Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
ding (gínn, ginn)
Ainm-fhocal, buineann
iolraidh = geanntrachaí, dingeannaí. Iolraidh 2 = geanntrachaí. Iolraidh 1 = dingeannaí.
Fuaim: ding ciall a 1 = tá a fuaim féin ar gach leitir mar atá siad. Ciall a 2 = d > g; ng = nn; i > í (Cois Fhairrge).
1.
liocadh; brughadh; colbh ruda a chur as a chumraidheacht len a chasadh nó a lúbadh isteach; "dunt".
+
Tá ding ins an roth in áit ar buaileadh faoi'n gclaidhe mé thiar annsin. Ní féidir a thabhairt ar ais in a chomhairthidheacht féin gan a thabhairt ag "garage". Má theigheann muide ag putráil leis, níl a fhios againn nach hé a bhriseadh in a dhá leith a dhéanfadh muid
Tá an-ding ins an "mudguard" tosaigh aige. Rith isteach i stuaicín an sconnsa thiar ag an teach a rinne sé. A chuid sleamchúise féin, 'deile! 'Sé an fear deireadh é le dhul ingreim i roth mótair
TUILLEADH (7) ▼
Céard a chuir an ding ins an gcliabh sin. T'anam feánnta ó'n diabhal marach go bhfuair an cliabh iarraidh — agus an-iarraidh — ní bheadh an bhail sin air, agus cliabh cho láidir leis freisin.
Feicthear dhom maran ar mo shúile atá sé go bhfuil ding ins an mballa sin idir an dhá fhuinneoig. An gceapfá-sa go bhfuil? Dar mo choinsias, tá lag eicínt ann. Is furast' aithinte é
Is diabhaltaí maoilscríobach uaidh coca féir a dhéanamh. Feacha an ding a d'fhága sé annsin anois. Ólfaidh sé an bháisteach as éadan
Is maith an tuigheadóir é gan bhréig gan mhagaidh! Breathnuigh ar an tuighe a chuir sé thuas ar tigh S. Tá sí faoi chruiteannaí agus faoi dhingeannaí as cnáimh éadain. Ní leigfinn suas ar mo theach chor ar bith é. Námhaid í an cheird gan í a fhoghluim
Bhuail sí cic ar an mbuicéad a's chuir sí ding ann. Ní féidir an ding sin a bhaint as anois choidhchin mar is ceart. Beidh sé ag liocadh i gcomhnuí de do mhíle buidheachas
Mara n-eirighidh tú as cuirfidh mé ding in do bhaithis. Is gearr an mhoill orm é, feicfidh tú féin air
Ding a bhí a chur in a leath-deireadh le barr na bróige. B'fhéidir go gcoinneochadh sin ó bhóthaireoireacht í.
+
Brughadh agus ding ort! (eascainidhe choitiannta gan mórán dochair)
Brughadh agus ding oraibh — nach gearr ó cheana 'fuair sib coirce (cearca)
TUILLEADH (4) ▼
Brughadh agus ding ort! Ní dhéanfadh áit ar bith thú le do chráig mhóir a leagan ach anuas ar mo chois thinn
Brughadh agus ding orra, nach bhfanann ins an mbaile, agus gan na daoine a bheith sáruighthe aca, 'chuile oíche ins an aer. Nímé dhá dteigheadh aos óg an tighe seo suas le béal in áirde a dhéanamh dhá dteach-siadsan, cé'n chaoi a dtaithneochadh sé leo. Cuirfidh mé geall gur beag an acmhuinn a bheadh aca
Brughadh agus ding ort mar chut. Tá a bhfuil ar an drisiúr leagtha agad. Ní thú is measa ach an ceann a d'fhága an muigín ar forbhás. Nacharbh fhurasta 'aithinte gur briste a bheadh sé
Brughadh agus ding ar a cadairne thuas annsin, mara furasta léithe fir oibre a fháil! M'anam má fhaghann nach muide é. Rinne muid ar gceart cheana di sin — ní dhá mhaoidheachtáil uirre é! — agus beagán dhá bharr
2.
giota iarainn, adhmaid nó cloiche a bhíos snuighte amach as a bhéal le tiomáint isteach i siunta cloiche nó a macsamhail len a scoilteadh ó chéile.
a.
+
Níl annsin ach clocha reatha. Ní clocha choiléir iad. Bhainfeá le gró agus geanntrachaí iad. Is breagh seasúch (seasmhach) na clocha iad, dá mbeadh glac bainte dhíob
Measaimse nach dteastóchadh púdar ar bith uaithe sin. Tá siuntaí uirre agus d'eireochadh sí in a scramhannaí de dhruím a chéile dá mbeadh geanntrachaí maithe agad. Ach níl aon-ghinn 'e rath agad. Sin é an buille
TUILLEADH (3) ▼
Ní ginn ar bith a thastuigheas uait léithe sin ach spéice maith agus borradh a choinneál léithe, go dtugtaí aníos ar a corr í. Bail ó Dhia ort féin agus ar do chuid geanntrachaí! Níl tú ach ag cur anró ort féin má shíleann tú a scoilteadh
Is deacair aon-bhantáiste a fháil uirre mara n-eirigheadh leat breith uirre le gínn annsin. Shílfeá go bhfuil sí ag síneadh in a bréidíní. Teirigh ag priocadh léithe annsin go ceann tamaill leis an ngínn agus leis an ord, go bhfeicidh tú an bhféadfaidh tú aon-cheart a bhaint di.
Is diabhlaí cascartha an leac í. Níl gínn ar bith indon aon-cheart a bhaint di. Chaith muid an lá ag saimhseáil léithe le geanntrachaí, ach sin é a raibh dhá bharr againn. Caithfidh mé eadarshuth eile léithe imbáireach, agus má chinneann orm aon-sceabhadh a bhaint di, fágfaidh mé annsin ins an tubaiste í, nó go dteagaidh púdar
+
