Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dílis
aidiacht
1.
 báúil; géilliúnach.
+
Tá sé an-dílis do Shasana i gcónaí
Nach é atá dílis don dream sin! Ní athróidh sé go héag ná dheamhan athrú
TUILLEADH (3) ▼
Is maith dílis atá sé don ól ar chaoi ar bith — cothaíonn sé an t-ól; ní ligeann sé dó aon am
Dhá mbeifeá chomh dílis do do chuid oibre agus atá tú don damhsa, diabhal a mbeadh de chailleadh ort. Ach níl. Is beag an baol ort
Tá sé chomh dílis leis an saol don obair. Más fliuch fuar an lá, beidh sé amuigh
2.
muirneach; grámhar.
+
Ní scarfaidh mé leis sin. 'Sé mo dheartháirín dílis atá básaithe a bhain é i dtosach
Sin é pictiúr mo dheartháirín dílis atá thall i Meiriceá
TUILLEADH (6) ▼
A dheartháirín dílis agus a dheartháirín na páirte, cén fáth ar imigh tú uainn? — bíonn rudaí mar sin dhá rá nuair a bhítear ag caoineadh duine os cionn cláir
'A dheirfiúirín dílis,' adeir sé, 'agus a dheirfiúirín charthanach'
A chuidín dílis, céard atá tú a dhéanamh ansin?
A ghrá bán dílis, gairm agus coiscricim thú!
A linbh dhílis agus a lao, ná bí ag caoineadh anois!
A stóirín dílis, céard atá ort?
+
Go gcuire Mac dílis Dé an t-ádh ort agus lig dom — baintear leas as dílis go minic i leaganachaí faoi Dhia agus faoin Maighdin Mhuire
Tá a fhios ag Mac dílis Dé nach ndearna mise é
TUILLEADH (9) ▼
Go mbreathnaí Mac dílis Dé anuas uirthi anocht!
Go gcarta Mac dílis Dé síos go tóin ifrinn thú!
Go gcuire Dia dílis rath ort agus lig dom fhéineacht
Tá a fhios ag Dia dílis má tá maith in ól, gur ól sibh a (bhur) gceart dhe le seachtain
Go bhféacha Dia dílis anuas orainn anocht!
Go gcuire Dia dílis ar bhealach mo leasa mé anois!
A Mhuire dhílis, céard a dhéanfas mé chor ar bith
A Mhuire dhílis, nach í an drochaimsir í!
A Mhuire dhílis, céard a choinnigh amuigh thú chomh fada seo?
3.
 ceart.
a.
+
Ní ghabhfaidh mé fad dílis mo choise in éineacht leat, adeirim féin, mura dtuga tú an punt glan dom — fíorfhad; fad ceart; fad mo choise féin
Dheamhan é ná fad dílis mo choise! Ní theastódh uaim ach a dhul in éindí leatsa. Is maith é mo luach saothair muis!
TUILLEADH (5) ▼
Ní ligfeadh sí an mac fad dílis a choise in éindí leis gan deich scilleacha sa ló, agus fuair sé é freisin. Gheobhadh agus tuilleadh dhá seasadh sé uaidh
Ara diabhal a cos sin a shiúlfadh fad dílis a coise den bhóthar in éindí leis. Shiúlfadh muis! Coinneoidh sí nathaíocht mhaith leis istigh ar leic an teallaigh mar sin, ach ní thabharfadh sí le rá d'aon duine go bhfeicfí ag siúl an bhóthair in éindí lena leithide de liúdramán í
Téirigh ann anois más breá leat. Gabhfaidh tú ann dom uireasa-sa ar chaoi ar bith. Fad dílis mo choise muise, ní ghabhfaidh mise in éindí leat. Nuair a thairg mise a dhul ann, ní raibh agat orm ach meas magaidh
Ná bac leis sin! Tá sé chomh daoithiúil leis an diabhal. Ní thiocfadh sé fad dílis a choise leat, dhá mbeadh do chailleadh go deo leis. Thiocfadh b'fhéidir!
Ná lig fad dílis do choise leat é níos mó. Ní madadh ar bith é le tabhairt chun bóthair leat: madadh ar bith a thosaíos ag sclamhairt ar chuile dhuine agus ar chuile mhótar dhá dtéann an bóthar!
b.
+
Chruinnigh mise an méid sin (airgid) go dílis agus féacha an bhail atá ag dul anois air — chaith mé dúthracht leis dhá bhailiú
Níl cianóg rua den airgead sin nár chruinnigh sí go dílis, ag tabhairt chrácamais di féin moch is deireanach. M'anam nach i ngan fhios dhá cnámha atá sé aici, nach ea sin
TUILLEADH (1) ▼
"An rud a chruinnigh tú agus a bhailigh tú go dílis, ní fheicfidh tú choíchin é; an rud a thabharfas tú uait sé a chífeas tú, mar níl ach scáile i mbláth an tsaoil" (Seanfhocal: níl buan ach an grá dia a dhéanfas tú)

