Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dínáireach
gan aon-náire.
+
Duine dínáireach í
Is dínáireach an cleas dó é sin a dhéanamh
TUILLEADH (3) ▼
An scubaid dhínáireach! Is gearr go n-imighidh sí gan snáth ar bith. Dheamhan snáth anuas ó na másaí cheana uirre
Is dínáireach an mhaise dhuit é a bheith ag imeacht ag ól agus ag ragarnaighil as comhair na tíre mar sin, i leabaidh áird a bheith ar do ghnatha agad
Is dínáireach de'n tsaoghal an bhail é sin le cur ar dhuine ar bith. Breagh nach mbacann na póilíos iad? Is iomdha rud is neamh-chóra dóibh a dhéanamh ná é sin atá siad a dhéanamh

Féach freisin

dí-