Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Dímheabhair
+
Dímheabhair ar fad é sin = níl aon-mheabhair ann; níl tuiscint ná intleacht aige
Má ghníonn dímheabhair dhó é ar chaoi ar bith, déanfaidh sé gníomh. Dímheabhair fré chéile é
TUILLEADH (1) ▼
Déarfá dhá gcaiththeá cupla nóiméad ag caint leis nach bhfuil tada eile ann ach dímheabhair. Má tá, ní léar domsa é ar chaoi ar bith

Féach freisin

dí-

Dímheabhair in iontrálacha eile (6)

+
Shílfeá nachar ceart dó a bheith cho dímheabhrach sin. Ba paiteanta an buachaill ar leabhar agus ar pheann é a athair
TUILLEADH (5) ▼
Duine dímheabhrach nach mba léar dó dhá gcuireadh sé stró ar bith ar ghamhain a bhí cho beaithte leis sin, go bplúchfadh sé é. A phlúchadh a rinne sé: dheamhan ceo eile. Nuair nach raibh sé ag tabhairt leis an deoch dhá thoildeona fhéin bhí aige leigint dó ar fad, agus gan a dhul dhá choinneál leis
Duine dall dímheabhrach é má's fearr mac T. Mh. ná é, agus dhá bhliain aige-san ar mhac T. Mh. agus é síorraidhe ag dul chuig an scoil
Nach dímheabhrach é mara raibh sé indon an cheist sin a fhuascailt. Má's mé féin is dímheabhraighe ar bith d'fhuasclóchainn í sin
Déarfainn ar chaoi ar bith nach mbeadh aon-ghnatha ag duine dímheabhrach ag pléidh leis an iongás siúd. Bhí an iomarca boltaí agus cnothannaí agus "wiríní" air, agus mara laimhsigheadh duine an ceann ceart, ba shin é a mbeadh faoi. Ní fhágfadh an rud siúd mion mulóg dhó le chéile dhá bpléascadh sé
Nach dímheabhrach anois é nach raibh a fhios aige céard a bhí ar an gcarr agus an fhad agus atá sé ag pléidh leo!