Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dintiúirí
ní baintear aon leas as ach san iolra
1.
 comharthaíocht nó cruthú, nó páipéir a thaispeáineas go bhfuil gradam áirid agat: go bhfuil tú in do dhochtúr nó in do mháistir scoile, nó in do sheilbhéara srl. Deirtear go háirid le dochtúr é. Ní abrófaí le sagart é.
a.
+
B'fhéidir dhó a bheith chomh maith le dochtúr ar bith, ach níl a chuid dintiúirí aige ina dhiaidh sin
Níor thug an dochtúr sin amach a chuid dintiúirí chor ar bith. Deir siad gur éirigh sé as shular chríochnaigh sé
TUILLEADH (8) ▼
Tá an-dintiúirí ag an dochtúr sin adeir siad, agus níl rath ná ríocht air ina dhiaidh sin. Má thógann an bhróig léas ar do sháil, fuadóidh sé isteach ag an easpaicil (ospidéal) thú
Níl anseo ach gobán de dhochtúr. Níl dintiúirí ar bith aige. Bhí sé chomh dóigh dhó an oiread a mhilleadh agus a leasódh sé fút
Dhá bhfaightí amach air é, ghabhfadh sé daor air. Níl aon bhaint ag dochtúr ar bith láimh a leagan ar dhuine mura bhfuil a chuid dintiúirí amuigh aige
Dheamhan dintiúirí máistir scoile aige ach an oiread liomsa nár chaith lá ag an scoil ariamh. Is beag dhá chuid cluanaíochta sin a bheith ag rá go bhfuil sé ina mháistir scoile. Ó chaith sé an t-achar ag coláiste, caithfidh sé a rá go bhfuil na dintiúirí aige chomh maith leis an té a mbeadh
Sin iad na dintiúirí mar siúd. Lasfaidís an seandúda dhuit mar a lasadh na seiceannaí false do Mh. Ch. é
Ní raibh sástaíocht ar bith air le na dintiúirí a thug sé amach chun tosaigh. Chuaigh sé isteach aríst le bheith ina ard-dhochtúr agus chinn air. Nuair a chinn, chaith sé suas ar fad é agus scuab leis go Meiriceá. Níor frítheadh aon dé ó shin air
Chaith sé an tsíoraíocht ag imeacht ag coláiste ach go leá an diabhal dintiúirí aige inniu ach an oiread leis an lá ar thosaigh sé, ná ní bheidh go ndéanfaidh Dia dearmad dó (dhe)
Dá mbeadh sé ina mháistir scoile bheadh páipéir nó dintiúirí eicínt aige le 'speáint, ach nuair a d'iarr an sagart air iad, ní raibh le rá aige ach gur chaill sé iad. Is maith an t-údar é, ba deacair dhó. Níor thug sé amach iad le bheith aige
b.
cairteanna nó páipéir dhlí, nó a leithidí.
+
Más leat do chuid talúna a choinneáil, ní mór duit dintiúirí agus páipéir a bheith agat air. Ní gaire d'oidhríocht tú ná ceachtar de do chuid dearthár. Má tá i ndán is go bhfaighidh lucht an dlí aon fhabht in do chuid cainte, ní bhfaighidh tú comhaireamh na sop, creid mé dhuit ann. Lena aghaidh sin atá siad ansiúd
Nuair a thiocfas an scéal faoin mbreitheamh ansiúd, is beag an mhaith dhuit tosaí ag dilleoireacht agus ag rá: 'd'fhága sé agam é,' mura bhfuil páipéir agus dintiúirí agat air de réir an dlí. Ní hé an dlí an ribín réidh deirimse leat. Ar chuala tú ariamh é: "téann an dlí do na daoine bochta mar a théas uisce an earraigh do na cearca"
TUILLEADH (3) ▼
Níl rud ar bith is mó a mbíonn dintiúirí air ná talamh. Seo é an saol mura dtarraingí tú dintiúirí air, go mbeidh tú dhá uireasa. An bhfeiceann tú an geadán talúna a bhí aige seo thoir …
Tá an oiread dintiúirí ar an teirgéis bheag sin de leathchoróin dole, agus a bheadh ar dhúiche L. K. dhá mbeadh sí dhá díol. Níl aon leota de pháipéar dhá bhfuil mé a fháil faoi nach ndéanfadh stráca don teach. Fuair mé ceathair nó cúig de cheanna le mí …
Is áibhéil an lear dintiúirí agus páipéir a chaithfeas fear a tharraingt le leaibhrín rations a fháil. Diabhal aithne orthu nach féirín a bheidís a thabhairt do dhuine. Ní raibh aon lá den ádh ar an saol ó thosaigh siad ag teacht amach
2.
 caint, caibidil nó cailicéireacht a bheadh ag dul i gcosúlacht leis an gcineál cainte a bhíos i gcairteanna, i bpáipéir dhlí nó ag dlíodóirí, nó a leithidí.
+
Nach aige atá na dintiúirí agus an chailicéireacht. Shílfeá gurb é Cabhnsailéara na Sceiche (fc. cabhnsailéara) é ansiúd chois na tine. Níl ní ó fhlaithis go talamh nach gcuirtear faoi chaibidil ansiúd
Níor thaitnigh an ceann céanna ariamh liom. Tá an iomarca dintiúirí cainte ar fad aige. Ní fhéadfá samhail ar bith a thabhairt dó ag scoilteadh cainte ach duine de na seanphóilíos thíos ar R. D. a cheannaigh cruib mhóna anuraidh uaim. Dheamhan aithne a bhí air nach fear a bhí tógtha aige faoi rud eicínt a ghoid. D'ionsaigh air faoin móin. Cá'il an locht nach raibh uirthi. Ag iarraidh mé a ghiorrú sa margadh a bhí sé. 'Tá an-fhonn ortsa caint a scoilteadh,' arsa mise, 'ach mo choinsias is dar m'anam, mura n-íoca tú mise go beo deifreach, go scoiltfidh mise clár na baithise agat … '
TUILLEADH (1) ▼
Cá bhfágfadh sé iad mar dhintiúirí. Ba é an dlí an chéad bhia sa sliogán dó sin. Bhánaigh a athair é féin le dlí. Ní fhéadfadh sé labhairt ar thada ach ar an gceird chéanna sin acht is áirid. Bhí sé sách tolgtha dhó (dhe) sa deireadh

dintiúirí in iontrálacha eile (4)

 
Mo dheatach orthu féin agus ar a gcuid páipéir. Tá an oiread dintiúirí ar an dole céanna, scáth leathchoróinín ghágach, agus nach fiú an tairbhe an trioblóid
 
Is gearr anois go mbeidh sé ag dlíodóireacht. Tá a chuid dintiúirí aige, ach bíonn siad scaitheamh maith amantaí gan aon chúis a fháil
 
Níl a chuid dintiúirí chor ar bith ag an dochtúr sin, adeir siad
 
dol 1
Beidh sé sa gcéad dola eile dochtúirí a gheobhas dintiúirí. Tá sé in am sin aige. Dheamhan lá le mo chuimhne nach bhfuil sé ag dul ag an Ardscoil sin, agus iad ag rá chuile lá gur gearr uaidh a bheith ina dhochtúr