Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dínáireach
gan aon náire.
+
Duine dínáireach í
Is dínáireach an cleas dó é sin a dhéanamh
TUILLEADH (3) ▼
An scubaid dhínáireach! Is gearr go n-imí sí gan snáth ar bith. Dheamhan snáth anuas ó na másaí cheana uirthi
Is dínáireach an mhaise dhuit é, a bheith ag imeacht ag ól agus ag ragarnaíl os comhair na tíre mar sin, i leaba aird a bheith ar do ghnaithe agat
Is dínáireach den tsaol an bhail é sin le cur ar dhuine ar bith. Breá nach mbacann na póilíos iad? Is iomaí rud is neamhchóra dóibh a dhéanamh ná é sin atá siad a dhéanamh

Féach freisin

dí-