cheart a bhaint di
Is diabhlaí coscartha an leac í. Níl ginn ar bith in ann aon cheart a bhaint di. Chaith muid an lá ag saibhseáil léithe le geanntrachaí, ach sin é a raibh dhá bharr againn. Caithfidh mé eadarshuth eile léithe amárach, agus má chinneann orm aon sceamh a bhaint di, fágfaidh mé ansin sa tubaiste í, nó go dteaga púdar
+
Ginn dá cuid féin a scoilteas an leamhán; le ginn dá geanntrachaí féin a scoiltear an dair — is píosa di féin is fhearr a thiomáint inti, leis an leamhán (nó an dair scaití) a scoilteadh; ní hiad a naimhde ach a gcairde gaoil agus a ndaoine muintreacha féin a chuireas cine, muirín, teallach, baile nó lucht aon cheird de dhroim seoil
An bhfaca tú Sasana nuair a chinn sé uirthi an ceann is fhearr a fháil orainn anseo, gur shaighid sí dhá dhream againn ina chéile. B'fhurasta di magadh a dhéanamh fúinn an uair sin. Bhí muid fhéin ag déanamh a cuid oibre di. Ginn dhá cuid féin a scoilteas an leamhán adeir siad
TUILLEADH (3) ▼
Bhí siad uileag mar a bheadh conairt ann ar thí an rud a bhí agam. Ach ba é an té a d'oil mé ar mo chích féin ba mheasa dhom ina dhiaidh sin. Chuala tú ráite ariamh é gur le ginn di féin a scoiltear an leamhán. Ba in a fhearacht agamsa é
Má tá na máistrí scoile iad féin anois in árachaigh a chéile feicfidh tú spóirt. Le ginn di féin a scoiltear an leamhán
Céard a d'fhága ar lár iad ach a ndaoine féin. 'Siad a fhágfas an dream seo ar lár freisin muis. Duine eicínt mar sin a bhíos geantáilte isteach a théas ag ullmhúchan na scléipe i gcónaí. Le ginn dhá geanntrachaí féin a scoiltear an dair
b.
+
Tá ginn aige anois ar an mbaile s'agaibhse, agus ní chónóidh sé go gcuirfidh sé ginn eile ar an T. Agus tá trí nó ceathair de gheanntrachaí eile aige le spáráil — fear ag pósadh a chlann iníon
Tá ginn de na S. istigh i mbéal an dorais agat anois. Fainic nach ginn eile acu a scoiltfeadh thú féin — tá a leithide seo de bhean pósta gar go leor duit. Bí ar do shon féin nó meallfar thusa le duine eile den dream céanna a phósadh
TUILLEADH (4) ▼
Neartaigh sé é féin thar cionn ó chuaigh sé isteach an chéad uair. Ní féidir feanc a bhaint as anois. Do cheann fine ní chuirfeadh amach é. Tá geanntrachaí aige ins chuile áit — siar agus soir. Is ginn leis chuile dhuine de na bossannaí bóthair agus de na dearcadóirí eile seo a chuir sé isteach. Cuirfidh mé mo rogha geall leat nach bhfuil aon bhaile dhá gcuimhneoidh tú air d'uireasa duine atá ag fáil deoladh eicínt uaidh
Dhá dtéadh sé ag iarraidh bhótannaí anois, ba deacair a gcoinneáil uaidh. Cine tréan iad a mhuintir. Cá'il an áit sa tír nach bhfuil ginn acu, agus iad ceannasach fréna chéile?
An bhfuil a fhios agat cén fáth go bhfuil G. ag iarraidh é sin a chur sa bposta sin: i gcruth is go mbeadh ginn aige féin in aghaidh an fhir eile nuair a thiocfadh air. Níl néal ar bith air sin deirimse leat. Tá a fhios aige nach é lá na gaoithe lá na scolb
Ní ghnóthódh an saol ar Shasana. Le teann imeartais agus gleacaíochta atá sí in ann an domhan as éadan a choinneáil géilliúnach di féin. Ar ndóigh ní raibh oileáinín ná carraig dúshlánach ar bith ar fud an domhain ar fad nach raibh fostaithe aici. Tá a cuid geanntrachaí faoi sheacht ranna an domhain. Tá a shliocht uirthi: ní bhainfeadh an diabhal as a lúdrachaí í. Fuair sí cupla priocadh maith sa gcogadh seo, ach má fuair féin thug sí a cuid beanna léithe ina dhiaidh sin. Is mór an feall nach bhfuair an Jap beag cúnamh. Bhearnaigh sé go maith í. Ach tá faitíos orm nach raibh ann ach an rith searraigh ina dhiaidh sin
3.
+
Ginn tú! — is ait thú!; mo chuach óg thú!; mo ghairm go deo thú!; is tú atá deas air!
Ginn é T. Ph.! Ná hiarr ina dhiaidh é nuair a thiocfas sé dhá dhéanamh.
TUILLEADH (4) ▼
Ginn thú a mhic ó. Faoi do chois é! Nár chaille mé choíchin thú go bhfaighe mé aríst thú. Ach cén chaint sin orm. Thug tú an damhsa as buaile leat. Dhamhsódh do sheanmháthair — go ndéana Dia grásta uirthi! — ar phláta
Ginn iad na Germans! Tuilleadh ghéar den diabhal anois ag Sasana. Is fada sin ag teastáil uaithi. Ní bheadh aon mhaith ann nuair nach mbainfí as a lúdrachaí ar fad í. Sin é a d'fheilfeadh dhi
Ginn thú! Ginn thú a bhuachaill! Leag air a fhleascaigh. Tabhair an dara hairt dhó! Tabhair cor coise dhó agus buail fút é a chailleach … Dheamhan de rath ort ina dhiaidh sin … Dar fiagaí, tá tú in do phuca aige … Ginn é an fear eile féin … Aire dhuit … Diabhal mé go gcuirfidh sé taobh na bpoll as do chionn fós … Tá féith ón tsinsir sa ngearrbhodach sin.
Is ginn é mac Mh. Mh. Ní ginn go dtí é agus an bóthar cairr a rinne sé thuas ansiúd thríd na clochair. Bhí siad ag priocadh ansin le linn na seacht n-aithreachaí ach chinn sé orthu aon chúis a dhéanamh, gur chuir sé an gelignite iontu. 'Sé an gelignite an buachaill!

