Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dioc, gioc
ainmfhocal, baineann
ginideach: chomh fhada le m'eolas ní bhíonn aon ghinideach air
fuaim: dg tosaigh. Is minic gach aon cheann acu ag an duine céanna
crapadh, cruit, cromadh, creathadh, creaití, eitealla.
a.
+
Tá dioc (gioc) air leis an bhfuacht — é craptha suas nó cromtha le teann fuaicht. B'fhéidir go mbeadh sé ag eitealla (nó creaití fuaicht air) freisin
Nach dona na gnaithí atá air, ag gabháil amach ag obair a leithide de lá. Tá sé ar foscadh i lúbainn an chlaí anois agus gioc air leis an bhfuacht agus leis an donacht
TUILLEADH (2) ▼
Tá sí craptha ar a chéile ar fad anois agus dioc an fhuaicht uirthi, agus banlámh smaoise. Scrúdfadh sé na clocha a bheith ag breathnú uirthi ag dul síos lena ciseán ag piocadh faochan. Níl aon ghrá dia sa té a chuireas amach í — níl sin
Féacha an dioc fuaicht atá ar an duine bocht. Tá sé ar creathadh leis. Nach mór an t-ionadh nach gcuirfidís snáth eicínt éadaigh thairis sin air, gan é a ligean thart maolscríobach ar fad
·
Tá dioc air le scoilteachaí. An bhfeiceann tú go bhfuil sé ina chamalóid uileag
Tá sé ag dul thart le seachtain agus gioc air ag an tinneas droma. Dar fia beidh gioc air ach a mbeidh an tseanghráinseach siúd saothraithe aige
+
Is gearr an bás uaidh anois, ó tháinig an dioc sin air. Ní fheicfidh tú sa gcomhaireamh ceann bliain ó inniu é. Dheamhan é muis.
Chuaigh sé suas ar ball agus máilín aniar faoina bhráid agus gioc air. Gheofar caillte chois an chlaí thuas sa ngarraí sin thuas é lá eicínt. Ní mian leis gan a bheith ag mianadóireacht leis ann, ina dhiaidh sin
TUILLEADH (1) ▼
Is beag an dochar don duine bhocht gioc a bheith air agus an aois atá aige. Tá na cúig déag is cheithre fichid bailithe aige. Tá mo choinsias. Le aois atá sé cromtha mar sin
b.
+
Má chaitheann sé coicís eile faoin ropadh gaoithe aduaidh údaí is caillte an ghioc a bheas air. Is caillte an ghioc atá cheana air, arsa tusa, scáth seachtaine. Má sheasann an bóthar go dtí na P. Th., anuas ar na maidí a thiocfas sé go siúráilte. Is fuar an díthreabhach é ag déanamh bóthair
Dar príosta bíonn sí ag imeacht i lár an tsamhraidh agus an dioc sin uirthi. An bhfuil ágóid ar bith is fuaire ná í. Ní cheapfainn é
TUILLEADH (2) ▼
An bhfuil a fhios agat cén fáth an dioc sin a bheith uirthi ag imeacht. Dioc cantail é sin. Tá an phrioc sin ite leis an gcantal. 'Sí an ball is coilgní í a bhí i dteach ariamh
Ghróig sí í féin istigh sa gclúid, agus chuir sí gioc uirthi féin go mba gheall leis an gceann cait sin í a d'fheicfeá sna seanbhallaí. Ach mo léan géar ba bheag an ghioc a bhí ar a teanga

Féach freisin

gioc

dioc in iontrálacha eile (1)

 
donán
Go deimhin is gearr an bás ón lao beag sin thíos aige. Tá dioc air istigh faoin gclaí leis an bhfuacht. Níl ann ach donán, ná i lao ar bith eile a tháinig ón tarbh sin thiar