Gínn dá cuid féin a scoilteas an liomhán; le ginn dá geanntrachaí féin a scoiltear an dair = is píosa di féin is fhearr a thiomáint innte, leis an liomhán (nó an dair scaithtí) a scoilteadh; ní h-iad a náimhde ach a gcáirde gaoil agus a ndaoine muintreacha féin a chuireas cine, muirghín, teallach, baile nó lucht aon-cheird de dhruim seoil
'Bhfaca tú Sasana an uair a chinn sé uirre an ceann is fhearr a fháil orainn annseo, gur shaghd sí dhá dhream againn in a chéile. B'fhurasta di magadh a dhéanamh fúinn an uair sin. Bhí muid fhéin ag déanamh a cuid oibre di. Gínn dhá cuid féin a scoilteas an liomhán adeir siad
TUILLEADH (3) ▼
Bhí siad uiliog mar a bheadh confairt ann ar thí an rud a bhí agam. Ach ba é an té a d'oil mé ar mo chích féin ba mheasa dhom in a dheidh sin. Chuala tú ráidhte ariamh é gur le gínn di féin a scoiltear an liomhán. Ba shin a fhearacht agamsa é
Má tá na máistirí scoile iad féin anois in árachaí a chéile feicfidh tú spóirt. Le ginn di féin a scoiltear an liomhán.
Céard a d'fhága ar lár iad, ach a ndaoine féin. 'Siad a fhágfas an dream seo ar lár freisin muis. Duine eicínt mar sin a bhíos geanntáilte isteach a theigheas ag allúchan (ollmhúchan) na scléipe i gcomhnuí. Le ginn dhá geanntrachaí féin a scoiltear an dair
b.
+
Tá gínn aige anois ar an mbaile se'agaibhse, agus ní chomhnóchaidh sé go gcuirfidh sé gínn eile ar an T. Agus tá trí nó ceathair de gheanntrachaí eile aige le spáráil = fear ag pósadh a chlann inghean
Tá gínn de na S. istigh i mbéal an doruis agad anois. Fainic nach gínn eile aca a scoiltfeadh thú féin = tá a leithide seo de bhean pósta gar go leor duit. Bí ar do shon féin nó meallfar thusa le duine eile de'n dream céadna a phósadh.
TUILLEADH (4) ▼
Neartuigh sé é féin thar cíonn ó a chuaidh sé isteach an chéad-uair. Ní féidir feanc a bhaint as anois. Do cheann-finne ní chuirfeadh amach é. Tá geanntrachaí aige ins 'chuile áit — siar agus soir. Is gínn leis 'chuile dhuine de na bossannaí bóthair agus de na dearcadóirí eile seo a chuir sé isteach. Cuirfidh mé mo rogha geall leat nach bhfuil aon-bhaile dhá gcuimhneochaidh tú air d'uireasbhaidh duine atá ag fáil deoladh eicínt uaidh
Dhá dteigheadh sé ag iarraidh bhótannaí anois, ba deacair a gcoinneál uaidh. Cine tréan iad a mhuíntir. Cá'il an áit ins an tír nach bhfuil gínn aca, agus iad ceannasach frén a chéile?
'Bhfuil a fhios agad cé'n fáth go bhfuil G. ag iarraidh é sin a chur ins an bposta sin: igcruth agus go mbeadh gínn aige féin in aghaidh an fhir eile an uair a thiocfadh air. Níl néal ar bith air sin deirimse leat. Tá a fhios aige nach hé lá na gaoithe lá na scolb
Ní ghnothóchadh an saoghal ar Shasana. Le teann imeartais agus gleacaidheacht' atá sí indon an domhan as éadan a choinneál géilleamhnach di féin. 'Ar ndú ní raibh oileáinín ná carraig dubhshlánach ar bith ar fud an domhain ar fad nach raibh fastuighthe aice. Tá a cuid geanntrachaí faoi sheacht ranna an domhain. Tá a shliocht uirre: ní bhainfeadh an Diabhal as a lúdrachaí í. Fuair sí cupla priocadh maith ins an gcogadh seo, ach má fuair féin thug sí a cuid beanna léithe in a dheidh sin. Is mór an feall nach bhfuair an Jap beag congnamh. Bhearnuigh sé go maith í. Ach tá faitíos orm nach raibh ann ach an rith searraigh in a dheidh sin
3.
+
Gínn tú! = is ait thú!; mo chuach óg thú!; mo ghoirm go deo thú!; is tú atá deas air!
Gínn é T. Ph.! Ná h-iarr in a dhiaidh é an uair a thiocfas sé dhá dhéanamh.
TUILLEADH (4) ▼
Gínn thú a mhic ó. Faoi do chois é! Nar chaillidh mé choidhchin thú go bhfaghaidh mé aríst thú. Ach cé'n chaint sin orm. Thug tú an damhsa as buaile leat. Dhaimhseochadh do shean-mháthair — go ndéanaidh Dia grásta uirre! — ar phláta
Gínn iad na Germans! Tuilleadh ghéar do'n Diabhal anois ag Sasana. Is fada sin ag tastáil uaithe. Ní bheadh aon-mhaith ann an uair nach mbainfí as a lúdrachaí ar fad í. Sin é a d'fheilfeadh dhi
Gínn thú! Gínn thú a bhuachaill! Leag air a fhleasca(igh). Tabhair an dara thairt dhó! Tabhair cor coise dhó agus buail fút é a chailleach … Dheamhan de rath ort in a dheidh sin … Dar fiaguidhe, tá tú in do phuca aige … Gínn é an fear eile féin … Aire dhuit … Diabhal mé go gcuirfidh sé taobh na bpoll as do chíonn fós … Tá féith ó'n tsinnsir ins an ngearrbhodach sin.
Is gínn é mac Mh. Mh. Ní gínn go dtí é agus an bóthar cairr a rinne sé thuas annsiúd thríd na clochair. Bhí siad ag priocadh annsin le linn na seacht n-aithreachaí ach chinn sé orra aon-chúis a dhéanamh, gur chuir sé an "gelignite" ionnta. 'Sé an "gelignite" an buachaill!