dílis in iontrálacha eile (14)

 
dán
Go gcuire Dia dílis an t-ádh ort, agus éist leis. Níl tú ach do do chur fhéin thar bharr do chéile le dhul ag comhairle air sin. Níl i ndán comhairle dhó; ach oibríodh sé leis. Comhairleoidh an saol ar ball é
 
danra
Go gcuire Dia dílis an t-ádh ort! Tá iníon agamsa agus sháródh sí ceart críochnaithe thú. Tá gruaig mo chinn tite ag géaraíocht uirthi, ach b'fhearr dhom in mo chónaí, scáth a dtugann sí d'aird orm. 'Sí is danra dhá bhfaca mise ariamh le luach leithphínne mhaitheasa a dhéanamh. Ní cheal muis nár féachadh le fír na maitheasa a chur inti, ach is cosúil nár cuireadh ina dhiaidh sin
 
Go gcuire Mac dílis Dé an t-ádh ort! Nach in é a cheird sin i gcónaí. Gheallfadh sé an ghealach agus na réalta dhuit, ach 'sé an dea-ghealladh agus an droch-chomhlíonadh é. M'anam gurb é!
 
A dheirfiúirín dhílis
 
deo
Tá mo dheirfiúirín dílis imithe uaim go deo deo
+
dia 1
A Dhia dhílis!
TUILLEADH (4) ▼
Dia dhá réiteach!; Dia dílis á réiteach!; Dia mór á réiteach!; Dia dhá réiteach, agus Dia dhá réiteach aríst eile!; Dia mór na ngrást á réiteach!; Dia agus Muire dhá réiteach!; A Mhic Dé anocht á réiteach; a Dhia agus a Mhuire mhór dhá réiteach srl. — deirtear é nuair a bhíos brón, pian, múisiam srl. ar dhuine, nuair a bhíos éagóir dhá dhéanamh air, nuair nach mbíonn an saol ag féithiú leis nó a leithide. Tá sé an-choitianta i gcaint, agus deirtear le rudaí sách fánach é go minic
Go gcuire Mac dílis Dé an t-ádh ort agus lig dom! — dhá mbeadh duine do do chiapadh nó a leithide
Go bhfóire (/wer′ə/) Dia orainn; go bhfóire Dia dílis orainn — le trua do dhuine eicínt a mbíonn lear nó bris nó donacht air adeirtear é
Go bhfóire Dia dílis ort!
 
docht 2
Go gcuire Mac dílis Dé an t-ádh ort! Ní cheannódh duine ar bith aon cheo uaidh sin. Tá sé chomh docht le seanchrann
 
Go gcuire Mac dílis Dé an t-ádh ort agus ná bí do do mheath fhéin leis an dreolán bradach sin
 
dúil
"Níl mo dhúil leat inniu ná amárach; A mhuirnín dílis, mo chúig chéad slán leat" (Amhrán — Dónall Óg)
 
duine
Mac Sh. N. sin! Thug duine eicínt duine uasal air! Dia dílis dhá réiteach! Céard atá ag teacht ar an saol chor ar bith! Mac Sh. N. ina dhuine uasal. A Dhia agus a Chríosta! Duine uasal anuas de lota na gcearc. Sin é an duine uasal é