Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dílleachta, dílleachtín
/d′īʟ′əxdə/
ainmfhocal, fireann
iolra: dílleachtaí
páiste a bhfaigheann a athair agus a mháthair bás, nó ceachtar den bheirt scaití.
a.
+
"Dílleachtín cráite mé gan athair gan máthair, Agus dá mbeadh mo chlú tarrtha cér chás dom a bheith folamh" (As Cuaichín Ghleanntáin Éifinn)
Caithfear a gcur isteach anois san áit sin a dtéann na dílleachtaí ó tharla nach bhfuil aon duine sásta a dhul ina gcionn
TUILLEADH (8) ▼
Nach beag a ghrá dia é a dhul ag rá rud mar sin le na dílleachtaí bochta
An ag dul ag déanamh tréatúlacht ar an dílleachta bocht sin a ghabhfadh sé. Má ghníonn, tá Dia thuas agus agróidh sé air é, míle buíochas leis féin
Ná déan éagóir choíchin ar dhílleachta hé brí céard eile a dhéanfas tú
Fágfaidh an cogadh seo baintreachaí agus dílleachtaí ar fud an domhain, go bhfóire an tAthair Síoraí orainn a leainín (leainbhín)
Cá bhfaighidh na dílleachtaí bochta díol a bhfreastail anois? Is beag an tsúil le Dia a bhí ag duine ar bith a chuaigh ag déanamh a leithide de chleas
D'imigh sí agus d'fhága sí áilín dílleachtaí ar aon chéill ina diaidh. Go dtuga Dia trócaire dhá deartháir! Chuaigh sé ina gcionn, agus níor lig sé aon lá anó orthu ach an oiread is dhá mba iad a chlann féin iad. Go dtuga Dia a luach sin dó!
Fágadh ina ndílleachtaí iad sách óg
Agróidh Dia é ar dhuine ar bith a chuaigh ag fiachadh ar na dílleachtaí bochta sin. Déarfá gur beag an tsúil le Dia a bhí aige agus a dhul dhá dhéanamh
b.
uan, lao, nó miolgaire ar bith a gcaillfí a mháthair.
+
Tá an t-uainín sin ina dílleachtín. Rugadh ar an sneachta mór é, agus tugadh isteach é agus cuireadh le tine é. Ní thabharfá deich triuf air, agus diabhal mé gur shrian sé as ina dhiaidh sin agus gurb é atá cruachúiseach anois. Ach cailleadh an mháthair
Caithfidh sé a dhul ag diúl ar bhó eicínt ó tharla go bhfuil sé féin ina dhílleachta. Níor mhair an mháthair ach seachtain théis a bheirthe. Shíl muid dheamhan maireachtáil a dhéanfadh seisean ach oiread
TUILLEADH (1) ▼
Sin anois searrach nár ól a lacht ariamh, agus déarfá nach donaide é murar ól féin. Is dílleachta é. Bascadh an mháthair i seanchlochar ansin thiar trí nó ceathair de laethantaí théis searrach a bheith aici. Chuaigh sí isteach ann ar chuma eicínt, agus cuireadh ar chúl a cinn idir dhá chloich í agus ní raibh ann ach go raibh sí díbheo nuair a frítheadh í. Más ea féin, níor tháinig sí as

dílleachta in iontrálacha eile (11)

 
Ba damanta an cleas dó a dhul ag baint an gheadáinín talúna sin de na dílleachtaí bochta. Déarfá go mba bheag an tsúil le Dia a bheadh ag duine ar bith a bhuailfeadh faoi
 
Ní dea-chríoch a chuaigh uirthi an dílleachta bocht — cuireadh ó chrích í; bhí clann thabhartanais aici
 