Féach freisin

ginn

ding in iontrálacha eile (11)

 
deifir
Brú agus ding oraibh mura beag an deifir éirí atá oraibh
+
Tá na cocaí dingthe brúite — lioctha ar a chéile; iad gleannach mar a bheidís dá mbeadh beithígh nó daoine ag bualadh ina n-aghaidh
TUILLEADH (8) ▼
Rinne muid trí choca móinéir tráthnóna aréir agus bhí siad dingthe ar fad ar maidin. Fuair mé lorg beathach sa ngarraí. Níor tharraing siad iad, ach 'sé a chosúlacht go raibh siad dhá gcuimilt féin ina n-aghaidh
Is beag an dochar dhó a bheith dingthe. Is iontas nach leagtha ar fad atá sé. Chaith paicle gasúr an tráthnóna aréir ar fad ag rith de rite reathach faoi, agus ag éirí suas air agus dhá ghuailneáil. Dhá mbeirinnse orthu bheadh scéal acu air. Mo léan géar d'fhan siad uaim
Tá an chruach choirce sin dingthe lioctha ar a chéile. Buaileadh an iomarca uirthi. Nach raibh chuile dhuine ar an mbaile agus a thuairgín aige ina héadan. Agus bhí an ceann a bhí dhá dhéanamh ar meisce — ar deargmheisce!
Tá tóin na méise dingthe ar fad. Na ruifíneachaí de ghasúir sin aríst. Tá siad chomh hábhailleach lena bhfaca tú ariamh. Tá sé de bheith orthu a bheith ag déanamh millteanais chuile ré solais
An mbeadh a fhios agat faoi do rí anois cén chaoi a bhfuil an láí sin — láí nua — dingthe. Chaith mise an bhliain anuraidh ar fad ag mianadóireacht sa tseanbhreaclach sin thiar, agus níor chuir mé an bhail sin ar an láí a bhí agam. Chaithfeadh sé gurb í a sníomh idir dhá chloich a rinne sé
Shílfeá go bhfuil an bag dingthe. Duine eicínt a shuigh air sa mbus. Sea go siúráilte. Duine ar bith atá ag traibhléaracht mar sin aimsir na Nollag, is deacair dó rud ar bith a thabhairt slán. Bíonn busannaí agus traentachaí líonta go drad
Cheannaigh mé hata breá nua — luach punt — agus fé brí cén chaoi ar leag mé ar an sate le m'ais é, dheamhan easna de sheanchailleach nár tháinig isteach agus nár ghróig sí í féin síos ina mhullach. Ní fhaca tú carghas go dtí é. Bhí sé dingthe brúite ar fad. Chinn orm ariamh a chumraíocht féin a chur air ina dhiaidh sin. Is mór dhá fhonn a bhí orm, bíodh a fhios agat, a dhul ag bleaisteáil na seanmhná
Tá an fag dingthe ar a chéile ar fad. B'fhéidir dhó a bheith slán ina dhiaidh sin. Níor cheart duit a mburláil síos in do phóca mar sin. Faigh boiscín beag mar atá agamsa
 
dochar
Brú agus ding air, gan dochar gan díobháil dúinne!