Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
didiló
deannaí Bhéarla na hÉireann atá ann
cruach, stuca, coca, nó duine beag a mbeadh goic aisteach air. Ní mór don rud a bheith beag.
·
An bhfeiceann tú an didiló de stuca a rinne sé! Is furasta a aithinte gur fada ó arbhar a tógadh thú a stór!
Ar ndóigh ní bhainfidh sé ráithe as an didiló de chruach atá thuas ansiúd aige
·
Cá'il an didiló beag seo aniar ag dul meas tú

didiló in iontrálacha eile (1)

 
Más leat bróig dhíonmhar a fháil, faigh bróig gréasaí. Maidir leis an didiló a gheobhas tú sa siopa beidh sí ag déanamh uisce faoi cheann seachtaine … Deir tú nach bhfuil aon ghréasaí níos gaire ná teorainn Chontae Mhaigh Eo. Mura bhfuil féin, b'fhiú dhuit an tabhairt a chur ort féin. Má fhaigheann tú péire uaidh, beidh bróig agat le do shaol