Ní den díogha an dream sin chor ar bith ach de thogha na ndaoine: cineál Th. Mh. nár fhéad aon duine ariamh a dhul ag ithe ná ag gearradh orthu. Níor dhún siad a súil ariamh ar bhaintreach, ná ar dhílleachta, ná ar fhear an anó. Is mór a bheadh le fán sa saol a chuaigh thart marach iad sin. Tá a fhios agat nár eitigh T. M. aon duine ariamh faoin rud a bheadh aige
+
díol 2
Is maith a rinne sé é, é a scaoileadh uaidh gan pínn gan bonn. Go dtuga Dia trócaire dhó. Ní chuirfeadh aon ghiúistís beo aon cheo ar an dílleachta bocht údaí. Is mór an díol trócaire é, an té a bhreathnódh isteach ceart ann
TUILLEADH (1) ▼
Is díol déirce baintreachaí agus dílleachtaí, ach ní feasach dom gur ceart a dhul ag caitheamh airgid ag daill agus gan aon cheo daille orthu ach an oiread liomsa nach bhfuil a dhath ariamh ar m'amharc míle buíochas le Dia. Tá sé anseo thoir agus é in ainm is gan spré a bheith aige agus séard a bhí sé a dhéanamh romham an oíche cheana, ag cur snátha agus snáthaid: snáthaid bheag nár léir dom an cró inti, mura bhfaighinn ó ló í …
 
'Sé díoltas Dé é a theacht anuas air agus an chaoi a raibh sé féin le tuilleadh, chomh uain is a bhí an power aige. An bhfeiceann tú an dílleachta bocht a chaith sé ansin thoir, agus an créatúr a bhuail sé gur chuir sé ó mhaith an tsaoil é. Tá sé ar a mhéis féin aige anois, ní dhá roinnt leis é. Is mairg a bheadh go holc agus bocht ina dhiaidh adeir siad. Sin é a fhearacht aigesean anois é, ach go mba mhór ab fhiú dhó a bheith bocht, seachas an bhail atá air …
 
dóigh 1
Ní maith an dóigh di é, má rinne sí leathchuma ar na dílleachtaí. Ní cheideonaí liom ar a dtiocfaidh agus ar a dtáinig leithphínn rua a chur as dóibh. Bheadh faitíos orm go n-agródh Dia orm é
 
Sin é an chaoi a bhfuil sé anois, cuirfidh sé amach a bhfuil sa teach le dóláimh. Ach a mhaisce, féadfaidh sé ó tá saighneáil (signing) faighte aige ar an áit. Is mór an díol trua na dílleachtaí bochta eile. Nach diabhlaí nár chuir an t-athair cuntar eicínt sa n-uachta, ach tá sé mall anois …
+
droim
Agus tá an iníon ag dul ag pósadh an spreallaire sin, théis a bhfuil de mhílte aici. Cén chaoi a dtaitníonn sin leis an athair. Ní cheapfainn go mbeadh aon ghnaoi mhór aige air siúd mar chliamhain. Déanfaidh sé aicearra an chait thríd an ngríosaigh ar spré na hiníne. Ach tuilleadh diabhail ag an athair. Ní bheadh Dia thuas nó d'agródh sé air é. Chaith sé a shaol ag sladadh dílleachtaí agus baintreachaí agus daoine dona. Anois b'fhéidir go dtiocfadh sé ar ais ar a mhéis féin chuige. Is gearr a bheas an cliamhain siúd ag dul thrína chuid mílte. Deir siad an rud a chruinnítear ar dhroim an diabhail go n-imíonn sé ar a bholg. Is olc í eascainí baintrí. Is dual di fearadh i gcónaí
TUILLEADH (1) ▼
Is beag an tsúil le Dia atá ag an gcreachadóir bradach ag iarraidh an dílleachta bocht sin a chur de dhroim tí. Nach beag an lua atá ag an sagart a dhul agus é a bhacadh. Shílfeá go mba é an rud ba lú dhó treampán eicínt a chur air. Ach is dóigh gur thug sé lán laidhre dhó lena chur ina shost
 
Níl aon duine faoi bhéal an aeir nach bhfuil tarraingthe anuas agus liobraithe gearrtha aici. Tá chuile locht ar chuile dhuine eile, ach bainfidh sí a muintir féin as margadh i gcónaí. An lá faoi dheireadh a raibh sí ag ithe agus ag gearradh ar an dílleachta bocht sin thiar tigh Sh., agus a raibh sí ag rá nach bhfágann sí amach an teach ag P. Dh. chor ar bith, tháinig sé go dtí an béal agam a rá léithe go bhfeicfeadh sí an dúradán i súil duine eile go maith, ach nach bhfeicfeadh sí an tsail mhór ina súil féin chor ar bith. 'Sé a bhí agam a rá léithe, ach lig mé tharam í ina dhiaidh sin, leisce clampar a tharraingt