Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dioc (gioc)
ainm-fhocal, buineann
geineamhnach — cho fhada lem' eolus ní bhíonn aon-gheineamhnach air.
Fuaim d nó g tosaigh. Is minic gach aon-cheann aca ag an duine céadna
crupadh, cruit, cromadh, creathadh, creaithtí, eittealla.
a.
+
Tá dioc (gioc) air leis an bhfuacht = é cruptha suas nó cromta le teann fuaicht. B'fhéidir go mbeadh sé ag eitealla (nó creaithtí fuaicht air) freisin
Nach dona na gnaithí atá air, ag gabhail amach ag obair a leithide de lá. Tá sé ar fascadh i lúibinn an chlaidhe anois agus gioc air leis an bhfuacht agus leis an donacht
TUILLEADH (2) ▼
Tá sí cruptha ar a chéile ar fad anois agus dioc an fhuaicht uirre, agus bannlámh smaoise. Scrúdfadh sé na clocha a bheith ag breathnú uirre ag dul síos lena ciseán ag piocadh faochan. Níl aon-ghrádh-diadha ins an té a chuireas amach í — níl sin
Feacha an dioc fuaicht atá ar an duine bocht. Tá sé ar creathadh leis. Nach mór an t-iongnadh nach gcuirfidís snáth eicínt éadaigh thairis sin air, gan é a leigean thart maoilscríobach ar fad
·
Tá dioc air le scoilteachaí. An bhfeiceann tú go bhfuil sé in a chamalóid uiliog
Tá sé ag dul thart le seachtain agus gioc air ag an tinneas droma. Dar fiadh beidh gioc air, ach a mbeidh an tsean-ghráinseach siúd saothruighthe aige
+
Is gearr an bás uaidh anois, ó a tháinic an dioc sin air. Ní fheicfidh tú ins an gcomhaireamh ceann bliain ó indiu é. Dheamhan é muis.
Chuaidh sé suas ar ball agus máilín aniar faoin a bhrághaid agus gioc air. Gheobhthar caillte chois an chlaidhe thuas ins an ngarrdha sin thuas é lá eicínt. Ní mian leis gan a bheith ag mianadóireacht leis ann, in a dheidh sin
TUILLEADH (2) ▼
Is beag an dochar do'n duine bhocht gioc a bheith air agus an aois atá aige. Tá na cúig déag agus cheithre fichid bailighthe aige. Tá 'mo choinsias. Le aois atá sé cromta mar sin
'Bhfuil fhios agad cé'n fáth an dioc sin a bheith uirre ag imeacht. Dioc cantail é sin. Tá an phrioc sin ithte leis an gcantal. 'Sí an ball is coilignighe í a bhí i dteach ariamh
b.
+
Má chaitheann sé coicís eile faoi'n ropadh gaoithe adtuaidh údaidh is caillte an ghioc a bhéas air. Is caillte an ghioc atá cheana air, arsa tusa scáth seachtaine. Má sheasann an bóthar go dtí na P. Th., anuas ar na maidí a thiocfas sé go siúráilte. Is fuar an dithreabhach é ag déanamh bóthair
Dar príosta bíonn sí ag imeacht i lár an tsamhraidh agus an dioc sin uirre. 'Bhfuil ágóid ar bith is fuaire ná í. Ní cheapfainn é
TUILLEADH (1) ▼
Ghróig sí í féin istigh ins an gclúid, agus chuir sí gioc uirre féin go mbadh gheall leis an gceann-cait sin í a d'fheicfeá ins na sean-bhallaí. Ach mo léan géar ba bheag an ghioc a bhí ar a teanga.

Féach freisin

gioc