Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dingthe
aidiacht-bhriathar
ní mheasaim go mbaintear aon-leas as ach in a A. Bh.
lioctha; brúighte ar a chéile; lag curtha i gcorr nó i gciumhais rud; fáiscthe diúrnáilte; sceacháilte anuas; rud as a riocht.
+
Tá na cocaí dingthe brúighte = lioctha ar a chéile; iad gleannach mar a bheidís dá mbeadh beithidhigh nó daoine ag bualadh in a n-aghaidh
Rinne muid trí choca móinfhéir trathnóna aréir agus bhí siad dingthe ar fad ar maidin. Fuair mé lorg beitheadhach ins an ngarrdha. Níor tharraing siad iad, ach 'sé a chosamhlacht go raibh siad dhá gcuimilt féin in a n-aghaidh.
TUILLEADH (2) ▼
Is beag an dochar dhó a bheith dingthe. Is iongantas nach leagtha ar fad atá sé. Chaith paicle gasúr an trathnóna aréir ar fad ag rith de rithte-reathach faoi, agus ag eirghe suas air agus dhá ghuailneáil. Dhá mbeirinnse orra bheadh scéal aca air. Mo léan géar d'fhan siad uaim
Tá an chruach choirce sin dingthe lioctha ar a chéile. Buaileadh an iomarca uirre. Nach raibh 'chuile dhuine ar an mbaile agus a thuairgín aige in a h-éadan. Agus bhí an ceann a bhí dhá dhéanamh ar meisce — ar dearg-mheisce!
+
Tá tóin na méise dingthe ar fad. Na ruifíneachaí de ghasúir sin aríst. Tá siad cho h-ámhuilleach len a bhfaca tú ariamh. Tá sé de bheith orra a bheith ag déanamh míllteanais 'chuile ré soluis
An mbeadh a fhios agad faoi do righe anois cé'n chaoi a bhfuil an láighe sin — láighe nuadh — dingthe. Chaith mise an bhliain anuiridh ar fad ag mianadóireacht ins an tsean-bhreaclach sin thiar, agus níor chuir mé an bhail sin ar an láighe a bhí agam. Chaithfeadh sé gurb í a sníomh idir dhá chloich a rinne sé
TUILLEADH (3) ▼
Shílfeá go bhfuil an "bag" dingthe. Duine eicínt a shuidh air ins an mbus. Seadh go siúráilte. Duine ar bith atá ag traibhiléaracht mar sin aimsir na Nodlag, is deacair dó rud ar bith a thabhairt slán. Bíonn busannaí agus traentachaí líonta go drad.
Cheannuigh mé hata breagh nuadh — luach punt — agus fébrí cé'n chaoi ar leag mé ar an "sate" le m'ais é, dheamhan easna de shean-chailleach nar tháinig isteach agus nar ghróig sí í féin síos in a mhullach. Ní fhaca tú carghas go dtí é. Bhí sé dingthe brúighte ar fad. Chinn orm ariamh a chumraidheacht féin a chur air in a dhiaidh sin. Is mór dhá fhonn a bhí orm, bíodh a fhios agad a dhul ag "blasteáil" na sean-mhná
Tá an "fag" dingthe ar a chéile ar fad. B'fhéidir dhó a bheith slán in a dheidh sin. Níor cheart duit a mbúrláil síos in do phóca mar sin. Fagh boiscín beag mar atá agamsa