Féach freisin

ginn

ding in iontrálacha eile (11)

 
deifir
Brugh agus ding oraibh mara beag an deifir eirghe atá oraibh
+
Tá na cocaí dingthe brúighte = lioctha ar a chéile; iad gleannach mar a bheidís dá mbeadh beithidhigh nó daoine ag bualadh in a n-aghaidh
TUILLEADH (8) ▼
Rinne muid trí choca móinfhéir trathnóna aréir agus bhí siad dingthe ar fad ar maidin. Fuair mé lorg beitheadhach ins an ngarrdha. Níor tharraing siad iad, ach 'sé a chosamhlacht go raibh siad dhá gcuimilt féin in a n-aghaidh.
Is beag an dochar dhó a bheith dingthe. Is iongantas nach leagtha ar fad atá sé. Chaith paicle gasúr an trathnóna aréir ar fad ag rith de rithte-reathach faoi, agus ag eirghe suas air agus dhá ghuailneáil. Dhá mbeirinnse orra bheadh scéal aca air. Mo léan géar d'fhan siad uaim
Tá an chruach choirce sin dingthe lioctha ar a chéile. Buaileadh an iomarca uirre. Nach raibh 'chuile dhuine ar an mbaile agus a thuairgín aige in a h-éadan. Agus bhí an ceann a bhí dhá dhéanamh ar meisce — ar dearg-mheisce!
Tá tóin na méise dingthe ar fad. Na ruifíneachaí de ghasúir sin aríst. Tá siad cho h-ámhuilleach len a bhfaca tú ariamh. Tá sé de bheith orra a bheith ag déanamh míllteanais 'chuile ré soluis
An mbeadh a fhios agad faoi do righe anois cé'n chaoi a bhfuil an láighe sin — láighe nuadh — dingthe. Chaith mise an bhliain anuiridh ar fad ag mianadóireacht ins an tsean-bhreaclach sin thiar, agus níor chuir mé an bhail sin ar an láighe a bhí agam. Chaithfeadh sé gurb í a sníomh idir dhá chloich a rinne sé
Shílfeá go bhfuil an "bag" dingthe. Duine eicínt a shuidh air ins an mbus. Seadh go siúráilte. Duine ar bith atá ag traibhiléaracht mar sin aimsir na Nodlag, is deacair dó rud ar bith a thabhairt slán. Bíonn busannaí agus traentachaí líonta go drad.
Cheannuigh mé hata breagh nuadh — luach punt — agus fébrí cé'n chaoi ar leag mé ar an "sate" le m'ais é, dheamhan easna de shean-chailleach nar tháinig isteach agus nar ghróig sí í féin síos in a mhullach. Ní fhaca tú carghas go dtí é. Bhí sé dingthe brúighte ar fad. Chinn orm ariamh a chumraidheacht féin a chur air in a dhiaidh sin. Is mór dhá fhonn a bhí orm, bíodh a fhios agad a dhul ag "blasteáil" na sean-mhná
Tá an "fag" dingthe ar a chéile ar fad. B'fhéidir dhó a bheith slán in a dheidh sin. Níor cheart duit a mbúrláil síos in do phóca mar sin. Fagh boiscín beag mar atá agamsa
 
dochar
Brughadh agus ding air, gan dochar gan díobháil dúinne!