Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dímheabhair
+
Dímheabhair ar fad é sin ─ níl aon mheabhair ann; níl tuiscint ná intleacht aige
Má ghníonn dímheabhair dhó é ar chaoi ar bith, déanfaidh sé gníomh. Dímheabhair fré chéile é
TUILLEADH (1) ▼
Déarfá dhá gcaitheá cupla nóiméad ag caint leis nach bhfuil tada eile ann ach dímheabhair. Má tá, ní léir domsa é ar chaoi ar bith

Féach freisin

dí-

dímheabhair in iontrálacha eile (7)

+
Tá na gasúir sin aige an-dímheabhrach adeir siad
TUILLEADH (6) ▼
Shílfeá nár ceart dó a beith chomh dímheabhrach sin. Ba paiteanta an buachaill ar leabhar agus ar pheann é a athair
Duine dímheabhrach nach mba léir dó dhá gcuireadh sé stró ar bith ar ghamhain a bhí chomh beaite leis sin, go bplúchfadh sé é. A phlúchadh a rinne sé: dheamhan ceo eile. Nuair nach raibh sé ag tabhairt leis an deoch dhá thoil deona fhéin, bhí aige ligint dó ar fad, agus gan a dhul dhá choinneáil leis
Duine dall dímheabhrach é más fearr mac T. Mh. ná é, agus dhá bhliain aigesean ar mhac T. Mh. agus é síoraí ag dul chuig an scoil
Nach dímheabhrach é mura raibh sé in ann an cheist sin a fhuascailt. Más mé féin is dímheabhraí ar bith, d'fhuasclóinn í sin
Déarfainn ar chaoi ar bith, nach mbeadh aon ghnaithe ag duine dímheabhrach ag plé leis an iongás siúd. Bhí an iomarca boltaí agus cnónnaí agus wireíní air, agus mura láimhsíodh duine an ceann ceart, ba in é a mbeadh faoi. Ní fhágfadh an rud siúd mion mullóg dhó le chéile dhá bpléascadh sé
Nach dímheabhrach anois é nach raibh a fhios aige céard a bhí ar an gcarr agus an fhad is atá sé ag plé leo!