Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dífhoscadh
drochfhoscadh; áit a mbeadh drochfhoscadh ann, ach go mb'fhearr é ná gan tada
+
Ní raibh againn ach dífhoscadh
Áit ar bith suas ar na portaigh, níl ann ach dífhoscadh, má theagann an lá mór chor ar bith
TUILLEADH (5) ▼
Dífhoscadh ar fad é bóthar an tsléibhe sin. Tá sé an-rite, agus gan claí na fál leis le múr a ligean thart faoi
Ní raibh againn ach dífhoscadh istigh i mbruach chois an bhóthair, ach b'fhearr sin féin chreidim, ná lorg na bó ar an gcnagaire, mar adeir an ceann eile
Tá dífhoscadh ann faoin seanmhóta siúd, ach ní bheadh deoir as aer nach mbuailfí ort ann ina dhiaidh sin.
Bhí sórt dífhoscadh agam faoin toimín, ach diabhal mórán cúise a bhí leis. Fábhall ar bith a d'fhaighinn, bhínn rite amach
Ní raibh ann ach dífhoscadh

Féach freisin

dí-